Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Féineachas Éireann. IV.

Title
Féineachas Éireann. IV.
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FÉINEACHAS ÉIREANN,

“Seilbh ar Thalmhain fá Sheann-
reacht na nGaedheal.”



IV.



[Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i gComór-
tas a Naoi san Oireachtas i mbliadhna. Seán Ó
Ceallaigh (Sceilg), ó Chraoibh an Chéitinnigh i mBaile
Átha Cliath, do bhuaidh an duais.]



“SCEOLAING” do scríobh.



VIII. (ar leanamhaint.)



Cúrsaidhe Cogaidh.



Airightear ó lucht cáinte an Fhéineachais
go rí-mhinic gur mhór an éagcóir
é bheith mar chomhacht ag an bhflaith
na fuidhre do sheoladh fé dhéin
cogaidh dá mbeadh cogadh ar siubhal. Acht
tuigidis go raibh d'fhiachaibh ar na céilibh an
dúthaigh do chosaint chomh maith le cách.
Níor bh'é sin amháin! Bhí de riachtanas ar
gach éinne o'n rígh anuas an dúthaigh do
chosaint i n-am buaidheartha, nidh nár
bh'iongnadh; agus an té ná déanfadh a chion
ar son cosanta na tuatha lá an chruadhtain
dar ndóigh níor bh'fhiú é díon na fothain do
mholadh dhó. Bhí a chúram féin ar gach éinne
ó'n rígh anuas 'san tsaoghal úd amhail is mar
bhíonn anois féin agus b'éigin do gach mac
máthar aca súd géilleadh do'n Fhéineachas.



Flaith is Céile.



Bhí de chead ag flaith is agá fhuirinn
cómhnuidhe do dhéanamh i dtigh an
chéile go ceann lae no go ceann
mí do réir rachmuis an chéile.
Acht dá ndéanfadh flaith éagcóir ar chéile,
dá mbaineadh sé an iomad biathadh dhe, bhí de
riachtanas ar an bhflaith díoghaltas do
thabhairt do'n chéile do réir na héagcórach.
No go bhfaghadh an chéile an díoghaltas soin
ó'n bhflaith níor bh'éigin do a thuilleadh
biathadh do tabhairt do'n fhlaith. Rud eile
fós: bhí an oiread eineachlainne ag dul
do'n fhile is mar bhí ag dul do'n rígh tuatha.



Rí is File.



Acht is dócha nach aon fhile eile
luadhtar annso acht duine de
sna filíbh mór-chomhachta do bhíodh 'san
gCúl-Aireacht i bhfochair ollamhan dlighe.
Bhí meas mór ar na filíbh i nÉirinn agus níor
bh'iongnadh é mar gurab iad na filidhe na
daoine ba chliste chum stair is brigh gach
reachta do mhíniughadh. I bhfilidheacht is eadh
do chéad-cheapadh an Féineachas do réir
deallramh.



IX.



Athghabháil.



Ba dhóigh le duine ar Ghallaibh áirithe, agus
ar Ghallaibh léigheanta mar leis
sin de, ná raibh san bhFéineachas
acht saghas draoidheachta. Cé gur
thug an Máineach árd-mholadh do roinnt


L. 274


de'n Fhéineachas mheas sé a chur i n-a luighe
ar an sluagh go raibh roinnt eile dhe go
bacach. D'admhuigh sé gur ciallmhaire go
mór an breitheamhnas atá le léigheamh i leabhar
Acaille i dtaoibh truime cánach ná mar bhí
le léigheamh i sna scríbhnibh ba léigheanta dá
raibh le fagháil i Sasana go dtí le fír-dhéidh-
eannaighe. Acht nuair a chuir sé síos ar
Athghabháil shílfeá air dá gcuireadh Gaedhil i
gcoinne Athghabhála 'san tsean-shaoghal ná
raibh de shlighe chum é mhíniughadh acht é chur
fé choineal-bháthadh nó fé throscadh. Cé go
raibh a mhalairt de shlightibh leagtha amach go
flúirseach 'san bhFéineachas, daoine bhíodh i
bhfiachaibh is gan fonn ortha a bhfiacha do
dhíoghal bhagairtighe an troscadh ortha gan
amhras. An té ná géilleann do'n troscadh,
ars' an seanchus, níl ann acht fear tréigthe
dlighe agus an té thréigfidh an dlighe ní bheidh
toradh ag Dia ná ag an daonnaidhe air.



Troscadh Ruadháin.



Is beag duine leis nár airigh trácht thar
Troscadh Ruadháin. Do réir
Leabhair na gCeart b'é troscadh
Phádraig ar Laoghaire Mac Néill
agus troscadh Ruadháin Lothra ar Dhiarmuid
Mac Cearbhaill do leag an Teamhair ar lár
is do chur Caiseal Mumhan ar a bhonnaibh dá
ríribh.



O ro throisceadar na naoimh,
Ar Theamhraigh sóchlatha saoir,
Do riacht do rígh Chaisil chruinn
Beannacht Phádraig mac Alprainn.



Troscadh na Péirse.



Bagartar an troscadh ar feicheamhnaibh i
dtíorthaibh eile leis. Dá dteas-
tóchadh ó Pheirseach fiacha do bhaint
de dhuine thiocfadh sé go doras
an duine sin agus chuirfeadh sé síol seagail
i gcré ar aghaidh a dhorais amach. Shuidhfeadh
sé istigh i lár an tsíl annsoin, agus dá
mba rud é ná díoghalfaidhe na fiacha, d'fhan
fadh sé fé throscadh annsúd no go mbeadh
an seagal nuadh aibidh a dhóthain chum arán
do dhéanamh as. Ní bheadh de chead ag an
bhfeicheamh greim bídh do bhlaiseadh an fhaid
is bheadh an troscadh ar siubhal ag an bhfear
eile, agus is ar éigean is gábhadh a rádh go
mbíonn na fiacha ar fagháil gan ró-mhoill.



Troscadh na nIndiach.



Deintear amhlaidh no beagnach amhlaidh i
sna hIndiachaibh Thoir. Dá dteas-
tóchadh ó Bhráithmin fiacha no a
leithéid eile d'fhagháil thiocfadh
sé go doras an té bheadh i n-a aigne, bheadh
nimh no gléas marbhtha éigin eile i seilbh an
Bhraithmin agus leigfeadh sé air go gcuir-
feadh sé deireadh leis féin dá mbuaileadh
an fear eile tharais no dá gcuireadh sé
isteach air. Chromfadh sé ar an dtroscadh
annsoin agus chaithfeadh an fear eile a leith-
éid chéadna do dhéanamh. Acht dá bhfaghadh
an Bráithmin bás de dheascaibh an troscaidh
ní mhaithfidhe do'n duine eile ná do shliocht
a shleachta go bráth é agus, dá bhrigh sin, is
gnáthach géilleadh do'n Bhráithmin gan iomad
moille.



Athghabháil sna hIndiachaibh.



Is gnáthach slighe eile chum fiacha do bhaint
amach i sna hIndiachaibh Thoir leis.
Is dleaghthach bean an fheichimh no
a mac no a chuid bó d'athghabháil
mar díoghal ar na fiachaibh. Athghabháil bó
no stuic an tslighe is gnáthaighe riamh i
nÉirinn, agus, i n-a thaobh san macasamhail
an Fhéineachais atá mar reacht Athghabhála i
Sasana lá fada. Ní bhíodh Gaedhil sásta
leis an athghabháil ar leithligh gan na ba do
chur i bhforas, no í bpóna mar airightear
anois, agus iad do dhíol i dtráth dá mba
rud é ná beadh na fiacha ar fagháil gan a
dhéanamh. Bhí an dlighe seo fhe réim go
ceann na gcian i nÉirinn shar ar cuireadh i
bhfeidhm é i Sasana. Bhí pónaidhe go flúir-
seach i nÉirinn agus bhain reachta áirithe leo.
Dithim a thugtaidhe ar an sealad a thugadh
na ba 'san bpóna no 'san mhainnir agus bhí
cur síos an-chruinn an-mhion an-oireamhnach
air 'san bhFéineachas. Tá mór-chuid de'n
reacht so ar bun fós.


L. 275


X.



Aireachta.



Is é is mó is iongnadh linne ná aon toradh
do bheith ar throschadh 'san tsean-
shaoghal i nÉirinn agus a mbíodh
de Dhálaibh is d'Aireachtaibh ar
siubhal ann. Agus dar ndóigh ní raibh
breitheamhain mhór-cháile riamh i n-easnamh
ar aireachtaibh na hÉireann. Bhí na breith-
eamhain go flúirseach is go cliste ó thúis.
B'éigin dóibh árd-thabhairt suas do bheith
ortha. Níor cheaduigheadh do neach chúis do
phléidhe 'san Aireacht gan cruinn-eolas
agus cleachtadh do bheith aige ar gach nídh
dár bhain de dhlighe. Dá ndéanfadh
breitheamh faillighe nó dá ndéanfadh sé
breitheamhnas do thabhairt uaidh is gan é do
réir an chirt chaithfeadh sé éiric do dhíoghal
as an éagchóir sin.



Tuarastal an Bhreithimh.



Thugtaidhe an dara cuid déag de'n
rachmus a bhíodh i gceist mar
thuarastal do'n bhreitheamh, no
pighinn fé'n scilling mar adéar-
faidhe anois.



Bhí cheithre gráda ollamhan ann ar a
laighead de. An t-ollamh aighne an t-ollamh
do b'aoirde aca go léir.



Mar a chéile bhí cúig aireachta ann ar an
gcuid ba lugha dhe. Bhí an aireacht fo leith
ann agus an aireacht urnaidhe is an air-
eacht fo deisin is an taobh-aireacht agus an
cúl-aireacht.



Aireacht fó leith.



Samhluigheann sé dhuinn gur bhain an
aireacht fo leith le cúigear na
fine.



Aireacht Urnaidhe.



Bhí an aireacht urnaidhe fé
cheannus breitheamhan agus bhíodh
aturnaidhthe ag pléidhe ann.



Aireacht fo deisin.



Árd chúirt an Ríogh do b'eadh an
aireacht fo deisin agus bhíodh
ollamh breitheamhnas mar uach-
tarán air.



An Taobh-Aireacht.



Cúirt do b'eadh an
taobh-aireacht mar a mhínightidhe
dhá thaoibh gach cúise dá dtár-
lóchadh idir dhúithchíbh mór-thuaithe. Mhínigheadh
na hollamhain gach stair dá mbaineadh leis
an scéal, agus bhíodh righte agus móir-
righte láithreach le linn na connspóide.



An Chúl-Aireacht.



B'é an cúl-aireacht an ceann do b'aoirde
aca go léir. Is é bhíodh i gcúl
na gcúirt eile mar adeirtidhe.
Bhíodh easbuig is righte is filidhe i
gceannus na cúirte seo, agus thugadh na
Filidhe an míniughadh ceart ar gach breith-
eamhnas. Dá mbeadh Cáin Ríogh Éirinn nó
cúis mhór éigin mar soin dá phléidhe is i
gcúl-aireacht Teamhrach a dhéanfaidhe an
réidhtiughadh deiridh ar an scéal.



Pobail.



Níor bh'é sin amháin! Dá mba rud é ná
beadh an fhine sásta le breith-
eamhnas na n-aireacht bí slighte
eile aca chum a gceart do bhaint
amach. Thagadh comhairlidhe no sluaighte i
gceann a chéile de ghnáth, agus dá mbeadh
cúis ghearáin ag duine bhí de chead aige a
scéal do nochtadh i láthair sluaigh éigin de
sna sluaightibh so. B'iad na teidil a bhí ar
an gcuid ba tábhachtaighe aca ná an tSabaid
Cuirmthighe is an Mathshluagh, an Mheitheal
Flatha is an Mheitheal Tuatha, an Dál, an
Torcomhrach, an tAonach, agus mar soin
dóibh.



Meitheal Tuatha.



Cruinniughadh fé leith de sna saer-chéilíbh
is dá leithéidíbh do b'eadh an
mheitheal tuatha. Tionóltaidhe
é nuair a theastuigheann uatha
dhún do dhéanamh i gcomhair an Ríogh no gnó
éigin dá shaghas. Bhí d'fhiachaibh ar an sluagh
dún an ríogh do thógbháil.


L. 276


Meitheal Flatha.



Cruinniughadh eile fé leith do b'eadh an
mheitheal flatha. An fhlaith féin
do thionóladh é chum gnó éigin ná
leomhfaidhe a chur ar athló do
chur fé chonnspóid. Aon chéile ná beadh
láithreach dhíolfadh go daor as. I dtuairim
na ndaoine níor mheasa cion dá
raibh ná meath meithle flata.



Meath Meithle Flatha.



Deimhnigheann so go rabhadar
dílis do'n fhlaith is do'n fhine is do'n
fhéineachas féin.



An Dál.



Dá ndéanfaidhe éagcóir ar na céilibh bhí
de chead aca dul i láthair na
Dála, agus dá dtiocfadh leo a
dheimhniughadh do'n Dáil gur dheineadh an
éagcóir ortha, bhéarfaidhe an fhlaith ba
chiontach i láthair Aireachta áirithe agus
chuirfidh smacht annsoin air.



Mathshluagh.



B'é an tAire Fine do thionóladh an Math-
shluagh. Dá mbadh rud é ná
beadh an sluagh sásta le breith-
eamhnas aireachta nó le imtheachtaibh ríogh
chuirfidhe san i n-umhail i láthair an mhath-
shluaigh. Bhíodh cúrsaidhe cogaidh agus
ceisteanna dá leithéid fé chonnspóid ag an
mathshluagh leis.



Sabaid Cuirmthighthe.



Ní gábhadh a thuilleadh a rádh i dtaoibh na
ndál is na meitheal so acht gur bh'ionann an
tSabaid Cuirmthighe agus Feis na
Teamhrach. Tuigfear as an
ngearr-thuairisc seo, mar ná
fuil ann acht gearr-thuairisc, gur chiallmhar
oireamhnach na dlighthe do bhí ag ár sinnsear
ó thúis a ré i nÉirinn aniar go lár na
seachtmhadh aoise déag. Agus admhóchar
má bhíonn de rath orainn srathar mhalluighthe
na nGall do chaitheamh dhínn fé dheoidh ná
beidh gábhadh againn le bun reachta ar bith
do thógaint ar iasachta acht reachta an
tsean-shaoghail d'athnóchaint agus aithris do
dhéanamh ar an gcuid is oireamhnaighe de
FHEINEACHAS ÉIREANN.



(Críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services