Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tagra ar Chunntasaidheacht.

Title
Tagra ar Chunntasaidheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Tagra ar Chuntasaidheacht.



Do léigheas-sa ealadha an Mhadra Mhaoil,
Is nuair do dhearcas gur gealladh leat-shobhrn buidhe
Don té úd a cheapadh bárr-thagra fíor
Ar a tréithibh do phreabas chun aiste do sgríobhadh.



Dubhairt an Madra Maol gur dhein sé a
dhícheall, agus ar a shon-san má tá aon locht
le fagháil ar a shaothar, ní ceart an milleán
go léir do chur air.



Dubhairt sé leis gur chiotach is gur liob-
arnach do chuir sé chuige, acht bíonn gach
tosnughadh lag, agus d'fhéadfaidhe an cheat-
aighe do dheisiughadh. Tá iarracht tabhartha
aige agus oscailt leathan déanta aige do
chléireachaibh na Gaedhilge, mar chítear
dhúinn ar na leathnachaibh do chuir sé os ár
gcomhair, gur féidir cunntaisí do chimeád
chomh cruinn gan breis slighe agus aimsire,
agus a chimeádtar iad i mBéarla.



'Sé mo thuairim-se gur dhein sé dearmhad
nó dhó 'n-a ealadhain, ámhthach agus gur
bh'fhearra dhó Tórna, Tomás Ó Ceallaigh
agus Seán Ó Briain, do chur i n-aon leabhar
amháin mar shampla, 'ná leabhar fé leith
d'fhagháil dóibh go léir. Dá mb'áil leis
ceannaigheacht is díolaidheacht a bheith aige
le triúr nó ceathrar agus sampla do thabh-
airt ar cionnus a chimeádtar cunntaisí ar
a dtugtar, agus ar a dtógtar, san Iris, i
Leabhar an Airgid, agus i ngach cunntas fé
leith eile, d'fhéadfadh a léightheóirí é thuis-
gint i bhfad Éireann níos túisge, agus ní
thógfadh na samplaí do tugadh dúinn san
IRISLEABHAR leath na slighe do thógadar.



Bhí an iomad reiceadóireacht aige le
Tórna i dtaobh na naoi sgillinge is tistiún.
Ní fheicim-se cionnus d'fhéadfadh Tórna
díoghbháil a dhéanamh dá earraidhe nuair a
thóg sé an céad siúicre, ná cionnus d'fhéad-
fadh sé féin a bheith n-a fheicheamhnaidhe nuair


L. 293


a fuair sé a luacht ó Thórna, ná cionnus a
bheadh Tórna n-a éilimhtheóir nuair a thug sé
an t-airgead dó.



Nuair do thóg Tórna an céad siúicre
"Lá Coille" níor dhein sé aon díoghbháil
acht a lán tairbhthe. Do dhein sé slighe do
chéad eile dhó, agus bhí a chuid airgid deimh-
nightheach dhó "Lá na nAmadán". Ní chuir-
finn "san Iris" "Díoghbháil dom' earraidhe,"
acht "Togtha dhem earraidhe .i. céad
siúicre." Ní fhéadfadh sé bheith n-a fheich-
eamhnaidhe age Tórna mara mbeadh air-
gead ag Tórna air, agus ní fhéadfadh
Tórna bheit n-a éilimhtheóir aige-sean, mara
mbéadh sé ag éileamh airgid air. "Fach-
tóir" é féin an lá san, agus "Díoltóir"
Tórna. Tá cuid dá choraibh chainnte agus
cuid dá litiriughadh agus ní réidhtighim leó
acht chomh beag. Do chuirfinn "bítí" 'sa
trímhadh líne agus "deintí" 'sa séamhadh
líne. 'Sé an Béarla do chuirfinn ar "tá
amhras orm" ná "I am suspected", agus
"tá amhras agam," "I suspect". Is ceart
"gur" i n-ionad "nách" 'sa séamhadh líne
déag.



Is feárr "ná féadfadh Tórna"
i n-ionad "ná beadh fonn air" 'sa trímhadh
líne ar fhichid. Is giorra agus is Gaedhlaighe
"do gheobhadh sé é" 'ná "bheadh sé tréis é
d'fhagháil" 'sa nochadmhadh líne. Tá a lán
téarmaí i n-easnamh leis, agus badh mhaith
an rud a mac samhail d'fhagháil i nGaedhilg.
Féachaidh a ndubhairt an buachaill le n-a
mháthair fadó nuair do tháinig sé ar a
laetheannta saoire ó Chorcaigh "an chéad
uair". D'iarr sí air cad bhíonn san oifig.
"Bíonn," ar seisean, —



"Day-book is Waste-book is Profit and
Loss,
Bíonn Tare ins an weight ann is
airgead lost."



Mara mbeadh an beagán dearmhad soin
do bheadh ealadha léigheanta chiallmhar i
dtaobh cunntasaidheacht ag an Madra
Maol againn. Táid na cunntaisí go
cruinn, go slachtmhar, is go baileach aige;
acht níor éilimh sé aon éiric cháirde ó éinne
an fhaid a bhí an t-airgead gan díol.
Molaim go hárd é ar ar dhein sé, agus an
duais a bhreith leis agus tá súil agam, mar
a dubhairt Tórna, go n-aireóghfar arís
uaidh. Aireóchadh-sa leis é, is baoghalach,
dálta an chuid is milse dhen chíste.



CROST CHORCAIGHE.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services