Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tagra ar Chunntasaidheacht.
Title
Tagra ar Chunntasaidheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tagra ar Chuntasaidheacht. Do léigheas-sa ealadha an Mhadra Mhaoil, Is nuair do dhearcas gur gealladh leat-shobhrn buidhe Don té úd a cheapadh bárr-thagra fíor Ar a tréithibh do phreabas chun aiste do sgríobhadh. Dubhairt an Madra Maol gur dhein sé a dhícheall, agus ar a shon-san má tá aon locht le fagháil ar a shaothar, ní ceart an milleán go léir do chur air. Dubhairt sé leis gur chiotach is gur liob- arnach do chuir sé chuige, acht bíonn gach tosnughadh lag, agus d'fhéadfaidhe an cheat- aighe do dheisiughadh. Tá iarracht tabhartha aige agus oscailt leathan déanta aige do chléireachaibh na Gaedhilge, mar chítear dhúinn ar na leathnachaibh do chuir sé os ár gcomhair, gur féidir cunntaisí do chimeád chomh cruinn gan breis slighe agus aimsire, agus a chimeádtar iad i mBéarla. 'Sé mo thuairim-se gur dhein sé dearmhad nó dhó 'n-a ealadhain, ámhthach agus gur bh'fhearra dhó Tórna, Tomás Ó Ceallaigh agus Seán Ó Briain, do chur i n-aon leabhar amháin mar shampla, 'ná leabhar fé leith d'fhagháil dóibh go léir. Dá mb'áil leis ceannaigheacht is díolaidheacht a bheith aige le triúr nó ceathrar agus sampla do thabh- airt ar cionnus a chimeádtar cunntaisí ar a dtugtar, agus ar a dtógtar, san Iris, i Leabhar an Airgid, agus i ngach cunntas fé leith eile, d'fhéadfadh a léightheóirí é thuis- gint i bhfad Éireann níos túisge, agus ní thógfadh na samplaí do tugadh dúinn san IRISLEABHAR leath na slighe do thógadar. Bhí an iomad reiceadóireacht aige le Tórna i dtaobh na naoi sgillinge is tistiún. Ní fheicim-se cionnus d'fhéadfadh Tórna díoghbháil a dhéanamh dá earraidhe nuair a thóg sé an céad siúicre, ná cionnus d'fhéad- fadh sé féin a bheith n-a fheicheamhnaidhe nuair
a fuair sé a luacht ó Thórna, ná cionnus a bheadh Tórna n-a éilimhtheóir nuair a thug sé an t-airgead dó. Nuair do thóg Tórna an céad siúicre "Lá Coille" níor dhein sé aon díoghbháil acht a lán tairbhthe. Do dhein sé slighe do chéad eile dhó, agus bhí a chuid airgid deimh- nightheach dhó "Lá na nAmadán". Ní chuir- finn "san Iris" "Díoghbháil dom' earraidhe," acht "Togtha dhem earraidhe .i. céad siúicre." Ní fhéadfadh sé bheith n-a fheich- eamhnaidhe age Tórna mara mbeadh air- gead ag Tórna air, agus ní fhéadfadh Tórna bheit n-a éilimhtheóir aige-sean, mara mbéadh sé ag éileamh airgid air. "Fach- tóir" é féin an lá san, agus "Díoltóir" Tórna. Tá cuid dá choraibh chainnte agus cuid dá litiriughadh agus ní réidhtighim leó acht chomh beag. Do chuirfinn "bítí" 'sa trímhadh líne agus "deintí" 'sa séamhadh líne. 'Sé an Béarla do chuirfinn ar "tá amhras orm" ná "I am suspected", agus "tá amhras agam," "I suspect". Is ceart "gur" i n-ionad "nách" 'sa séamhadh líne déag. Is feárr "ná féadfadh Tórna" i n-ionad "ná beadh fonn air" 'sa trímhadh líne ar fhichid. Is giorra agus is Gaedhlaighe "do gheobhadh sé é" 'ná "bheadh sé tréis é d'fhagháil" 'sa nochadmhadh líne. Tá a lán téarmaí i n-easnamh leis, agus badh mhaith an rud a mac samhail d'fhagháil i nGaedhilg. Féachaidh a ndubhairt an buachaill le n-a mháthair fadó nuair do tháinig sé ar a laetheannta saoire ó Chorcaigh "an chéad uair". D'iarr sí air cad bhíonn san oifig. "Bíonn," ar seisean, — "Day-book is Waste-book is Profit and Loss, Bíonn Tare ins an weight ann is airgead lost." Mara mbeadh an beagán dearmhad soin do bheadh ealadha léigheanta chiallmhar i dtaobh cunntasaidheacht ag an Madra Maol againn. Táid na cunntaisí go cruinn, go slachtmhar, is go baileach aige; acht níor éilimh sé aon éiric cháirde ó éinne an fhaid a bhí an t-airgead gan díol. Molaim go hárd é ar ar dhein sé, agus an duais a bhreith leis agus tá súil agam, mar a dubhairt Tórna, go n-aireóghfar arís uaidh. Aireóchadh-sa leis é, is baoghalach, dálta an chuid is milse dhen chíste. CROST CHORCAIGHE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services