Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn.
Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Translator
Ó Murchadha, Uilliam
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn Iar n-a chur ó Laidin go Gaoidhilg as Relatio Geraldinorum le hUilliamh Ó Murchadha Ag Rinn an Cinnphéicigh An cúigeamhadh lá déag de Iúil, Míle seacht gcéad is seacht mbliadhna ar dá fhichid. An Díonbhrollach nó an Réamhrádh. Do chum an léightheóra. Ag seo chugaibh a léightheóirí, suim aith- ghearr an Tráchta .i. Relatio Geraldinorum, do scríbh an t-eagailseach ionnraic is an flaith foghlumtha fír-eólach, is an diadhaire diadha deaghshomplach Ó Dála .i. bráthair blasta béal-órdha as Éirinn do ba phroif- easúir dídheachta agus Biocáire Geanarálta i Liosbón san Phóirtinéil ar Chraobhscaoile Gearaltach i nÉirinn, iar n-a chur ó Laidin go Gaoidheilg, óir ba thruagh liom gan an tuarasgabháil fhírinneach fhóirleathan tug an t-úghdar roimhráidhte ar na huaislibh calma cathbhuadhacha san do bheith i dteangain na tíre i n-ar chomóradh a ngnáithéachta; agus cíodh nár thualaing mé ar an saothar so do chur insa chruith ná insa chulaith do ba ion- chuibhe don ocáid, geallaim dam féin go ngéabhaidh gach léightheóir deigh-mhéinneach mo leithscéal; oir má tá (ó atáim i n-áirighthe go bhfuil) nídh ar bith oilbhéimeach im chuid-se dhe, ní easbha foinn ná fír-mhéinne fá ndeara é acht easbha eóluis, agus muna bhfuil maith eile ann, tá an méid seo ann, gur osclas bealach is beárna d'aon éigin eile dochum a dhéanta ní bhus fearr; gidheadh an bhuidhean bhiaidh ag breicneóireacht chum brabaduigheacht is bearrthóireachta air, níl neart agam-sa ortha, acht innsin dóibh nach fuil ionnta acht amhuil cuil do thuir- lingeóghadh ar mhairc do chum a himdheargtha agus ní chum a chneasuighthe. Is é meódhan do ghabhas insa mbeag-shaothar so, na cinn do thógbháil as an roinn déaghnaigh den leabhar Fol. 133, thosuigheas mar seo, Propagatio Geraldinorum in Hib., etc, i n-a dtosnuigheann sé le Muiris mac Gearailt, an chéid-fhear tháinig go hÉirinn díobh, agus i n-a leanann ortha dhiaidh i ndiaidh gus an bhfear déagnach oir innseann annso go haithghearr cia an áit is an bhliadhain d'aois an Tighearna i n-ar éag gach n-aon aca; agus do rinneas-sa amhla san, agus a dtráchta ar gach n-aon aca fá seach; do thógbhas as corp na staire roinn de gach nídh dá bhfuaras támhascamhail nó iomráidhteach i n-a bheathaidh gur chuireas i ndiaidh báis an fhir sin i n-a ionad féin é. Gidheadh d'fhágbhas móran de neithibh maithe ann gan trácht ortha, óir ba mhian liom bheith gearr. Gaibh a dhithchioll, a léightheóir ionmhnin, ót shearbhóntuidhe síorghrádhach, Uilliam Ó Murchadha Tuig gós, a léightheóir eagnaidhe, gurab ar fhuireálamh Phiarus Mac Gearailt, Bhaile Uí Chionnfhaolaigh do rinneadh an beagshaothar so. Ag seo Piarus dochum Uilliam: A chogair, a chumainn 's a chuisle nách faon sa duain, 'S do fromhadh go milis gan time le héigsibh suairc, Corruigh-se t'inchinn chliste agus reidh mo ghuais I dtobar na mbruingeal ó fuineadh do dhréacht i n-uaim.
Cíodh follus mo chine gur cuireadh gan tréad gan tuaith Ag cosnamh go cumasach dlighthe na naomh go buan, 'S i gcogadh ba minic le buirb ag déanamh buairt, Ag coscairt 's ag ciorrbhadh fuirinne an Bhéarla mhuair. Seán Ó Murchadha dochum an scríbhneóir roimhráidhte ag moladh a oibre, an tan do léigh is do thaithnidh ris.: - Is duine do foilceadh i dtobair na naoi mbéithe 'S do fromhadh i scolaibh go focailcheart séimhléigheanta, D'fhoscain go solusghlan noda gach tréan- dréachta Lér corruidh an obair seo socair i mbinn- Ghaedheilg. Molaim-se t'obair ghlan shomhalta chaoin- tréitheach D'fhoscail go solusmhar sonas na bprímh- ghéag san, Do chosnaimh go colgach cosantach buidhean léidmheach Ar orchra, ar dhonus, ar thubhaist, na fíor- Gaodhail. - Ceap Craoibhe Gearaltach. Gearaltaigh iarlaí Deasmumhan i nÉirinn do ba follus calmacht, do fríth gurab ó na sean Troianaigh fuaradar ceap a gcraoibhe, óir iar ndul do Æneas ag déanamh congcuis don Iodáil do rug leis drongbhuidhean de thaoiseachaibh calma, go raibh díobh seo duine támhascamhail deárscn- aighthe seach cách .i. stoc is ceap craoibhe Gearaltach. Agus an tan do bhí Æneas go sítheóilte i seilbh na hIodáile do thug fearann claidhimh do gach n-aon tháinig leis ón dTraoi go rainig chum an chéad- athar so ár nGearaltach mar roinn an chuid is saibhre den Etruria mar a bhfuil Florentia anois, go rabhadar diaidh i ndiaidh i seilbh na saor bheathadh san go dtárla go raibh Uilliamh, Diúic Normandy, ag tiomargain sluagh do chum a theidil chum coróinn na Sacsan do thagairt i n-aghaidh Harold do ba rí Sacsan an tráith sin, go dtáinig dochum congnaimh le hUilliam aon den chine roimhráidhte do ba sóisear, go ndrongbhuidhean chalma leis, agus iar ngabháil buadh do Uilliam do thug dó so i ndíol a chródhachta caisleán is Mainéar Uindsor sa mbliadhain 1067l gur shealbhuigh- eadar a sliocht é go haimsir Ghualtherus mac Etherus. Do bhádar ag an Gual- therus sin triar mac; ón mac ba shine .i. Uilliam, thángadar iarlaí Uindsor: ón dara mac .i. Roibeard, tháinig iarla Essex anois (1655); an treas mac, iomarra, Gearalt ainmnighthe Uindsor, do ghaibh mar bhainchéile inghean Rís, móir-phrionsa Breatan. Is léi do bhí aige Muiris Mac Gearailt ó dtáinig an móirghiúistís sin na hÉireann .i. Tomás Mac Muiris atá adhlaicthe anois i dTráighlí, D'fhág san dá éis dias mhac .i. Seán is Muiris - an chéid-fhear, céad iarla Chille Dara; an fear déidh- nach, céad iarla Deasmhumhan. Muiris Mac Gearailt as Uindsor an chéad Ghearaltach táinig go hÉirinn .i. mar- aon le Diarmuid Mac Murchadha san mbliadhain 1169. Ba mhór ceannus is céim is comhacht an Mhuiris réamhráidhte seo i Sacsaibh ria dteacht go hÉirinn dó, óir do ba ridir an Lomra Órtha é, .i. Eques Auratus, .i. Knight of the Golden Fleece ionnus alos a chéime is a chródhachta ná raibh triath na taoiseach san eachtra san
ba lia, ba líonmhaire is ba lánfhairsinge fuair fearainn fhéarmhara is beatha bhioth- bhuan dó féin is da shliocht i nÉirinn ón dara Hannraoi, rí Sacsan an tráith sin, 'ná é. Ag seo mar adeir an t-ughdar max- ime vero omnium Mauritium — ingentibus afficit honoribus et praediis ditat, .i. isé Muiris is iomdha do fuair d'onóir is de bheatha dhíobh uile. Ag seo mar adeir arís san ait chéadna, quae magna ipse virtute parta, majori defendit, auxit maxima .i. gach a bhfuair le cródhacht mhóir do chosnaimh le cródhacht ba mhó, agus do mhéaduigh leis an gcródhacht ba ró-mhó. Gearalt Mac Muiris fó-rí Éir- eann, noch d'éag i n-aibíd mhanaigh i nEóchaill san mbliadhain 1205. Ní bhfagh- aim nídh ar bith támhascamhail i n-a bheathaidh so, acht go saoilim gur duine oirdheirc é; óir ba fó-rí Éireann, amhail adubhramair thuas, agus do thréig onóir agus toice an tsaoghail seo, gur chríochnuigh a bheatha go cráibhtheach. Muiris Mac Gearailt do rinn Mainistir San Phroinnsias i nEóchaill; is í céadfa droinge gurab é seo an Muiris do ghaibh mar mhnaoi inghean Gailfred Morison, fó-rí Éireann: d'éag sé san mbliadhain 1257. Ba thréan an teas- aidheacht creidimh is an lonnradh lánghlóire do bhí i gcroidhthibh cródha cathbhuadhacha na gcéad-athar so ár nGEaraltach i nÉirinn, amhil is léir i mbeathaidh na díse roimh- ráidhte. Tomás Mac Muiris do marbhadh i gCallainn Ghlinne Ó Ruachta mar aon agus 'aon mhac Seán do ba Ridir an Gháirtéir. Is iad do rin Mainistir Thráighlí. Do marbadh iad amhail a dubhramair i gCallainn i ndúithche Mhic Finníghin i mbliadhna 1260. I n-aimsir an Tomáis seo do ghaibh uamhan is imeagla Mac Cárrthaigh Mór, cíodh gurab inghean do Tomhás ba bhainchéile dhó, agus mórán eile d'uaislibh na ríoghachta i dtaobh ceannuis tréine is saidhbhris Gear- altach, ionnus go ndeachadar ós íseal, i gcomhairle, créad an modh ar a dtiocfadh leó mórdhacht mhórchomhachtach na nGearaltach do chlaochlódh agus is í comhairle do cinneadh aca, amus anfhórlannach do thabhairt ar Thomás, agus dá dtigeadh leó é do mharbh- adh go mbadh críochnughadh do cheannus is do chóimhthréine Gearaltach a éag; agus tárla fós fé an dtráith sin go raibh Tomás ag dul ar eachtra go Sacsaibh, go n-a mhac Seán agus beagán buidhne ag dul maraon leis, chum a fhaicsiona ar bórd luinge, gur tugadh ionnsaighe ainbhfiosach fhoiréigneach ortha, ionnus go dtángadar na sluaigh sáir- iomdha go neimhfheasach dóibh rompa is 'na ndiaidh. An tan do chonnairc Tomás go n-a bheagán buidhne na raibh fáth taithleachuis ná teasruighthe aige, iompuigheas go teann tréan-chalma ar na tromsluaghaibh agus tug comhrac cródha coinscleódhach dhóibh, gur thuit féin is a mhac fá dheóidh san íorghuil sin le hiomarca anfhórlann. Beag nachar chríoch do na Gearaltaigh leis an mbuille sin, óir ní raibh d'fhíor stoc Gearaltach ar marthain i nÉirinn an tráith sin acht naoidh- ean aoinmhic do Sheán mac Thomáis do bhí ar altrom i dTráighlí. Agus an tan ráinig tásc an dtruaighscéal san iad d'imthigh ban- altra an naoidhin maraon le cách ar fol- uamhain síos is suas ag síorghol, ionnus gur fágbhadh an leanbh in'uathadh agus in' aonar i n-a chliabhán. Thárla go raibh ápa mór istigh, agus an tan mhothuigh an leanbh in- aonarán, goideas as an gcliabhán é, agus tógbhas leis ar phionúinibh fíorárda an chaisleáin é, agus nochtas é, go raibh agá shír-cheartughadh agus agá shleamhain-shlíobadh de réir a nádúra féin, go raibh tuirseach
dá oileamhain, agus ar gcur a éadaigh air tugas leis gur an áit i bhfuair é; agus iar bhfagháil na banaltran i bhfochair an chliabháin ag nuallghubhadh, óir níor saoileadh go dtiubhradh an leanbh slán tar ais, buail- eas bas bhaiscneach uirthi do thaoibh an leinbh d'fhágbháil in' aonarán; gur de lean an fhorainm de, .i. Tomás an Ápa, forainmn- ighthe ón ápa. Do b'í an bhainchéile Siobhán inghean Tighearna Barrach; do b'iad a chlann mac Muiris agus Seán ó bhfuil mac Tomáis Déiseach. Iar gcaitheamh aon bhliadhain déag ar fhichid i dtighearnas, déag san mbliadhain 1291, agus do hadh- lacadh i dTráighlí é. Iar dteacht i n-aois feardhachta dhon Tomás so, ba mhór a chéim a cheannus is a chródhacht, ionnus go ndearn- aidh dian-argain is díoghaltas i n-éiric báis a athar is a shean-athar, gur fhág dá éis i seilbh saoir-fhearann a shean is a shinsear a mhac meanmnach móir-éachtach, .i. Muiris mac Thomáis céad Iarla Deasmhumhan. Do ba fó-rí Éireann é, agus do b'í a bhainchéile inghean Diuic Bucingham; an dara bain- chéile dhó, inghean Ghailfread Morison, nó Noiréis; agus is leis an mnaoi chéadna do fuair sé Oileán Ciaraighe; a threas bain- chéile inghean an Iarla Ruadh, nó de réir druinge eile eilionóir inghean Mhic Muiris Chiaraighe. D'éag sé i nÁth Cliath san mbliadhain 1355. Isé an Muiris seo fuair gairm agus teideal Deasmhumhan ar dtúis i nÉirinn ón dtreas Éadbhard, rí Sacsan, an dara bliadhain dá réimheas. Go grod dá éis sin, do chuaidh go hAlbain ar fhuir- eálamh an ríogh agus do thug creacha agus cíoscháin leis as. Do rinneadh dá éis sin ceann feadhna cobhlaigh dhe chum léirscrios is lán-ruagadh do thabhairt ar iliomad fógh- laidhthe fairrge do bhíodh ag lot is ag lán- bhuaireamh tráchtála na mara an trath san, ionnus go ndearnaidh an fhairrge sídheach sítheóilte chum seóltóireachta agus do chos- naimh na Gaedhil i n-ísle is i n-umhlacht don choróinn gur éag. Annso ní thigid na sein- leabhair Gaedhilge le chéile. Cuirid roinn díobh Gearóid go hinmhneódhnach i ndiaidh Mhuiris. Gidheadh, cuirid an chuid eile, idir Mhuiris is Ghearóid, Muiris eile a mhac agus Seán dá Iarla mar leanas. Muriis Óg, Iarla is fó-rí Éireann, do báthadh san mbliadhain 1357. Ní bhfadhaim nídh ar bith iomráidhte i n-a bheathaidh; óir iar gcaitheamh dhá bhliadhain i n-oighreacht is i dteideal a thréan-athar, do báthadh ag dul go Sacsaibh é; gur ghaibh a dhearbhráthair a oighreacht, óir d'éag féin gan sliocht. Seán Mac Muiris d'éag san mbliadhain 1369. Ba dhuine arrdhachta, árd-aigeantach an Seán so; agus níor bh'fhuláir dó féin gur bh'eadh, ór an dá bhliadhain deág do bhí in'iarla ní bhfuair sé suaimhneas ná síothcháin ó mhórán de shean-uaislibh na hÉireann, óir ba chiach is ba chásmhar leó seilbh saor-fhearann a sinnsir do bheith i lámhaibh eachtrann. Ionnus go mba comhbhuartha a bheatha gur éag. Ní críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services