Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara.
Title
Conamara.
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CONAMARA. Chum an Fhir-Eagair. A chara dhíl, Bhí iongnadh orm gur cló-bhuaileadh mo chur síos ar Chonamara agus gan aon fhios agam go raibh fúit sin a dhéanamh. Is gnáthach leat i gcómhnuidhe, creidim, nuair a fhoillsigheas tú alta a ghnóthuigh duaiseanna ag an Oireachtas a rádh gur le haghaidh an Oireachtais a sgríobhadh iad a léithid seo de bhliadhain. Níor dubhradh sin fá m'alt so, agus cheapfadh duine ar bith a léighfeadh é gur le goirid a sgríobhas é. Mar sin de, ba mhaith liom a chur i n-umhal gur sgríobhadh an t-aisde seo cheithre bliadhna ó shoin, agus amharc ní bhfuaireas air ó shoin gur léigheas san IRISLEABHAR é. Tuigfear as so go bhfuil an cur síos mar thugas fá deara an tráth úd. Chím freisin neithe beaga fán- acha annso 's annsúd — atá sgríobhtha go díreach mar labhras na Gaedhilgeóirí — acht nach réidhtigheann le riaghaltaibh an ghraiméir. Ba mhaith liom admhughadh freisin gur mór an gar dom gur léigheas alta an Athar Eoghain i dtaoibh Árann bliadhanta fada ó shoin. Beannacht na ngrás le n-anam! Ar ndóigh is mór an t-athrughadh a tháinig le cheithre bliadhna i gConamara Thiar. Tá múinteóirí taisdil ann anois le cúpla bliadhain. Tá an Clár Dhá Theangan i gcuid de na sgoltaibh, agus tá leabhra Gaedhilge feileamhnacha ar an gclár. Ní raibh sin amhlaidh acht i bhfíor-chorr sgoil abhfad ó chéile nuair a sgríobhadh an t-alt. Tá sprid mhaith Ghaedhealach anois i gConamara Thuaidh agus ar fud Dhúithche Sheóighe go léir agus an Ghaedhilge ghá múnadh i bhfurmhór na sgolta. Tá an Clochán féin ag feabhsughadh i leabaidh a chéile. Tá fhios ag gach Gaedheal gurb' iongantach an t-athrughadh a tháinig ó'n mbliadhain 1903 nuair a sgríobhas an t-alt. Mise, do chara go buan, MÍCHEÁL BREATHNACH. Leysin, Suisse, 19/III/1907. [Ní mór dúinn ár leathscéal do ghabháil le Micheál is le léightheóiríbh an IRISLEABHAIR i dtaobh gan a innsint i n-uimhir na Márta gur bhuaidh aiste Mhichíl an duais i gcóir Chonntae na Gaillimhe i nIomaidh- eacht a Cúig ar Oireachtas na bliadhna 1903. An Bhruid a bhí orainn fé ndeara é. D'imtheóghadh tuitim focail ar Shagart Paróiste, agus ní hiongnadh dhá réir sin go ndéanfadh Fear Eagair bocht dearmhad. Tá roinnt aistí ó Oireachtas na bliadhna úd ar láimh againn agus cuirfam i gcló i ndiaidh a chéile iad. Ní gnáthach linn "graiméar" ná litriughadh daoine eile d'aistriughadh ná do "ceartugadh," mara n-iarrtar orainn é. — F. an I.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services