Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
An Fear Mór
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARTA CRUADHA.



Seo giotaí beaga a fuaras ó Liam Ó Lúbhaigh, Árd
Fhionáin, cúpla seachtmhain ó shoin. Deir Liam liom
go bhfuil siad age sna daoine go léir timcheall na
háite. Cheapas gur bh'fhiú iad a chur ag triall ort i
gcóir an IRISLEABHAIR.



Mise,



AN FEAR MÓR.



Bhí Eoghan Ruadh agus Cearbhall Ó Dálaigh a' dul
'dtí gréasaidhe lá chun bróg a chur á ndéanadh. Nuair
a bhíodar i bhfoisgeacht pháirce dhen tigh bhaineadar
chun reatha féachaint cé aca gheobhadh tosach. Le linn
dul treasna an mhacha d'Eoghan thuit sé, agus bhí an
Dálach istigh roimhe. Is dócha go raibh fhios ag an
nGréasaidhe 'de'n sórt iad, agus gur theastuigh uaidh
roinnt chainte a bhaint asta, mar 'sé dubhairt sé
nuair a bhíodar araon istigh 'ná go dtabhrfadh sé
tosach don té is fearr a thabhrfadh órdughadh dhó
connus na bróga a dhéanamh. Is deallrach gur aon-
tuigheadar le n-a chuid cainnte. Annsoin d'fhiafruigh
sé dhíobh ciaca a bheadh tosach an órduighthe aige.



"Ó bhí tosach an doruis ag Cearbhall bíodh tosach
na cainnte aige."



"Tá go maith," arsa Cearbhall, agus seo an t-órd-
ughadh a thug sé:



"Bain an trách(t) as an áit is feárr is is righne 'n
stéig,
Cuir dhá bhálta bhreághtha dhíreach léi;
Bíodh do phointe táidhte buidhe le céir,
Bíodh sí bearrtha bláthmhar díonmhar caol."



"Óch! dar muige, a Eógain, is baoghalach go bhfuil
breall ort," ar san gréasaidhe, "nó an bhfuil aon
rud le rádh agat?"


L. 320


"Is beag atá," ars' Eoghan:



"Dein iad daingean láidir dathamhail,
Fé dhó níos fearr 'ná bróga Chearbhaill."



LIAM DALL



Bhí Liam Dall ag triall ar Sgoil na Suadh lá agus
giolla le n-a chois. Nuair a bhíodar ag dul tré choill
chonnaic an giolla plánad ag dul isteach ag bun
sean-chrainn daraighe agus d'innis sé soin do Liam.
Dh'iarr Liam ar an ngiolla é thabhairt 'dtí an gcrann.
Nuair a bhí sé ag bun a' chrainn bhain sé dhe a stoca
agus chuir sé a lámh isteach ann, annsan chuir sé a
lámh isteach sa sean-chrann agus tharraing sé amach
an plánad, agus d'iompuigh sé a stoca amach air.
Cheangail sé é, agus annsan chuir sé chuige an plánad
istigh sa stoca. Bhí go maith go dtí gur tháinig siad
dtí'n sgoil agus nuair a dh'fhiafruigh duine éigint de,
cad as do, sé seo an freagra thug sé ortha:



"Do ghabhas anoir anair indé agus níor thug mé
aon choiscéim ach adtuaidh" (do ghabhas an oir i ndair
indé, &c.)



Bhí Seán Clárach láithreach, agus labhair sé de gheit:



"Cá'l sí?" ar sé sin.



"Mhuise, mo ghraidhin chroidhe thú, a Sheáin! Seo
dhuit í."



Plánad .i. a weasel; oir, nó oirír, ainm eile ar
weasel.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services