MIONTUAIRISC.
ar
Bheathaidh Sheagháin de hÓra.
[Do bhuaidh an aiste seo duais ar iomaidheacht 5
(d), i nOireachtus 1903. S.T. Ó Ceit, paróiste
Fairche i gCo. an Cháir do bhuaidh.]
1. File meadhón-fhóghantach do b'eadh
Seaghán de hÓra.
Do rugadh é i nDún-an-Átha, sráid-
bhaile beag leath-slighe idir Chill Chaoidh agus
Charraig an Chabhaltaigh i n-iarthar Chonntae
an Chláir. Ní fios cad í an bhliadhain i n-a
bhfeacaidh sé ar dtúis an saoghal ann, acht
badh chóir a mheas gur i dtosach na seachtmhadh
haoise déag do thárlaidh gur thuit a leithéid
amach. Is mór is inmheasta é seo ó n-a
chuid fhilidheachta, agus ó stairidheacht na
ndaoine ar ar scríobh an chuid ba mhó dá
dhántaibh dá moladh. An chéad dán leis ar
a bhfaighmíd trácht, b'é duain leanbhaidheachta
Shéarlais Mac Dómhnaill — mac do rug a
bhean, Bettí Ní Bhriain, do Shomhairle Mac
Dómnaill 'san bhliadhain 1736 é. Ní
fuláir dó bheith i n-a fhear óg an t-am
sain, mar is annamh a thagann an fhilidheacht
roimh aois a fiche — nó is neamh-choitcheann
file fhagháil d'fhéadann dán measardha a
scríobhadh go dtí go mbíonn an fhéasóg go
teann ar a ghruadhnaibh. Is minic a chíonn
an saoghal, ámh, éigeas uathbhásach ná féad-
ann teas a óige a réidhtiughadh gan scaoil-
eadh ar a racht intinne le dán, nó le
hiarracht éicint ar dhuanaireacht. Acht
níor dhuine de'n mhór-dháimh Seaghán agus
ar a shon sain is féidir a mheas, gur bh'é
“an teacht fada mall” ag a chuid fhilidh-
eachta é. Tá sé de chomhacht againn mar
sin bliadhain a gheineamhna do chóimh-mheas,
& a rádh, b'fhéidir, gur cóir é chur síos taobh
istigh de a dó no a trí bliadhna déag ó
thosach na haoise sin.
2. Pé aca a bheag nó a mhór d'fhile é, ba
dhuine lághach módhamhail léigheannta é; agus
cé dár thug daondacht fé Dhia é chum slighe
na foghlama, bhí grádh aige ar an léigheann
ó dhúthchas, agus do fuair an méad di d'oir
dó i n-aindeóin an chruaidh-reachta bhí anuas
ar a chineadh is ar a thír le linn a mharthna,
chun cnuasaigh mhaith dán do chur le chéile, is
chum a ainme do choimeád i mbeó-chuimhne
ag Gaedhlaibh agus fé mhóir-shearc i mbéal-
oideas na ndaoine fé n-a cheanntar féin.
3. Tá a gcion féin de scoláiridhibh is de
fhilidhibh is de lucht ealadhan na Gaedhilge le
maoidheamh ag triúchaibh Chláir. Meastar
i n-a measc an Cuimíneach, Tomás Ó
Míodhcháin, Seaghán Lúid, Séamas Mac
Consaidín, na Cruitínigh, na Cómhraidhigh,
&rl. Gabhann gach duine aca soin a shlios
féin d'ár n-urraim; acht ní lúgha ar gcion
ar an ngabha bocht suairc geal-bhriathrach,
tréitheach, do chúm an “Aithrighe,” 'ná ar an
duine do b'éirimeamhla is do b'áird-
léigheanta aca. Ní raibh aon teacht aige ar
rann-bhinneas an Lúidigh 'ná ar chómhad-
taise Uí Mhíodhcháin: ní raibh aon bhreith aige
mar fhile ar an gCuimíneach 'ná ar
oideachas na gCruitíneach — gan trácht ar
Eóghan Ó Cómhraidhe; acht bhí a bhrígh féin
aige. An tráth do chonnaic croidhe Chúige
Mumhan i n-a bhuach-áthas ag preabadh fé
rannaibh suilt Eóghain Ruaidh nó ag díoscadh
go díombáidheach fé n-a namhaid ag
domblas araid-nimhe dán Sheagháin Chláraigh,
badh chóir go bhfuigheadh anam na Geadheal-
tachta gnáth-chuimhne agus urraim do
thabhairt do dhuain diadhachta mar an
“Aithrighe,” nó dá macsamhail fé leith fé mar
chum Tadhg Gaedhealach is daoine nach é.
Cé nách fuair an tÓrach acht áit ba chómh-
fhogus do fhile ar son mór-choda dá dhán-
taibh cuireann an duain sin i measc filidhe
a chomh-aimsire é.
4. Tá sé i mbéal-oideas na ndaoine gur
dhuine de chuingir é Seaghán, agus gur
hoileadh le bean dar bh'ainm Caitlín Dubh é.
Ní hinnstear cad a theangmhuigh ar an leith
eile de'n torramhlacht, nó ar bhaineann nó
fireann í, nó an bhfuair bás go hóg no ar
mhair go haosta, acht dearbhuightear nách
raibh aon teóra le Caitlín ar mhéid a
filidheachta, agus gurab uaithi-si de neart a
buimeamlachta, gur dheól an malrach
Seaghán, tré n-a cích isteach agus fé n-a
chluais ó n-a béal, an grádh ar rannaidheacht
is ar bioth-aoibhneas úd do thathuigh ar
ghabháil amhrán is ar a gcumadh. Bean
déirce do b'eadh Caitlín, a bhíodh ag
siubhal na mbóthar ag iarraidh a máim.
Do bhuail isteach i dtigh a athar lá, is do
choinghibh a bhean, máthair Sheagháin, as sain
amach í, nó go raibh a cúram cloinne — nó
go háirithe Seaghán — di aici. Is dóich nách
inchreidthe mar fhíor-aithris ar scéal é seo.
Feictear dhom — nídh do mheasaim soiléir
do chách — gurab ionnann an Chaitlín dubh so
agus Éire; agus gur mó deallramh do
fáth-scéal atá ann 'ná do loma-luadh na
fírinne; mar, dar ndóich, an tráth i n-a
rugadh Seaghán níor mhó 'ná bean déirce
Éire bhocht, agus nár ró-annamh di fé
chruadhtan is fé ghorta ar feadh na ré do
tháinig i n-a dhiaidh sin; agus ba mhinic ag
crónán í an fhaid do bhíodh cliabhán a cinidh
dá luascadh fé throm-chois Shasana: nó a
clí istigh dá suathadh fé'n dtrom-aicíd
gcéadna an fhaid a bhíodh a clann-altroim
ocrach ag diúgadh a cíoch.
5. 'S dá bhféachtaoi féin ar a innsint
mar seo, ní mó 'ná go bhfaighfidhe barr-
bhláth na fírinne ann; mar níor choímhightheach
mar mhac aicionta do Éirinn Seaghán, óir
bhí ann mór-dháil dá tréighthibh. Níor choigil-
teach, ámh, an mhíor fhilidheachta a bhí aige.
Do tháinig sí go fial-toilteannach leathan
láidir ó n-a chroidhe, agus tráth chítear 'san
ollamhain chómh-thagaireas ar rann-chum-
adóracht filidhe a chómh-aimsire .i. ar fuam-
aistriughadh na bhfocal chleachttaoi aca, iad
do tabhairt fé uaithne is fé chómhardadh ní
faightear gur mhór mar mhódh chóimhlitreachais
do chóimhlíonadh dhó-san é. Ba mhór an
féige é sin ar mhór-chuid de fhilíbh na
Mumhan, agus ba mhór an lot d'imir an
droch-bhéas sain aca ar fhás agus ar réidh-
teachtas na Gaedhilge, agus cé gurab
ionamhail é le mion-úrlabhradh d'fhadughadh,
ba mhór an anachain do tharraing an gnás
ar dhream léighte is ar dhream ceartughthe
na teangan fé láthair. Badh chóir dhóibh seo
bheith buidheach den Órach is dá leithéid eile
do fhoillsigh gur féidir dán nó aiste rosc-
chainnteach do chumadh gan corr-chasadh gach
re dturus ar fhocal do réir mar tharraing-
ítear isteach i rann é, nó mar thig le cluais
'san rosc-chainnte féin.
6. Tá rud eile bhaineas leis an Órach,
feictear, nár ghnáthach ag á dhearbhráithr-
eachaibh éigse. Níor ghádh leis — nó níor
dhúil leis — nó b'fhéidir badh chóra a rádh nár
laige leis, mar is minic leanann an gádh &
an dúil do'n laige, nó teipeann a laige
chómh mor sain ar dhuine fúithi, ná bíonn
brígh aige i n-aghaidh gádh le rud nó i
n-aghaidh dúil le rud: ar a mhíniughadh sin
níor ghádh leis, ar chumadh a chuid dánta dhó,
aon fhocal neamh-náireach, nó aon titim
fuilighthe fé fhoclaibh, do bhréagadh isteach fé
shúilibh a léightheóra.
Maille leis sin, ar léigheamh aistidhe an
Óraigh dúinn, faightear ionnta go minic
trácht agus ath-shuigheamh aige ar chaidreamh
lucht an óil, acht ní hiontuigthe as sain —
agus ní fhuil aon rud dá dhearbhughadh i n-a
choinne againn — go raibh aon mhór-dhúil aige
san ólachán, acht gur ghabh dá ionnsaighe ar
son an chaidrimh sin.
7. Is dearbtha ó sna tréithibh úd gur
bh'fhear groidhe inmheasta do bhí ann, agus
is follus uatha go raibh sé i n-a dhuine
ceanamhail geanmnaidheach grádhach. Mar
bhárr ar a bhfuil ráidhte againn air chífar
nách féidir aon rud níos feárr a dhéanadh
'ná an marbhna so leanas do scríobh
Séamus Mac Consaidín, file a mhair le
n-a linn, agus cara dhó mar is léir as, do
chur síos annso:—
Is é do bhás, a Óraigh ghreannmhair, d'fhúig athtuirseach
na táinte id dhéidh,
Gan ráidhtibh spóirt ná rannaibh suilt mar chleacht-
amar do ghnáth id réim;
Ní'l fagháil ar sceól ná ar aiste suilt — is an-
bhfainneach lucht dán is dréacht
Tré thásc mo leóghain, is eagal liom, gur chaill-
eamar ár ndámh go léir!
Sin fáth chum bróin is athtuirse do tarraingeadh idir
thuaith is chléir,
Gártha gleó le rachta goil ag stracadh foilt, is
buaidhreamh saobh,
An sár-fhear spóirt ba cheannasach ag freastal suilt
ar Thuadh-Mhumhain aéird
Go tláth i gcómhrain ceangailte, gur leagamar go
fuar i gcréidh.
Sin árd-sliocht Fódla seachmallach ar mearbhall cár
shíolraigh aon,
'S táin do phór na Breataine 'n-a mbailtibh poirt
gan fíos a bpréamh,
Bláth na n-eolgach gceannasach go hacfuinneach ag
innsint scéil —
Fáth' le'r seóladh gallda-phoic i bhfearannatas na
saoithibh Gaedheal.
Cér thárlaidh an tÓrach seasamhach i n-aigeantacht 's
i dtábhacht dréacht
I gclár na gcomhadaibh seanchais do'n Bhreatain Mhóir —
do phlanndaibh Gaedheal,
Níor cháin go deireóil ná tarcuisnach ar thabhartas
ná ar fagháltas claon,
'S níor thárthaidh stór ná taisce ar bith, 's i gceachair-
eacht níor shainnteach é.
Ar chlár an óil go rachmallach ag spreagadh suilt do
bhíodh mo laoch,
Do ghnáth le spórt agus i raidireacht, agus gasra do
shíor i n-a dhéidh;
Níor árduigh gleó ná achrann le hainbhfios ná coimh-
eascar scléip,
'S ba ghrádhmhar córach leanbach a chaidreamh go críoch
a shaoghail.
Do cháil-se, a Sheagháin, níor chealgach, 's ba charthanach
do chroidhe gan mheang,
'S an t-álmhach deireóil níor thaithneamh leat, 's ar
dhanardhacht ní bhíodh do ghreann:
Má's feárrde an ród go Parrthas, ó bheartaibh oilc
bheith saor gach am,
Atá mo dhóich let anam-sa gan acharann gur sceinn
sé ann.
Do scaradh linn ár seannach suilt is ceanna-phort
na héigse fann,
'S go meastar linn ar easbaidh an fhir gur chaill-
eamar go léir ár gceann,
Aitcheam uile ar Dhalta Mhuire, an Mac a d'fhulaing
céasadh i gcrann,
'Anam-san do thabhairt suidhte ó pheacadh ar bhith go
Tréad na Reann.
8. Ní fhuil fagháil feasa ar an nós i n-ar
tógadh Seaghán acht amháin an bharramhail go
bhfuair sé tógaint is múineadh is taithigh-
theacht ar scoil mar gach n-aon eile dá réim
an uair sin. 'Sé tuaraim is gnáthaighe gur
ghabha is gabhaltaidhe beag a athair i
n-éinfheacht, agus go dtug a shaothair sa
cheárdchain a líontighe chum neamh-spleádh-
chais, chómh fada is do b'fhéidir é fé dhlighthibh
anacracha na haimsire i n-ar mhair. Is
iontuigthe gur fhoghluim sé a chuid léighinn
cois claidhe nó i sean-chabhail éicint, agus
nuair a d'fhás sé suas go gcaitheadh sé dul
fé n-a dhéin sin i n-uaigneas na hoidhche
féin; mar nuair a tháinig an bhrígh ann is
ró-dhócha gur cuireadh leis an gcéird é chum
cabhraighthe le n-a athair, agus níor bh'fhuláir
dó dul san oidhche chum scoile i gcoinne na
fóghluma nó fanacht dá heaghmais. Acht ba
ghrádh leis í, agus is dual gur chuaidh. Ní
féidir a dhéanamh amach anois cad iad na
healadhna ar a bhfuair sé eólas 'san oll-
scoil úd dár ghabh, acht is dócha go raibh le
fagháil aige innti beagán eoluis ar Áir
mheacht, beagán eólais ar Laidin b'fhéidir,
agus beagán eóluis ar Bhéarla.
Cuireann a ranna féin i gcéill dúinn i
dtaobh a chuid Béarla.
Ag seo mar adeir ag fáiltiughadh roimh
Shéarlus Mac Dómhnaill tar tuinn:
Déantar dóightear teinte teó dhúinn,
Líontar ar bórd chughainn tuilleadh dhen fhíon;
Seinntear ceól dúinn, píob is hautboy,
Binn-chruit órdha is fideal ó chlaídh:
Cítear go bhfuil cómardadh idir hautboy
agus “teó dúinn;” agus muna mbeadh go
raibh cruinn-eólus aige ar fuamaint an
Bhéarla, ní fhéadfadh sé focal deacrach mar
é sin do thabhairt isteach 'n-a chuid rannaidh-
eachta.
9. Is ar an mhuinntir seo Mhic Dhómhnaill
do scríobh sé an chuid ba mhó dar chúm sé,
agus is cóir a admháil gur thuilleadar go
huaill-lonnach an moladh do fuaradar ní
hamháin ó Órach acht ó lucht rannaidheachta
an Chláir an taca úd. Muna mbeidheadh
gur thuilleadar ní thiocfaidís na filidhe
reamhráidhte ar aon aigneadh ar an
oiread soin mholadh do chraobhscaoil-
eadh ortha fé bhrothall a dtaitnimhe. Ní
bactar le n-a thuilleadh do radh ortha an
turus so acht de réir mar chóimh-cheangaltar
iad féin is an file seo atá fé n-ár gcúram
againn.
10. Bhí teach ag Samhairle Mac Domhnaill
i gCill Chaoidh is do chómhnuigheadh sé ann
nuair ba rógha leis teacht an bealach. Do
phós sé 'san bhliadhain 1718 Betti, inghean
Chriostóra Uí Bhriain ó Innis Díomáin. Ní
raibh Dún an Átha acht timcheall le dhá
mhíle d'aistear thiar-theas ón tigh seo, agus
mar tháinig an ceanntar sain fé uachtar-
ánas na lanamhan ionnraice sin — mar atá
i n-a seilbh agá síol go dtí indiu — bhí athair
Sheagháin i n-a dhaor-bhrughaidhe fútha. Do
bhárr ar an eólas agus an aitheantas badh
dual go bhfuaireadar mar sin ar an
teaghlach, fuaireadar amach ar chaoi éicint
ar Sheaghán go raibh filildheacht ann; agus
ón lá i n-ar bh'eól dóibh sin, go dtí lá a
bháis, cáirde maithe don ghabha do b'eadh iad,
agus ní lugha 'ná a chéile 'ná gur bh'é an
leath-cheárd dúthchais sin aige an t-urradhas
ba mhó a bhí aige ar an charadas sain aca
air. Acht pé mheas a bhí aca-san air sin
níor lughaide an urraim is an grádh a bhí
aige sin dóibh.
Ar gheineamhhain na beirte mac ba shine
aca 'san bhliadhain 1736 do chan sé an aiste
seo:
Is géag den bhile ghlórmhair
An deóraidhe seo i gCill-Bhriocáin,
Do chuir Mac Dé i n-ar mbóthar,
Le chómhachta ó Rígh na nGrás:
Is beannuighthe an bhean óg
I nar fórmuigheadh 'n-a broinn an báb, —
Craobh na fine fódla
Ag ól srotha cíocha dTáil!
'S mar chomhartha air gur lean a ghrádh go
doi-bhriste dhóibh go deire a shaoghail. Seo
rann as aiste chaointe ar bhás an tSéarluis
chéadna 'san bliadhain 1773:—
Is léir-scriosta daor-ghonta duairc
An scéal so do chualadh idir tháint' —
Gur éag an fear éagnaidhe, gan ghruaim
Do b'fhéile 'ná Guaire le rádh:
Is méala ar feadh Éireann 's is truagh,
An laoch leabhair uasal d'fagháil báis; —
Ár bhféinics 's ár gCaésar i dTuadh-Mhumhain,
'S ár Séarlus ar scuabadh ó mhná!
11. Maidir le n-a thomhas is a uaithne
seo is ionamhail uatha go raibh taithighe agus
léir-aithne ag an inchinn a cheap iad ar ar
shaothruigh filidhe na Mumhan le n-a linn, óir
is 'mdhó ceann díobh súd thug fé n-a n-aire
mac-dheilbhe an dáin sin, agus do leig-
eadar osnaidhil i bhfuirm rann. Feictear
Seaghán Ó Tuama ag caoineadh Sheagháin
Cláraigh innti 'san bhliadhain 1754. An
naomhadh bliadhain déag dá éis sin gheibheann
tighearna talmhan an Óraigh bás, agus is
cuimhin leis gur bhreágh brónach an fonn
féadtar a chur léithi, agus glacann leis
chum caointe fhada ghéir do dhéanadh ar a
fhear cosanta agus a chara lághach. Is é
seo an dán is faide dár chum sé acht
amháin an “Aithrighe.” Tá trí ranna déag
ann. Sin é an chéad rann de thuas. Seo
rann eile as mar gcuireann síos dhúinn ar
fhial-bhéasaibh deagh-mháthar an taoisigh a
b'fheárr ar thaoiseachaibh na ríoghachta:
Is suidhte fuil Bhrianach im' leóghan
O inghean Chríostóra Bettí,
Thug croidhe dhó chum triall ar gach spórt
Ag síor-chaitheamh óir agus fíon —
Is taoiseach glan fial é de'n phór
Don chraoibh is mó teist san ríoghacht,
Dá bhrígh sin is diachrach an sceól
Flaith ríoghdha dá shórt dul i gcill!
12. Níor chomhnuigh Seaghán ar feadh a
shaoghail go léir 'san tsráid-bhaile thuas.
Ní fios go chómhthrom cad í an bhliadhain,
acht is fíor gur aistrigh sé bliadhain éicint
dá bheathaidh ó Dhún an Átha go dtí Cluan
an Fhíona — sráid-bhaile eile timcheall le
n-a dó nó a trí de mhíltibh soir ó thuaidh ó
Dhún Beag san Chonntae chéadna. Bhí fear
gonta gruagach géar, ag fagháil cíos cáin
agus dhroch-cháil na háite seo. Muir-
ceartach Mac Mathghamhna, do b'ainm dó.
Do phós sé 'san bhliadhain 1750, Máire,
inghean Shamhairle Mhic Dhómnaill. Bhí grádh
mór ag Seaghán ar an óg-mhnaoi seo agus
lean sé í soir, nó b'fhéidir gurab amhlaidh
go raibh ana-mheas aici sin ar Sheaghán is do
rug sí léithi é. Cibé cuma é, rinneadh
gabha-gheata dhe ag Tigh mór Mhic Mhathghamhna
agus tá a rian air; tá an oiread le
n-aithris air sa cheanntar so agus atá 'san
áitreabh i n-a rugadh is 'n-ar tógadh é;
agus deirtear leis go bhfuil cabhail na
ceárdchan i n-a mbíodh sé ag obair i n-a
seasamh fós ann. Má's creideamhnach, ámh,
béaloideas na comharsanachta so níor ró-
thaithneamhach dhó an chaoi i n-ar chaith a
shaoghal ann. Garg-fhoighdne Mhic Mhath-
ghamhna ba chionntach leis sin. Bhí péire
gabhar aige — agus is dócha gurab shin a
raibh d'eallach bleachta n-a sheilbh — agus
chuadar isteach fén gcoill ag brosadh ar an
nduilleabhar lá. Tháinig fear faire na
coille chuige leis na gabhair agus thug sé
go dtí Seaghán iad, agus dubhairt leis dá
bhfaghadh sé in sa' choill arís iad go gcuir-
fidhe 'sa' phónta iad. D'fhreagair Seaghán
de phreib:
Má chuirfidh tú mo chuid gabhar i gcabhail nó i bpónta
Baistfidh mé poll lobhar ar Chlann Mhathghamhna
D'imtigh maor na coille láithreach, ar n-a
chloistin sin dó, fé dhéin a mháighistir agus
d'innis dó bun is bárr an scéil. Ní túisce
cualaidh Mac Mathghamhna soin 'ná ghlac
taom feirge é is do ghluais go borb-
bhuileach gonuig Seaghán. D'fhiafraigh sé
dhe cad chuige go ndearnaidh sé an oiread
sain tarcuisne dhó. “Cad dubhras?”
arsa Seaghán, “Nár dhubhairt tú a leithéid
seo do leath-rann?” ar seisean, “agus
dá mbeidheadh a fhios agam gur dá-ríribh a
bhís chuirfinn-se gan chead filidheachta ná
seanchuis thú. “An rud adubhras chéana
déarad arís é,” arsa Seaghán, agus dubhairt
arís an leath-rann. Ní fios dúinn cad do
rinne an tighearna.
13. Is cóir dhúinn a mheas gur phreab-
aigeantach an file é Seaghán, agus go
bhféadfadh, dá mb'áil leis é, a lán neithe den
tsórd soin do cheapadh gan an iomad
machtnaimh. Bhí sé i n-a sheasamh maidin
bhreágh mhéath, gur chuma dhi bagairt ar lá
nó b'fhéidir ar oidhche throm-fhearthanna, ag
béal na habhann bige atá ag rioth síos idir
Dhún an Átha agus an Chaorthainn go dtí an
tSionainn. Bhí an abha bheag go briosc-
ghlórach cubhramhar tuilteach, is i n-áiteachaibh
go mór-chumasach mear-léimeach. Ba thaith-
neamhach le cluais an fhile, an fhuamaint
sin, agus do bhí ciúineas na spéire ag
sleamhnughadh thar a chroidhe is thar a anam.
Bhí fear eile ag féachaint air, agus dubhairt,
“Cad atáir a dhéanadh annsain, a Sheagháin?”
ar seisean.
Táim ag éisteacht le fonn garbh Bhun Abhann
Ag tarraingt ar throm-chlagarnaigh,
D'fhreagair an file. Bun Abhann do b'ainm
don áit i n-a dtagadh uisce na habhann is
an tSionainn le chéile, agus deirtí 'sa
cheanntar sain — agus is dócha go bhfuil sé
do bharramhail ag a bhunadh fós ann nuair a
ghéimeadh sé sin gur chomhartha báistighe é.
B'shin ciall a fhreagra.
14. Uair eile do thárlaidh gur thuit
tionósc air féin agus ar thriúr bádóirí ar
an tSionainn. Bhí calaith an uair sin ag
an Chaorthainn go mbíodh a lán móna gá
tógaint ann ag lucht bád. Bhí Seaghán ar
bhád aca so ag dul le hualach móna go
Luimneach; nó b'fhéidir gurab amhlaidh
chuaidh sé ann leis an fhoirinn ag déanadh
conganta dhóibh, nó ar cuaird uaidh féin.
Cibé cuma é, do chuaidh ann agus d'imtigh
an bád i n-a rabhadar síos. Do shroich-
eadar a gceathrar an talamh do bhárr
snámha. Bhuaileadar gacha ndíreac go dtí
an teach ba ghiorra dhóibh, is ní fada bhí
Seaghán bocht fliuch ná fuar mar do bhí ag
ceapadh an rainn seo ag súil le rud éigin
dá bhárr:—
Mise Seaghán do hÓra
Lup ar lóp ó'n tuinn,
Tá i n-aon-díth liom triúr stócach
Agus ní mór dóibh a n-dóthaint bídh;
D'ólfaidís lionn Chláir Fódla
Agus bainne bó a ríoghacht';
Éirigh suas, a stóir ghil,
'S oscail dóirse do thighe.
15. Tráth eile do chuaidh go dtí aonach
éicint; ní fios cad é an áit é, acht
deirtear gur i gConnachtaibh a bhí. Ní
dócha gur bh'fhéidir sin ó'n nós a innistear
an scéal. Bhí taithighe agus caidreamh aige
ar shagart. Do atharruigheadh an sagart ó
n-a chómharsanacht-san — agus dár ndóich
ní móide gur go Connachtaibh do raghadh,
mar ní raibh an Clár riamh i n-aon fhairche
leis an gCúige sin — agus do chuir do
gheasaibh ar Sheaghán aon uair a gheóbhadh sé
an bealach glaodhach go dtí n-a thigh féin is
go mbeadh fáilte aige roimhe. Do chuaidh
Seaghán go dtí an t-aonach cibé áit i n-a
raibh — agus is é is dóichighe nár ró-fhada ó
n-a bhaile fhéin é, mar de choisidheacht is eadh
do ráinig é. Do glaeidh sé ag tigh an
tsagairt an oidhche roimh an aonach. Ní
raibh an sagart istigh roimhe. Do chuir sé i
n-umhail don chléireach, a bhí i bhfeidhil na
háite, go raibh cuireadh aige ó'n sagart
glaodhach chun an tighe. Ba leasc is dócha
leis an gcléireach aon dúthracht a thabhairt
dó; mar nuair bhí ag imtheacht ar maidin
fé dhéin an aonaigh do casaadh an sagart air.
Do bheannuigh sé do Sheaghán, agus ní
baileach a d'aithin sé é. Do bheannuigh
Seaghán dó. “An fada do thriall?” ar
san Sagart. Do fhreagair Seaghán —
Fear ó'n Iarthar mé atá i n-a thriall chum aonaigh,
Teach gan cuireadh gan iarraidh ní dheaghas riamh dá
éileamh:
Níor mhaith an biadh a bhí ann agus riaradh caol é;
'S mí ní mhairfinn fé riar na chléire.
16. Bhí stócach de phríntíseach aige uair.
D'fhiafraigh sé dhe an raghadh sé ag bailiughadh
ubh dhó i gcómhair na Cásca. Do chúm sé
rann dó chun é rádh ag dorus gach tighe.
Sidé é:
Mise stócach Sheagháin do hÓra —
Gabha na féile,
Is ionann i gclódh mé nó Goll Mac Mórna,
I neart agus i n-aeirde;
Muna bhfuighead stór de sna huibhibh móra
Chun tóir na féise,
Raghad chum cómhraic libh ar an nóimint, —
Is cuma liom 'bé agaibh;
Uain na ceárdchan geobhaid i dtráth uaim
A thuilleann mo bhuidheachas,
Sceana chun beárrtha, inginidhe meadhtha,
Agus fleasc chun méise;
Fearsaid túirne 'mbeadh scriú uirthe —
Agus ní ceann Gaedhealach:
'Sin dá chúpla cearc sa chúinne
Ag breith 's ag béicigh!
Ar a chasadh abhaile dhó bhí lán cléibh aige
chum “tóir na feise.”
16. Is dóichighe gur i nDún an Átha do
chómhnuigh an tráth do chum an rann sain,
óir is ana-dhual do Mhac Mathghamhna nách
leigfeadh sé dhó an fhaid i bhí sé n-a
cheárdchain féin aon obair a dhéanamh d'aon
duine eile acht dó féin amháin. Is suidhte
gur ath-aistrigh sé i ndeire a shaoghail ó
Chluan an Fhíona go Dún an Átha. Do
cailleadh Máire Ní Mhic Dhómhnaill go hóg,
agus nuair a bhí sise imthighthe bí a bháidh
ar áit is ar cheárdchain Mhic Mhathghamhna
imithighthe léithi. Bhí rud eile ann. Is
dócha nuair a fuair a athair féin bás go
mb'fhearr leis an tsean-áit agus a bheith
i measc na gcómharsan, agus gur fhill sé
ortha. Annso bhí sé ar a thoil féin, agus
má bhí aon chall aige le printíseach bhí caoi
aige ar é fhagháil.
Tagra.
1. Is mór is inmheasta, this is most probable.
Dhuainn leanbhaidheachta, poem composed on the birth
an youth of a person. Dá measardha, a tolerable
poem. Éigeas uathbhásach, a “monster” poet who
Could not quell his youthful spirits without breaking
into poetry. Duine dhen mhór-dháimh, one of the great
poets.
2. Daondacht fe Dhia, God did not deign.
3. Lucht ealadhan na Gaedhilge, Irish scholars. A
shlios féin, his own meed. Rann-bhinneas, sweetness
of language in poetry. I n-a buach-áthas, filled with
gladness. Domblas araid-nimhe, sharp gall. Ba
chomhfhogus do fhile, akin to a poet.
4. Béal-oideas, tradition. Cuingir, twins. Tor-
amhlacht, “birth.” An bioth-aoibhneas, and the con-
stant delight with which he was wont to sing songs
and make them. Is dóich nach increidthe, this is
scarcely credible as the true rendering of a story,
Fáith-scéal, a fable, an allegory. Clann-altroim,
children at nurse.
5. Coimhightheach, a stranger being fostered. Rann-
chumadóireacht, laws of metre. Fé uaithne is fé
comhardadh, in “union” and in rhyme. Féige, weak-
ness. Rosc-cainnteach, in vigorous language.
6. Nár laige leis, he could not entertain (bear).
Neamh-náireach, unseemly, unchaste. Tuitim fuil-
ighthe, concealed meaning.
7. Anbhfainneach, dispirited. Idir thuaith is chléir,
both the laity and the clergy. Gan fios, without
fees (rent). Níor tárthaidh, he did not save, collect
Ceacarthacht, stinginess. Álmhach, a crowd, rabble
aitcheamh uile, let us all beseech.
8. Gabha is gabháltuidhe beag, smith and cottier. Go
dtug a shaothar, and that his work in the forge
brought his family into independence. Sean-chabhail
an old ruin. Is dual gur chuaidh, it is probably that
he went. Áirmheacht, Arithmetic. Fuamaint an
Bhéarla, the pronunciation of English.
9. Go huaill-lonnach, valorously. Fé bhrothal a
dtaith nimhe, in the height of their good affections.
10. Ionnraic, just, upright. Daor-bhrughaide, a
tenant paying rent. Leath-cheard duthchuis, inherent
talent. I n-ar fórmhuigheadh, in which was formed.
11. Is ionamhail, it is likely. Mac-dheilbhe, a copy.
12. Gur aistrigh sé, that he removed. Garg
fhoighde, brusqueness. Eallach, cattle. Ag brosadh
browsing. Taom feirge, a fit of anger. Go borb-
bhuileach, in fierce anger.
13. Preab-aigeantach, quick to think. Briosc-
ghlórach, loud-voiced. Trom-chlagarnach, heavy rain.
A bhunadh, its people.
14. Tionóisc, accident. Do shroicheadar, the four
of them reached land by swimming. Lup ar lóp,
drowned wet.
15. Fairche, diocese. Ba leasc leis, he did not like
to. Dúthracht, “delicacy,” Baileach, fully, entirely.
16. Príntíseach, apprentice.
17. Is ana-dhual, it is most likely. Is suidhce, it is
certain. Gur ath-aistrigh sé, that he returned. Má
bhí aon chall aige, if he had any necessity for.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11