Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duais Nua.
Title
Duais Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DUAIS NUA. Tá trí púint faghta againn — tré Eóin Mac Néill — ó dheagh-charaid don Ghaedhilg d'fhonn is iad a bhronnadh mar dhuais, ar aiste mhaith Gaedhilge. Cuireann ár gcara spéis i múineadh bainistighe is críochnamhlacht do ghirrseachaibh is do chailíníbh óga. Ní'l pioc dhá mhearaidhe orainn ná gur mhaith an rud eólus a scaipeadh um an gceist seo fé láthair. Do bhíodar ár máithreacha is ár sean-mhaithreacha go maith n-a n-aimsir féin. Acht tá atharrach saoghail ann anois, agus níor mhisde dhár mbantracht atharrach nósann is atharrach bhainistighe a tharraing chucha dá réir. Ar an adhbhar-san, ó's mian le n-ár gcara é, bronnfar na trí púint ar an aiste is fearr ag cur síos ar bhainistighe is ar choimeád tighis, ar chríochnamhlacht is ar na slighthibh is fearr chun gnóthaí tighe a dhéanamh. Ní'l de choingheallachaibh ag dul leis an gcomórtas so acht nach mór don chainnt a bheith nádúrtha simplidhe, i slighe go n-oirfadh do dhaoinibh óga. Tá cáirde ag gach n-aon i gcóir a shaothair go dtí an chéad lá de Mheitheamh an tSamhraidh. Ní'l de bhaint ag an gcomórtus so le n-ar ngnáth-chomórtus acht amháin gurab iad na breitheamhain chéadna bheas ortha, .i. An tAthair Pádraig Ua Duinnín agus Eoin Mac Néill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services