Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hÓgáin, Seán
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuir- theimhne. "Truaighe sin, a Chathfadh," ar Cú Chulainn. "Cia ataoi-se dom' fhosdadh-so agus dom' iomfhuireach, is mór na creacha agus na hára agus na loisgnidh na céada na catha agus cóirighthe agus na luath-ghárrtha so ar feadh Maighe Macha agus Machaire Chonaill agus ar fiarlaoidh na cóige go coitcheann." D'fhreagair Cathfadh agus adubhairt: "A mhic ionmhuin, is mór é na mearaighthe sin do bheirid na sgath-sluaigh sgoth-anbhfanna sgéal-bhuadhartha agus na fás-bhuidhne doilbhthe draoidheachta san ort, óir ní fhuil aonduine annsúd acht fear agus duille." "Ní chreidim éin-ní dhe-sin," ar Cú Chulainn, agus do ghluais roimhe agus níor hoiriseadh leis go ráinig Eamhain mhín- áluinn Macha agus an bhanntracht roimhe agus i n-a dhiaidh ag gol agus ag éighmhe, agus do chuaidh Cú Chulainn gus an ngrian- án a raibh Éimhear agus tháinig sí amach i n-a
choinne agus adubhairt sí ris túirling do dhéanamh agus dul isteach san ngrianán. "Ní dhíongan," ar Cú Chulainn, "go ndeachar i gceann cheithre oll-chóigeadh nÉireann go Maigh Muirtheimhne do dhíoghal na n-olc agus na gcreach agus na héag- chóra do rónsad orm agus ar an gCóige uile, agus no taidhbhrigheadh dhamh go headh- thrasta an baile so do bheith lán do shluagh agus do shocraidhe bhfear nÉireann ag a dhóghadh agus ag a losgadh." "Ní fíor an taidhbhse sin," ar an Inghean, "óir ní fhuil acht taidhbhreadha draoidheachta ionnt agus ní táire dot' aire iad." "Is briathar damh-sa," ar Cú Chulainn, "nach anamh do'n chur-so no go ndeachar fo longfort bhfear nÉireann." An tan do chualadar an bhanntracht na briathra-so do thógbhadar gárrtha goil agus éighmhe loisgneacha agus faoidhe fada for- thruagha agus ró ghaibh san ag céileabhradh do'n ríoghain agus do'n bhanntracht uile, agus tainig do chéileabhradh dá mháthair go Dún Deithchidhe agus do ghabh Cathfadh agus na filidh ag a leanmhain go díochra agus ar dteacht ar fhaithche an dúna dhó, táinig Deithchide amach dá ionnsaighe ar n-a chlos dí gurab i ndáil bhfear nÉireann do b'áil leis dul, agus thug an bollan coimdhe dhó, agus ro badh geis dó-san sin d'ól uaithi re ndul ar eachtra dhó agus is eadh do bhí san mbollán, .i. a lán d'fhuil chrói-dheirg. "Truaighe sin, a Dheithchide," ar Cú Chulainn, "ní hiongnadh gach ní oile dom' thréigean-so agus an cruth i dtugais an bollán-so chugam," agus ro ghabh Deithchide an bolan an dara feacht agus do líon agus do tug dó-san é agus do bhí lán d'fhuil arís agus do líon sí an treas feacht é, agus is é a lan fola do bhí ann gach uair diobh, agus do ghabh Cú Chulainn fearg ris an mbollán agus tug buille dhé faoi chloich gur bhlóidh agus gur bhris é gurab Tulach an Bhollain a hainm ó sin ale. "Is fíor sin, a Dheithchide," ar Cú Chulainn, "ní tusa is cionntach riom-sa, acht mo shaoghal atá ar dteacht agus mo gheasa uile atá ar n-a gcailleadh, agus ní thiocfad-sa beó do'n dul-so ó fhearaibh Éireann." Is annsin do ghabh Deithchide agus Cathfadh ag guidhe Chon Cúlainn im anmhain re Conall Cearnach. "ní anamh," ar Cú Chulainn, "óir tháinig mo rae agus mo réimheas agus í thréigfeadh mo bhlóidh ná mo bhuaidh cosgar ar bhréig díombuain an tsaoghail-se, agus níor éimdheas cath ón uair do ghlacas an céad arm im'láimh gur indiu, agus ní lugha doghéan anois óir is buaine blóidh na saoghal," agus táinig roimhe a Machaire na hÉmhna agus do thóg- bhadar ingheana rígh agus taoiseach Uladh nuall-ghárrtha truagha tuirseach agus faoidhe fad-chaointe i n-a dhiaidh, agus do lean Cathfadh i n-aonar é as an mbaile amach, ní cian rángadar ón mbaile an tan tarla dhá inghin chaomha choirp-gheala cúlbhuidhe ar bhéal an átha ar Mhaigh na hEamhna orra agus iad ag tuirse agus ag truaighmhéile agus léine chorcora chíortha chréachtnaighthe ag a fásgadh agus ag a fuairnighe aca ar eachair-imeall an átha. "An bhfaice súd, a Chugáin," ar Cathfadh, "t'fhadhbha agus t'iorradh ag a nighe agus ag a niamh-ghlanadh aca súd, agus atáid go brónach buan-chumhthach ag a innisin tusa do thuitim agus do throm-dhithiughadh do'n chur-so le mór-shluagh bhfear nÉireann agus le draoidheacht do-iongabhála cloinne cuirpe Cailitin gonadh aire sin is cóir duit anmhain." "Maith, a oide ionmhuin," ar Cú Chulainn, "ná leanme ní is faide, óir ní anar-so
nó go ndíoghlar ar cheithre oll-chóigíbh Éireann teacht do losgadh mo chríche agus d'argan mo dhúna agus atáid na badhbha úd ag nighe mo léine-se. Badh hiondha fadbh agus iorradh agus éidigh do bhias ar n-a bhfothragadh a sruith-linntíbh fola óm' chlaidheamh agus óm'chraois is do'n chur-so, agus gidh gur leisg libh-se mise do leigean i n-aghaidh an mhór-shluaigh so dom' bhaogh- lughadh is leasga liom-sa fein ná libh-se uile dul do tholladh mo thaobh agus do chiorrbhadh mo chis agus a fhios agam mo thuitim ann acht go dtáinig mo shaoghal agus mo chaithréime agus gur cailleadh mo gheasa óir dá n-anar do chuadhas d'éag agus dá n-imghar tháinig mo rae, agus beir-se iom- chomharc beathadh agus sláinte uaim d'ionn- saighe Chonchubhair agus Eimhire agus mo mháthair agus Uladh uile agus nocha gcas- fad orra ó so amach go bráth agus is truagh indiu ar n-iomsgaradh, agus cidh dubhach droich-mheanmnach mise indiu ag fágbháil na hEamhna is minic roimhe seo táinig me go léidmheach luth-gháireach agus go haisdreach éadálach da hionnsaighe as críochaibh ciana na cruinne, agus adubhairt an laois so síos mar leanas: - "A fhir ná toirmigh ar séadh Do chuadhas d'éag ní cian uaidh Doibh d'Eamhain seach gach dún Doradh mo chrú do'n tsluagh. Méala mise i linstibh chró Doghaibh Ulaidh re gach ló Laochradh Uladh i gceas Sní thiocfadh mo leas do'n ló. Truaighe gan m'oide Conall cruaidh Re ndul fá'n sluagh ag teacht im' dháil Ní bhia tula gan brón bán Acht iath Uladh do Mhaigh Fáil. A haithle na laoide sin d'iompuigh Cú Chulainn a aghaidh ar Eamhain agus do ghabh ag feitheamh an bhaile uaidh agus ag éisteacht re héighmhe agus re hath-tuirse a charad i n-a dhiaidh. Ró éirigh a mhíre agus a mheanmnan agus táinig roimhe san tslighe go hÁth na Forthaire ar Shliabh Fuaid agus do chonnarc do leath-taoibh na slighe deatach mór, agus táinig da ionnsaighe, óir ba dhearbh leis gurab drong éigin d'fhearaibh Éireann do bhí ann agus cuid do chreachaibh an chúige aca. "A laoigh," ar Cú Chulainn, "leig broid ar an eachradh dhúinn nó go rachmaois d'fhios cia do ní an teine úd" agus táinig roimhe d'fhios na druinge do bhí ag déanamh na teine agus is siad do bhí ann .i. Clann Chailitin do bhí ag déanamh diabhluigh- eachta ar Choin Chulainn, agus is é so dealbh agus déanamh cruth agus éagcosg do bhí ar an seisear rabhartha saobh-ainmeacha soin, .i. aon tsúil mhóir-dhearg i n-éadan gacha haaimide díobh agus aon lámh chroim-fhéitheach faiding- neach as ucht gacha droch-bhaidhbhe dhíobh, agus aon chos chais-leathrach chaoil-reangach ós cráig gacha dúr-dhuile dhíobh agus beirte briste bóird-reamhra do chochall-chracnaibh coimh-gheala coirr-ghearrtha ar n-a gceangal agus ar n-a gcoimh-eagar re taoibh gach féithe sean-ghairbhe ag a slios-bhualadh agus fulachta d'ingníbh con mbeag agus d'fheoil con allta ar coirrbhearaibh cinn-gheara caorthainn aca, agus ad-chonnairc Cú Chulainn an mhóir-theine sin ag na haimidbih ag a déanamh, do chuir chlár clé an charbaid friu agus tháinig san slighe seacha agus in tan do chonncadar na badhbha sin gabhas bádhbh díobh bior do na bearaibh agus tug urchar díreach d'ionnsaighe aighthe agus éadain
Chon Chulainn agus gabhas Cú Chulainn an bior i n-a láimh agus do thógaibh ós a chionn é agus do bheir urchar do'n bhadhbh dhé, agus do thuit crobhaine as cionn an bheara i gceann Chon chulainn go dtárla i mullach a chinn gur tholl a leath-taoibh agus gur bhain leath a neirt de féin agus do'n Liath Macha gur ba leath-roinnte a neart agus a niadhchas do'n urchar sin a n-a dís agus thug urchar aithmhéalach úirmheisneach do'n bhadhbh gur chuir an bior tarsna tré n-a corp gurab amhlaidh sin táinig sí d'ionnsaighe fear nÉireann agus a bior tríthi, agus do bhí Cú Chulainn go hathtuirseach imshníomhach tar éis an urchair sin. "Truaighe sin," ar sé; "rug an t-urchar úd leath mo lúith agus mo lámhadh uaim agus muna mbeidís Clann Cailitin do thuitfidís urmhór bhfear nÉireann liom," agus a dubhairt an laoidh mar leanas: — "Do tolladh mo leath do'n ghoin Óm' mullach go talmhain, Mo mhallacht do'n druing ro-m-ghoin Rug uaim roinn dom' anmhoin. Dá bhfeasdaois Uladh mo dhálaigh Mar do traochadh leath mo lámhaigh Mise an curadh cathbhuadhach nár lag Do mharbh móir-driath ar dtáinig Ar éigin do haitheantaoi tocht Ar chathaibh crodha chonnacht Muna mbeadh Clann Cailitin cháin le dtárla mo thaobh do tholladh." [Tá míd buidheach de Sheán Ó hÓgáin i dtaobh an chuid deiridh den tsean-scéal bhreagh seo a thabhairt don Irisleabhar. Do thosnuigheadh ar an scéal so i nUimhir a 128 den Irisleabhar, agus tá roinnt de i n-uimhreachaibh 132, 133 agus 134. Tá adhbhar beag de sna himhreachaibh úd ar fagháil fós, má's mian le duine an scéal do léigheamh ó thosach. Leanfaidh an t-eachtra so air ó mhí go mí, go mbeidh deireadh leis. D'éis an tsaoghail táid na scéalta so Chú Chulainn ar na hoighreachtaibh is breághtha agus is uaisle dar fhág ár sinnsir againn, agus badh cheart dúinn suim a chur ionnta agus stuidéar a dhéanadh ortha. - F. an I.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services