Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brian Bóroimhe.

Title
Brian Bóroimhe.
Author(s)
Ua Ceallaigh, Seaghán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BRIAN BÓROIMHE.



A SHAOGHAL IS A BHEATHA.



SEAGHÁN UA CEALLAIGH DO SCRÍOBH AGUS AN
CONNRADH DO CHUIR AMACH.



Chun léirmheas cóir a dhéanamh ar leabhar
de'n tsaghas so ní fuláir dúinn féachaint
an bhfuil dhá bhuadh an staraidhe age an
úghdar. Siad san iomláine fírinne agus
oireamhnacht cainnte. Ag tagairt do'n
chéad bhuadh, is áirighthe mar a bhfuil iom-
láine fírinne againn ar bheatha Bhriain an
iarracht so ná beidh sí go deo againn. Níl
éan tsean-sgríbhinn i n-a bhfuil bun-thuairisg
ar aimsir an Árd-rí ná go raibh tarrac
chuige ag Sgeilg ortha, agus níl leathanach
sa leabhar ná foillsigheann nár "spáráil"
sé iad. Chomh fada is do théidheann cur
síos ar chuaird, ar chath, agus ar chogadh tá
buadh na fírinne go cruinn ag saothar
Sgeilg.



I dtaobh litridheachta, ní beag an bhinneas
an leabhar do léigheadh. Mar oireann,
nuair a bhítear ag trácht ar ghníomharthaibh
laochais is gaisge, nó ar chúrsaíbh ríoghachta
tá neart agus uaisleacht sa chainnt a chabh-
ruigheann chun ár smaointe d'árdach i gan


L. 294


fhios dúinn, i gcás nuair a chímíd sluaighte
Bhriain ag tarracht amach chun dul i n-eagar
catha go measann an té is suaraighe againn
gur mhaith leis fear a dhéanamh 'n-a measg.



Is dócha gurab é mo chás-sa cás mhóráin.
Chun go rabhas im ghearra-gharsún pé suim
a chuireas i gcainnt is i nGaedhilg do chuir-
eas é; acht do cuireadh, fé'n am san
Béarla mar chéird romham agus do
sgaras le baile agus le Gaedhilg i
n-éinfeacht. Is minic anois do thugaim
preab le h-áthas nuair a chloisim ag caint-
teoir éigin cliste focal nó cómhgaracht
cainnte a bhí caillte agam, agus measaim
go bhfeicim arís im aigne an tseana-
láthair agus na sean-daoine a bhíodh go
meidhreach fad ó ann.



'Sé an moladh is aoirde d'fhéadfainn a
thabhairt do Sgeilg i dtaobh a chuid Gaedh-
ilge, — i dtaobh iomadamhalacht' a chuid
focal agus i dtaobh a chómhgaracht cainnte
gur iomdha preab aitis de'n tsaghas so do
bhain a leabhar asam is mé dá léigheadh
aréir.



Éinne go dteastuigheann uaidh Gaedhilg
d'fhoghluim mar badh chóir í sgríobhadh, agus mar
badh chóir do dhaoinibh léigheanta í labh-
airt ceannuigheadh sé an leabhar so: níl
dul tháirsi.



Badh dhóibir go ndearmhadainn a rádh go
bhfuil os cionn dathad leathanach fé nótaíbh,
in a bhfuil míniúghadh ar na foclaibh cruadha,
agus tuairisg tabhartha ar ainmneachaibh na
ndaoine agus ar ainmneachaibh na n-áit-
eanna ar a bhfáil tagairt sa téacs.



Do dhéanfadh sé tairbhe dá mbeadh léar-
sgáil ag gabhail leis an leabhar, agus is
dóigh liom go bhfuil easpadh caibidil nó dhó
ar gach cur síos ar bheatha agus ar shaoghal
na ndaoine le linn Bhriain.



GRUAGACH AN TOBAIR.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services