Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brian Bóroimhe.
Title
Brian Bóroimhe.
Author(s)
Ua Ceallaigh, Seaghán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRIAN BÓROIMHE. A SHAOGHAL IS A BHEATHA. SEAGHÁN UA CEALLAIGH DO SCRÍOBH AGUS AN CONNRADH DO CHUIR AMACH. Chun léirmheas cóir a dhéanamh ar leabhar de'n tsaghas so ní fuláir dúinn féachaint an bhfuil dhá bhuadh an staraidhe age an úghdar. Siad san iomláine fírinne agus oireamhnacht cainnte. Ag tagairt do'n chéad bhuadh, is áirighthe mar a bhfuil iom- láine fírinne againn ar bheatha Bhriain an iarracht so ná beidh sí go deo againn. Níl éan tsean-sgríbhinn i n-a bhfuil bun-thuairisg ar aimsir an Árd-rí ná go raibh tarrac chuige ag Sgeilg ortha, agus níl leathanach sa leabhar ná foillsigheann nár "spáráil" sé iad. Chomh fada is do théidheann cur síos ar chuaird, ar chath, agus ar chogadh tá buadh na fírinne go cruinn ag saothar Sgeilg. I dtaobh litridheachta, ní beag an bhinneas an leabhar do léigheadh. Mar oireann, nuair a bhítear ag trácht ar ghníomharthaibh laochais is gaisge, nó ar chúrsaíbh ríoghachta tá neart agus uaisleacht sa chainnt a chabh- ruigheann chun ár smaointe d'árdach i gan
fhios dúinn, i gcás nuair a chímíd sluaighte Bhriain ag tarracht amach chun dul i n-eagar catha go measann an té is suaraighe againn gur mhaith leis fear a dhéanamh 'n-a measg. Is dócha gurab é mo chás-sa cás mhóráin. Chun go rabhas im ghearra-gharsún pé suim a chuireas i gcainnt is i nGaedhilg do chuir- eas é; acht do cuireadh, fé'n am san Béarla mar chéird romham agus do sgaras le baile agus le Gaedhilg i n-éinfeacht. Is minic anois do thugaim preab le h-áthas nuair a chloisim ag caint- teoir éigin cliste focal nó cómhgaracht cainnte a bhí caillte agam, agus measaim go bhfeicim arís im aigne an tseana- láthair agus na sean-daoine a bhíodh go meidhreach fad ó ann. 'Sé an moladh is aoirde d'fhéadfainn a thabhairt do Sgeilg i dtaobh a chuid Gaedh- ilge, — i dtaobh iomadamhalacht' a chuid focal agus i dtaobh a chómhgaracht cainnte gur iomdha preab aitis de'n tsaghas so do bhain a leabhar asam is mé dá léigheadh aréir. Éinne go dteastuigheann uaidh Gaedhilg d'fhoghluim mar badh chóir í sgríobhadh, agus mar badh chóir do dhaoinibh léigheanta í labh- airt ceannuigheadh sé an leabhar so: níl dul tháirsi. Badh dhóibir go ndearmhadainn a rádh go bhfuil os cionn dathad leathanach fé nótaíbh, in a bhfuil míniúghadh ar na foclaibh cruadha, agus tuairisg tabhartha ar ainmneachaibh na ndaoine agus ar ainmneachaibh na n-áit- eanna ar a bhfáil tagairt sa téacs. Do dhéanfadh sé tairbhe dá mbeadh léar- sgáil ag gabhail leis an leabhar, agus is dóigh liom go bhfuil easpadh caibidil nó dhó ar gach cur síos ar bheatha agus ar shaoghal na ndaoine le linn Bhriain. GRUAGACH AN TOBAIR.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services