Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Duine síor-shiubhlach lán-aisdearach is eadh mé féin
agus chím a lán daoine atá aidhmneach go leor i dtaobh
na Gaedhilge. Acht caithfidh mé admháil ná faca riamh
im shiubhaltaibh duine is géire chum na Gaedhilge ná
Domhnall Alasdair MacDomhnaill a shroich cuan i
nÉirinn trí seachtmhaine ó shoin. Rugadh Domhnall i
gCanada, agus is ann a chaith sé a dtáinig dá shaoghal,
acht is aige atá an teanga bhríoghmhar Ghaedhilge mar
labhradh a athair agus a sinnsear riamh í i nInbhear Nois.
Is beag an Béarla labhair sé an fhaid a bhí sé i dtír
annso, agus ní ar fán a bhí a bhíobla Gaedhilge uaidh.
Tá sé imthighthe ar ais arís go Canada, acht níor dhear-
mad leis an CLAIDHEAMH SOLUIS a chur chuige ag
imtheacht do. Go n-éirighe Dia agus a bhóthar leis.
"Tá an croidhe folláin aige, agus ní baoghal do,"
adeireadh na sean-daoine. An fhaid is tá an croidhe
folláin ag duine ní bhfuil aon baoghal báis air, "pé
cneadh no pé galar a bheadh lasmuigh air. Tá an
croidhe go deagh-shláinteach ag Comhairle Chonndae Átha-
Cliath, cé go bhfuil galar an Bhéarla na shlaodaibh ortha.
Thangadar i gceann a chéile an 20mhadh lá dhe'n mhí seo
agus rinneadar rogha dhe'n Ghaedhilg le cur ar shiala na
Comhairle. Tá súil againn gur ag dul i bhfeabhas i
n-aghaidh an lae dhóibh as so amach.
Ní mar sin do Chomhairle Chonndae Chorcaighe, is cos-
mhail go bhfuil an galar ag dul go croidhe acu.
Iarradh ortha le déidheanaighe rogha a dhéanamh de
Ghaedhilgeoiribh nuair bhéidís ag glacadh seirbhíseach, acht
d'iompuigheadar an chluas bhodhar leis.
Cailleadh seachtmhain ó shoin an deagh-dhuine Séarlas
Graves. Easbog Phrodosdúin Luimnighe i n-aois a shé
bliadhain agus cheithre fichid do. Ba mhór é a chion ar
an nGaedhilg agus ar gach nidh eile a bhaineann le
h-ársaidheacht agus le honóir a thíre dúthchais, agus bhí
báidh ag gach aoinne dho, íseal agus uasal dár aithin
riamh é.
Cuireadh Comhaltas 'na suidhe tamall maith ó shoin
i Lúnduin ar cheist na dighe agus na dteach tabhairne.
Cheistigheadar fidhnéidthe as gach aon áird, agus chuir-
eadar os comhair na Párlamuide an lá fá dheireadh an
méid cúntais a fuaradar, agus a dtuairim féin thiar
leis. Sé a gcomhairle i dtaobh tighthe tabhairne na
hÉireann gur cheart cuid acu d'iadhadh suas, agus
díoluigheacht éigin a thabhairt do lucht a gcoimeádtha,
agus gur cheart an oiread cána sa mbreis a bhaint
de'n chuid eile agus dhíolfadh a sé agus dá thistiún de
cháin sa mbliadhain fá'n gcéad púnt de luach na dtighthe
ná dúnfaidhe an gnó dhóibh.
Comhairligheann siad ina fhochair sin, dá mbeadh riach-
tanas le tigh tabhairne i n-aon áit feasda, an cead
díolta do chur suas le condáil san áit sin, agus a
leigint do'n té cheannóchadh é tigh tabhairne bheith aige
go ceann seacht mbliadhain.
Ní móide tar éis a bhfuil ráidhte go ndéanfaidhe an
dlighe sin go bráth.
Bhí ceathrar giúistis ag na siseonaibh beaga i
gCruachán i gConndae Roscomáin an tseachtmhain seo
ghabh thart. Iaspar Ó Maoil-tuile an Feisire, Jones
giúistís tuarasdail agus beirt eile. "Téidheadh Jones
sa chathaoir mar is gnáthach leis," arsa duine acu.
"Ní headh acht téidheadh mac Uí Mhaoil-tuile ann,"
arsa fear eile, "ó is Feisire é agus uachdarán ar
Chomhairle an Cheanntair." "Déanfaidh mé rud ort,"
arsa mac Uí Mhaoil-tuile, "ó ná fuil acht aoinne
amháin ag taobhadh leis an nduine againn." Phreab sé
sa chathaoir agus d'fhág sé fear an tuarasdail 'na
shuidhe ar an stól.
Is ait mar imthigheann an aimsir ins na réigiúnaibh
seo. Tá an grian ag sgoltadh na gcrann i Sasana le
coicthigheas agus gan aon radharc againn-ne uirthi.
Mar sin féin ní ceart dúinn gearán, ó nár thug an
fliuchán an aicid ar na prátaidhibh fós.
Feargus Finn-Bhéil
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11