Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duais Nua.

Title
Duais Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DUAIS NUA.



Tá trí púint faghta againn — tré Eóin
Mac Néill — ó dheagh-charaid don Ghaedhilg
d'fhonn is iad a bhronnadh mar dhuais, ar
aiste mhaith Gaedhilge. Cuireann ár gcara
spéis i múineadh bainistighe is críochnamhlacht
do ghirrseachaibh is do chailíníbh óga. Ní'l
pioc dhá mhearaidhe orainn ná gur mhaith an
rud eólus a scaipeadh um an gceist seo
fé láthair. Do bhíodar ár máithreacha is ár
sean-mhaithreacha go maith n-a n-aimsir féin.
Acht tá atharrach saoghail ann anois, agus
níor mhisde dhár mbantracht atharrach nósann
is atharrach bhainistighe a tharraing chucha dá
réir.



Ar an adhbhar-san, ó's mian le n-ár
gcara é, bronnfar na trí púint ar an aiste
is fearr ag cur síos ar bhainistighe is ar
choimeád tighis, ar chríochnamhlacht is ar na
slighthibh is fearr chun gnóthaí tighe a dhéanamh.
Ní'l de choingheallachaibh ag dul leis an
gcomórtas so acht nach mór don chainnt a
bheith nádúrtha simplidhe, i slighe go n-oirfadh
do dhaoinibh óga.



Tá cáirde ag gach n-aon i gcóir a shaothair
go dtí an chéad lá de Mheitheamh an
tSamhraidh.



Ní'l de bhaint ag an gcomórtus so le
n-ar ngnáth-chomórtus acht amháin gurab iad
na breitheamhain chéadna bheas ortha, .i. An
tAthair Pádraig Ua Duinnín agus Eoin
Mac Néill.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services