Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pádraig Din.
Title
Pádraig Din.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Pádraig Din. Is deallrach go raibh an t-ughdar féin an-mhórdhálach 'n-a thaobh so — nídh nach ion- gnadh, mar do chuir sé i gcló é ar dtúis i bhfochair Dhánta Diadha Thaidhg Gaedhlaigh nuair a dhein sé an leabhar san a cheart- ughadh is do dheisiughadh. Sgathamh 'n-a dhiaidh san d'aistrigh sé ó'n mBéarla leabhar le Dochtúir Seallanor, .i. "Machtnuigh go maith air" nó "Léir- smaointe ar fhírinne mhóir an Chreidimh Chríostamhail do gach lá 'sa mí," agus do chlódh-bhuail Seán Hacaéid i gCluain Meala é 'sa mbliadhain 1819. Do sgríobh sé annsan "Comhairleach an Pheacaigh, agus Aitheanta Dé mínighthe." Tá cuid de seo 'n-a chainnt sgurtha agus cuid de 'n-a fhilidheacht. Do clódh-bhuail- eadh é go minic. Tugadh amach cló dhe i gCorcaigh 'sa mbliadhain 1831, agus cló eile dhá bhliadhain 'n-a dhiaidh san. Do chlódh-bhuail Séarlus Diollúin ó Shráid an Chaisleáin i gCorcaigh leabhar eile leis 'sa mbliadhain 1837, .i. "An Primear Diadha le haghaidh Páisdí Caitliceacha." Leabhar an-thairbheach is eadh é seo. Tá an
Phaidir agus an tAifrionn mínighthe ann, i bhfochair Coróinneacha, Liodán, Úrnaighthe le linn báis, &rl. Is maith is cuimhin liom cuid aca so do chlos ó shean-mhnaoi le linn duine do bheith ag tarraingt leis i n-umhalóid an bháis. Dála "Eachtra an Bháis," bhí eólas maith ag na daoine ar "Mhíniughadh an Aifrinn." Tá sé curtha le chéile ar nós ceist & freagra. Tá séipéal 'sa deóiseas 'n-a bheartuigheadh sagart an pharóiste ar bheirt bhuachaillí chun an "Míniughadh" do léigheamh ós árd do'n phobal gach aon Domhnach roimh Aifreann. Do cheap sé leis "Stiúrthóir an Pheac- uigh," "Siosmadh an Anama leis an gCol- ainn," "Comhairle do'n bpeacach saoghal- tach," "Gráin pheaca na mionn agus na drúise," "Duain Pháise Íosa," "An Saogh- al Meallta," "Eadar-ghuidhe an Pheacuigh," "Comhairle do sna Mná Óga," "Mailís an tSaoghail," "Páis Chríost," "Duain Chorp Chríost ann sa tSácraimint," "Ar Lá an Bhreitheamhantais," agus "Moladh na Maigh- diona Muire." Tá a n-urmhór so i "dTaidhg Gaodhalach" do chuir Seaghán Ó Dálaigh i n-eagair i mBaile Átha Cliath 'sa mbliadhain 1858. Tá naoi gcinn eile de dhántaibh do cheap sé i mBéarla 'san leabhar so, acht is fada uatha bheith chomh blasda ná chomh slachtmhar le n-a dhántaibh Gaedhilge. Tá cheithre láimh-sgríbhinn leis 'sa Leabhar- lainn i gColáisde Naoimh Eoin i bPort- láirge 'n-a bhfuil siad so go léir sgríobhtha síos, i bhfocair giotaí eile atá an-thairbh- each. Badh mhor a b'fhiú a chuid oibreacha go léir dá gcurfaidhe i gcló i bhfochair a chéile iad, mar atáid 'n-a n-aistíbh deagh- órduighthe so-thuigsionacha. Budh maith an mhaise dhó a leithéid de shaidhbhreas a fhágaint 'n-a dhiaidh. Saidhbhreas nach féidir a chaitheamh ná a dhiombailt. Saidhbhreas a thuilleann solas síoruidhe na bhFlaitheas do'n té d'fhág 'na dhiaidh é, mar luacht saothair ar son a dheagh-oibreacha. Do chaith sé deire a shaoghail i dtigh beag comhgarach don áit 'n-a bhfuil Oifig an Phuist anois. Níor phós sé riamh, agus, ar shon nach raibh bean ná páisde dá chuid féin chun féachaint 'n-a dhiaidh i ndeire a lae- theanta, ní raibh easnamh ná uireasbha air, mar do bhí árd-mheas age na chomharsain go léir air. Fear déirceach carthannach ba eadh é i rith a shaoghail. Badh mhinic é ag riaradh leis an mbocht, agus, dá chomhartha san, ní raibh 'n-a dhiaidh tar éis a bháis acht deich sgil- linge. D'éag sé ar an gcúigmhadh lá de mhí an Iúil i mbliadhain a 1828, i n-aois a dhá bliadhain déag is trí fichid. Do chuir- eadh é cois taoibh an fhalla ar an taobh thuaidh de'n reilig i gCeapach Chuinn. Do thóg an tAthair Pádraig Paor, Sagart Paróisde a bhí ar an mbaile sin, leacht os cionn 'sa bhalla. Tá sí anois leath-foil- ighthe le fiadhaile is le craobhcha. Sin a bhfuil dá chomharthaíbh le feicsint ann anois, agus is annamh éinne ag dul ag triall air sin féin. Is annsoin atá a cholann bhocht 'n-a codladh go fuar gan áird riamh nó go dtiocfaidh an lá n-a gcaithfimíd go léir dul i láthair ár gCruitheóra chun sásaimh a thabhairt uainn ar gach cor mí-iomchurach a chuireamar dínn ar an saoghal so; agus tá coinne agam go mbeidh an sár-fhear Pádruig Din, an lá úd, i gcuideachta na bhfíréan, ag éisteacht le n-ár dTighearna ag tabhairt breitheamhnas uaidh d'réir mar adubhairt sé féin 'sa rann so: "Gluaisigh leam, a chlann gan aon-locht, Go seilbh na glóire i gcóir do'n Naomh- Sprid Go ríoghacht na bhFlaitheas, go gradamach réimeach, Gan chrích go deó le nbhur gcóisir naomhtha." "AN DAMH DEARG"
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services