Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bearta Cruadha.
Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
An Fear Mór
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEARTA CRUADHA. Seo giotaí beaga a fuaras ó Liam Ó Lúbhaigh, Árd Fhionáin, cúpla seachtmhain ó shoin. Deir Liam liom go bhfuil siad age sna daoine go léir timcheall na háite. Cheapas gur bh'fhiú iad a chur ag triall ort i gcóir an IRISLEABHAIR. Mise, AN FEAR MÓR. Bhí Eoghan Ruadh agus Cearbhall Ó Dálaigh a' dul 'dtí gréasaidhe lá chun bróg a chur á ndéanadh. Nuair a bhíodar i bhfoisgeacht pháirce dhen tigh bhaineadar chun reatha féachaint cé aca gheobhadh tosach. Le linn dul treasna an mhacha d'Eoghan thuit sé, agus bhí an Dálach istigh roimhe. Is dócha go raibh fhios ag an nGréasaidhe 'de'n sórt iad, agus gur theastuigh uaidh roinnt chainte a bhaint asta, mar 'sé dubhairt sé nuair a bhíodar araon istigh 'ná go dtabhrfadh sé tosach don té is fearr a thabhrfadh órdughadh dhó connus na bróga a dhéanamh. Is deallrach gur aon- tuigheadar le n-a chuid cainnte. Annsoin d'fhiafruigh sé dhíobh ciaca a bheadh tosach an órduighthe aige. "Ó bhí tosach an doruis ag Cearbhall bíodh tosach na cainnte aige." "Tá go maith," arsa Cearbhall, agus seo an t-órd- ughadh a thug sé: "Bain an trách(t) as an áit is feárr is is righne 'n stéig, Cuir dhá bhálta bhreághtha dhíreach léi; Bíodh do phointe táidhte buidhe le céir, Bíodh sí bearrtha bláthmhar díonmhar caol." "Óch! dar muige, a Eógain, is baoghalach go bhfuil breall ort," ar san gréasaidhe, "nó an bhfuil aon rud le rádh agat?"
"Is beag atá," ars' Eoghan: "Dein iad daingean láidir dathamhail, Fé dhó níos fearr 'ná bróga Chearbhaill." LIAM DALL Bhí Liam Dall ag triall ar Sgoil na Suadh lá agus giolla le n-a chois. Nuair a bhíodar ag dul tré choill chonnaic an giolla plánad ag dul isteach ag bun sean-chrainn daraighe agus d'innis sé soin do Liam. Dh'iarr Liam ar an ngiolla é thabhairt 'dtí an gcrann. Nuair a bhí sé ag bun a' chrainn bhain sé dhe a stoca agus chuir sé a lámh isteach ann, annsan chuir sé a lámh isteach sa sean-chrann agus tharraing sé amach an plánad, agus d'iompuigh sé a stoca amach air. Cheangail sé é, agus annsan chuir sé chuige an plánad istigh sa stoca. Bhí go maith go dtí gur tháinig siad dtí'n sgoil agus nuair a dh'fhiafruigh duine éigint de, cad as do, sé seo an freagra thug sé ortha: "Do ghabhas anoir anair indé agus níor thug mé aon choiscéim ach adtuaidh" (do ghabhas an oir i ndair indé, &c.) Bhí Seán Clárach láithreach, agus labhair sé de gheit: "Cá'l sí?" ar sé sin. "Mhuise, mo ghraidhin chroidhe thú, a Sheáin! Seo dhuit í." Plánad .i. a weasel; oir, nó oirír, ainm eile ar weasel.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services