Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairidheacht Chun Feirmeóireachta.
Title
Comhairidheacht Chun Feirmeóireachta.
Author(s)
Ó Súilleabháin, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairidheacht Chun Feirmeóireachta. [Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais .i. duais an Mhaolánaigh, i nIomaidheacht an Í., ar Oireachtus 1903. B'é Pádraig Ó Súilleabháin ó Dhúinín, Sráid an Mhuilinn, Co. Chorcaighe, a bhuaidh é. Seo mar adubh- airt na breitheamhain ag tagairt dó: “A very fine essay, as to language, style, thought, scope, and arrangement.”] 1. Is iomdha dlighe do ceapadh is do cumadh, agus is iomdha cainnt is cur síos do rinneadh mar gheall ar nidhthibh do bhain le cíos is le talamh na hEireann le breis is fiche bliadhain gan dul siar níos sia. B'é brígh an scéil ó thúis deireadh, féachaint cia aca an tighearna talmhan nó an feir- meóir an t-oighre ceart. Anois ó thárla go bhfuil an Riaghaltas dá admháil i ndeireadh na scríbe gur don té do shileann allus a ghruadh ag saothrughadh an talaimh is dual an luach saothair, tá gach aon deallramh gur geárr go mbeidh deireadh le cogadh na gcíos i nÉirinn agus go mbeidh seilbh sheas- canta ag feirmeóirí na tíre i dtalamh a sinsear. 2. Gan amhras is mithid roinnt dá gcuid féin do bhronnadh ortha, óir is fada iad ag treabhadh an donais is ag iarraidh troid i n-aghaidh na héagcóra, agus gan éirighe cinn ná céim ar aghaidh le fagháil aca. Acht ná ceapaidís ar a shon-san go bhfuil críoch leis an gcoimheascar fós; óir má tá siad ar intinn maireachtaint go neamhspleadhach i n-a dtír féin caithfid siad dul i gcom- órtas leis an gcoigcrigheach ar na mar- gaidhibh, agus le feirmeóirí atá lán-oilte i ngach uile shaghas saothair do bhaineas le feirmeóireacht agus le comhpháirteachas freisin. Dá bhrígh sin ní fuláir dóibh bros- tughadh agus cur le chéile go dílis dlúth; agus go mór mór anois nuair atá gach
dream is aicme amuigh is i mbaile ag aon- tughadh agus ag seasamh ar a mbonnaibh féin chum a gcirt do chosnamh. 3. Tá fiche milliún éigin acra talamh i nÉirinn, agus is ait mar atá sé roinnte. Tá an talamh mín leasaighthe roinnte amach i bhfeirmeachaibh fada fairseanga agus an talamh garbh mí-thairbheach i leitheadaibh beaga, is gan ionnta acht tuairim cúpla acra. Tá sé áirmhighthe go bhfuil níos mó ná trí fichid míle gabháltuidhe beaga den tsaghas so tré fhaid agus leithead na tíre. 4. I measc na ndaoine atá ag iarraidh slighe bheathadh do bhaint amach as talamh na hÉireann tá trí dream: .i. tá an feirmeóir imshníomhthach do thugann togha na haire dá ghnó i n-am is i n-anntráth, agus dá bhrígh sin go mbíonn gach aon rud réitighthe, ceartuighthe aige go slachtmhar is go tráth- amhail. Siúd is go bhfuil trom-ualach na cíosa ag goilleamhaint air sin b'fhéidir chómh maith le cách, ní baoghal ná go mbíonn beag mhór éigin aige le tespeáint de bhárr a shaothair; nó muna mbíonn ní call dó aon mhilleán a bheith aige air féin. An dara fear, feirmeóir do bhíonn ag brácáil is ag útamáil ar a mhíle dhícheall ó cheann ceann na bliadhna, agus n-a dhiaidh-san, ná bíonn rath ná bail ar a chuid oibre, de bhrígh ná fuil an oileamhaint cheart air i dtaobh a ghnótha, acht gach nídh ar tuathal aige istigh is amuigh, óir “ní thagann luas is léire le n-a chéile.” An tríomhadh duine, an feirmeóir fuar fánach do leigeann dá ghnó dul i bhfaillighe, agus dá chuid talaimh dul chun fiadhaile is chun fiadhntanais de cheal leas- ughadh nó saothrughadh, agus n-a dhiaidh-san gur dhóigh le duine air go gcuirfeadh sé cosa maide fé chirc, bíonn sé chómh bladh- mannach árd-ghlórach soin. “An bhó is lugha feidhm is í is mó géim.” An féidir an triúr so do thabhairt le chéile chun obair thairbheach bhunadhasach do chur chum cinn? Is maith is fiú an cás iarracht do thabhairt fé go háirithe. 5. Tá Bord na hOibre Talmhan ag bail- iughadh is ag scaipeadh eólais fé láthair ar an gcaoi is fearr chum tuilleadh toradh is tairbhe do bhaint as an talamh, óir tá sé cinnte go bhfuil talamh na hÉireann i n-ann i bhfad is i bhfad eile níos mó toradh do thabhairt ná mar atá dá bhaint as, dá gcuirtí chuige mar is cóir. De réir mar atá feirmeóirí i dtíorthaibh lasmuigh ag dul ar aghaidh i dtaobh an ghnótha so, agus an deagh- shompla atá aca 'ghá thespeáint ní'l amhras go bhfuil slighe ar bith chomh tairbheach ná chomh buntáisteach chum chur chuige ná cóirigheacht nó cómhpháirteachas bheith i mbun na hoibre. Is iomdha rud do thiocfadh le beirt a dhéanamh ná héireóghadh le héinne amháin. 6. Ó's léir gur san aondacht atá an buadh, agus ar an adhbhar sin is dá réir, dá gcuireadh buidhean feirmeóirí le chéile i gceanntar áirithe chum cóirigheacht i bhfeir- meóireacht, cad iad na nidhthe is tábhacht- aighe agus is mó bheadh ag teastáil uatha chum cómh-oibhriughadh éifeachtach do chur ar bun? Cé ná fuil daoine ar an dtalamh go bhfuil an oiread taithighe aca ar chumannaibh le muinntir na hÉireann is ró-bheag an cur amach atá aca ar cionnus a n-intleacht is a dtuigsint do chur chum tairbhe, acht ag síor-bhraith ar intleacht is ar thuairim an fhir thall. Dá bhrígh sin, nuair a tabharfar iarracht ar iad d'aontughadh chun gnó éigin bunadhsach do chur chum cinn beidh cuid aca agus ní theastóghaidh uatha acht an focal chun luighe isteach go toiltheanach, croidheamhail. Beidh dream eile 'n-a measc nár mhiste capall iarainn chun iad do tharraing isteach; agus an tríomhadh dream ná raghadh i gcontabh-
airt le haon rud chun go bhfeicfeadh siad cionnus do raghadh an scéal leis an gcuid eile. 7. Ar an gcéad dul síos teastuigheann eólas agus oideachas ó fheirmeóiríbh na hÉireann i dtaobh na hoibre so. Caithfid siad a smaointe do chur i bhfeidhm. As an smaoineadh seadh thagann an gníomh. 'Pé cómhairle do glacaid bheith dílis di. Dílis dóibh féin is dílis dá chéile. Bídís ceap- aighthe ar gach run-chómhairle is geallamhaint do chómhlíonadh go hiomlán. Is féidir so go léir do dhéanamh gan bladhmann ná buirbeacht ná fós an iomad gleó, acht obair chiallmhar, chneasta, chóir. 8. Cur i gcás go bhfuil gach aon rud i gcóir is i gcrích aca, agus an obair ar siubhal, 'sé an chéad rud badh cheart a dhéanamh ná cur d'fhiachaibh ar gach aon duine riamh den bhuidhin an oiread san curadóir- eacht do bheith aige de réir an oiread talaimh is tá i n-a sheilbh; óir is geall le súil le huaigh bheith ag braith air go raghaidh tír na hÉireann chun tosaigh an fhaid is bheidh sí i dtabhairt taoibh le milliún acra go leith fé churadóir- eacht gach bhliadhain. Ní thiocfaidh an ciste aníos tríd an dtalamh le neart miorbhúile; caithfear é rómhar amach. Do gheóbhadh muinn- tir na hÉireann bás leis an ocras — dá laigh- ead atá ann díobh — dá mbeidís ag braith ar thoradh an méid sin talamh chum iad do chothughadh. Theastóghaidh síol, leasughadh, uir- lisí, etc., uatha agus caithfid siad eólas a bheith aca ar cionnus togha síl, leasaighthe, &rl., do sholáthar, i dtreó go mbeadh siad oireamhnach don gceanntar sin; óir de réir mar bheidh an síol agus an leasughadh oireamhnach don ithir seadh bheidh an barra is an toradh 'n-a dhiaidh-san. Ní mór dhóibh leis, eólas d'fhagháil ar an slighe is feárr chum an talamh d'ullmhughadh i gcomhair churadóir- eachta. Nuair bheidh gach nídh réitighthe aca féadaid cur le chéile chun na nidhthe seo do cheannach. Sidí an chéad bhuntáiste atá le baint amach aca de bhárr an chómh-oibriughadh, .i. go mbeidh sé 'n-a gcumas a gcuid ear- raidhe d'fhagháil i bhfad níos fearr agus níos saoire 'ná dá mbeadh gach duine ag ceannach ar a shon féin. Nuair a chuirid le chéile mar seo féadaid an príomh-cheannaightheóir d'aimsiughadh, agus gach nídh d'fhagháil ar an gcéad chostas. Tiocfaidh as so go n-éireogh- aidh comórtas idir na mangairíbh ar ball ag cur somplaí síl, &rl., ag triall ortha, gach duine aca ag iarraidh an tosach do bheith aige féin, is ag díol chómh saor 's is féidir leis é. Ní misde dho sna na feir- meóiríbh ámh, fear eólgach do bheith 'n-a measc chun gach nídh do scrúdughadh roimh ré ar eagla go mbuailfidhe an bob ortha, i gan fhios dóibh, le droch-earra do shleamhnughadh ortha. 9. Sé tuairim na ndaoine is eólgaisighe go bhfuil stoc na hÉireann ag dul chun deiridh go héachtach le déidheanaighe, agus ná fuil ionnta i gcompráid le stuic acht iarmhairí gan toirt gan taca. Tá Bord na hOibre Talmhan ag tabhairt iarracht fé bhreis fheabhas do chur ortha, acht ní mór a thiocfaidh leó dhéanamh muna gcuirfidh na feirmeóirí is Cómhairlí Conntaethe le chéile chun cabhrughadh leó. Ní'l aon chreachadh is mó ná slighe is giorra chun bochtanais 'ná bheith ag coimeád is ag cothughadh droch- eallaigh. Is ionann droch-bhó agus bó mhaith do bheathughadh acht ní mar a chéile an sochar do gheibhtear asta, agus is mór an difridh- eacht a bhíonn sa luach lá an aonaigh. Rud eile dhe, má's olc is má's meathta stoc na hÉireann fé láthair, beidh siad ag éirighe seacht n-uaire níos measa le linn na haim- sire. Dá bhrígh sin caithfidh na feirmeóirí
brostughadh agus cómhairle do ghlacadh de réir an teagaisc atá ag an mBord dá chur amach, le tairbh fóghanta do sholáthar, &rl. Ní misde an rud céadna a rádh mar gheall ar an gcapall, an chaora, an mhuc, &rl. Dá fheabhas riamh a bheidh gach cineál aca so, sé is fearr 'ná a chéile. Muna dtugtar togha na haire do sna nidhthibh so, ní bheidh rath ná slacht ar an gcómh-oibriughadh ná séan ar an bhfeirmeóir. 10. Ní raibh saothar riamh i nÉirinn go gcuirtí níos mó suim ann 'ná déanamh an ime acht dáltha gach nós fóghanta bhí againn tá atharrughadh air le tréimhse, agus ní ar fheabhas é. Nuair bhí na seirbhísigh ag éirighe gann i nÉirinn agus an tuarastal ag éirighe dhóibh do mheas an feirmeóir gur bh'fheárr is gur shaoráidighe dhó a chuid leamhnacht do dhíol amach idir uachtar is íochtar. Bhí buidhean chiallmhar thall i Sasana, agus do choncadar cad do bhí ag teacht. Do ghluais- eadar anall, agus is mór an chomaoin do chuireadar ar an bhfeirmeóir. Do chuir- eadar deagh-chrut ar éadan na tíre le tighthe breaghtha, aolmhara do chur suas chum an leamhnacht do cheannach ón bhfeirmeóir. Do choimeádadar an t-uachtar is do thug- adar an dríodar thar n-ais dó. Is é tuairim a lán daoine gurab é an sciodar mí-fholláin seo príomh-adhbhar an mhilleadh do tháinig ar stoc na hÉireann, is do dhein seafaidí suaracha dhíobh. Má bhí easbha airgid ar an bhfeirmeóir, agus cachaoin ná raibh, thugadar dó go croidheamhail é; agus annsoin nuair bhí an cuibhreach fáiscithe go daingean air agus é sáithte i bhfiachaibh leó do thugadar 'pé luach ba mhéinn leó dhó ar a chuid leamhnacht. 11. Is aisteach an scéal é go bhféadann an coigcrigheach slighe bheathadh compórdach do sholáthar dó féin sa tír seo, agus go gcaithfidh an tÉireannach bheith ag cuardach críocha na cruinne ag lorg slighe bheathadh. Dá mbeadh comh-oibriughadh i measc na bhfeirmeóirí, thiocfadh leó, an t-uachtar is an t-íochtar, an toradh is an tairbhe go léir bheith fútha féin. Thiocfadh leó chur le chéile ag díol a gcuid ime is gan bheith bodhar ná balbh ar nós na “mBráithreacha Dubha,” acht fógraí do chur ins na páipéar- aibh go bhfuil an oiread soin im le díol aca, agus gabhaim-se orm nach fada go mbeadh ceannaightheóirí ar a méaraibh aca, agus nár ghábhadh dhóibh bheith ag braith ar na mangairíbh beaga atá leathta ar fuaid na tíre le déidheannaighe. Acht má éirigheann leó an margadh is aoirde do shroisint ní fuláir dóibh gach aon earra bheith ar fheabhas aca, is í bheith déanta suas go deas is go haicillidhe agus go mór mór gach nídh do bhaineann le him bheith chomh geal chomh glé is chomh glan agus is féidir é. Is mar seo do choingbheoghaid siad cáil an ime, a gcáil féin, agus cáil is clú na tíre saor ó mhasladh; agus beidh toradh dá réir aca. Seo an dara buntáiste atá le baint amach de bhárr chomh-oibriughadh .i. go mbéidh siad i n-ann an phighinn is aoirde d'fhagháil ar a bhfuil le díol aca. 12. Is mór an tairbhe atá le baint as uibhe na gcearc féin. Tá tíortha eile ar fuaid na Roinne Eórpa ag déanamh an t-uathbhás airgid ag cnuasach is ag díol ubh; acht dáltha an scéil tá oileamhaint agus tabhairt suas chuige ortha. Is mór go léir an bhreis do dhéanfadh cóirigheacht do mhuinntir na tuaithe i dtaobh na hoibre seo, agus is mór an luach do gheóbhaidís ar a gcuid ubh dá mbéidís i n-ann iad do sheól- adh amach go húr is go tráthamhail go dtí an margadh is feárr. Acht ní fuláir dóibh eólas a bheith aca ar gach nidh do bhaineas
leó sula raghaidís i gcomórtas le tíorthaibh iasachta. Tá dlighe aca i dtíorthaibh áirithe go gcaithfear an lá den mhí gur rugadh an t-ubh bheith graftha ar le stampa mar dheimh- niughadh go bhfuil an t-ubh úr; agus má gheibhtear amach nár cómhlíonadh an coin- gheall so go cneasta le duine ar bith, béarfar i láthair na cúirte é, agus íocfaidh sé go daor as. Ní mór do mhnáibh na tuaithe breathnughadh air seo nuair a bhíd ag lorg uibhe cearc amuigh ar fuaid na gcladhthach. 13. Ní féidir cur síos i n-aon aiste amháin an méid do thiocfadh le daoine dhéanamh ar a son féin is ar son na tíre dá mbeadh comhpháirteachas ar bun aca. I n-aon fhocal, tá cómh-oibriughadh oireamhnach do gach uile shaghas saothair, & dá mbeadh sé mar sciath-chosanta ag muinntir na hÉir- eann do bheadh a mhalairt de scéal le hinnsint 'n-a dtaobh. Anois gan trácht i n-aon chor ar olann-tiúscail, ar milbheach, ar líon, ná a leithéidí eile, tá céad rud i nÉirinn gur féidir saidhbhreas do bhaint asta agus ná cuirtear aon tsuim ionnta. Dá mb'iad fiú na sméara dúbha iad, déin- tear úsáid díobh i dtíorthaibh eile. Acht tá an feirmeóir Gaedhlach chomh neamh-mion sin gur lag leis trácht ar neithibh beaga suar- acha mar seo; agus b'fhéidir a mhac féin ag tuilleamh a phádh lae ag saothrughadh na rudaí seo thar lear. 14. Tá na cnoic is na sléibhte ar fuaid na hÉireann go lom beárrtha. Is maith d'fhásfadh adhmad ortha, agus is maith is is tairbheach an barra é. Bhí adhmad coille go flúirseach i nÉirinn i n-allód, acht tá níos lugha crann ag fás innti anois 'ná tá ins na tíorthaibh mór dtimcheall. Gan trácht i n-aon chor ar a luach, is mór an maitheas do dhéan- fadh adhmad don tír le foithin is foscadh do dhéanamh di ón ngarbh-shíon, &rl. Dá seas- óghadh feirmeóirí na hÉireann ar a mbonn- aibh, do b'fhéidir leó an obair seo do chur chum cinn, agus adhmad do chur ag fás ins an talamh atá ag bánughadh fé láthair. 15. Tá an scéal céadna le hinnsint i dtaobh na móna. Do b'fhéidir í ghléasadh i dtreó go mbainfidhe a lán eile saidhbhris aisti, acht ní feárr bheith ag cainnt. I ndiaidh a chéile 'seadh tógtar na caisleáin, agus ní féidir gach aon rud a dhéanamh de gheit. 16. Is mór a raghadh sé chum tairbhe dhóibh seo go mbeadh cóirigheacht ar bun aca tespeánadh bheith aca anois is arís, agus na daoine bheith ag iomaidheacht le chéile. Mar bhárr air seo bheadh na daoine ag foghluim ó n-a chéile, agus ag dul i gclisteacht is i n-acillidheacht i gcomhnuidhe. Ní'l aon rud do tharraingeann amach intleacht, deagh-intinn is fíor-spioraid na ndaoine chomh mór le comórtas do chur ar bun eatortha. 17. Ó am go ham beidh rudaí ag teacht crosta ortha, agus beidh námhaid ag éirighe 'n-a gcoinnibh annso is annsúd, acht i n-ionad díoghbháil a dhéanam is amhlaidh a ghríosfaidh na nidhthe seo suas iad chum tuilleadh maitheasa. Ní'l námhaid is measa aca anois go háirithe 'ná lucht na mbóthar iarainn, acht is furas smacht do chur ortha- san dá mbeadh misneach ar na daoinibh chun tabhairt fútha. Tá an Ruisíneach ag cur luach milliún phúnt d'im isteach go Sasana gach bliadhain, agus tá an Lochlannach ag seóladh luach ocht milliún púnt d'im isteach, gan trácht ar aon earraidh eile. Nach mór an éagcóir go gcaithfidh an tÉireannach an dá oiread leo san d'íoc ar a chuid earraidhe do chur anonn go Lúndainn. An fhaid is bheidh an scéal mar sin ní'l aon
bhreith ag an bhfeirmeóir Gaedhlach ar an luach ceart d'fhagháil ar thoradh na talmhan; óir beireann costas an bhóthair cuid mhór den tairbhe leis. Dá bhrígh sin caithfidh feirmeóirí na hÉireann a n-arm bheith gléasta chum seasamh a gcirt. 18. Deireadh gach soiscéil an t-airgead, agus ní féidir an obair do chur chum cinn gan beag mhór éigin de. Tá a fhios ag an saoghal go bhfuil Éire gann i n-airgead, acht ar a shon soin ní hé an ganntanas an chuid is measa den scéal, acht ná fuil muinntir na hÉireann féin ag déanamh úsáid cheart den mhéid atá aca dhe, acht ag seóladh na mílte punnt tar sáile gach bliadhain ag tabhairt luach neamh-meadhonach ar thogha droch-earraidhe agus ag leigint dá n-earraidhibh féin imtheacht ar neamh-nídh; nó mar adeir an sean-fhocal, “ag díol meala is ag ceannach milseán.” Tá aon rud amháin cinnte go háirithe agus is cóir gan dearmhad a dhéanamh de, .i. is í cloch- bhuinn na hoibre ar fad airgead na tíre bheith ag dul chum tairbhe na tíre; agus munab amhlaidh dó, ní'l acht “chomhrádh dighe” nó cainnt san aér bheith ag trácht ar chomh-oibriughadh. 19. Is féidir le gach fuirinn feirmeóirí bannc do chur ar bun, agus an oiread san d'éileamh ó gach nduine aca mar bhunadhas chun tosnughadh a dhéanamh. Badh cheart dóibh socrughadh ar shuim éigin áirithe do ghlacadh ó gach n-aon agus gan níos mó ná níos lugha do bheith sa bhannc ag éinne amháin. Óir dá mbeadh feirmeóir láidir 'n-a measc d'fhéadfadh b'fhéidir céad púnt do chur isteach, agus b'fhéidir go raghadh fiche gabháltuidhe beaga chum an méid sin a dhéanamh suas. Acht nuair a bheadh an suim céadna istigh aca go léir tríd is tríd, do bheadh an feirmeóir lag chomh cúramach ar an gnó, agus an oiread spéis aige ann, leis an bhfeirmeóir láidir, óir is é an tairbhe chéadna do bheadh aca go léir le baint as. Tig leó comhaltas, &rl., do thoghadh eatortha féin, is níor ghábhadh aon oifigeach do bheith aca dá íoc acht Rúnuidhe. Beadh sé ortha riaghlacha feidhmeamhla do chur ar bun chun an ghnó do stiúrughadh. D'fheádfadh siad airgead do thabhairt amach ar iasacht do lucht céirde nó d'éinne eile go mbeadh cáil fhoghanta air, agus do thabharfadh bannaí uaidh go n-íocfadh sé an t-airgead tar n-ais go macánta. Ní gábhadh dhóibh dul taobh amuigh dá gceanntar féin; mar seo do coimeádfaidhe an t-airgead ag gluaiseacht mór-dtimcheall eatortha, agus do b'fheárrde muinntir na háite soin. Badh mhaith an rud dóibh fear acmhuinneach go mbeadh gustal aige do bheith n-a chisteóir aca, agus níor mhiste dhó eólas a bheith aige ar cionnus airgead do riarughadh is do chur chun tairbhe. Beadh sé d'fhiachaibh ortha teacht i gcionn a chéile uair sa mhí ar a laighead, chun gach nídh do scrúdughadh, chun éisteacht le daoine go dteastóghadh airgead uatha, &rl. Níor ghábhadh theacht mar seo acht na treóruighthe nó an comhaltas. Tá mórán bancanna dhen tsórt so i dtíorthaibh eile, agus cé go bhfuil cuid aca ar siubhal le caogad bliadhain anois, tá sé le rádh aca i n-ar chuaidh d'airgid tríotha ó shoin ná fuil siad ruadh-phinginn caillte leó ó thúis deireadh; agus ní hiongnadh go mbeadh siad go maoidhteach n-a thaobh. Rud eile dhe, is iomdha duine bhí ar tí imtheacht le fán an tsaoghail de cheal maoine gur chuireadar ar a bhonnaibh arís é, agus spioraid nua 'n-a chroidhe. 20. Do réir mar bheidís ag dul ar aghaidh do b'fhéidir leó tigh earraidhe nó stór do
thógaint agus airgead do thógaint ón mbannc ar iasacht chun síol, leasughadh, gléas oibre, &rl., do cheannach; agus chun fios do chur ortha i dteannta a chéile i dtreó go mbeidís aca ar an gcéad chostas. Is féidir leó iad so do dhíol tar n-ais i bhfad níos saoire ná gheobhthaidhe ins na siopaíbh iad. Rud eile, bheidís ag ceannach uatha féin, agus “bheadh an croiceann 's a luach” aca. Nuair a bheadh earraidhe le díol aca d'fhéad- faidhe iad do chur i gcoimeád sa stór céadna chun go dtiocfadh ceannaightheóir do bhéarfadh leis iad. Is éachtach an bhuntáiste atá le baint as obair mar seo. Ní bheidh aon cháirde sa scéal, agus is é an cáirde atá cionntach le mórán do mhí- fhortúin an fheirmeóra óir 'pé olc maith leis é nuair a bheidh sé ag ceannach ar cáirde caithfidh sé an phinginn is aoirde thabhairt ar an drabhfuigheall is measa, agus n-a theannta soin bheith buidheach beannachtach i dtaobh é fhagháil i n-aon chor. 21. Seadh, is dóigh le feirmeóirí na hÉireann dá mbeadh an tighearna talmhan díscithe go mbeadh gach aon rud ar a dtoil féin aca, agus ná beadh bac ortha maireach- taint ar a suaimhneas i n-aimhdheóin gach tubaiste. Ní gearánta ortha bheith cortha cráidhte ón dtighearna talmhan, mar b'olc an earra é. Acht ar a shon-san, dá mbeadh talamh na hÉireann saor ó chíos i mbárach aca, ní thiocfadh leó dul céim ar aghaidh dá bhárr an fhaid is bheidís scaipighthe scaoilte gan chuing gan cheangal féibh mar atáid. Dá mbeadh milliún timthire ar an mbóthar ag Bórd na hOibre Talmhan, agus gach duine aca bheith 'n-a chainnteóir chomh cliste le Demostén, ní bheadh dada de bhárr a gcuid teagasc gan comh-oibriughadh. Tá dhá rogha ag feirmeóiríbh na hÉireann anois, leigint don talamh rith amach bán is leigint dá sliocht imtheacht le fán an tsaoghail, nó aontughadh le chéile go dlúth dáríribh agus saothar na talmhan d'aithbheochaint. Ní dócha go mbeidh an tighearna talmhan aca feasta chun an milleán do chur air; agus má theip- eann ortha slighe bheathadh do sholáthar tré n-a bhfaillighe is a neamh-shuim féin, agus bheith ag gearán is ag cásamh mar ba ghnáthach, ní thabharfar aon toradh ortha acht leigint dóibh bheith 'ghá mbrúghadh fútha “fear na bó féin fé n-a hearball” feasta. 22. Má aontuigheann feirmeóirí na hÉir- eann mar seo ní baoghal ná go raghaidh siad chun cinn go tapaidh, agus nach gábhadh dhóibh a gceann do chromadh os comhair aon náisiún ar dhruim an domhain. Éireóghaidh cáirdeas agus dlúth-mhuinnteardhas eat- ortha de bhárr an chomhpháirteachais, agus cuirfear aighneas is acharann ar leath- taoibh. Acht tá aon nídh amháin nár chóir dhóibh a dhearmhad, .i. gurab í Éire a dtír dhúthchais, agus ar aon choinghioll ná ar aon bhuntáiste nár cheart dóibh í thréigint do dhúthchas choigcrigheach. Dá bhrígh sin, ná bídís chomh neamh-maitheach soin is a chuimh- niughadh ná luigheann sé ortha cabhrughadh agus cuidiughadh le gach nídh do bhaineas le tairbhe na tíre, idir cheárd agus ceann- aigheacht, agus le gach dream atá ag iarraidh Éire do thógáilt as an log. Dá mbeadh muinntir na hÉireann go huile ar aon toil aigne i dtaobh na nidhthe seo, agus ag obair as láimh a chéile, is geárr go dtioc- fadh atharrughadh ar éadan na tíre; go mbeadh gleannta féarmhara is machairí míne na hÉireann le feicsint arís faoi thoradh is faoi bhláth; na daoine ag mair- eachtaint ar scáith a chéile, gan éad gan formad eatortha; agus féile, flúirse, is fairsinge le fagháil i measc Clanna Gaedh- eal i bhfearann a sinsear.
Tagra. 1. Cainnt is cur síos, article and essay. An t-oighre ceart, the real owner. Tá gach aon deallramh, in all probability. Seilbh sheascanta, undisturbed possession. 2. Ag treabhadh an donais, in difficulties. Éirighe cinn, preferment, looking upwards. Céim ar aghaidh, advancement. Dul i gomórtas go into competition with the for- eigner. Lán-oilte, very expert. Comh-pháirteachas, co-operation, partnership. Amuigh is i mbaile, “at home and abroad.” 3. I leitheadaibh beaga, in small divisions, “widths.” Gabháltuidhe, a farmer, land-holder. 4. Imshníomhthach, diligent. I n-am 'is i n-anntráth, in season and out of season. Beag mhór éigin, some little or much. Ag brácáil is ag útamail, working laboriously. Oileamhaint cheart, proper teaching, up-bringing. Ní thagann luas, &rl., “Quickness and precision do not march together.” Gur dhóigh le duine air, one would imagine from hearing him. An bhó, &rl., “the cow that is least good lows most.” 5. Bord na hOibre Talmhan, the Department of Agriculture. Dá gcuirtí chuige, if people set about it. I dtíorthaibh lasmuigh, in other countries. Buntáisceach, advantageous. 6. Aondacht, unity. Cóirigheacht (comhairidheacht), co-operation. An oiread taitighe, &rl., such an acquaintance with “associations.” Cur amach, showing energy. 7. Eólus agus oideachas, learning and education. Dílis dá chéile, loyal to each other. Gan bladhmann ná buirbeacht, without loud or empty talk. 8. Cuir i gcás, suppose. An oiread san cuireadóireacht, to have a certain amount of tillage in proportion to the amount of land in his possession. Geall le súil le huaigh, like expecting death. I dtabhairt taoibh le, depending on. Le neart miorbhúille, by a miracle. De réir mar bheidh an síol, according as the seed and manure fit the soil, so will be the crop. An príomh-cheannuightheóir d'aimsiughadh, go to the head-merchant. Droch-earra do shleamhnughadh ortha, to pass off a bad article on them. 9. Is eólgaisighe, most knowing. Ag dul chun deiridh, getting bad. Iarmhairí gan toirt, wretched creatures without size or substance. Na Comhairlí Conntaethe, the County Councils. 10. Ní ar fheabhas é, not for its good. Gur shaoráidighe dhó, that it would be cheaper for him. Deagh-chrut, a good appearance. Sciodar, sour an broken milk. Sáithte i bhfiachaibh leó, fixed in debt to them. 11. Bheith fútha fein, to be at their own disposal. “Na Bráithreacha Dubha,” “the Dark Brothers,” a modern term, applied to manufacturers who do not advertise their wares sufficiently. Ar a méaraibh, “on their fingers,” in plenty. 12. An Roinn Eórpa, the Continent. An t-uathbhás airgid, a surprising amount of money. graftha, written, marked. Ar fuaid na gcladhthach, by the ditches. 13. Sciath-chosanta, a shield of defence. Olann tiúscail, woollen industry. Dá mb'iad, &rl., the very blackberries even. Neamh-mion, heedless of small things. 14. I n-allód, long ago. Ón ngarbhshíon, from stormy weather. Ag bánughadh, lying derelict, fallow. 15. De gheit, suddenly. 16. Ag iomaidheacht, competing. Intleacht, &rl., intellect, mental powers and cour- age. 17. Ag teacht crosta ortha, militating against them. Lucht na mbóthar iarainn, the railway companies. Tabhairt fútha, stand up to them, challenge them. An Ruisíneach, the Russian. An Lochlannach, the Dane. Chun seasamh a gcirt, to stand out for their rights. deireadh gach soiscéil, &rl., the pith of every dis- course is 'money'. Neamh-meadhonach, unreasonable, dear. Cloch-bhuinn, foundation stone. 19. Mar bhunadhas, for capital. Ar shuim éigin áirithe, on a certain fixed sum. Tríd is tríd, throughout. Níor gábhadh aon oifigeach, the only officer that it would be necessary to pay would be the Secretary. Bannaí, bonds sureties. Cisteóir, treasurer. Na treóruidhthe, the directors. 'Nar chuaidh d'airgead tríotha, considering all the money that passed through them, they did not lose a penny by them from first to last. 20. Tigh earraidhe, a warehouse. Cáirde, respite. Mí-fhortún, misfortune. Drabhfuigheall, dregs, remnant. 21. Maireachtaint ar a suaimhneas, live at ease.
Ní gearánta ortha, they must not be blamed. B'olc an earra é, he was a bad article. Timthire, an organiser. Rith amach bán, to turn into grass. Saothar na talmhan, to revive tillage. Ag cásamh, complaining. Ní tabharfar toradh ortha, they will not be listened to. Gá mbrúghadh fútha, keep their complaints to them- selves. 22. A gceann do cromadh, to be ashamed. Aighneas agus acharann, disputing and fighting. Í tréigint do dhúthchas, to forsake it for a foreign land. Neamh-maitheach, indifferent, unkind. Idir cheárd is ceannuigheacht, both in trade and commerce. Ar scáith a chéile, in each other's protection, weal.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services