Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.

Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hÓgáin, Seán
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Brisleach Mhór Mhaighe Mhuir-
theimhne.



"Truaighe sin, a Chathfadh," ar Cú Chulainn.
"Cia ataoi-se dom' fhosdadh-so agus dom'
iomfhuireach, is mór na creacha agus na
hára agus na loisgnidh na céada na catha
agus cóirighthe agus na luath-ghárrtha so ar
feadh Maighe Macha agus Machaire Chonaill
agus ar fiarlaoidh na cóige go coitcheann."



D'fhreagair Cathfadh agus adubhairt: "A
mhic ionmhuin, is mór é na mearaighthe sin
do bheirid na sgath-sluaigh sgoth-anbhfanna
sgéal-bhuadhartha agus na fás-bhuidhne
doilbhthe draoidheachta san ort, óir ní fhuil
aonduine annsúd acht fear agus duille."



"Ní chreidim éin-ní dhe-sin," ar Cú
Chulainn, agus do ghluais roimhe agus níor
hoiriseadh leis go ráinig Eamhain mhín-
áluinn Macha agus an bhanntracht roimhe
agus i n-a dhiaidh ag gol agus ag éighmhe,
agus do chuaidh Cú Chulainn gus an ngrian-
án a raibh Éimhear agus tháinig sí amach i n-a


L. 306


choinne agus adubhairt sí ris túirling do
dhéanamh agus dul isteach san ngrianán.



"Ní dhíongan," ar Cú Chulainn, "go
ndeachar i gceann cheithre oll-chóigeadh
nÉireann go Maigh Muirtheimhne do dhíoghal
na n-olc agus na gcreach agus na héag-
chóra do rónsad orm agus ar an gCóige
uile, agus no taidhbhrigheadh dhamh go headh-
thrasta an baile so do bheith lán do shluagh
agus do shocraidhe bhfear nÉireann ag a
dhóghadh agus ag a losgadh."



"Ní fíor an taidhbhse sin," ar an Inghean,
"óir ní fhuil acht taidhbhreadha draoidheachta
ionnt agus ní táire dot' aire iad."



"Is briathar damh-sa," ar Cú Chulainn,
"nach anamh do'n chur-so no go ndeachar fo
longfort bhfear nÉireann."



An tan do chualadar an bhanntracht na
briathra-so do thógbhadar gárrtha goil agus
éighmhe loisgneacha agus faoidhe fada for-
thruagha agus ró ghaibh san ag céileabhradh
do'n ríoghain agus do'n bhanntracht uile,
agus tainig do chéileabhradh dá mháthair go
Dún Deithchidhe agus do ghabh Cathfadh agus
na filidh ag a leanmhain go díochra agus ar
dteacht ar fhaithche an dúna dhó, táinig
Deithchide amach dá ionnsaighe ar n-a chlos
dí gurab i ndáil bhfear nÉireann do b'áil
leis dul, agus thug an bollan coimdhe dhó,
agus ro badh geis dó-san sin d'ól uaithi re
ndul ar eachtra dhó agus is eadh do bhí san
mbollán, .i. a lán d'fhuil chrói-dheirg.



"Truaighe sin, a Dheithchide," ar Cú
Chulainn, "ní hiongnadh gach ní oile dom'
thréigean-so agus an cruth i dtugais an
bollán-so chugam," agus ro ghabh Deithchide
an bolan an dara feacht agus do líon
agus do tug dó-san é agus do bhí lán
d'fhuil arís agus do líon sí an treas feacht
é, agus is é a lan fola do bhí ann gach uair
diobh, agus do ghabh Cú Chulainn fearg ris
an mbollán agus tug buille dhé faoi chloich
gur bhlóidh agus gur bhris é gurab Tulach
an Bhollain a hainm ó sin ale.



"Is fíor sin, a Dheithchide," ar Cú Chulainn,
"ní tusa is cionntach riom-sa, acht mo
shaoghal atá ar dteacht agus mo gheasa uile
atá ar n-a gcailleadh, agus ní thiocfad-sa
beó do'n dul-so ó fhearaibh Éireann."



Is annsin do ghabh Deithchide agus Cathfadh
ag guidhe Chon Cúlainn im anmhain re
Conall Cearnach. "ní anamh," ar Cú
Chulainn, "óir tháinig mo rae agus mo
réimheas agus í thréigfeadh mo bhlóidh ná
mo bhuaidh cosgar ar bhréig díombuain an
tsaoghail-se, agus níor éimdheas cath ón
uair do ghlacas an céad arm im'láimh gur
indiu, agus ní lugha doghéan anois óir is
buaine blóidh na saoghal," agus táinig
roimhe a Machaire na hÉmhna agus do thóg-
bhadar ingheana rígh agus taoiseach Uladh
nuall-ghárrtha truagha tuirseach agus faoidhe
fad-chaointe i n-a dhiaidh, agus do lean
Cathfadh i n-aonar é as an mbaile amach, ní
cian rángadar ón mbaile an tan tarla dhá
inghin chaomha choirp-gheala cúlbhuidhe ar bhéal
an átha ar Mhaigh na hEamhna orra agus iad
ag tuirse agus ag truaighmhéile agus léine
chorcora chíortha chréachtnaighthe ag a fásgadh
agus ag a fuairnighe aca ar eachair-imeall
an átha.



"An bhfaice súd, a Chugáin," ar Cathfadh,
"t'fhadhbha agus t'iorradh ag a nighe agus ag
a niamh-ghlanadh aca súd, agus atáid go
brónach buan-chumhthach ag a innisin tusa do
thuitim agus do throm-dhithiughadh do'n chur-so
le mór-shluagh bhfear nÉireann agus le
draoidheacht do-iongabhála cloinne cuirpe
Cailitin gonadh aire sin is cóir duit
anmhain."



"Maith, a oide ionmhuin," ar Cú Chulainn,
"ná leanme ní is faide, óir ní anar-so


L. 307


nó go ndíoghlar ar cheithre oll-chóigíbh
Éireann teacht do losgadh mo chríche agus
d'argan mo dhúna agus atáid na badhbha úd
ag nighe mo léine-se. Badh hiondha fadbh
agus iorradh agus éidigh do bhias ar n-a
bhfothragadh a sruith-linntíbh fola óm'
chlaidheamh agus óm'chraois is do'n chur-so,
agus gidh gur leisg libh-se mise do leigean
i n-aghaidh an mhór-shluaigh so dom' bhaogh-
lughadh is leasga liom-sa fein ná libh-se
uile dul do tholladh mo thaobh agus do
chiorrbhadh mo chis agus a fhios agam mo
thuitim ann acht go dtáinig mo shaoghal agus
mo chaithréime agus gur cailleadh mo gheasa
óir dá n-anar do chuadhas d'éag agus dá
n-imghar tháinig mo rae, agus beir-se iom-
chomharc beathadh agus sláinte uaim d'ionn-
saighe Chonchubhair agus Eimhire agus mo
mháthair agus Uladh uile agus nocha gcas-
fad orra ó so amach go bráth agus is truagh
indiu ar n-iomsgaradh, agus cidh dubhach
droich-mheanmnach mise indiu ag fágbháil na
hEamhna is minic roimhe seo táinig me go
léidmheach luth-gháireach agus go haisdreach
éadálach da hionnsaighe as críochaibh ciana
na cruinne, agus adubhairt an laois so síos
mar leanas: -



"A fhir ná toirmigh ar séadh
Do chuadhas d'éag ní cian uaidh
Doibh d'Eamhain seach gach dún
Doradh mo chrú do'n tsluagh.



Méala mise i linstibh chró
Doghaibh Ulaidh re gach ló
Laochradh Uladh i gceas
Sní thiocfadh mo leas do'n ló.



Truaighe gan m'oide Conall cruaidh
Re ndul fá'n sluagh ag teacht im' dháil
Ní bhia tula gan brón bán
Acht iath Uladh do Mhaigh Fáil.



A haithle na laoide sin d'iompuigh Cú
Chulainn a aghaidh ar Eamhain agus do ghabh
ag feitheamh an bhaile uaidh agus ag éisteacht
re héighmhe agus re hath-tuirse a charad i
n-a dhiaidh. Ró éirigh a mhíre agus a
mheanmnan agus táinig roimhe san tslighe
go hÁth na Forthaire ar Shliabh Fuaid agus
do chonnarc do leath-taoibh na slighe deatach
mór, agus táinig da ionnsaighe, óir ba
dhearbh leis gurab drong éigin d'fhearaibh
Éireann do bhí ann agus cuid do chreachaibh
an chúige aca.



"A laoigh," ar Cú Chulainn, "leig broid
ar an eachradh dhúinn nó go rachmaois d'fhios
cia do ní an teine úd" agus táinig roimhe
d'fhios na druinge do bhí ag déanamh na
teine agus is siad do bhí ann .i. Clann
Chailitin do bhí ag déanamh diabhluigh-
eachta ar Choin Chulainn, agus is é so dealbh
agus déanamh cruth agus éagcosg do bhí ar an
seisear rabhartha saobh-ainmeacha soin, .i. aon
tsúil mhóir-dhearg i n-éadan gacha haaimide
díobh agus aon lámh chroim-fhéitheach faiding-
neach as ucht gacha droch-bhaidhbhe dhíobh, agus
aon chos chais-leathrach chaoil-reangach ós
cráig gacha dúr-dhuile dhíobh agus beirte
briste bóird-reamhra do chochall-chracnaibh
coimh-gheala coirr-ghearrtha ar n-a gceangal
agus ar n-a gcoimh-eagar re taoibh gach
féithe sean-ghairbhe ag a slios-bhualadh agus
fulachta d'ingníbh con mbeag agus d'fheoil
con allta ar coirrbhearaibh cinn-gheara
caorthainn aca, agus ad-chonnairc Cú
Chulainn an mhóir-theine sin ag na haimidbih
ag a déanamh, do chuir chlár clé an charbaid
friu agus tháinig san slighe seacha agus in
tan do chonncadar na badhbha sin gabhas
bádhbh díobh bior do na bearaibh agus tug
urchar díreach d'ionnsaighe aighthe agus éadain


L. 308


Chon Chulainn agus gabhas Cú Chulainn an bior
i n-a láimh agus do thógaibh ós a chionn é agus
do bheir urchar do'n bhadhbh dhé, agus do thuit
crobhaine as cionn an bheara i gceann Chon
chulainn go dtárla i mullach a chinn gur
tholl a leath-taoibh agus gur bhain leath a
neirt de féin agus do'n Liath Macha gur
ba leath-roinnte a neart agus a niadhchas
do'n urchar sin a n-a dís agus thug urchar
aithmhéalach úirmheisneach do'n bhadhbh gur
chuir an bior tarsna tré n-a corp gurab
amhlaidh sin táinig sí d'ionnsaighe fear
nÉireann agus a bior tríthi, agus do bhí
Cú Chulainn go hathtuirseach imshníomhach tar
éis an urchair sin.



"Truaighe sin," ar sé; "rug an t-urchar
úd leath mo lúith agus mo lámhadh uaim
agus muna mbeidís Clann Cailitin do
thuitfidís urmhór bhfear nÉireann liom,"
agus a dubhairt an laoidh mar leanas: —



"Do tolladh mo leath do'n ghoin
Óm' mullach go talmhain,
Mo mhallacht do'n druing ro-m-ghoin
Rug uaim roinn dom' anmhoin.



Dá bhfeasdaois Uladh mo dhálaigh
Mar do traochadh leath mo lámhaigh
Mise an curadh cathbhuadhach nár lag
Do mharbh móir-driath ar dtáinig



Ar éigin do haitheantaoi tocht
Ar chathaibh crodha chonnacht
Muna mbeadh Clann Cailitin cháin
le dtárla mo thaobh do tholladh."



[Tá míd buidheach de Sheán Ó hÓgáin i dtaobh an
chuid deiridh den tsean-scéal bhreagh seo a thabhairt
don Irisleabhar. Do thosnuigheadh ar an scéal so i
nUimhir a 128 den Irisleabhar, agus tá roinnt de
i n-uimhreachaibh 132, 133 agus 134. Tá adhbhar beag
de sna himhreachaibh úd ar fagháil fós, má's mian le
duine an scéal do léigheamh ó thosach. Leanfaidh an
t-eachtra so air ó mhí go mí, go mbeidh deireadh
leis. D'éis an tsaoghail táid na scéalta so Chú
Chulainn ar na hoighreachtaibh is breághtha agus is
uaisle dar fhág ár sinnsir againn, agus badh cheart
dúinn suim a chur ionnta agus stuidéar a dhéanadh
ortha. - F. an I.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services