Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. II.
Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. II.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hÓgáin, Seán
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuir- theimhne. (Ar leanamhaint) A haithle na laoidhe sin, adubhairt Cú Chul- ainn le Laogh na heich d'iomfhosdadh, "óir táinig támh agus troim-néalladh dom' ionn- saighe," ar sé. "Do dhéan," ar laogh, "agus dob' fhearr dhúinn anadh ná teacht san dturas so, óir d'iompuigh gach séan i n-ar n-aghaidh do'n toisg so, agus ní linn atáid na laethe-si, agus do bhí an uile bhuaidh id' choimhdeacht agus id' choimhleanmhain agus an uair so; óir ní fir mharbhas tú anois acht mná, agus ní mharbhfidis fir an domhain tusa acht mná dod' mharbhadh a los dhraoidh- eachta, & ní mhuirbhfeá-sa féin Curoí mac Dáire acht muna mbeadh mór-dhraoidheacht agat chuige." is ann sin tháinig Cú Chulainn d'ionn- saighe fear nÉireann, agus, ód-chonncadar chúcha é, adubhradar nach raibh san domhan neach ba fearr oineach ná é, agus go mbadh cóir dóibh Cú Chuileasg Cáinte agus trí caogaid éigeas maille ris, agus gan mian deise ag éinneach díobh, do chur d'iarraidh a shléighe air, agus teidh Cú Chuileasg i gcoinne Chon Culainn, agus fearas Cú Chulainn fáilte ré san éigeas go ndubh- airt: "Mo chean duit, a Chú na gcleas gcáin, Tabhair aisgidh dham fa haisgidh ráith." "Dobheirim fam' chlaidheamh, a fhir dána duinn, Gurab sochaide do rug m'argain ar an dtalmhain dtruim." "Is í aisgidh iarraim, a Chú Chulainn chruaidh, Do gha ghorm ghásda do chuireas ár ar gach sluaigh." "Mairg iarras an aisgidh, a Chú Chuileasg chruaidh, Fir Éireann im' aghaidh, 'smo gha do bhreith uaim." "Mór gcath is mór gomhlann do leanais tar lear, A chú chaomh na ngorm-lann, riot atá mo chean." A haithle na laoidhe sinm adubhairt Chú Chulainn re Coin Chuileasg: "Cionnus dobhéara me an tsleigh dhuit? An é a gráin nó a hurlann do chuirfe mé roimpe?"
"Nócha ceachtar díobh," ar cú Chuileasg, "acht tabhair dhamh í tarsna." Do leig Cú Chulainn an chraoiseach chuige amhla sin gur marbhadh Cú Chuileasg go n-a thrí naonbhar éigeas. "Truaigh sin." ar Cú Chulainn; "táinig deireadh m'oinigh go bráth tar éis Chon Cuileasg go n-a thrí naonbhar do thuitim leam do nimh mo chraoisighe; agus leig bród ar an eachra, a laoigh, nó go mbear- maois ar na sluaghaibh i n-a n-ionadaibh." "Ní dhiongan," ar laogh," nó go mbeiridh mé an tsleagh liom." "Ní bhearar" ar Cú Chulainn' "óir ní dheacas-sa i ndiaidh tiodhlaicthe dá dtugas uaim riamh, agus ní rach i n-a dhiaidh súd," agus do ghluaiseadar rópa d'ionnsaighe fear nÉireann, agus ba clos san long- phort Cú Chulainn do bheith ag teacht dá n-ionnsaighe. Ód chuala Lughaidh mac Conraoi sin, adubhairt, "rachad d'fhéachain an athar adeirtear do bheith agam agus cionnus do thig se i gceann bhfear nÉireann uile agus gan guaillidhe oile i n-a fharradh do choisgfeadh comhlann duine na deise dhé," agus tainig Lughaidh d'fhéachain crotha agus deilbhe Chon Culainn, agus adubhairt, ag tabhairt a thuarasgbhála d'fhearaibh Éireann ós árd: "Adchím-se chugaibh," ar sé, "carbad feigh feitheamhail foluaimhneach fionndruinne go luas lán-ghaoithe go bpobal uaine go dtearbh-chlár umhadhe go bhfeirsidibh fionn- druinne go rothaibh ro-ghlana go gcairp- eadaibh craos-leathna go gcreat n-árd n-úr-aoibhinn ndíreach ndásachtach go dtrice agus go dtáirpidhe, agus is tréanluaith tinneasnach an eachra dochím chugaibh," ar lughaidh, ".i. each liath luaith léimeannach luthmhar go lúith-cheithre gcrú go mbaineann splanc aoidhbhle teine treathan-ruaidhe a craos glonmhar a chinn, agus an dara heach díobh .i. each caol-chosach ceann-éad- trom cluas-bheag cas-mhongach ceann-fhada díomsach dubhras do-fhostaighthe do ndaith daoil go mrie mathghamhna agus go luinne leomhain, & giolla doinnfhionn dath-chorcra i bhfiadhnaise an óglaoich amach. Ba rós dearg-líth a aighthe, & ceann-chochall sróill uime & dá ligh loghmhara ós úr a aighthe ag a imdhidean ar fhuacht agus ar theas, fleasg airgid aoin-ghil i n-a láimh ag stiúradh na heachra sin go nach leig an aineólas iad acht imtheacht san raon is lonn leis," agus adubhairt re fearaibh Éireann: "Éirighidh, óir atá Cú Chulainn cosgrach cathbhuadhach claidheamh-dhearg commaoidhfeach dá bhur n-ionnsaighe, agus sloighfighthear sluaigh & brisfighthear buidhne, tollfhuighthear taoibh agus cíorrbuighthear cuirp leis do'n chur so, agus is mairg curaidh agus is mairg caithmhileadhaibh, mairg laochraidh, mairg láthair, mairg mnáibh, mairg miondaoinibh, mairg macaibh, mairg ingheanaibh ar an maigh-se Mhaighe Mhuirtheimhne do chum a dtig an flaith-churadh faobhrach forránach feargach so is fearamhla feidhm ar dhruim domhain tré thúrnadh trom-namhad, och! och! mo chean, do chomhéirghe, a Chú Chulainn." Is annsin ro éirigheadar ceithre oll- cóigí Éireann agus do chuadar i gcrios- laimh a sgiath sgealbholgacha agus a luireach lineach lnchadach, agus do chóirigheadar iad féin i n-a gcipeadhaibh comhmhóra crann- ruadha catharmacha ar chionn Chon Culainn, agus d'eirigh Méadhbh agus do ghabh na harma nimhe tug Clann Cailitin leó tar muir, agus d'fhiafraigh: "Cáit i bhfuilid na trí righ atá im' fharradh, .i. Lughaidh mac Conraoi, Macniadh mac Finn, agus Earc mac Cairbre?"
"Atámaoid annso," ar iad-san. "Ag súd," ar Méadhbh, "na trí sleagha nimhe re a bhfuil i ndán Cú Chulainn do thuitim, agus gabhaidh iad agus díoghlaidh bhur n-aithreacha ar cheana air," agus tug sleagh i láimh gacha righ-mhíleadh díobh. Is annsin adubhairt Cú Chulainn, "Leig bród ar an eachradh, a laoigh, agus snimh slat orra, agus tabhair clár clé an charb- ait fris an sluagh agus tar timcheall fear nÉireann." (Ní chríoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services