Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Duine síor-shiubhlach lán-aisdearach is eadh mé féin agus chím a lán daoine atá aidhmneach go leor i dtaobh na Gaedhilge. Acht caithfidh mé admháil ná faca riamh im shiubhaltaibh duine is géire chum na Gaedhilge ná Domhnall Alasdair MacDomhnaill a shroich cuan i nÉirinn trí seachtmhaine ó shoin. Rugadh Domhnall i gCanada, agus is ann a chaith sé a dtáinig dá shaoghal, acht is aige atá an teanga bhríoghmhar Ghaedhilge mar labhradh a athair agus a sinnsear riamh í i nInbhear Nois. Is beag an Béarla labhair sé an fhaid a bhí sé i dtír annso, agus ní ar fán a bhí a bhíobla Gaedhilge uaidh. Tá sé imthighthe ar ais arís go Canada, acht níor dhear- mad leis an CLAIDHEAMH SOLUIS a chur chuige ag imtheacht do. Go n-éirighe Dia agus a bhóthar leis. "Tá an croidhe folláin aige, agus ní baoghal do," adeireadh na sean-daoine. An fhaid is tá an croidhe folláin ag duine ní bhfuil aon baoghal báis air, "pé cneadh no pé galar a bheadh lasmuigh air. Tá an croidhe go deagh-shláinteach ag Comhairle Chonndae Átha- Cliath, cé go bhfuil galar an Bhéarla na shlaodaibh ortha. Thangadar i gceann a chéile an 20mhadh lá dhe'n mhí seo agus rinneadar rogha dhe'n Ghaedhilg le cur ar shiala na Comhairle. Tá súil againn gur ag dul i bhfeabhas i n-aghaidh an lae dhóibh as so amach. Ní mar sin do Chomhairle Chonndae Chorcaighe, is cos- mhail go bhfuil an galar ag dul go croidhe acu. Iarradh ortha le déidheanaighe rogha a dhéanamh de Ghaedhilgeoiribh nuair bhéidís ag glacadh seirbhíseach, acht d'iompuigheadar an chluas bhodhar leis. Cailleadh seachtmhain ó shoin an deagh-dhuine Séarlas Graves. Easbog Phrodosdúin Luimnighe i n-aois a shé bliadhain agus cheithre fichid do. Ba mhór é a chion ar an nGaedhilg agus ar gach nidh eile a bhaineann le h-ársaidheacht agus le honóir a thíre dúthchais, agus bhí báidh ag gach aoinne dho, íseal agus uasal dár aithin riamh é. Cuireadh Comhaltas 'na suidhe tamall maith ó shoin i Lúnduin ar cheist na dighe agus na dteach tabhairne. Cheistigheadar fidhnéidthe as gach aon áird, agus chuir- eadar os comhair na Párlamuide an lá fá dheireadh an méid cúntais a fuaradar, agus a dtuairim féin thiar leis. Sé a gcomhairle i dtaobh tighthe tabhairne na hÉireann gur cheart cuid acu d'iadhadh suas, agus díoluigheacht éigin a thabhairt do lucht a gcoimeádtha, agus gur cheart an oiread cána sa mbreis a bhaint de'n chuid eile agus dhíolfadh a sé agus dá thistiún de cháin sa mbliadhain fá'n gcéad púnt de luach na dtighthe ná dúnfaidhe an gnó dhóibh. Comhairligheann siad ina fhochair sin, dá mbeadh riach- tanas le tigh tabhairne i n-aon áit feasda, an cead díolta do chur suas le condáil san áit sin, agus a leigint do'n té cheannóchadh é tigh tabhairne bheith aige go ceann seacht mbliadhain. Ní móide tar éis a bhfuil ráidhte go ndéanfaidhe an dlighe sin go bráth. Bhí ceathrar giúistis ag na siseonaibh beaga i gCruachán i gConndae Roscomáin an tseachtmhain seo ghabh thart. Iaspar Ó Maoil-tuile an Feisire, Jones giúistís tuarasdail agus beirt eile. "Téidheadh Jones sa chathaoir mar is gnáthach leis," arsa duine acu. "Ní headh acht téidheadh mac Uí Mhaoil-tuile ann," arsa fear eile, "ó is Feisire é agus uachdarán ar Chomhairle an Cheanntair." "Déanfaidh mé rud ort," arsa mac Uí Mhaoil-tuile, "ó ná fuil acht aoinne amháin ag taobhadh leis an nduine againn." Phreab sé sa chathaoir agus d'fhág sé fear an tuarasdail 'na shuidhe ar an stól. Is ait mar imthigheann an aimsir ins na réigiúnaibh seo. Tá an grian ag sgoltadh na gcrann i Sasana le coicthigheas agus gan aon radharc againn-ne uirthi. Mar sin féin ní ceart dúinn gearán, ó nár thug an fliuchán an aicid ar na prátaidhibh fós. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services