(Ar leanamhaint)
A haithle na laoidhe sin, adubhairt Cú Chul-
ainn le Laogh na heich d'iomfhosdadh, "óir
táinig támh agus troim-néalladh dom' ionn-
saighe," ar sé.
"Do dhéan," ar laogh, "agus dob'
fhearr dhúinn anadh ná teacht san dturas
so, óir d'iompuigh gach séan i n-ar n-aghaidh
do'n toisg so, agus ní linn atáid na
laethe-si, agus do bhí an uile bhuaidh id'
choimhdeacht agus id' choimhleanmhain agus an
uair so; óir ní fir mharbhas tú anois acht
mná, agus ní mharbhfidis fir an domhain
tusa acht mná dod' mharbhadh a los dhraoidh-
eachta, & ní mhuirbhfeá-sa féin Curoí mac
Dáire acht muna mbeadh mór-dhraoidheacht
agat chuige."
is ann sin tháinig Cú Chulainn d'ionn-
saighe fear nÉireann, agus, ód-chonncadar
chúcha é, adubhradar nach raibh san domhan
neach ba fearr oineach ná é, agus go mbadh
cóir dóibh Cú Chuileasg Cáinte agus trí
caogaid éigeas maille ris, agus gan mian
deise ag éinneach díobh, do chur d'iarraidh
a shléighe air, agus teidh Cú Chuileasg i
gcoinne Chon Culainn, agus fearas Cú
Chulainn fáilte ré san éigeas go ndubh-
airt:
"Mo chean duit, a Chú na gcleas gcáin,
Tabhair aisgidh dham fa haisgidh ráith."
"Dobheirim fam' chlaidheamh, a fhir dána
duinn,
Gurab sochaide do rug m'argain ar an
dtalmhain dtruim."
"Is í aisgidh iarraim, a Chú Chulainn chruaidh,
Do gha ghorm ghásda do chuireas ár ar gach
sluaigh."
"Mairg iarras an aisgidh, a Chú Chuileasg
chruaidh,
Fir Éireann im' aghaidh, 'smo gha do bhreith
uaim."
"Mór gcath is mór gomhlann do leanais
tar lear,
A chú chaomh na ngorm-lann, riot atá mo
chean."
A haithle na laoidhe sinm adubhairt Chú
Chulainn re Coin Chuileasg:
"Cionnus dobhéara me an tsleigh dhuit?
An é a gráin nó a hurlann do chuirfe mé
roimpe?"
"Nócha ceachtar díobh," ar cú Chuileasg,
"acht tabhair dhamh í tarsna."
Do leig Cú Chulainn an chraoiseach chuige
amhla sin gur marbhadh Cú Chuileasg go n-a
thrí naonbhar éigeas.
"Truaigh sin." ar Cú Chulainn; "táinig
deireadh m'oinigh go bráth tar éis Chon
Cuileasg go n-a thrí naonbhar do thuitim
leam do nimh mo chraoisighe; agus leig
bród ar an eachra, a laoigh, nó go mbear-
maois ar na sluaghaibh i n-a n-ionadaibh."
"Ní dhiongan," ar laogh," nó go mbeiridh
mé an tsleagh liom."
"Ní bhearar" ar Cú Chulainn' "óir ní
dheacas-sa i ndiaidh tiodhlaicthe dá dtugas
uaim riamh, agus ní rach i n-a dhiaidh súd,"
agus do ghluaiseadar rópa d'ionnsaighe
fear nÉireann, agus ba clos san long-
phort Cú Chulainn do bheith ag teacht dá
n-ionnsaighe.
Ód chuala Lughaidh mac Conraoi sin,
adubhairt, "rachad d'fhéachain an athar
adeirtear do bheith agam agus cionnus do
thig se i gceann bhfear nÉireann uile
agus gan guaillidhe oile i n-a fharradh do
choisgfeadh comhlann duine na deise dhé,"
agus tainig Lughaidh d'fhéachain crotha agus
deilbhe Chon Culainn, agus adubhairt, ag
tabhairt a thuarasgbhála d'fhearaibh Éireann
ós árd:
"Adchím-se chugaibh," ar sé, "carbad
feigh feitheamhail foluaimhneach fionndruinne
go luas lán-ghaoithe go bpobal uaine go
dtearbh-chlár umhadhe go bhfeirsidibh fionn-
druinne go rothaibh ro-ghlana go gcairp-
eadaibh craos-leathna go gcreat n-árd
n-úr-aoibhinn ndíreach ndásachtach go dtrice
agus go dtáirpidhe, agus is tréanluaith
tinneasnach an eachra dochím chugaibh," ar
lughaidh, ".i. each liath luaith léimeannach
luthmhar go lúith-cheithre gcrú go mbaineann
splanc aoidhbhle teine treathan-ruaidhe a
craos glonmhar a chinn, agus an dara
heach díobh .i. each caol-chosach ceann-éad-
trom cluas-bheag cas-mhongach ceann-fhada
díomsach dubhras do-fhostaighthe do ndaith
daoil go mrie mathghamhna agus go luinne
leomhain, & giolla doinnfhionn dath-chorcra
i bhfiadhnaise an óglaoich amach. Ba rós
dearg-líth a aighthe, & ceann-chochall sróill
uime & dá ligh loghmhara ós úr a aighthe ag a
imdhidean ar fhuacht agus ar theas, fleasg
airgid aoin-ghil i n-a láimh ag stiúradh na
heachra sin go nach leig an aineólas iad
acht imtheacht san raon is lonn leis," agus
adubhairt re fearaibh Éireann: "Éirighidh,
óir atá Cú Chulainn cosgrach cathbhuadhach
claidheamh-dhearg commaoidhfeach dá bhur
n-ionnsaighe, agus sloighfighthear sluaigh
& brisfighthear buidhne, tollfhuighthear taoibh
agus cíorrbuighthear cuirp leis do'n chur
so, agus is mairg curaidh agus is mairg
caithmhileadhaibh, mairg laochraidh, mairg
láthair, mairg mnáibh, mairg miondaoinibh,
mairg macaibh, mairg ingheanaibh ar an
maigh-se Mhaighe Mhuirtheimhne do chum a
dtig an flaith-churadh faobhrach forránach
feargach so is fearamhla feidhm ar dhruim
domhain tré thúrnadh trom-namhad, och! och!
mo chean, do chomhéirghe, a Chú Chulainn."
Is annsin ro éirigheadar ceithre oll-
cóigí Éireann agus do chuadar i gcrios-
laimh a sgiath sgealbholgacha agus a luireach
lineach lnchadach, agus do chóirigheadar
iad féin i n-a gcipeadhaibh comhmhóra crann-
ruadha catharmacha ar chionn Chon Culainn,
agus d'eirigh Méadhbh agus do ghabh na
harma nimhe tug Clann Cailitin leó tar
muir, agus d'fhiafraigh:
"Cáit i bhfuilid na trí righ atá im'
fharradh, .i. Lughaidh mac Conraoi, Macniadh
mac Finn, agus Earc mac Cairbre?"
"Atámaoid annso," ar iad-san.
"Ag súd," ar Méadhbh, "na trí sleagha
nimhe re a bhfuil i ndán Cú Chulainn do
thuitim, agus gabhaidh iad agus díoghlaidh
bhur n-aithreacha ar cheana air," agus tug
sleagh i láimh gacha righ-mhíleadh díobh.
Is annsin adubhairt Cú Chulainn, "Leig
bród ar an eachradh, a laoigh, agus snimh
slat orra, agus tabhair clár clé an charb-
ait fris an sluagh agus tar timcheall
fear nÉireann."
(Ní chríoch).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11