Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. Tháinig chughainn an lá fé dheireadh an tarna cuid de SGOTHBHUALADH. Sidí an tarna sreath de sna haistíbh do bhí i gcló ar dtúis sa "Léadar" ó láimh an Athar Peadar Ó Laoghaire, Canónach. Is cuimhin le n-a lán againn na haistí seo, mar do léightí go cíocrach iad an fhaid a bhíodar á gcur i gcló sa "Léadar"; agus beidh fáilte dhá réir rompa i bhfuirm leabhair anois. Éin-nídh a scríobhann an tAthair Peadar is fiú é léigheamh. Ní hamháin go mbíonn an chainnt ar fheabhus aige. Is fiú dhúinn leis stuidéar a dhéanamh ar an gcuma i n-a mbíd Tadhg agus Donnchadh ag scothbhualadh agus, uair- eannta, ag greadbhualadh is ag glanbhualadh. Tá tuairim láidir — do-chlaoidhte, dar le duine air — ag an ughdar i dtaobh gach ceist go bhfuil tagartha aige dhó sa leabhar so, agus b'fhiú dhúinn stad agus ár machtnamh a dhéanamh ar an gcuma i n-a gcuireann sé a thuairm i bhfeidhm. Cuma nádúrtha Ghaedhlach is eadh í, agus cuma ná gabhann sa bhfeallsamh thar tuiscint gach gnáth-Dhonnchadh is gach gnáth-Thaidhg. Dá mb'áil le n-a thuilleadh dhár scríbhneóirí an cleas céadna a ghabháil le n-a n-ais do b'fhéarrde sinn féin is an Ghaedhilg é. Isiad Muinntir na Leabhar Gaedhilge atá agá chur so amach. Réal a fhiacha, agus do b'fhiú a sheacht n-oiread é. Tá súil againn go bhfuighidh gach fíor-Ghaedheal a chuireann spéis i seanndáilibh na Banban an leabhar is déidheannaighe do fríoth ó Chúnó Meidhear. Sidiad a chomharthaí: LA VISION DE TONDALE, (Tnud- gal); Textes Français, anglo-normand et irlandais. Publiés par V.-H. Friedel et Kuno Meyer. Paris: Librairie Honoré Chamion, 5, Quai Malaquais. Sean-scéal de shaghas "Fís Mherlíno" atá ann. Tá cur síos ann ar phiantaibh éagsamhla Ifrinn is ar shólásaibh Neimhe. Tá dhá innsint ar an scéal i nGaedhilg ann — ceann aca i ndiaidh Mhuirghéis mac Pháidín Uí Mhaoilchonaire, an duine d'aistrigh an scéal ón mbun-Laidin i dtosach an tsémhadh aois déag. I mbrollach an leabhair tá cur síos ar Mharcus, manach ó Éirinn, an fear a chéad-scríbh an scéal i Laidin timcheall bliadhain a 1148. N-a theann- ta san tá tuairisc ar na teangthaibh uile gur ais- trigheadh an scéal ionnta leis an aimsir, agus a lán tuairiscí ar dhálaibh na hÉireann san aimsir i n-ar mhair Marcus innti sara ndeabhaidh sa Roinn Eorpa is gur chuir fé i Ratisbon. Tá cuid an Dochtúra Meidhear ar fheabhus, agus chomhairleoghainn do gach léightheóir den IRISLEABHAR go bhfuil an chaoi aige air fios a chur ar an leabhar agus é scrúdughadh. Seacht bhfrannc go leith a fiacha. Is fuirist a aithint gur ó sna daoinibh féin a tháinig na hearraidh do-gheibhmíd i "SIAMSÁN NA BEANNA FADA," leabhrín do chuir Aoidhmín Mac Gréagóir i gcló. Tá scéalta, amhráin, drachtíní is tomhaiseanna ann, do bhailigh Aoidhmín i gCúige Uladh. Tá an "Siamsán" féin ar fheabhus, agus féadfaidh an Craoibhín caibidil nua a scríobhadh ar sin — is ar a leithéidíbh eile atá i measc na ndaoine — i n-a thuair- iscíbh ar Shean-scéaluidheacht. Pádraig Ó Briain a chuir an leabhar so i gcló, agus is fuirist a aithint go bhfuil fios a chéirde aige, Dia á bheannachadh. Nár chaille sé an seana-chiúta. Teastún fiacha an leabhair, agus is féidir é fagháil ó Mhuinntir Ghill, nó ó Chonn- radh na Gaedhilge. Tá ag éirghe go maith le n-ár nDuaiseanna. Do bhuaidh Piaras Béaslaoi an duais an mhí seo ar "Aistigheacht," agus tá "leath-shobhrn" ag dul do "Chrost Chorcaighe" mar gheall ar a thagradh i dtaobh Chunntasaidheacht an Mhadra Mhaol. Bhíodh na haistí i gcóir an mhí seo chughainn ar láimh againn um an gcúigmhadh lá déag den mhí seo. Tá súil againn go dtabharfaidh scríbhneóirí fóghanta fé úr-aistíbh — ní hamháin ar son na nduaiseann acht ar son na Gaedhilge.
Duaiseanna. Tabharfaidh an Coiste Gnótha £2 i n-aghiadh an mhí ar an aiste céirde nó ealadhna is fearr a shroisfidh Eagarthóir an Irisleabhair roimh an cúigmhadh lá déag dhen mhí roimh ré. An mhí n-a diaidh-san tabharfar 10/- ar leitir nó ar aiste ghairid ag acur síos ar an aiste a bhuadhann duais. Sidiad na coingheallacha: - 1. Tá toghadh na ceiste fá'n scríbneóir féin. 2. Aistí ag cur síos ar chéird nó ar ealadhain atá uainn; agus go sinnrádhach cur sísoar cheardaibh is ar ealadhnaibh nua, is ar ealadhnaibh atá gá muineahd i scoil- eannaibh na tíe. 3. Ní fuláir na haistí a scríobhadh ar chuma go méad- óghthaidhe dá mbárr ar réim is ar úáid na Gadhilge. 4. Bíodh timcheall chúig leathanaigh den Irishleabhar d'fhaid i ngach aiste. 5. Beridh ar gach scríbhneóir téarmaí eladhna a cheapadh de réir mar bheidh gábhadh aige leó. Tugadh gluais ortha- san is ar choraibh neamh-gnáthacha chainnte. 6. D'aontuigh an tAthair Pádraig Ua Duinnín agus Eoin Mac Néill ar na haistíbh a mholadh dhuúinn. Ní bheidh dul tar a mbreith súd.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services