Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pádraig Din.
Title
Pádraig Din.
Author(s)
Ó Míodhcháin, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PÁDRAIG DIN. [Do bhuaidh "An Damh Dearg" .i. Liam O Míodhcháin, ó Dhún Garbháin, an duais i gcóir Chonntae Phort- láirge leis an aiste seo, i nIomaidheacht a Cúig ar Oireachtas na bliadhna 1903. Badh mhór an nídh dá mb'éidir saothar filidheachta Phádraig bhocht a bhail- iughadh i bhfochair a chéile is a chur amach i leabhar. Leath-chéad bliadhain ó shoin bhí amhráin Phádraig i mbéal gach éinne ní hamháin i gConntae Phortláirge acht ar fuaid na Mumha go léir. — F. an I.] "Samhluigheadar fá mheas mór ar feadh a mbeathadh, acht anois ní luasgann aon duine a bhéal ortha." Sin é dála an tsáir-fhir léigheannta úd — Pádraig Din — 'na bhfuilim chun cur síos gairid a dhéanamh ar a bheathaidh anois. Ní raibh fear eile le n-a linn budh mhó cháil 'ná é i ndúthaigh Déiseach, acht anois is fánach an té d'airigh trácht air féin ná ar a ghníomhartha. Feirmeóirí neamh-spleádhacha acfuinn- eacha badh eadh a shinsir. Do chomhnuigheadar 'sa nGráig i n-aice Caisleán an tSléibhe i bparóisde Mhaigh Deilge. Labhrás Din a b'ainm dá athair. Ba thoil le Dia go raibh sé cam-roiligeach, dá dheasgadh sn b'éigin dó slighe mhaireachtain eile a dhéanamh amach i n-éaghmais feirm- eóireacht. Fuair sé tabhairt suas mhaith ó n-a mhuinntir, agus, ó rith an fhoghluim leis, d'iompuigh sé amach 'n-a "sgoláire bocht." Do chuir sé sgoil ar buin i gCaisleán an tSléibhe, agus chaith sé urmór a shaoghail ag tabhairt teagasg uaidh do mhuinntir na háite sin. Do rugadh Pádraig i gCúl Ruadh le hais Caisleán an tSléibhe 'sa mbliadhain 1756. Ar shon nár dhual dó é, do bhris an filidh- eacht amach air; agus is iomdha dán, amhrán, agus eachtra do cheap sé i rith a shaoghail. Teasbáineann a chuid oibreacha dhúinn go raibh sé 'n-a fhear crábhach, diadhanta. Tá neart creidimh fuinte ionnta nach féidir a shárughadh, agus éinne a dhéanfadh géar- mhachtnamh ortha ba mhaith i n-aghaidh a leasa é. Cé nach bhfuil a fhilidheacht thar bárr, tá sí nádúrtha, blasta, binn-bhriathrach. Tá sí dlúighte 'n-a chéile go faobharach meanm- nach. Tá brígh le sna focail agus fuinn- eamh le n-a corp a chuirfeadh i n-umhail dúinn gur bh'fhear eólach árd-intinneach é, fear nach raibh easbha focail air chun a dheagh-smaointe do nochtadh. Dá bhrígh sin, níor bh'é an iongnadh gur ghlac na daoine iad go croidheamhail fáilteach, agus ba mhaith na hearraidhe iad chun an Ghaedhilg do choimeád beó 'n-a measg, mar is mór dá chuid ráidhte tá mar shean-fhocail i mbéal- aibh na ndaoine indiu. Do lean sé céird a athar, ar shon nár ghádh dhó é, mar ba bheag a b'fhiú í san aim- sir sin; acht ní shásóghadh dada eile é, bhí an dúil chomh mór soin aige san fhoghluim, agus ní maith le duine dul níos sia 'ná threór- uigheann a thoil's a thuigsint féin é. Nuair a bhraith a athair air féin go raibh sé ag dul i bhfuirbhtheacht, d'fhág sé an sgoil fá 'n-a chúram; acht ní an-fhada a chongbhuigh sé ar siubhal í mar d'aistrigh anonn cúpla míle slighe go Poll Báidhte 'sa mbliadhain 1800. D'réir comharthaí níor éirigh an t-imirighe
ró-mhaith leis, mar is gairid 'n-a dhiaidh sin gur fhág sé slán aca agus bhailigh leis isteach go Ceapach Chuinn. Do chur sé sgoil ar bun annsan 'sa tSráid Mheódhanach i dtigh beag comhgarach do'n teampall, agus is beag na cúrsaí gearáin a bhí annsan aige. Do bhailighidís isteach chuige 'n-a sluaighte, idir gharsúin is ghearrchailí, agus mara bhfuaireadar léigheann ann b'iad féin ba chionntach. Is ag an sgoil seo fuair duine do Easbuig Phortláirge is Leasa Móire .i. an Dochtúir Seán Paor an chéad sgrúdughadh. Níor bh'fhada 'n-a chomhnuidhe annso dhó nuair a thuit sé isteach 'n-a Chléireach Par- óisde, agus chongbhuigh sé an dá phost san ar feadh a bhfad. Do mhúineadh sé an Teagasg Críostaidhe gach aon Domhnach 'sa Séipéal, agus chun an obair a dhéanadh níos saorgháidighe chuir sé leabhartha beaga i gcló le haghaidh na bpáisdí. I mbliadhain a 1813 do chuir sé cór cailíní óga ar bun chun a bheith ag salmair- eacht 'sa Séipéal ar feadh an Aifrinn. D'éirigh leó chomh maith san i dtosach gur cheap sé amhrán dóibh, .i. "Glaine na Geanamnuigh- eachta" dá moladh 's dá ngríosadh chun na hoibre diadha a bhí idir lámha aca a thabhairt chun críche foghanta. Acht i gceann tamaill do thréig cuid aca an bhuidhin, agus cheap sé dán eile dhóibh i mBéarla dá chur i dtuigsint dóibh gur baoghal leis go rabh- adar sgartha le Dia mar gheall ar an ngníomh easurramach do bhí déanta aca, is gur bh'olc an mhaise dhóibh obair Dé a shéan- adh i ngrádh a bheith páirteach i gcleachtaibh aindise an tsaoghal seo. 'San mbliadhain a bhí 'n-a cheann annsan 1814 do ceap sé "Aighneas an Pheacuigh leis an mBás," nó "Eachtra an Bháis," óir is é sin is gnáthaighe ghlaodhtar air. Do scaip sé sin a cháil ar fuaid na hÉireann. Timcheall dá fhichid bliadhain ó shoin ní raibh fear, bean, ná páisde ar fuaid na tuaith i gCondae Phortláirge nach fuigheadh ceacht bheag éigin de a rádh, agus go leór de sna sean-daoine bhí sé de ghlan-mheabhair ar fad aca. Acht, mo chreach léin! tháinig atharr- ughadh sgéil, mar go dtí le fíor-dhéidheann- aighe is beag an t-eólas a bhí ag muinntir na nDéise ar "Eachtra an Bháis" ná ar a ughdar. Ar shon gur chuireadh i gcló é go minic, ní raibh thar fiche cóip de le fagháil ar fuaid na condae trí bliadhna ó shoin agus roinnt díobh san féin nach raibh sé go hiomlán ionnta; acht a bhuidheachas leis an tAthair Pádraig Paor, do sgaip sé an solus go líonmhar 'nár measg arís nuair a chuir sé fé ath-chló é. (Ní chríoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services