Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn.

Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Translator
Ó Murchadha, Uilliam
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Craobhscaoile



Gearaltach i nÉirinn



Iar n-a chur ó Laidin go Gaoidhilg
as
Relatio Geraldinorum
le
hUilliamh Ó Murchadha



Ag Rinn an Cinnphéicigh
An cúigeamhadh lá déag de Iúil,
Míle seacht gcéad is seacht mbliadhna ar
dá fhichid.



An Díonbhrollach nó an Réamhrádh.



Do chum an léightheóra.



Ag seo chugaibh a léightheóirí, suim aith-
ghearr an Tráchta .i. Relatio Geraldinorum,
do scríbh an t-eagailseach ionnraic is an
flaith foghlumtha fír-eólach, is an diadhaire
diadha deaghshomplach Ó Dála .i. bráthair
blasta béal-órdha as Éirinn do ba phroif-
easúir dídheachta agus Biocáire Geanarálta
i Liosbón san Phóirtinéil ar Chraobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn, iar n-a chur ó Laidin
go Gaoidheilg, óir ba thruagh liom gan an
tuarasgabháil fhírinneach fhóirleathan tug an
t-úghdar roimhráidhte ar na huaislibh calma
cathbhuadhacha san do bheith i dteangain na
tíre i n-ar chomóradh a ngnáithéachta; agus
cíodh nár thualaing mé ar an saothar so do
chur insa chruith ná insa chulaith do ba ion-
chuibhe don ocáid, geallaim dam féin go
ngéabhaidh gach léightheóir deigh-mhéinneach mo
leithscéal; oir má tá (ó atáim i n-áirighthe
go bhfuil) nídh ar bith oilbhéimeach im chuid-se
dhe, ní easbha foinn ná fír-mhéinne fá
ndeara é acht easbha eóluis, agus muna
bhfuil maith eile ann, tá an méid seo ann,
gur osclas bealach is beárna d'aon éigin
eile dochum a dhéanta ní bhus fearr;
gidheadh an bhuidhean bhiaidh ag breicneóireacht
chum brabaduigheacht is bearrthóireachta air,
níl neart agam-sa ortha, acht innsin dóibh
nach fuil ionnta acht amhuil cuil do thuir-
lingeóghadh ar mhairc do chum a himdheargtha
agus ní chum a chneasuighthe. Is é meódhan
do ghabhas insa mbeag-shaothar so, na cinn
do thógbháil as an roinn déaghnaigh den
leabhar Fol. 133, thosuigheas mar seo,
Propagatio Geraldinorum in Hib., etc, i
n-a dtosnuigheann sé le Muiris mac
Gearailt, an chéid-fhear tháinig go hÉirinn
díobh, agus i n-a leanann ortha dhiaidh i
ndiaidh gus an bhfear déagnach oir innseann
annso go haithghearr cia an áit is an
bhliadhain d'aois an Tighearna i n-ar éag
gach n-aon aca; agus do rinneas-sa amhla
san, agus a dtráchta ar gach n-aon aca fá
seach; do thógbhas as corp na staire roinn
de gach nídh dá bhfuaras támhascamhail nó
iomráidhteach i n-a bheathaidh gur chuireas
i ndiaidh báis an fhir sin i n-a ionad féin é.
Gidheadh d'fhágbhas móran de neithibh maithe
ann gan trácht ortha, óir ba mhian liom bheith
gearr.



Gaibh a dhithchioll, a léightheóir ionmhnin,
ót shearbhóntuidhe síorghrádhach,



Uilliam Ó Murchadha



Tuig gós, a léightheóir eagnaidhe, gurab
ar fhuireálamh Phiarus Mac Gearailt, Bhaile
Uí Chionnfhaolaigh do rinneadh an beagshaothar
so.



Ag seo Piarus dochum Uilliam:



A chogair, a chumainn 's a chuisle nách faon
sa duain,
'S do fromhadh go milis gan time le héigsibh
suairc,
Corruigh-se t'inchinn chliste agus reidh mo
ghuais
I dtobar na mbruingeal ó fuineadh do
dhréacht i n-uaim.


L. 341


Cíodh follus mo chine gur cuireadh gan
tréad gan tuaith
Ag cosnamh go cumasach dlighthe na naomh
go buan,
'S i gcogadh ba minic le buirb ag déanamh
buairt,
Ag coscairt 's ag ciorrbhadh fuirinne an
Bhéarla mhuair.



Seán Ó Murchadha dochum an scríbhneóir
roimhráidhte ag moladh a oibre, an tan do
léigh is do thaithnidh ris.: -



Is duine do foilceadh i dtobair na naoi
mbéithe
'S do fromhadh i scolaibh go focailcheart
séimhléigheanta,
D'fhoscain go solusghlan noda gach tréan-
dréachta
Lér corruidh an obair seo socair i mbinn-
Ghaedheilg.



Molaim-se t'obair ghlan shomhalta chaoin-
tréitheach
D'fhoscail go solusmhar sonas na bprímh-
ghéag san,
Do chosnaimh go colgach cosantach buidhean
léidmheach
Ar orchra, ar dhonus, ar thubhaist, na fíor-
Gaodhail.



-



Ceap Craoibhe Gearaltach.



Gearaltaigh iarlaí Deasmumhan i
nÉirinn do ba follus calmacht, do fríth
gurab ó na sean Troianaigh fuaradar ceap
a gcraoibhe, óir iar ndul do Æneas ag
déanamh congcuis don Iodáil do rug leis
drongbhuidhean de thaoiseachaibh calma, go
raibh díobh seo duine támhascamhail deárscn-
aighthe seach cách .i. stoc is ceap craoibhe
Gearaltach. Agus an tan do bhí Æneas go
sítheóilte i seilbh na hIodáile do thug
fearann claidhimh do gach n-aon tháinig
leis ón dTraoi go rainig chum an chéad-
athar so ár nGearaltach mar roinn an chuid
is saibhre den Etruria mar a bhfuil
Florentia anois, go rabhadar diaidh i
ndiaidh i seilbh na saor bheathadh san go
dtárla go raibh Uilliamh, Diúic Normandy,
ag tiomargain sluagh do chum a theidil chum
coróinn na Sacsan do thagairt i n-aghaidh
Harold do ba rí Sacsan an tráith sin, go
dtáinig dochum congnaimh le hUilliam aon
den chine roimhráidhte do ba sóisear, go
ndrongbhuidhean chalma leis, agus iar
ngabháil buadh do Uilliam do thug dó so i
ndíol a chródhachta caisleán is Mainéar
Uindsor sa mbliadhain 1067l gur shealbhuigh-
eadar a sliocht é go haimsir Ghualtherus
mac Etherus. Do bhádar ag an Gual-
therus sin triar mac; ón mac ba shine .i.
Uilliam, thángadar iarlaí Uindsor: ón dara
mac .i. Roibeard, tháinig iarla Essex anois
(1655); an treas mac, iomarra, Gearalt
ainmnighthe Uindsor, do ghaibh mar bhainchéile
inghean Rís, móir-phrionsa Breatan. Is
léi do bhí aige Muiris Mac Gearailt ó
dtáinig an móirghiúistís sin na hÉireann
.i. Tomás Mac Muiris atá adhlaicthe
anois i dTráighlí, D'fhág san dá éis dias
mhac .i. Seán is Muiris - an chéid-fhear,
céad iarla Chille Dara; an fear déidh-
nach, céad iarla Deasmhumhan. Muiris
Mac Gearailt as Uindsor an chéad
Ghearaltach táinig go hÉirinn .i. mar-
aon le Diarmuid Mac Murchadha san
mbliadhain 1169. Ba mhór ceannus
is céim is comhacht an Mhuiris réamhráidhte
seo i Sacsaibh ria dteacht go hÉirinn dó,
óir do ba ridir an Lomra Órtha é, .i.
Eques Auratus, .i. Knight of the Golden
Fleece ionnus alos a chéime is a chródhachta
ná raibh triath na taoiseach san eachtra san


L. 342


ba lia, ba líonmhaire is ba lánfhairsinge
fuair fearainn fhéarmhara is beatha bhioth-
bhuan dó féin is da shliocht i nÉirinn ón
dara Hannraoi, rí Sacsan an tráith sin, 'ná
é. Ag seo mar adeir an t-ughdar max-
ime vero omnium Mauritium — ingentibus
afficit honoribus et praediis ditat, .i. isé
Muiris is iomdha do fuair d'onóir is de
bheatha dhíobh uile. Ag seo mar adeir arís
san ait chéadna, quae magna ipse virtute
parta, majori defendit, auxit maxima .i.
gach a bhfuair le cródhacht mhóir do chosnaimh
le cródhacht ba mhó, agus do mhéaduigh leis
an gcródhacht ba ró-mhó.



Gearalt Mac Muiris fó-rí Éir-
eann, noch d'éag i n-aibíd mhanaigh i
nEóchaill san mbliadhain 1205. Ní bhfagh-
aim nídh ar bith támhascamhail i n-a bheathaidh
so, acht go saoilim gur duine oirdheirc é;
óir ba fó-rí Éireann, amhail adubhramair
thuas, agus do thréig onóir agus toice an
tsaoghail seo, gur chríochnuigh a bheatha go
cráibhtheach. Muiris Mac Gearailt do
rinn Mainistir San Phroinnsias i nEóchaill;
is í céadfa droinge gurab é seo an Muiris
do ghaibh mar mhnaoi inghean Gailfred
Morison, fó-rí Éireann: d'éag sé
san mbliadhain 1257. Ba thréan an teas-
aidheacht creidimh is an lonnradh lánghlóire
do bhí i gcroidhthibh cródha cathbhuadhacha na
gcéad-athar so ár nGEaraltach i nÉirinn,
amhil is léir i mbeathaidh na díse roimh-
ráidhte.



Tomás Mac Muiris do marbhadh i
gCallainn Ghlinne Ó Ruachta mar aon agus
'aon mhac Seán do ba Ridir an Gháirtéir.
Is iad do rin Mainistir Thráighlí. Do
marbadh iad amhail a dubhramair i gCallainn
i ndúithche Mhic Finníghin i mbliadhna 1260.
I n-aimsir an Tomáis seo do ghaibh uamhan
is imeagla Mac Cárrthaigh Mór, cíodh
gurab inghean do Tomhás ba bhainchéile dhó,
agus mórán eile d'uaislibh na ríoghachta i
dtaobh ceannuis tréine is saidhbhris Gear-
altach, ionnus go ndeachadar ós íseal, i
gcomhairle, créad an modh ar a dtiocfadh leó
mórdhacht mhórchomhachtach na nGearaltach do
chlaochlódh agus is í comhairle do cinneadh
aca, amus anfhórlannach do thabhairt ar
Thomás, agus dá dtigeadh leó é do mharbh-
adh go mbadh críochnughadh do cheannus is do
chóimhthréine Gearaltach a éag; agus tárla
fós fé an dtráith sin go raibh Tomás ag
dul ar eachtra go Sacsaibh, go n-a mhac
Seán agus beagán buidhne ag dul maraon
leis, chum a fhaicsiona ar bórd luinge, gur
tugadh ionnsaighe ainbhfiosach fhoiréigneach
ortha, ionnus go dtángadar na sluaigh sáir-
iomdha go neimhfheasach dóibh rompa is 'na
ndiaidh. An tan do chonnairc Tomás go
n-a bheagán buidhne na raibh fáth taithleachuis
ná teasruighthe aige, iompuigheas go teann
tréan-chalma ar na tromsluaghaibh agus tug
comhrac cródha coinscleódhach dhóibh, gur
thuit féin is a mhac fá dheóidh san íorghuil
sin le hiomarca anfhórlann. Beag nachar
chríoch do na Gearaltaigh leis an mbuille
sin, óir ní raibh d'fhíor stoc Gearaltach ar
marthain i nÉirinn an tráith sin acht naoidh-
ean aoinmhic do Sheán mac Thomáis do bhí ar
altrom i dTráighlí. Agus an tan ráinig
tásc an dtruaighscéal san iad d'imthigh ban-
altra an naoidhin maraon le cách ar fol-
uamhain síos is suas ag síorghol, ionnus gur
fágbhadh an leanbh in'uathadh agus in' aonar
i n-a chliabhán. Thárla go raibh ápa mór
istigh, agus an tan mhothuigh an leanbh in-
aonarán, goideas as an gcliabhán é, agus
tógbhas leis ar phionúinibh fíorárda an
chaisleáin é, agus nochtas é, go raibh agá
shír-cheartughadh agus agá shleamhain-shlíobadh
de réir a nádúra féin, go raibh tuirseach


L. 343


dá oileamhain, agus ar gcur a éadaigh air
tugas leis gur an áit i bhfuair é; agus
iar bhfagháil na banaltran i bhfochair an
chliabháin ag nuallghubhadh, óir níor saoileadh
go dtiubhradh an leanbh slán tar ais, buail-
eas bas bhaiscneach uirthi do thaoibh an leinbh
d'fhágbháil in' aonarán; gur de lean an
fhorainm de, .i. Tomás an Ápa, forainmn-
ighthe ón ápa. Do b'í an bhainchéile Siobhán
inghean Tighearna Barrach; do b'iad a
chlann mac Muiris agus Seán ó bhfuil mac
Tomáis Déiseach. Iar gcaitheamh aon
bhliadhain déag ar fhichid i dtighearnas,
déag san mbliadhain 1291, agus do hadh-
lacadh i dTráighlí é. Iar dteacht i n-aois
feardhachta dhon Tomás so, ba mhór a chéim
a cheannus is a chródhacht, ionnus go ndearn-
aidh dian-argain is díoghaltas i n-éiric báis
a athar is a shean-athar, gur fhág dá éis i
seilbh saoir-fhearann a shean is a shinsear a
mhac meanmnach móir-éachtach, .i. Muiris mac
Thomáis céad Iarla Deasmhumhan. Do ba
fó-rí Éireann é, agus do b'í a bhainchéile
inghean Diuic Bucingham; an dara bain-
chéile dhó, inghean Ghailfread Morison, nó
Noiréis; agus is leis an mnaoi chéadna do
fuair sé Oileán Ciaraighe; a threas bain-
chéile inghean an Iarla Ruadh, nó de réir
druinge eile eilionóir inghean Mhic Muiris
Chiaraighe. D'éag sé i nÁth Cliath san
mbliadhain 1355. Isé an Muiris seo fuair
gairm agus teideal Deasmhumhan ar dtúis
i nÉirinn ón dtreas Éadbhard, rí Sacsan,
an dara bliadhain dá réimheas. Go grod
dá éis sin, do chuaidh go hAlbain ar fhuir-
eálamh an ríogh agus do thug creacha agus
cíoscháin leis as. Do rinneadh dá éis sin
ceann feadhna cobhlaigh dhe chum léirscrios
is lán-ruagadh do thabhairt ar iliomad fógh-
laidhthe fairrge do bhíodh ag lot is ag lán-
bhuaireamh tráchtála na mara an trath san,
ionnus go ndearnaidh an fhairrge sídheach
sítheóilte chum seóltóireachta agus do chos-
naimh na Gaedhil i n-ísle is i n-umhlacht don
choróinn gur éag. Annso ní thigid na sein-
leabhair Gaedhilge le chéile. Cuirid roinn
díobh Gearóid go hinmhneódhnach i ndiaidh
Mhuiris. Gidheadh, cuirid an chuid eile,
idir Mhuiris is Ghearóid, Muiris eile a mhac
agus Seán dá Iarla mar leanas. Muriis
Óg, Iarla is fó-rí Éireann, do báthadh san
mbliadhain 1357. Ní bhfadhaim nídh ar bith
iomráidhte i n-a bheathaidh; óir iar gcaitheamh
dhá bhliadhain i n-oighreacht is i dteideal a
thréan-athar, do báthadh ag dul go Sacsaibh
é; gur ghaibh a dhearbhráthair a oighreacht, óir
d'éag féin gan sliocht. Seán Mac Muiris
d'éag san mbliadhain 1369. Ba dhuine
arrdhachta, árd-aigeantach an Seán so;
agus níor bh'fhuláir dó féin gur bh'eadh, ór
an dá bhliadhain deág do bhí in'iarla ní
bhfuair sé suaimhneas ná síothcháin ó mhórán
de shean-uaislibh na hÉireann, óir ba chiach
is ba chásmhar leó seilbh saor-fhearann a
sinnsir do bheith i lámhaibh eachtrann. Ionnus
go mba comhbhuartha a bheatha gur éag.



Ní críoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services