Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pádraig Din.

Title
Pádraig Din.
Author(s)
Ó Míodhcháin, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

PÁDRAIG DIN.



[Do bhuaidh "An Damh Dearg" .i. Liam O Míodhcháin,
ó Dhún Garbháin, an duais i gcóir Chonntae Phort-
láirge leis an aiste seo, i nIomaidheacht a Cúig ar
Oireachtas na bliadhna 1903. Badh mhór an nídh dá
mb'éidir saothar filidheachta Phádraig bhocht a bhail-
iughadh i bhfochair a chéile is a chur amach i leabhar.
Leath-chéad bliadhain ó shoin bhí amhráin Phádraig i
mbéal gach éinne ní hamháin i gConntae Phortláirge
acht ar fuaid na Mumha go léir. — F. an I.]



"Samhluigheadar fá mheas mór ar feadh
a mbeathadh, acht anois ní luasgann aon
duine a bhéal ortha."



Sin é dála an tsáir-fhir léigheannta úd
— Pádraig Din — 'na bhfuilim chun cur
síos gairid a dhéanamh ar a bheathaidh anois.
Ní raibh fear eile le n-a linn budh mhó cháil
'ná é i ndúthaigh Déiseach, acht anois is
fánach an té d'airigh trácht air féin ná ar
a ghníomhartha.



Feirmeóirí neamh-spleádhacha acfuinn-
eacha badh eadh a shinsir. Do chomhnuigheadar
'sa nGráig i n-aice Caisleán an tSléibhe i
bparóisde Mhaigh Deilge.



Labhrás Din a b'ainm dá athair. Ba thoil
le Dia go raibh sé cam-roiligeach, dá
dheasgadh sn b'éigin dó slighe mhaireachtain
eile a dhéanamh amach i n-éaghmais feirm-
eóireacht. Fuair sé tabhairt suas mhaith ó
n-a mhuinntir, agus, ó rith an fhoghluim leis,
d'iompuigh sé amach 'n-a "sgoláire bocht."
Do chuir sé sgoil ar buin i gCaisleán an
tSléibhe, agus chaith sé urmór a shaoghail
ag tabhairt teagasg uaidh do mhuinntir na
háite sin.



Do rugadh Pádraig i gCúl Ruadh le hais
Caisleán an tSléibhe 'sa mbliadhain 1756.
Ar shon nár dhual dó é, do bhris an filidh-
eacht amach air; agus is iomdha dán,
amhrán, agus eachtra do cheap sé i rith a
shaoghail.



Teasbáineann a chuid oibreacha dhúinn go
raibh sé 'n-a fhear crábhach, diadhanta. Tá
neart creidimh fuinte ionnta nach féidir a
shárughadh, agus éinne a dhéanfadh géar-
mhachtnamh ortha ba mhaith i n-aghaidh a leasa
é. Cé nach bhfuil a fhilidheacht thar bárr, tá
sí nádúrtha, blasta, binn-bhriathrach. Tá sí
dlúighte 'n-a chéile go faobharach meanm-
nach. Tá brígh le sna focail agus fuinn-
eamh le n-a corp a chuirfeadh i n-umhail
dúinn gur bh'fhear eólach árd-intinneach é,
fear nach raibh easbha focail air chun a
dheagh-smaointe do nochtadh. Dá bhrígh sin,
níor bh'é an iongnadh gur ghlac na daoine
iad go croidheamhail fáilteach, agus ba
mhaith na hearraidhe iad chun an Ghaedhilg do
choimeád beó 'n-a measg, mar is mór dá
chuid ráidhte tá mar shean-fhocail i mbéal-
aibh na ndaoine indiu.



Do lean sé céird a athar, ar shon nár
ghádh dhó é, mar ba bheag a b'fhiú í san aim-
sir sin; acht ní shásóghadh dada eile é, bhí an
dúil chomh mór soin aige san fhoghluim, agus
ní maith le duine dul níos sia 'ná threór-
uigheann a thoil's a thuigsint féin é.



Nuair a bhraith a athair air féin go raibh
sé ag dul i bhfuirbhtheacht, d'fhág sé an
sgoil fá 'n-a chúram; acht ní an-fhada a
chongbhuigh sé ar siubhal í mar d'aistrigh
anonn cúpla míle slighe go Poll Báidhte
'sa mbliadhain 1800.



D'réir comharthaí níor éirigh an t-imirighe


L. 319


ró-mhaith leis, mar is gairid 'n-a dhiaidh sin
gur fhág sé slán aca agus bhailigh leis
isteach go Ceapach Chuinn. Do chur sé sgoil
ar bun annsan 'sa tSráid Mheódhanach i
dtigh beag comhgarach do'n teampall, agus
is beag na cúrsaí gearáin a bhí annsan
aige. Do bhailighidís isteach chuige 'n-a
sluaighte, idir gharsúin is ghearrchailí, agus
mara bhfuaireadar léigheann ann b'iad féin
ba chionntach. Is ag an sgoil seo fuair
duine do Easbuig Phortláirge is Leasa
Móire .i. an Dochtúir Seán Paor an chéad
sgrúdughadh.



Níor bh'fhada 'n-a chomhnuidhe annso dhó
nuair a thuit sé isteach 'n-a Chléireach Par-
óisde, agus chongbhuigh sé an dá phost san
ar feadh a bhfad.



Do mhúineadh sé an Teagasg Críostaidhe
gach aon Domhnach 'sa Séipéal, agus chun an
obair a dhéanadh níos saorgháidighe chuir sé
leabhartha beaga i gcló le haghaidh na
bpáisdí.



I mbliadhain a 1813 do chuir sé cór
cailíní óga ar bun chun a bheith ag salmair-
eacht 'sa Séipéal ar feadh an Aifrinn.
D'éirigh leó chomh maith san i dtosach gur cheap
sé amhrán dóibh, .i. "Glaine na Geanamnuigh-
eachta" dá moladh 's dá ngríosadh chun na
hoibre diadha a bhí idir lámha aca a thabhairt
chun críche foghanta. Acht i gceann tamaill
do thréig cuid aca an bhuidhin, agus cheap
sé dán eile dhóibh i mBéarla dá chur i
dtuigsint dóibh gur baoghal leis go rabh-
adar sgartha le Dia mar gheall ar an
ngníomh easurramach do bhí déanta aca, is
gur bh'olc an mhaise dhóibh obair Dé a shéan-
adh i ngrádh a bheith páirteach i gcleachtaibh
aindise an tsaoghal seo.



'San mbliadhain a bhí 'n-a cheann annsan
1814 do ceap sé "Aighneas an Pheacuigh
leis an mBás," nó "Eachtra an Bháis," óir
is é sin is gnáthaighe ghlaodhtar air. Do
scaip sé sin a cháil ar fuaid na hÉireann.
Timcheall dá fhichid bliadhain ó shoin ní raibh
fear, bean, ná páisde ar fuaid na tuaith
i gCondae Phortláirge nach fuigheadh ceacht
bheag éigin de a rádh, agus go leór de sna
sean-daoine bhí sé de ghlan-mheabhair ar fad
aca. Acht, mo chreach léin! tháinig atharr-
ughadh sgéil, mar go dtí le fíor-dhéidheann-
aighe is beag an t-eólas a bhí ag muinntir
na nDéise ar "Eachtra an Bháis" ná ar a
ughdar. Ar shon gur chuireadh i gcló é go
minic, ní raibh thar fiche cóip de le fagháil
ar fuaid na condae trí bliadhna ó shoin
agus roinnt díobh san féin nach raibh sé go
hiomlán ionnta; acht a bhuidheachas leis an
tAthair Pádraig Paor, do sgaip sé an
solus go líonmhar 'nár measg arís nuair a
chuir sé fé ath-chló é.



(Ní chríoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services