Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féineachas Éireann. IV.
Title
Féineachas Éireann. IV.
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÉINEACHAS ÉIREANN, nó “Seilbh ar Thalmhain fá Sheann- reacht na nGaedheal.” IV. [Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i gComór- tas a Naoi san Oireachtas i mbliadhna. Seán Ó Ceallaigh (Sceilg), ó Chraoibh an Chéitinnigh i mBaile Átha Cliath, do bhuaidh an duais.] “SCEOLAING” do scríobh. VIII. (ar leanamhaint.) Cúrsaidhe Cogaidh. Airightear ó lucht cáinte an Fhéineachais go rí-mhinic gur mhór an éagcóir é bheith mar chomhacht ag an bhflaith na fuidhre do sheoladh fé dhéin cogaidh dá mbeadh cogadh ar siubhal. Acht tuigidis go raibh d'fhiachaibh ar na céilibh an dúthaigh do chosaint chomh maith le cách. Níor bh'é sin amháin! Bhí de riachtanas ar gach éinne o'n rígh anuas an dúthaigh do chosaint i n-am buaidheartha, nidh nár bh'iongnadh; agus an té ná déanfadh a chion ar son cosanta na tuatha lá an chruadhtain dar ndóigh níor bh'fhiú é díon na fothain do mholadh dhó. Bhí a chúram féin ar gach éinne ó'n rígh anuas 'san tsaoghal úd amhail is mar bhíonn anois féin agus b'éigin do gach mac máthar aca súd géilleadh do'n Fhéineachas. Flaith is Céile. Bhí de chead ag flaith is agá fhuirinn cómhnuidhe do dhéanamh i dtigh an chéile go ceann lae no go ceann mí do réir rachmuis an chéile. Acht dá ndéanfadh flaith éagcóir ar chéile, dá mbaineadh sé an iomad biathadh dhe, bhí de riachtanas ar an bhflaith díoghaltas do thabhairt do'n chéile do réir na héagcórach. No go bhfaghadh an chéile an díoghaltas soin ó'n bhflaith níor bh'éigin do a thuilleadh biathadh do tabhairt do'n fhlaith. Rud eile fós: bhí an oiread eineachlainne ag dul do'n fhile is mar bhí ag dul do'n rígh tuatha. Rí is File. Acht is dócha nach aon fhile eile luadhtar annso acht duine de sna filíbh mór-chomhachta do bhíodh 'san gCúl-Aireacht i bhfochair ollamhan dlighe. Bhí meas mór ar na filíbh i nÉirinn agus níor bh'iongnadh é mar gurab iad na filidhe na daoine ba chliste chum stair is brigh gach reachta do mhíniughadh. I bhfilidheacht is eadh do chéad-cheapadh an Féineachas do réir deallramh. IX. Athghabháil. Ba dhóigh le duine ar Ghallaibh áirithe, agus ar Ghallaibh léigheanta mar leis sin de, ná raibh san bhFéineachas acht saghas draoidheachta. Cé gur thug an Máineach árd-mholadh do roinnt
de'n Fhéineachas mheas sé a chur i n-a luighe ar an sluagh go raibh roinnt eile dhe go bacach. D'admhuigh sé gur ciallmhaire go mór an breitheamhnas atá le léigheamh i leabhar Acaille i dtaoibh truime cánach ná mar bhí le léigheamh i sna scríbhnibh ba léigheanta dá raibh le fagháil i Sasana go dtí le fír-dhéidh- eannaighe. Acht nuair a chuir sé síos ar Athghabháil shílfeá air dá gcuireadh Gaedhil i gcoinne Athghabhála 'san tsean-shaoghal ná raibh de shlighe chum é mhíniughadh acht é chur fé choineal-bháthadh nó fé throscadh. Cé go raibh a mhalairt de shlightibh leagtha amach go flúirseach 'san bhFéineachas, daoine bhíodh i bhfiachaibh is gan fonn ortha a bhfiacha do dhíoghal bhagairtighe an troscadh ortha gan amhras. An té ná géilleann do'n troscadh, ars' an seanchus, níl ann acht fear tréigthe dlighe agus an té thréigfidh an dlighe ní bheidh toradh ag Dia ná ag an daonnaidhe air. Troscadh Ruadháin. Is beag duine leis nár airigh trácht thar Troscadh Ruadháin. Do réir Leabhair na gCeart b'é troscadh Phádraig ar Laoghaire Mac Néill agus troscadh Ruadháin Lothra ar Dhiarmuid Mac Cearbhaill do leag an Teamhair ar lár is do chur Caiseal Mumhan ar a bhonnaibh dá ríribh. O ro throisceadar na naoimh, Ar Theamhraigh sóchlatha saoir, Do riacht do rígh Chaisil chruinn Beannacht Phádraig mac Alprainn. Troscadh na Péirse. Bagartar an troscadh ar feicheamhnaibh i dtíorthaibh eile leis. Dá dteas- tóchadh ó Pheirseach fiacha do bhaint de dhuine thiocfadh sé go doras an duine sin agus chuirfeadh sé síol seagail i gcré ar aghaidh a dhorais amach. Shuidhfeadh sé istigh i lár an tsíl annsoin, agus dá mba rud é ná díoghalfaidhe na fiacha, d'fhan fadh sé fé throscadh annsúd no go mbeadh an seagal nuadh aibidh a dhóthain chum arán do dhéanamh as. Ní bheadh de chead ag an bhfeicheamh greim bídh do bhlaiseadh an fhaid is bheadh an troscadh ar siubhal ag an bhfear eile, agus is ar éigean is gábhadh a rádh go mbíonn na fiacha ar fagháil gan ró-mhoill. Troscadh na nIndiach. Deintear amhlaidh no beagnach amhlaidh i sna hIndiachaibh Thoir. Dá dteas- tóchadh ó Bhráithmin fiacha no a leithéid eile d'fhagháil thiocfadh sé go doras an té bheadh i n-a aigne, bheadh nimh no gléas marbhtha éigin eile i seilbh an Bhraithmin agus leigfeadh sé air go gcuir- feadh sé deireadh leis féin dá mbuaileadh an fear eile tharais no dá gcuireadh sé isteach air. Chromfadh sé ar an dtroscadh annsoin agus chaithfeadh an fear eile a leith- éid chéadna do dhéanamh. Acht dá bhfaghadh an Bráithmin bás de dheascaibh an troscaidh ní mhaithfidhe do'n duine eile ná do shliocht a shleachta go bráth é agus, dá bhrigh sin, is gnáthach géilleadh do'n Bhráithmin gan iomad moille. Athghabháil sna hIndiachaibh. Is gnáthach slighe eile chum fiacha do bhaint amach i sna hIndiachaibh Thoir leis. Is dleaghthach bean an fheichimh no a mac no a chuid bó d'athghabháil mar díoghal ar na fiachaibh. Athghabháil bó no stuic an tslighe is gnáthaighe riamh i nÉirinn, agus, i n-a thaobh san macasamhail an Fhéineachais atá mar reacht Athghabhála i Sasana lá fada. Ní bhíodh Gaedhil sásta leis an athghabháil ar leithligh gan na ba do chur i bhforas, no í bpóna mar airightear anois, agus iad do dhíol i dtráth dá mba rud é ná beadh na fiacha ar fagháil gan a dhéanamh. Bhí an dlighe seo fhe réim go ceann na gcian i nÉirinn shar ar cuireadh i bhfeidhm é i Sasana. Bhí pónaidhe go flúir- seach i nÉirinn agus bhain reachta áirithe leo. Dithim a thugtaidhe ar an sealad a thugadh na ba 'san bpóna no 'san mhainnir agus bhí cur síos an-chruinn an-mhion an-oireamhnach air 'san bhFéineachas. Tá mór-chuid de'n reacht so ar bun fós.
X. Aireachta. Is é is mó is iongnadh linne ná aon toradh do bheith ar throschadh 'san tsean- shaoghal i nÉirinn agus a mbíodh de Dhálaibh is d'Aireachtaibh ar siubhal ann. Agus dar ndóigh ní raibh breitheamhain mhór-cháile riamh i n-easnamh ar aireachtaibh na hÉireann. Bhí na breith- eamhain go flúirseach is go cliste ó thúis. B'éigin dóibh árd-thabhairt suas do bheith ortha. Níor cheaduigheadh do neach chúis do phléidhe 'san Aireacht gan cruinn-eolas agus cleachtadh do bheith aige ar gach nídh dár bhain de dhlighe. Dá ndéanfadh breitheamh faillighe nó dá ndéanfadh sé breitheamhnas do thabhairt uaidh is gan é do réir an chirt chaithfeadh sé éiric do dhíoghal as an éagchóir sin. Tuarastal an Bhreithimh. Thugtaidhe an dara cuid déag de'n rachmus a bhíodh i gceist mar thuarastal do'n bhreitheamh, no pighinn fé'n scilling mar adéar- faidhe anois. Bhí cheithre gráda ollamhan ann ar a laighead de. An t-ollamh aighne an t-ollamh do b'aoirde aca go léir. Mar a chéile bhí cúig aireachta ann ar an gcuid ba lugha dhe. Bhí an aireacht fo leith ann agus an aireacht urnaidhe is an air- eacht fo deisin is an taobh-aireacht agus an cúl-aireacht. Aireacht fó leith. Samhluigheann sé dhuinn gur bhain an aireacht fo leith le cúigear na fine. Aireacht Urnaidhe. Bhí an aireacht urnaidhe fé cheannus breitheamhan agus bhíodh aturnaidhthe ag pléidhe ann. Aireacht fo deisin. Árd chúirt an Ríogh do b'eadh an aireacht fo deisin agus bhíodh ollamh breitheamhnas mar uach- tarán air. An Taobh-Aireacht. Cúirt do b'eadh an taobh-aireacht mar a mhínightidhe dhá thaoibh gach cúise dá dtár- lóchadh idir dhúithchíbh mór-thuaithe. Mhínigheadh na hollamhain gach stair dá mbaineadh leis an scéal, agus bhíodh righte agus móir- righte láithreach le linn na connspóide. An Chúl-Aireacht. B'é an cúl-aireacht an ceann do b'aoirde aca go léir. Is é bhíodh i gcúl na gcúirt eile mar adeirtidhe. Bhíodh easbuig is righte is filidhe i gceannus na cúirte seo, agus thugadh na Filidhe an míniughadh ceart ar gach breith- eamhnas. Dá mbeadh Cáin Ríogh Éirinn nó cúis mhór éigin mar soin dá phléidhe is i gcúl-aireacht Teamhrach a dhéanfaidhe an réidhtiughadh deiridh ar an scéal. Pobail. Níor bh'é sin amháin! Dá mba rud é ná beadh an fhine sásta le breith- eamhnas na n-aireacht bí slighte eile aca chum a gceart do bhaint amach. Thagadh comhairlidhe no sluaighte i gceann a chéile de ghnáth, agus dá mbeadh cúis ghearáin ag duine bhí de chead aige a scéal do nochtadh i láthair sluaigh éigin de sna sluaightibh so. B'iad na teidil a bhí ar an gcuid ba tábhachtaighe aca ná an tSabaid Cuirmthighe is an Mathshluagh, an Mheitheal Flatha is an Mheitheal Tuatha, an Dál, an Torcomhrach, an tAonach, agus mar soin dóibh. Meitheal Tuatha. Cruinniughadh fé leith de sna saer-chéilíbh is dá leithéidíbh do b'eadh an mheitheal tuatha. Tionóltaidhe é nuair a theastuigheann uatha dhún do dhéanamh i gcomhair an Ríogh no gnó éigin dá shaghas. Bhí d'fhiachaibh ar an sluagh dún an ríogh do thógbháil.
Meitheal Flatha. Cruinniughadh eile fé leith do b'eadh an mheitheal flatha. An fhlaith féin do thionóladh é chum gnó éigin ná leomhfaidhe a chur ar athló do chur fé chonnspóid. Aon chéile ná beadh láithreach dhíolfadh go daor as. I dtuairim na ndaoine níor mheasa cion dá raibh ná meath meithle flata. Meath Meithle Flatha. Deimhnigheann so go rabhadar dílis do'n fhlaith is do'n fhine is do'n fhéineachas féin. An Dál. Dá ndéanfaidhe éagcóir ar na céilibh bhí de chead aca dul i láthair na Dála, agus dá dtiocfadh leo a dheimhniughadh do'n Dáil gur dheineadh an éagcóir ortha, bhéarfaidhe an fhlaith ba chiontach i láthair Aireachta áirithe agus chuirfidh smacht annsoin air. Mathshluagh. B'é an tAire Fine do thionóladh an Math- shluagh. Dá mbadh rud é ná beadh an sluagh sásta le breith- eamhnas aireachta nó le imtheachtaibh ríogh chuirfidhe san i n-umhail i láthair an mhath- shluaigh. Bhíodh cúrsaidhe cogaidh agus ceisteanna dá leithéid fé chonnspóid ag an mathshluagh leis. Sabaid Cuirmthighthe. Ní gábhadh a thuilleadh a rádh i dtaoibh na ndál is na meitheal so acht gur bh'ionann an tSabaid Cuirmthighe agus Feis na Teamhrach. Tuigfear as an ngearr-thuairisc seo, mar ná fuil ann acht gearr-thuairisc, gur chiallmhar oireamhnach na dlighthe do bhí ag ár sinnsear ó thúis a ré i nÉirinn aniar go lár na seachtmhadh aoise déag. Agus admhóchar má bhíonn de rath orainn srathar mhalluighthe na nGall do chaitheamh dhínn fé dheoidh ná beidh gábhadh againn le bun reachta ar bith do thógaint ar iasachta acht reachta an tsean-shaoghail d'athnóchaint agus aithris do dhéanamh ar an gcuid is oireamhnaighe de FHEINEACHAS ÉIREANN. (Críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services