Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Miontuairisc ar Bheathaidh Sheagháin de hÓra. II.
Title
Miontuairisc ar Bheathaidh Sheagháin de hÓra. II.
Author(s)
Ó Ceit, S. T.,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MIONTUAIRISC. ar Bheathaidh Sheagháin de hÓra. [Do bhuaidh an aiste seo duais ar iomaidheacht 5 (d), i nOireachtus 1903. S.T. Ó Ceit, paróiste Fairche i gCo. an Cháir do bhuaidh.] 1. File meadhón-fhóghantach do b'eadh Seaghán de hÓra. Do rugadh é i nDún-an-Átha, sráid- bhaile beag leath-slighe idir Chill Chaoidh agus Charraig an Chabhaltaigh i n-iarthar Chonntae an Chláir. Ní fios cad í an bhliadhain i n-a bhfeacaidh sé ar dtúis an saoghal ann, acht badh chóir a mheas gur i dtosach na seachtmhadh haoise déag do thárlaidh gur thuit a leithéid amach. Is mór is inmheasta é seo ó n-a chuid fhilidheachta, agus ó stairidheacht na ndaoine ar ar scríobh an chuid ba mhó dá dhántaibh dá moladh. An chéad dán leis ar a bhfaighmíd trácht, b'é duain leanbhaidheachta Shéarlais Mac Dómhnaill — mac do rug a bhean, Bettí Ní Bhriain, do Shomhairle Mac Dómnaill 'san bhliadhain 1736 é. Ní fuláir dó bheith i n-a fhear óg an t-am sain, mar is annamh a thagann an fhilidheacht roimh aois a fiche — nó is neamh-choitcheann file fhagháil d'fhéadann dán measardha a scríobhadh go dtí go mbíonn an fhéasóg go teann ar a ghruadhnaibh. Is minic a chíonn an saoghal, ámh, éigeas uathbhásach ná féad- ann teas a óige a réidhtiughadh gan scaoil- eadh ar a racht intinne le dán, nó le hiarracht éicint ar dhuanaireacht. Acht níor dhuine de'n mhór-dháimh Seaghán agus ar a shon sain is féidir a mheas, gur bh'é “an teacht fada mall” ag a chuid fhilidh- eachta é. Tá sé de chomhacht againn mar sin bliadhain a gheineamhna do chóimh-mheas, & a rádh, b'fhéidir, gur cóir é chur síos taobh
istigh de a dó no a trí bliadhna déag ó thosach na haoise sin. 2. Pé aca a bheag nó a mhór d'fhile é, ba dhuine lághach módhamhail léigheannta é; agus cé dár thug daondacht fé Dhia é chum slighe na foghlama, bhí grádh aige ar an léigheann ó dhúthchas, agus do fuair an méad di d'oir dó i n-aindeóin an chruaidh-reachta bhí anuas ar a chineadh is ar a thír le linn a mharthna, chun cnuasaigh mhaith dán do chur le chéile, is chum a ainme do choimeád i mbeó-chuimhne ag Gaedhlaibh agus fé mhóir-shearc i mbéal- oideas na ndaoine fé n-a cheanntar féin. 3. Tá a gcion féin de scoláiridhibh is de fhilidhibh is de lucht ealadhan na Gaedhilge le maoidheamh ag triúchaibh Chláir. Meastar i n-a measc an Cuimíneach, Tomás Ó Míodhcháin, Seaghán Lúid, Séamas Mac Consaidín, na Cruitínigh, na Cómhraidhigh, &rl. Gabhann gach duine aca soin a shlios féin d'ár n-urraim; acht ní lúgha ar gcion ar an ngabha bocht suairc geal-bhriathrach, tréitheach, do chúm an “Aithrighe,” 'ná ar an duine do b'éirimeamhla is do b'áird- léigheanta aca. Ní raibh aon teacht aige ar rann-bhinneas an Lúidigh 'ná ar chómhad- taise Uí Mhíodhcháin: ní raibh aon bhreith aige mar fhile ar an gCuimíneach 'ná ar oideachas na gCruitíneach — gan trácht ar Eóghan Ó Cómhraidhe; acht bhí a bhrígh féin aige. An tráth do chonnaic croidhe Chúige Mumhan i n-a bhuach-áthas ag preabadh fé rannaibh suilt Eóghain Ruaidh nó ag díoscadh go díombáidheach fé n-a namhaid ag domblas araid-nimhe dán Sheagháin Chláraigh, badh chóir go bhfuigheadh anam na Geadheal- tachta gnáth-chuimhne agus urraim do thabhairt do dhuain diadhachta mar an “Aithrighe,” nó dá macsamhail fé leith fé mar chum Tadhg Gaedhealach is daoine nach é. Cé nách fuair an tÓrach acht áit ba chómh- fhogus do fhile ar son mór-choda dá dhán- taibh cuireann an duain sin i measc filidhe a chomh-aimsire é. 4. Tá sé i mbéal-oideas na ndaoine gur dhuine de chuingir é Seaghán, agus gur hoileadh le bean dar bh'ainm Caitlín Dubh é. Ní hinnstear cad a theangmhuigh ar an leith eile de'n torramhlacht, nó ar bhaineann nó fireann í, nó an bhfuair bás go hóg no ar mhair go haosta, acht dearbhuightear nách raibh aon teóra le Caitlín ar mhéid a filidheachta, agus gurab uaithi-si de neart a buimeamlachta, gur dheól an malrach Seaghán, tré n-a cích isteach agus fé n-a chluais ó n-a béal, an grádh ar rannaidheacht is ar bioth-aoibhneas úd do thathuigh ar ghabháil amhrán is ar a gcumadh. Bean déirce do b'eadh Caitlín, a bhíodh ag siubhal na mbóthar ag iarraidh a máim. Do bhuail isteach i dtigh a athar lá, is do choinghibh a bhean, máthair Sheagháin, as sain amach í, nó go raibh a cúram cloinne — nó go háirithe Seaghán — di aici. Is dóich nách inchreidthe mar fhíor-aithris ar scéal é seo. Feictear dhom — nídh do mheasaim soiléir do chách — gurab ionnann an Chaitlín dubh so agus Éire; agus gur mó deallramh do fáth-scéal atá ann 'ná do loma-luadh na fírinne; mar, dar ndóich, an tráth i n-a rugadh Seaghán níor mhó 'ná bean déirce Éire bhocht, agus nár ró-annamh di fé chruadhtan is fé ghorta ar feadh na ré do tháinig i n-a dhiaidh sin; agus ba mhinic ag crónán í an fhaid do bhíodh cliabhán a cinidh dá luascadh fé throm-chois Shasana: nó a clí istigh dá suathadh fé'n dtrom-aicíd gcéadna an fhaid a bhíodh a clann-altroim ocrach ag diúgadh a cíoch. 5. 'S dá bhféachtaoi féin ar a innsint mar seo, ní mó 'ná go bhfaighfidhe barr- bhláth na fírinne ann; mar níor choímhightheach
mar mhac aicionta do Éirinn Seaghán, óir bhí ann mór-dháil dá tréighthibh. Níor choigil- teach, ámh, an mhíor fhilidheachta a bhí aige. Do tháinig sí go fial-toilteannach leathan láidir ó n-a chroidhe, agus tráth chítear 'san ollamhain chómh-thagaireas ar rann-chum- adóracht filidhe a chómh-aimsire .i. ar fuam- aistriughadh na bhfocal chleachttaoi aca, iad do tabhairt fé uaithne is fé chómhardadh ní faightear gur mhór mar mhódh chóimhlitreachais do chóimhlíonadh dhó-san é. Ba mhór an féige é sin ar mhór-chuid de fhilíbh na Mumhan, agus ba mhór an lot d'imir an droch-bhéas sain aca ar fhás agus ar réidh- teachtas na Gaedhilge, agus cé gurab ionamhail é le mion-úrlabhradh d'fhadughadh, ba mhór an anachain do tharraing an gnás ar dhream léighte is ar dhream ceartughthe na teangan fé láthair. Badh chóir dhóibh seo bheith buidheach den Órach is dá leithéid eile do fhoillsigh gur féidir dán nó aiste rosc- chainnteach do chumadh gan corr-chasadh gach re dturus ar fhocal do réir mar tharraing- ítear isteach i rann é, nó mar thig le cluais 'san rosc-chainnte féin. 6. Tá rud eile bhaineas leis an Órach, feictear, nár ghnáthach ag á dhearbhráithr- eachaibh éigse. Níor ghádh leis — nó níor dhúil leis — nó b'fhéidir badh chóra a rádh nár laige leis, mar is minic leanann an gádh & an dúil do'n laige, nó teipeann a laige chómh mor sain ar dhuine fúithi, ná bíonn brígh aige i n-aghaidh gádh le rud nó i n-aghaidh dúil le rud: ar a mhíniughadh sin níor ghádh leis, ar chumadh a chuid dánta dhó, aon fhocal neamh-náireach, nó aon titim fuilighthe fé fhoclaibh, do bhréagadh isteach fé shúilibh a léightheóra. Maille leis sin, ar léigheamh aistidhe an Óraigh dúinn, faightear ionnta go minic trácht agus ath-shuigheamh aige ar chaidreamh lucht an óil, acht ní hiontuigthe as sain — agus ní fhuil aon rud dá dhearbhughadh i n-a choinne againn — go raibh aon mhór-dhúil aige san ólachán, acht gur ghabh dá ionnsaighe ar son an chaidrimh sin. 7. Is dearbtha ó sna tréithibh úd gur bh'fhear groidhe inmheasta do bhí ann, agus is follus uatha go raibh sé i n-a dhuine ceanamhail geanmnaidheach grádhach. Mar bhárr ar a bhfuil ráidhte againn air chífar nách féidir aon rud níos feárr a dhéanadh 'ná an marbhna so leanas do scríobh Séamus Mac Consaidín, file a mhair le n-a linn, agus cara dhó mar is léir as, do chur síos annso:— Is é do bhás, a Óraigh ghreannmhair, d'fhúig athtuirseach na táinte id dhéidh, Gan ráidhtibh spóirt ná rannaibh suilt mar chleacht- amar do ghnáth id réim; Ní'l fagháil ar sceól ná ar aiste suilt — is an- bhfainneach lucht dán is dréacht Tré thásc mo leóghain, is eagal liom, gur chaill- eamar ár ndámh go léir! Sin fáth chum bróin is athtuirse do tarraingeadh idir thuaith is chléir, Gártha gleó le rachta goil ag stracadh foilt, is buaidhreamh saobh, An sár-fhear spóirt ba cheannasach ag freastal suilt ar Thuadh-Mhumhain aéird Go tláth i gcómhrain ceangailte, gur leagamar go fuar i gcréidh. Sin árd-sliocht Fódla seachmallach ar mearbhall cár shíolraigh aon, 'S táin do phór na Breataine 'n-a mbailtibh poirt gan fíos a bpréamh, Bláth na n-eolgach gceannasach go hacfuinneach ag innsint scéil — Fáth' le'r seóladh gallda-phoic i bhfearannatas na saoithibh Gaedheal. Cér thárlaidh an tÓrach seasamhach i n-aigeantacht 's i dtábhacht dréacht I gclár na gcomhadaibh seanchais do'n Bhreatain Mhóir — do phlanndaibh Gaedheal, Níor cháin go deireóil ná tarcuisnach ar thabhartas ná ar fagháltas claon, 'S níor thárthaidh stór ná taisce ar bith, 's i gceachair- eacht níor shainnteach é.
Ar chlár an óil go rachmallach ag spreagadh suilt do bhíodh mo laoch, Do ghnáth le spórt agus i raidireacht, agus gasra do shíor i n-a dhéidh; Níor árduigh gleó ná achrann le hainbhfios ná coimh- eascar scléip, 'S ba ghrádhmhar córach leanbach a chaidreamh go críoch a shaoghail. Do cháil-se, a Sheagháin, níor chealgach, 's ba charthanach do chroidhe gan mheang, 'S an t-álmhach deireóil níor thaithneamh leat, 's ar dhanardhacht ní bhíodh do ghreann: Má's feárrde an ród go Parrthas, ó bheartaibh oilc bheith saor gach am, Atá mo dhóich let anam-sa gan acharann gur sceinn sé ann. Do scaradh linn ár seannach suilt is ceanna-phort na héigse fann, 'S go meastar linn ar easbaidh an fhir gur chaill- eamar go léir ár gceann, Aitcheam uile ar Dhalta Mhuire, an Mac a d'fhulaing céasadh i gcrann, 'Anam-san do thabhairt suidhte ó pheacadh ar bhith go Tréad na Reann. 8. Ní fhuil fagháil feasa ar an nós i n-ar tógadh Seaghán acht amháin an bharramhail go bhfuair sé tógaint is múineadh is taithigh- theacht ar scoil mar gach n-aon eile dá réim an uair sin. 'Sé tuaraim is gnáthaighe gur ghabha is gabhaltaidhe beag a athair i n-éinfheacht, agus go dtug a shaothair sa cheárdchain a líontighe chum neamh-spleádh- chais, chómh fada is do b'fhéidir é fé dhlighthibh anacracha na haimsire i n-ar mhair. Is iontuigthe gur fhoghluim sé a chuid léighinn cois claidhe nó i sean-chabhail éicint, agus nuair a d'fhás sé suas go gcaitheadh sé dul fé n-a dhéin sin i n-uaigneas na hoidhche féin; mar nuair a tháinig an bhrígh ann is ró-dhócha gur cuireadh leis an gcéird é chum cabhraighthe le n-a athair, agus níor bh'fhuláir dó dul san oidhche chum scoile i gcoinne na fóghluma nó fanacht dá heaghmais. Acht ba ghrádh leis í, agus is dual gur chuaidh. Ní féidir a dhéanamh amach anois cad iad na healadhna ar a bhfuair sé eólas 'san oll- scoil úd dár ghabh, acht is dócha go raibh le fagháil aige innti beagán eoluis ar Áir mheacht, beagán eólais ar Laidin b'fhéidir, agus beagán eóluis ar Bhéarla. Cuireann a ranna féin i gcéill dúinn i dtaobh a chuid Béarla. Ag seo mar adeir ag fáiltiughadh roimh Shéarlus Mac Dómhnaill tar tuinn: Déantar dóightear teinte teó dhúinn, Líontar ar bórd chughainn tuilleadh dhen fhíon; Seinntear ceól dúinn, píob is hautboy, Binn-chruit órdha is fideal ó chlaídh: Cítear go bhfuil cómardadh idir hautboy agus “teó dúinn;” agus muna mbeadh go raibh cruinn-eólus aige ar fuamaint an Bhéarla, ní fhéadfadh sé focal deacrach mar é sin do thabhairt isteach 'n-a chuid rannaidh- eachta. 9. Is ar an mhuinntir seo Mhic Dhómhnaill do scríobh sé an chuid ba mhó dar chúm sé, agus is cóir a admháil gur thuilleadar go huaill-lonnach an moladh do fuaradar ní hamháin ó Órach acht ó lucht rannaidheachta an Chláir an taca úd. Muna mbeidheadh gur thuilleadar ní thiocfaidís na filidhe reamhráidhte ar aon aigneadh ar an oiread soin mholadh do chraobhscaoil- eadh ortha fé bhrothall a dtaitnimhe. Ní bactar le n-a thuilleadh do radh ortha an turus so acht de réir mar chóimh-cheangaltar iad féin is an file seo atá fé n-ár gcúram againn. 10. Bhí teach ag Samhairle Mac Domhnaill i gCill Chaoidh is do chómhnuigheadh sé ann nuair ba rógha leis teacht an bealach. Do phós sé 'san bhliadhain 1718 Betti, inghean Chriostóra Uí Bhriain ó Innis Díomáin. Ní raibh Dún an Átha acht timcheall le dhá mhíle d'aistear thiar-theas ón tigh seo, agus mar tháinig an ceanntar sain fé uachtar-
ánas na lanamhan ionnraice sin — mar atá i n-a seilbh agá síol go dtí indiu — bhí athair Sheagháin i n-a dhaor-bhrughaidhe fútha. Do bhárr ar an eólas agus an aitheantas badh dual go bhfuaireadar mar sin ar an teaghlach, fuaireadar amach ar chaoi éicint ar Sheaghán go raibh filildheacht ann; agus ón lá i n-ar bh'eól dóibh sin, go dtí lá a bháis, cáirde maithe don ghabha do b'eadh iad, agus ní lugha 'ná a chéile 'ná gur bh'é an leath-cheárd dúthchais sin aige an t-urradhas ba mhó a bhí aige ar an charadas sain aca air. Acht pé mheas a bhí aca-san air sin níor lughaide an urraim is an grádh a bhí aige sin dóibh. Ar gheineamhhain na beirte mac ba shine aca 'san bhliadhain 1736 do chan sé an aiste seo: Is géag den bhile ghlórmhair An deóraidhe seo i gCill-Bhriocáin, Do chuir Mac Dé i n-ar mbóthar, Le chómhachta ó Rígh na nGrás: Is beannuighthe an bhean óg I nar fórmuigheadh 'n-a broinn an báb, — Craobh na fine fódla Ag ól srotha cíocha dTáil! 'S mar chomhartha air gur lean a ghrádh go doi-bhriste dhóibh go deire a shaoghail. Seo rann as aiste chaointe ar bhás an tSéarluis chéadna 'san bliadhain 1773:— Is léir-scriosta daor-ghonta duairc An scéal so do chualadh idir tháint' — Gur éag an fear éagnaidhe, gan ghruaim Do b'fhéile 'ná Guaire le rádh: Is méala ar feadh Éireann 's is truagh, An laoch leabhair uasal d'fagháil báis; — Ár bhféinics 's ár gCaésar i dTuadh-Mhumhain, 'S ár Séarlus ar scuabadh ó mhná! 11. Maidir le n-a thomhas is a uaithne seo is ionamhail uatha go raibh taithighe agus léir-aithne ag an inchinn a cheap iad ar ar shaothruigh filidhe na Mumhan le n-a linn, óir is 'mdhó ceann díobh súd thug fé n-a n-aire mac-dheilbhe an dáin sin, agus do leig- eadar osnaidhil i bhfuirm rann. Feictear Seaghán Ó Tuama ag caoineadh Sheagháin Cláraigh innti 'san bhliadhain 1754. An naomhadh bliadhain déag dá éis sin gheibheann tighearna talmhan an Óraigh bás, agus is cuimhin leis gur bhreágh brónach an fonn féadtar a chur léithi, agus glacann leis chum caointe fhada ghéir do dhéanadh ar a fhear cosanta agus a chara lághach. Is é seo an dán is faide dár chum sé acht amháin an “Aithrighe.” Tá trí ranna déag ann. Sin é an chéad rann de thuas. Seo rann eile as mar gcuireann síos dhúinn ar fhial-bhéasaibh deagh-mháthar an taoisigh a b'fheárr ar thaoiseachaibh na ríoghachta: Is suidhte fuil Bhrianach im' leóghan O inghean Chríostóra Bettí, Thug croidhe dhó chum triall ar gach spórt Ag síor-chaitheamh óir agus fíon — Is taoiseach glan fial é de'n phór Don chraoibh is mó teist san ríoghacht, Dá bhrígh sin is diachrach an sceól Flaith ríoghdha dá shórt dul i gcill! 12. Níor chomhnuigh Seaghán ar feadh a shaoghail go léir 'san tsráid-bhaile thuas. Ní fios go chómhthrom cad í an bhliadhain, acht is fíor gur aistrigh sé bliadhain éicint dá bheathaidh ó Dhún an Átha go dtí Cluan an Fhíona — sráid-bhaile eile timcheall le n-a dó nó a trí de mhíltibh soir ó thuaidh ó Dhún Beag san Chonntae chéadna. Bhí fear gonta gruagach géar, ag fagháil cíos cáin agus dhroch-cháil na háite seo. Muir- ceartach Mac Mathghamhna, do b'ainm dó. Do phós sé 'san bhliadhain 1750, Máire, inghean Shamhairle Mhic Dhómnaill. Bhí grádh mór ag Seaghán ar an óg-mhnaoi seo agus lean sé í soir, nó b'fhéidir gurab amhlaidh go raibh ana-mheas aici sin ar Sheaghán is do rug sí léithi é. Cibé cuma é, rinneadh gabha-gheata dhe ag Tigh mór Mhic Mhathghamhna agus tá a rian air; tá an oiread le
n-aithris air sa cheanntar so agus atá 'san áitreabh i n-a rugadh is 'n-ar tógadh é; agus deirtear leis go bhfuil cabhail na ceárdchan i n-a mbíodh sé ag obair i n-a seasamh fós ann. Má's creideamhnach, ámh, béaloideas na comharsanachta so níor ró- thaithneamhach dhó an chaoi i n-ar chaith a shaoghal ann. Garg-fhoighdne Mhic Mhath- ghamhna ba chionntach leis sin. Bhí péire gabhar aige — agus is dócha gurab shin a raibh d'eallach bleachta n-a sheilbh — agus chuadar isteach fén gcoill ag brosadh ar an nduilleabhar lá. Tháinig fear faire na coille chuige leis na gabhair agus thug sé go dtí Seaghán iad, agus dubhairt leis dá bhfaghadh sé in sa' choill arís iad go gcuir- fidhe 'sa' phónta iad. D'fhreagair Seaghán de phreib: Má chuirfidh tú mo chuid gabhar i gcabhail nó i bpónta Baistfidh mé poll lobhar ar Chlann Mhathghamhna D'imtigh maor na coille láithreach, ar n-a chloistin sin dó, fé dhéin a mháighistir agus d'innis dó bun is bárr an scéil. Ní túisce cualaidh Mac Mathghamhna soin 'ná ghlac taom feirge é is do ghluais go borb- bhuileach gonuig Seaghán. D'fhiafraigh sé dhe cad chuige go ndearnaidh sé an oiread sain tarcuisne dhó. “Cad dubhras?” arsa Seaghán, “Nár dhubhairt tú a leithéid seo do leath-rann?” ar seisean, “agus dá mbeidheadh a fhios agam gur dá-ríribh a bhís chuirfinn-se gan chead filidheachta ná seanchuis thú. “An rud adubhras chéana déarad arís é,” arsa Seaghán, agus dubhairt arís an leath-rann. Ní fios dúinn cad do rinne an tighearna. 13. Is cóir dhúinn a mheas gur phreab- aigeantach an file é Seaghán, agus go bhféadfadh, dá mb'áil leis é, a lán neithe den tsórd soin do cheapadh gan an iomad machtnaimh. Bhí sé i n-a sheasamh maidin bhreágh mhéath, gur chuma dhi bagairt ar lá nó b'fhéidir ar oidhche throm-fhearthanna, ag béal na habhann bige atá ag rioth síos idir Dhún an Átha agus an Chaorthainn go dtí an tSionainn. Bhí an abha bheag go briosc- ghlórach cubhramhar tuilteach, is i n-áiteachaibh go mór-chumasach mear-léimeach. Ba thaith- neamhach le cluais an fhile, an fhuamaint sin, agus do bhí ciúineas na spéire ag sleamhnughadh thar a chroidhe is thar a anam. Bhí fear eile ag féachaint air, agus dubhairt, “Cad atáir a dhéanadh annsain, a Sheagháin?” ar seisean. Táim ag éisteacht le fonn garbh Bhun Abhann Ag tarraingt ar throm-chlagarnaigh, D'fhreagair an file. Bun Abhann do b'ainm don áit i n-a dtagadh uisce na habhann is an tSionainn le chéile, agus deirtí 'sa cheanntar sain — agus is dócha go bhfuil sé do bharramhail ag a bhunadh fós ann nuair a ghéimeadh sé sin gur chomhartha báistighe é. B'shin ciall a fhreagra. 14. Uair eile do thárlaidh gur thuit tionósc air féin agus ar thriúr bádóirí ar an tSionainn. Bhí calaith an uair sin ag an Chaorthainn go mbíodh a lán móna gá tógaint ann ag lucht bád. Bhí Seaghán ar bhád aca so ag dul le hualach móna go Luimneach; nó b'fhéidir gurab amhlaidh chuaidh sé ann leis an fhoirinn ag déanadh conganta dhóibh, nó ar cuaird uaidh féin. Cibé cuma é, do chuaidh ann agus d'imtigh an bád i n-a rabhadar síos. Do shroich- eadar a gceathrar an talamh do bhárr snámha. Bhuaileadar gacha ndíreac go dtí an teach ba ghiorra dhóibh, is ní fada bhí Seaghán bocht fliuch ná fuar mar do bhí ag ceapadh an rainn seo ag súil le rud éigin dá bhárr:— Mise Seaghán do hÓra Lup ar lóp ó'n tuinn,
Tá i n-aon-díth liom triúr stócach Agus ní mór dóibh a n-dóthaint bídh; D'ólfaidís lionn Chláir Fódla Agus bainne bó a ríoghacht'; Éirigh suas, a stóir ghil, 'S oscail dóirse do thighe. 15. Tráth eile do chuaidh go dtí aonach éicint; ní fios cad é an áit é, acht deirtear gur i gConnachtaibh a bhí. Ní dócha gur bh'fhéidir sin ó'n nós a innistear an scéal. Bhí taithighe agus caidreamh aige ar shagart. Do atharruigheadh an sagart ó n-a chómharsanacht-san — agus dár ndóich ní móide gur go Connachtaibh do raghadh, mar ní raibh an Clár riamh i n-aon fhairche leis an gCúige sin — agus do chuir do gheasaibh ar Sheaghán aon uair a gheóbhadh sé an bealach glaodhach go dtí n-a thigh féin is go mbeadh fáilte aige roimhe. Do chuaidh Seaghán go dtí an t-aonach cibé áit i n-a raibh — agus is é is dóichighe nár ró-fhada ó n-a bhaile fhéin é, mar de choisidheacht is eadh do ráinig é. Do glaeidh sé ag tigh an tsagairt an oidhche roimh an aonach. Ní raibh an sagart istigh roimhe. Do chuir sé i n-umhail don chléireach, a bhí i bhfeidhil na háite, go raibh cuireadh aige ó'n sagart glaodhach chun an tighe. Ba leasc is dócha leis an gcléireach aon dúthracht a thabhairt dó; mar nuair bhí ag imtheacht ar maidin fé dhéin an aonaigh do casaadh an sagart air. Do bheannuigh sé do Sheaghán, agus ní baileach a d'aithin sé é. Do bheannuigh Seaghán dó. “An fada do thriall?” ar san Sagart. Do fhreagair Seaghán — Fear ó'n Iarthar mé atá i n-a thriall chum aonaigh, Teach gan cuireadh gan iarraidh ní dheaghas riamh dá éileamh: Níor mhaith an biadh a bhí ann agus riaradh caol é; 'S mí ní mhairfinn fé riar na chléire. 16. Bhí stócach de phríntíseach aige uair. D'fhiafraigh sé dhe an raghadh sé ag bailiughadh ubh dhó i gcómhair na Cásca. Do chúm sé rann dó chun é rádh ag dorus gach tighe. Sidé é: Mise stócach Sheagháin do hÓra — Gabha na féile, Is ionann i gclódh mé nó Goll Mac Mórna, I neart agus i n-aeirde; Muna bhfuighead stór de sna huibhibh móra Chun tóir na féise, Raghad chum cómhraic libh ar an nóimint, — Is cuma liom 'bé agaibh; Uain na ceárdchan geobhaid i dtráth uaim A thuilleann mo bhuidheachas, Sceana chun beárrtha, inginidhe meadhtha, Agus fleasc chun méise; Fearsaid túirne 'mbeadh scriú uirthe — Agus ní ceann Gaedhealach: 'Sin dá chúpla cearc sa chúinne Ag breith 's ag béicigh! Ar a chasadh abhaile dhó bhí lán cléibh aige chum “tóir na feise.” 16. Is dóichighe gur i nDún an Átha do chómhnuigh an tráth do chum an rann sain, óir is ana-dhual do Mhac Mathghamhna nách leigfeadh sé dhó an fhaid i bhí sé n-a cheárdchain féin aon obair a dhéanamh d'aon duine eile acht dó féin amháin. Is suidhte gur ath-aistrigh sé i ndeire a shaoghail ó Chluan an Fhíona go Dún an Átha. Do cailleadh Máire Ní Mhic Dhómhnaill go hóg, agus nuair a bhí sise imthighthe bí a bháidh ar áit is ar cheárdchain Mhic Mhathghamhna imithighthe léithi. Bhí rud eile ann. Is dócha nuair a fuair a athair féin bás go mb'fhearr leis an tsean-áit agus a bheith i measc na gcómharsan, agus gur fhill sé ortha. Annso bhí sé ar a thoil féin, agus má bhí aon chall aige le printíseach bhí caoi aige ar é fhagháil. Tagra. 1. Is mór is inmheasta, this is most probable. Dhuainn leanbhaidheachta, poem composed on the birth an youth of a person. Dá measardha, a tolerable poem. Éigeas uathbhásach, a “monster” poet who
Could not quell his youthful spirits without breaking into poetry. Duine dhen mhór-dháimh, one of the great poets. 2. Daondacht fe Dhia, God did not deign. 3. Lucht ealadhan na Gaedhilge, Irish scholars. A shlios féin, his own meed. Rann-bhinneas, sweetness of language in poetry. I n-a buach-áthas, filled with gladness. Domblas araid-nimhe, sharp gall. Ba chomhfhogus do fhile, akin to a poet. 4. Béal-oideas, tradition. Cuingir, twins. Tor- amhlacht, “birth.” An bioth-aoibhneas, and the con- stant delight with which he was wont to sing songs and make them. Is dóich nach increidthe, this is scarcely credible as the true rendering of a story, Fáith-scéal, a fable, an allegory. Clann-altroim, children at nurse. 5. Coimhightheach, a stranger being fostered. Rann- chumadóireacht, laws of metre. Fé uaithne is fé comhardadh, in “union” and in rhyme. Féige, weak- ness. Rosc-cainnteach, in vigorous language. 6. Nár laige leis, he could not entertain (bear). Neamh-náireach, unseemly, unchaste. Tuitim fuil- ighthe, concealed meaning. 7. Anbhfainneach, dispirited. Idir thuaith is chléir, both the laity and the clergy. Gan fios, without fees (rent). Níor tárthaidh, he did not save, collect Ceacarthacht, stinginess. Álmhach, a crowd, rabble aitcheamh uile, let us all beseech. 8. Gabha is gabháltuidhe beag, smith and cottier. Go dtug a shaothar, and that his work in the forge brought his family into independence. Sean-chabhail an old ruin. Is dual gur chuaidh, it is probably that he went. Áirmheacht, Arithmetic. Fuamaint an Bhéarla, the pronunciation of English. 9. Go huaill-lonnach, valorously. Fé bhrothal a dtaith nimhe, in the height of their good affections. 10. Ionnraic, just, upright. Daor-bhrughaide, a tenant paying rent. Leath-cheard duthchuis, inherent talent. I n-ar fórmhuigheadh, in which was formed. 11. Is ionamhail, it is likely. Mac-dheilbhe, a copy. 12. Gur aistrigh sé, that he removed. Garg fhoighde, brusqueness. Eallach, cattle. Ag brosadh browsing. Taom feirge, a fit of anger. Go borb- bhuileach, in fierce anger. 13. Preab-aigeantach, quick to think. Briosc- ghlórach, loud-voiced. Trom-chlagarnach, heavy rain. A bhunadh, its people. 14. Tionóisc, accident. Do shroicheadar, the four of them reached land by swimming. Lup ar lóp, drowned wet. 15. Fairche, diocese. Ba leasc leis, he did not like to. Dúthracht, “delicacy,” Baileach, fully, entirely. 16. Príntíseach, apprentice. 17. Is ana-dhual, it is most likely. Is suidhce, it is certain. Gur ath-aistrigh sé, that he returned. Má bhí aon chall aige, if he had any necessity for.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services