Tháinig chughainn an lá fé dheireadh an tarna cuid
de SGOTHBHUALADH. Sidí an tarna sreath de sna
haistíbh do bhí i gcló ar dtúis sa "Léadar" ó láimh
an Athar Peadar Ó Laoghaire, Canónach. Is cuimhin le
n-a lán againn na haistí seo, mar do léightí go
cíocrach iad an fhaid a bhíodar á gcur i gcló sa
"Léadar"; agus beidh fáilte dhá réir rompa i
bhfuirm leabhair anois. Éin-nídh a scríobhann an
tAthair Peadar is fiú é léigheamh. Ní hamháin go
mbíonn an chainnt ar fheabhus aige. Is fiú dhúinn leis
stuidéar a dhéanamh ar an gcuma i n-a mbíd
Tadhg agus Donnchadh ag scothbhualadh agus, uair-
eannta, ag greadbhualadh is ag glanbhualadh. Tá
tuairim láidir — do-chlaoidhte, dar le duine air — ag
an ughdar i dtaobh gach ceist go bhfuil tagartha aige
dhó sa leabhar so, agus b'fhiú dhúinn stad agus ár
machtnamh a dhéanamh ar an gcuma i n-a gcuireann sé
a thuairm i bhfeidhm. Cuma nádúrtha Ghaedhlach is eadh
í, agus cuma ná gabhann sa bhfeallsamh thar tuiscint
gach gnáth-Dhonnchadh is gach gnáth-Thaidhg. Dá
mb'áil le n-a thuilleadh dhár scríbhneóirí an cleas céadna a
ghabháil le n-a n-ais do b'fhéarrde sinn féin is an
Ghaedhilg é. Isiad Muinntir na Leabhar Gaedhilge atá
agá chur so amach. Réal a fhiacha, agus do b'fhiú a
sheacht n-oiread é.
Tá súil againn go bhfuighidh gach fíor-Ghaedheal a
chuireann spéis i seanndáilibh na Banban an leabhar
is déidheannaighe do fríoth ó Chúnó Meidhear. Sidiad
a chomharthaí: LA VISION DE TONDALE, (Tnud-
gal); Textes Français, anglo-normand et irlandais.
Publiés par V.-H. Friedel et Kuno Meyer. Paris:
Librairie Honoré Chamion, 5, Quai Malaquais.
Sean-scéal de shaghas "Fís Mherlíno" atá ann. Tá
cur síos ann ar phiantaibh éagsamhla Ifrinn is ar
shólásaibh Neimhe. Tá dhá innsint ar an scéal i
nGaedhilg ann — ceann aca i ndiaidh Mhuirghéis mac
Pháidín Uí Mhaoilchonaire, an duine d'aistrigh an
scéal ón mbun-Laidin i dtosach an tsémhadh aois
déag. I mbrollach an leabhair tá cur síos ar
Mharcus, manach ó Éirinn, an fear a chéad-scríbh an
scéal i Laidin timcheall bliadhain a 1148. N-a theann-
ta san tá tuairisc ar na teangthaibh uile gur ais-
trigheadh an scéal ionnta leis an aimsir, agus a lán
tuairiscí ar dhálaibh na hÉireann san aimsir i n-ar
mhair Marcus innti sara ndeabhaidh sa Roinn Eorpa
is gur chuir fé i Ratisbon. Tá cuid an Dochtúra
Meidhear ar fheabhus, agus chomhairleoghainn do gach
léightheóir den IRISLEABHAR go bhfuil an chaoi aige
air fios a chur ar an leabhar agus é scrúdughadh.
Seacht bhfrannc go leith a fiacha.
Is fuirist a aithint gur ó sna daoinibh féin a
tháinig na hearraidh do-gheibhmíd i "SIAMSÁN NA
BEANNA FADA," leabhrín do chuir Aoidhmín Mac
Gréagóir i gcló. Tá scéalta, amhráin, drachtíní is
tomhaiseanna ann, do bhailigh Aoidhmín i gCúige Uladh.
Tá an "Siamsán" féin ar fheabhus, agus féadfaidh an
Craoibhín caibidil nua a scríobhadh ar sin — is ar a
leithéidíbh eile atá i measc na ndaoine — i n-a thuair-
iscíbh ar Shean-scéaluidheacht. Pádraig Ó Briain a
chuir an leabhar so i gcló, agus is fuirist a aithint
go bhfuil fios a chéirde aige, Dia á bheannachadh. Nár
chaille sé an seana-chiúta. Teastún fiacha an leabhair,
agus is féidir é fagháil ó Mhuinntir Ghill, nó ó Chonn-
radh na Gaedhilge.
Tá ag éirghe go maith le n-ár nDuaiseanna. Do
bhuaidh Piaras Béaslaoi an duais an mhí seo ar
"Aistigheacht," agus tá "leath-shobhrn" ag dul do
"Chrost Chorcaighe" mar gheall ar a thagradh i dtaobh
Chunntasaidheacht an Mhadra Mhaol.
Bhíodh na haistí i gcóir an mhí seo chughainn ar láimh
againn um an gcúigmhadh lá déag den mhí seo. Tá
súil againn go dtabharfaidh scríbhneóirí fóghanta fé
úr-aistíbh — ní hamháin ar son na nduaiseann acht ar
son na Gaedhilge.
Duaiseanna.
Tabharfaidh an Coiste Gnótha £2 i n-aghiadh an mhí ar
an aiste céirde nó ealadhna is fearr a shroisfidh Eagarthóir
an Irisleabhair roimh an cúigmhadh lá déag dhen mhí roimh ré.
An mhí n-a diaidh-san tabharfar 10/- ar leitir nó ar
aiste ghairid ag acur síos ar an aiste a bhuadhann duais.
Sidiad na coingheallacha: -
1. Tá toghadh na ceiste fá'n scríbneóir féin.
2. Aistí ag cur síos ar chéird nó ar ealadhain atá
uainn; agus go sinnrádhach cur sísoar cheardaibh is ar
ealadhnaibh nua, is ar ealadhnaibh atá gá muineahd i scoil-
eannaibh na tíe.
3. Ní fuláir na haistí a scríobhadh ar chuma go méad-
óghthaidhe dá mbárr ar réim is ar úáid na Gadhilge.
4. Bíodh timcheall chúig leathanaigh den Irishleabhar
d'fhaid i ngach aiste.
5. Beridh ar gach scríbhneóir téarmaí eladhna a cheapadh de réir mar bheidh gábhadh aige leó. Tugadh gluais ortha-
san is ar choraibh neamh-gnáthacha chainnte.
6. D'aontuigh an tAthair Pádraig Ua Duinnín agus
Eoin Mac Néill ar na haistíbh a mholadh dhuúinn. Ní bheidh
dul tar a mbreith súd.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11