Pádraig Din.
Is deallrach go raibh an t-ughdar féin
an-mhórdhálach 'n-a thaobh so — nídh nach ion-
gnadh, mar do chuir sé i gcló é ar dtúis i
bhfochair Dhánta Diadha Thaidhg Gaedhlaigh
nuair a dhein sé an leabhar san a cheart-
ughadh is do dheisiughadh.
Sgathamh 'n-a dhiaidh san d'aistrigh sé ó'n
mBéarla leabhar le Dochtúir Seallanor, .i.
"Machtnuigh go maith air" nó "Léir-
smaointe ar fhírinne mhóir an Chreidimh
Chríostamhail do gach lá 'sa mí," agus do
chlódh-bhuail Seán Hacaéid i gCluain Meala
é 'sa mbliadhain 1819.
Do sgríobh sé annsan "Comhairleach an
Pheacaigh, agus Aitheanta Dé mínighthe."
Tá cuid de seo 'n-a chainnt sgurtha agus
cuid de 'n-a fhilidheacht. Do clódh-bhuail-
eadh é go minic. Tugadh amach cló dhe i
gCorcaigh 'sa mbliadhain 1831, agus cló
eile dhá bhliadhain 'n-a dhiaidh san.
Do chlódh-bhuail Séarlus Diollúin ó
Shráid an Chaisleáin i gCorcaigh leabhar eile
leis 'sa mbliadhain 1837, .i. "An Primear
Diadha le haghaidh Páisdí Caitliceacha."
Leabhar an-thairbheach is eadh é seo. Tá an
Phaidir agus an tAifrionn mínighthe ann, i
bhfochair Coróinneacha, Liodán, Úrnaighthe
le linn báis, &rl.
Is maith is cuimhin liom cuid aca so do
chlos ó shean-mhnaoi le linn duine do bheith
ag tarraingt leis i n-umhalóid an bháis.
Dála "Eachtra an Bháis," bhí eólas maith ag
na daoine ar "Mhíniughadh an Aifrinn." Tá
sé curtha le chéile ar nós ceist & freagra.
Tá séipéal 'sa deóiseas 'n-a bheartuigheadh
sagart an pharóiste ar bheirt bhuachaillí chun
an "Míniughadh" do léigheamh ós árd do'n
phobal gach aon Domhnach roimh Aifreann.
Do cheap sé leis "Stiúrthóir an Pheac-
uigh," "Siosmadh an Anama leis an gCol-
ainn," "Comhairle do'n bpeacach saoghal-
tach," "Gráin pheaca na mionn agus na
drúise," "Duain Pháise Íosa," "An Saogh-
al Meallta," "Eadar-ghuidhe an Pheacuigh,"
"Comhairle do sna Mná Óga," "Mailís an
tSaoghail," "Páis Chríost," "Duain Chorp
Chríost ann sa tSácraimint," "Ar Lá an
Bhreitheamhantais," agus "Moladh na Maigh-
diona Muire." Tá a n-urmhór so i
"dTaidhg Gaodhalach" do chuir Seaghán Ó
Dálaigh i n-eagair i mBaile Átha Cliath 'sa
mbliadhain 1858. Tá naoi gcinn eile de
dhántaibh do cheap sé i mBéarla 'san
leabhar so, acht is fada uatha bheith chomh
blasda ná chomh slachtmhar le n-a dhántaibh
Gaedhilge.
Tá cheithre láimh-sgríbhinn leis 'sa Leabhar-
lainn i gColáisde Naoimh Eoin i bPort-
láirge 'n-a bhfuil siad so go léir sgríobhtha
síos, i bhfocair giotaí eile atá an-thairbh-
each.
Badh mhor a b'fhiú a chuid oibreacha go
léir dá gcurfaidhe i gcló i bhfochair a
chéile iad, mar atáid 'n-a n-aistíbh deagh-
órduighthe so-thuigsionacha.
Budh maith an mhaise dhó a leithéid de
shaidhbhreas a fhágaint 'n-a dhiaidh. Saidhbhreas
nach féidir a chaitheamh ná a dhiombailt.
Saidhbhreas a thuilleann solas síoruidhe na
bhFlaitheas do'n té d'fhág 'na dhiaidh é, mar
luacht saothair ar son a dheagh-oibreacha.
Do chaith sé deire a shaoghail i dtigh beag
comhgarach don áit 'n-a bhfuil Oifig an
Phuist anois. Níor phós sé riamh, agus, ar
shon nach raibh bean ná páisde dá chuid féin
chun féachaint 'n-a dhiaidh i ndeire a lae-
theanta, ní raibh easnamh ná uireasbha air,
mar do bhí árd-mheas age na chomharsain go
léir air.
Fear déirceach carthannach ba eadh é i
rith a shaoghail. Badh mhinic é ag riaradh leis
an mbocht, agus, dá chomhartha san, ní raibh
'n-a dhiaidh tar éis a bháis acht deich sgil-
linge. D'éag sé ar an gcúigmhadh lá de
mhí an Iúil i mbliadhain a 1828, i n-aois a
dhá bliadhain déag is trí fichid. Do chuir-
eadh é cois taoibh an fhalla ar an taobh
thuaidh de'n reilig i gCeapach Chuinn. Do
thóg an tAthair Pádraig Paor, Sagart
Paróisde a bhí ar an mbaile sin, leacht os
cionn 'sa bhalla. Tá sí anois leath-foil-
ighthe le fiadhaile is le craobhcha.
Sin a bhfuil dá chomharthaíbh le feicsint
ann anois, agus is annamh éinne ag dul
ag triall air sin féin.
Is annsoin atá a cholann bhocht 'n-a
codladh go fuar gan áird riamh nó go
dtiocfaidh an lá n-a gcaithfimíd go léir
dul i láthair ár gCruitheóra chun sásaimh a
thabhairt uainn ar gach cor mí-iomchurach a
chuireamar dínn ar an saoghal so; agus tá
coinne agam go mbeidh an sár-fhear
Pádruig Din, an lá úd, i gcuideachta na
bhfíréan, ag éisteacht le n-ár dTighearna
ag tabhairt breitheamhnas uaidh d'réir mar
adubhairt sé féin 'sa rann so:
"Gluaisigh leam, a chlann gan aon-locht,
Go seilbh na glóire i gcóir do'n Naomh-
Sprid
Go ríoghacht na bhFlaitheas, go gradamach
réimeach,
Gan chrích go deó le nbhur gcóisir naomhtha."
"AN DAMH DEARG"