CONAMARA.
Chum an Fhir-Eagair.
A chara dhíl,
Bhí iongnadh orm gur cló-bhuaileadh mo chur síos ar
Chonamara agus gan aon fhios agam go raibh fúit sin
a dhéanamh. Is gnáthach leat i gcómhnuidhe, creidim,
nuair a fhoillsigheas tú alta a ghnóthuigh duaiseanna
ag an Oireachtas a rádh gur le haghaidh an Oireachtais
a sgríobhadh iad a léithid seo de bhliadhain. Níor
dubhradh sin fá m'alt so, agus cheapfadh duine ar bith
a léighfeadh é gur le goirid a sgríobhas é. Mar sin
de, ba mhaith liom a chur i n-umhal gur sgríobhadh an
t-aisde seo cheithre bliadhna ó shoin, agus amharc ní
bhfuaireas air ó shoin gur léigheas san IRISLEABHAR
é. Tuigfear as so go bhfuil an cur síos mar thugas
fá deara an tráth úd. Chím freisin neithe beaga fán-
acha annso 's annsúd — atá sgríobhtha go díreach mar
labhras na Gaedhilgeóirí — acht nach réidhtigheann le
riaghaltaibh an ghraiméir. Ba mhaith liom admhughadh
freisin gur mór an gar dom gur léigheas alta an
Athar Eoghain i dtaoibh Árann bliadhanta fada ó shoin.
Beannacht na ngrás le n-anam! Ar ndóigh is mór an
t-athrughadh a tháinig le cheithre bliadhna i gConamara
Thiar. Tá múinteóirí taisdil ann anois le cúpla
bliadhain. Tá an Clár Dhá Theangan i gcuid de na
sgoltaibh, agus tá leabhra Gaedhilge feileamhnacha ar
an gclár. Ní raibh sin amhlaidh acht i bhfíor-chorr sgoil
abhfad ó chéile nuair a sgríobhadh an t-alt. Tá sprid
mhaith Ghaedhealach anois i gConamara Thuaidh agus ar
fud Dhúithche Sheóighe go léir agus an Ghaedhilge ghá
múnadh i bhfurmhór na sgolta. Tá an Clochán féin ag
feabhsughadh i leabaidh a chéile. Tá fhios ag gach
Gaedheal gurb' iongantach an t-athrughadh a tháinig ó'n
mbliadhain 1903 nuair a sgríobhas an t-alt.
Mise, do chara go buan,
MÍCHEÁL BREATHNACH.
Leysin, Suisse, 19/III/1907.
[Ní mór dúinn ár leathscéal do ghabháil le Micheál
is le léightheóiríbh an IRISLEABHAIR i dtaobh gan a
innsint i n-uimhir na Márta gur bhuaidh aiste Mhichíl
an duais i gcóir Chonntae na Gaillimhe i nIomaidh-
eacht a Cúig ar Oireachtas na bliadhna 1903. An
Bhruid a bhí orainn fé ndeara é. D'imtheóghadh tuitim
focail ar Shagart Paróiste, agus ní hiongnadh dhá
réir sin go ndéanfadh Fear Eagair bocht dearmhad.
Tá roinnt aistí ó Oireachtas na bliadhna úd ar láimh
againn agus cuirfam i gcló i ndiaidh a chéile iad. Ní
gnáthach linn "graiméar" ná litriughadh daoine eile
d'aistriughadh ná do "ceartugadh," mara n-iarrtar
orainn é. — F. an I.