Comhairidheacht Chun Feirmeóireachta.
[Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais .i. duais an
Mhaolánaigh, i nIomaidheacht an Í., ar Oireachtus 1903.
B'é Pádraig Ó Súilleabháin ó Dhúinín, Sráid an
Mhuilinn, Co. Chorcaighe, a bhuaidh é. Seo mar adubh-
airt na breitheamhain ag tagairt dó: “A very fine
essay, as to language, style, thought, scope, and
arrangement.”]
1. Is iomdha dlighe do ceapadh is do
cumadh, agus is iomdha cainnt is cur síos
do rinneadh mar gheall ar nidhthibh do bhain
le cíos is le talamh na hEireann le breis
is fiche bliadhain gan dul siar níos sia.
B'é brígh an scéil ó thúis deireadh, féachaint
cia aca an tighearna talmhan nó an feir-
meóir an t-oighre ceart. Anois ó thárla go
bhfuil an Riaghaltas dá admháil i ndeireadh
na scríbe gur don té do shileann allus a
ghruadh ag saothrughadh an talaimh is dual an
luach saothair, tá gach aon deallramh gur
geárr go mbeidh deireadh le cogadh na
gcíos i nÉirinn agus go mbeidh seilbh sheas-
canta ag feirmeóirí na tíre i dtalamh a
sinsear.
2. Gan amhras is mithid roinnt dá gcuid
féin do bhronnadh ortha, óir is fada iad ag
treabhadh an donais is ag iarraidh troid
i n-aghaidh na héagcóra, agus gan éirighe
cinn ná céim ar aghaidh le fagháil aca. Acht
ná ceapaidís ar a shon-san go bhfuil críoch
leis an gcoimheascar fós; óir má tá siad
ar intinn maireachtaint go neamhspleadhach
i n-a dtír féin caithfid siad dul i gcom-
órtas leis an gcoigcrigheach ar na mar-
gaidhibh, agus le feirmeóirí atá lán-oilte
i ngach uile shaghas saothair do bhaineas le
feirmeóireacht agus le comhpháirteachas
freisin. Dá bhrígh sin ní fuláir dóibh bros-
tughadh agus cur le chéile go dílis dlúth;
agus go mór mór anois nuair atá gach
dream is aicme amuigh is i mbaile ag aon-
tughadh agus ag seasamh ar a mbonnaibh
féin chum a gcirt do chosnamh.
3. Tá fiche milliún éigin acra talamh
i nÉirinn, agus is ait mar atá sé roinnte.
Tá an talamh mín leasaighthe roinnte amach
i bhfeirmeachaibh fada fairseanga agus an
talamh garbh mí-thairbheach i leitheadaibh
beaga, is gan ionnta acht tuairim cúpla
acra. Tá sé áirmhighthe go bhfuil níos mó
ná trí fichid míle gabháltuidhe beaga den
tsaghas so tré fhaid agus leithead na tíre.
4. I measc na ndaoine atá ag iarraidh
slighe bheathadh do bhaint amach as talamh na
hÉireann tá trí dream: .i. tá an feirmeóir
imshníomhthach do thugann togha na haire dá
ghnó i n-am is i n-anntráth, agus dá bhrígh
sin go mbíonn gach aon rud réitighthe,
ceartuighthe aige go slachtmhar is go tráth-
amhail. Siúd is go bhfuil trom-ualach na
cíosa ag goilleamhaint air sin b'fhéidir chómh
maith le cách, ní baoghal ná go mbíonn beag
mhór éigin aige le tespeáint de bhárr a
shaothair; nó muna mbíonn ní call dó aon
mhilleán a bheith aige air féin. An dara
fear, feirmeóir do bhíonn ag brácáil is ag
útamáil ar a mhíle dhícheall ó cheann ceann
na bliadhna, agus n-a dhiaidh-san, ná bíonn
rath ná bail ar a chuid oibre, de bhrígh ná
fuil an oileamhaint cheart air i dtaobh a
ghnótha, acht gach nídh ar tuathal aige istigh is
amuigh, óir “ní thagann luas is léire le n-a
chéile.” An tríomhadh duine, an feirmeóir
fuar fánach do leigeann dá ghnó dul i
bhfaillighe, agus dá chuid talaimh dul chun
fiadhaile is chun fiadhntanais de cheal leas-
ughadh nó saothrughadh, agus n-a dhiaidh-san
gur dhóigh le duine air go gcuirfeadh sé
cosa maide fé chirc, bíonn sé chómh bladh-
mannach árd-ghlórach soin. “An bhó is lugha
feidhm is í is mó géim.” An féidir an
triúr so do thabhairt le chéile chun obair
thairbheach bhunadhasach do chur chum cinn? Is
maith is fiú an cás iarracht do thabhairt fé
go háirithe.
5. Tá Bord na hOibre Talmhan ag bail-
iughadh is ag scaipeadh eólais fé láthair ar
an gcaoi is fearr chum tuilleadh toradh is
tairbhe do bhaint as an talamh, óir tá sé
cinnte go bhfuil talamh na hÉireann i n-ann
i bhfad is i bhfad eile níos mó toradh do
thabhairt ná mar atá dá bhaint as, dá
gcuirtí chuige mar is cóir. De réir mar atá
feirmeóirí i dtíorthaibh lasmuigh ag dul ar
aghaidh i dtaobh an ghnótha so, agus an deagh-
shompla atá aca 'ghá thespeáint ní'l amhras
go bhfuil slighe ar bith chomh tairbheach ná chomh
buntáisteach chum chur chuige ná cóirigheacht
nó cómhpháirteachas bheith i mbun na hoibre.
Is iomdha rud do thiocfadh le beirt a
dhéanamh ná héireóghadh le héinne amháin.
6. Ó's léir gur san aondacht atá an
buadh, agus ar an adhbhar sin is dá réir,
dá gcuireadh buidhean feirmeóirí le chéile
i gceanntar áirithe chum cóirigheacht i bhfeir-
meóireacht, cad iad na nidhthe is tábhacht-
aighe agus is mó bheadh ag teastáil uatha
chum cómh-oibhriughadh éifeachtach do chur ar
bun? Cé ná fuil daoine ar an dtalamh go
bhfuil an oiread taithighe aca ar chumannaibh
le muinntir na hÉireann is ró-bheag an cur
amach atá aca ar cionnus a n-intleacht is
a dtuigsint do chur chum tairbhe, acht ag
síor-bhraith ar intleacht is ar thuairim an fhir
thall. Dá bhrígh sin, nuair a tabharfar iarracht
ar iad d'aontughadh chun gnó éigin bunadhsach
do chur chum cinn beidh cuid aca agus ní
theastóghaidh uatha acht an focal chun luighe
isteach go toiltheanach, croidheamhail. Beidh
dream eile 'n-a measc nár mhiste capall
iarainn chun iad do tharraing isteach; agus
an tríomhadh dream ná raghadh i gcontabh-
airt le haon rud chun go bhfeicfeadh siad
cionnus do raghadh an scéal leis an gcuid
eile.
7. Ar an gcéad dul síos teastuigheann
eólas agus oideachas ó fheirmeóiríbh na
hÉireann i dtaobh na hoibre so. Caithfid
siad a smaointe do chur i bhfeidhm. As an
smaoineadh seadh thagann an gníomh. 'Pé
cómhairle do glacaid bheith dílis di. Dílis
dóibh féin is dílis dá chéile. Bídís ceap-
aighthe ar gach run-chómhairle is geallamhaint
do chómhlíonadh go hiomlán. Is féidir so
go léir do dhéanamh gan bladhmann ná
buirbeacht ná fós an iomad gleó, acht obair
chiallmhar, chneasta, chóir.
8. Cur i gcás go bhfuil gach aon rud
i gcóir is i gcrích aca, agus an obair ar
siubhal, 'sé an chéad rud badh cheart a
dhéanamh ná cur d'fhiachaibh ar gach aon duine
riamh den bhuidhin an oiread san curadóir-
eacht do bheith aige de réir an oiread talaimh
is tá i n-a sheilbh; óir is geall le súil le huaigh
bheith ag braith air go raghaidh tír na hÉireann
chun tosaigh an fhaid is bheidh sí i dtabhairt
taoibh le milliún acra go leith fé churadóir-
eacht gach bhliadhain. Ní thiocfaidh an ciste
aníos tríd an dtalamh le neart miorbhúile;
caithfear é rómhar amach. Do gheóbhadh muinn-
tir na hÉireann bás leis an ocras — dá laigh-
ead atá ann díobh — dá mbeidís ag braith
ar thoradh an méid sin talamh chum iad do
chothughadh. Theastóghaidh síol, leasughadh, uir-
lisí, etc., uatha agus caithfid siad eólas a
bheith aca ar cionnus togha síl, leasaighthe,
&rl., do sholáthar, i dtreó go mbeadh siad
oireamhnach don gceanntar sin; óir de
réir mar bheidh an síol agus an leasughadh
oireamhnach don ithir seadh bheidh an barra is
an toradh 'n-a dhiaidh-san. Ní mór dhóibh leis,
eólas d'fhagháil ar an slighe is feárr chum
an talamh d'ullmhughadh i gcomhair churadóir-
eachta. Nuair bheidh gach nídh réitighthe aca
féadaid cur le chéile chun na nidhthe seo do
cheannach. Sidí an chéad bhuntáiste atá le
baint amach aca de bhárr an chómh-oibriughadh,
.i. go mbeidh sé 'n-a gcumas a gcuid ear-
raidhe d'fhagháil i bhfad níos fearr agus níos
saoire 'ná dá mbeadh gach duine ag ceannach
ar a shon féin. Nuair a chuirid le chéile
mar seo féadaid an príomh-cheannaightheóir
d'aimsiughadh, agus gach nídh d'fhagháil ar an
gcéad chostas. Tiocfaidh as so go n-éireogh-
aidh comórtas idir na mangairíbh ar ball
ag cur somplaí síl, &rl., ag triall ortha,
gach duine aca ag iarraidh an tosach do
bheith aige féin, is ag díol chómh saor 's is
féidir leis é. Ní misde dho sna na feir-
meóiríbh ámh, fear eólgach do bheith 'n-a
measc chun gach nídh do scrúdughadh roimh ré
ar eagla go mbuailfidhe an bob ortha, i gan
fhios dóibh, le droch-earra do shleamhnughadh
ortha.
9. Sé tuairim na ndaoine is eólgaisighe
go bhfuil stoc na hÉireann ag dul chun
deiridh go héachtach le déidheanaighe, agus
ná fuil ionnta i gcompráid le stuic acht
iarmhairí gan toirt gan taca. Tá Bord na
hOibre Talmhan ag tabhairt iarracht fé
bhreis fheabhas do chur ortha, acht ní mór a
thiocfaidh leó dhéanamh muna gcuirfidh na
feirmeóirí is Cómhairlí Conntaethe le chéile
chun cabhrughadh leó. Ní'l aon chreachadh is
mó ná slighe is giorra chun bochtanais 'ná
bheith ag coimeád is ag cothughadh droch-
eallaigh. Is ionann droch-bhó agus bó mhaith
do bheathughadh acht ní mar a chéile an sochar
do gheibhtear asta, agus is mór an difridh-
eacht a bhíonn sa luach lá an aonaigh. Rud
eile dhe, má's olc is má's meathta stoc na
hÉireann fé láthair, beidh siad ag éirighe
seacht n-uaire níos measa le linn na haim-
sire. Dá bhrígh sin caithfidh na feirmeóirí
brostughadh agus cómhairle do ghlacadh de
réir an teagaisc atá ag an mBord dá chur
amach, le tairbh fóghanta do sholáthar, &rl.
Ní misde an rud céadna a rádh mar gheall
ar an gcapall, an chaora, an mhuc, &rl. Dá
fheabhas riamh a bheidh gach cineál aca so, sé
is fearr 'ná a chéile. Muna dtugtar togha
na haire do sna nidhthibh so, ní bheidh rath ná
slacht ar an gcómh-oibriughadh ná séan ar an
bhfeirmeóir.
10. Ní raibh saothar riamh i nÉirinn go
gcuirtí níos mó suim ann 'ná déanamh an
ime acht dáltha gach nós fóghanta bhí againn
tá atharrughadh air le tréimhse, agus ní ar
fheabhas é. Nuair bhí na seirbhísigh ag éirighe
gann i nÉirinn agus an tuarastal ag éirighe
dhóibh do mheas an feirmeóir gur bh'fheárr is
gur shaoráidighe dhó a chuid leamhnacht do
dhíol amach idir uachtar is íochtar. Bhí
buidhean chiallmhar thall i Sasana, agus do
choncadar cad do bhí ag teacht. Do ghluais-
eadar anall, agus is mór an chomaoin do
chuireadar ar an bhfeirmeóir. Do chuir-
eadar deagh-chrut ar éadan na tíre le
tighthe breaghtha, aolmhara do chur suas chum
an leamhnacht do cheannach ón bhfeirmeóir.
Do choimeádadar an t-uachtar is do thug-
adar an dríodar thar n-ais dó. Is é
tuairim a lán daoine gurab é an sciodar
mí-fholláin seo príomh-adhbhar an mhilleadh
do tháinig ar stoc na hÉireann, is do
dhein seafaidí suaracha dhíobh. Má bhí easbha
airgid ar an bhfeirmeóir, agus cachaoin ná
raibh, thugadar dó go croidheamhail é; agus
annsoin nuair bhí an cuibhreach fáiscithe go
daingean air agus é sáithte i bhfiachaibh leó
do thugadar 'pé luach ba mhéinn leó dhó ar
a chuid leamhnacht.
11. Is aisteach an scéal é go bhféadann
an coigcrigheach slighe bheathadh compórdach
do sholáthar dó féin sa tír seo, agus go
gcaithfidh an tÉireannach bheith ag cuardach
críocha na cruinne ag lorg slighe bheathadh.
Dá mbeadh comh-oibriughadh i measc na
bhfeirmeóirí, thiocfadh leó, an t-uachtar is
an t-íochtar, an toradh is an tairbhe go
léir bheith fútha féin. Thiocfadh leó chur le
chéile ag díol a gcuid ime is gan bheith
bodhar ná balbh ar nós na “mBráithreacha
Dubha,” acht fógraí do chur ins na páipéar-
aibh go bhfuil an oiread soin im le díol
aca, agus gabhaim-se orm nach fada go
mbeadh ceannaightheóirí ar a méaraibh aca,
agus nár ghábhadh dhóibh bheith ag braith ar na
mangairíbh beaga atá leathta ar fuaid na
tíre le déidheannaighe. Acht má éirigheann
leó an margadh is aoirde do shroisint ní
fuláir dóibh gach aon earra bheith ar fheabhas
aca, is í bheith déanta suas go deas is go
haicillidhe agus go mór mór gach nídh do
bhaineann le him bheith chomh geal chomh glé
is chomh glan agus is féidir é. Is mar seo
do choingbheoghaid siad cáil an ime, a
gcáil féin, agus cáil is clú na tíre saor ó
mhasladh; agus beidh toradh dá réir aca.
Seo an dara buntáiste atá le baint amach
de bhárr chomh-oibriughadh .i. go mbéidh siad
i n-ann an phighinn is aoirde d'fhagháil ar a
bhfuil le díol aca.
12. Is mór an tairbhe atá le baint as
uibhe na gcearc féin. Tá tíortha eile ar
fuaid na Roinne Eórpa ag déanamh an
t-uathbhás airgid ag cnuasach is ag díol ubh;
acht dáltha an scéil tá oileamhaint agus
tabhairt suas chuige ortha. Is mór go léir
an bhreis do dhéanfadh cóirigheacht do
mhuinntir na tuaithe i dtaobh na hoibre seo,
agus is mór an luach do gheóbhaidís ar a
gcuid ubh dá mbéidís i n-ann iad do sheól-
adh amach go húr is go tráthamhail go dtí
an margadh is feárr. Acht ní fuláir dóibh
eólas a bheith aca ar gach nidh do bhaineas
leó sula raghaidís i gcomórtas le tíorthaibh
iasachta. Tá dlighe aca i dtíorthaibh áirithe
go gcaithfear an lá den mhí gur rugadh an
t-ubh bheith graftha ar le stampa mar dheimh-
niughadh go bhfuil an t-ubh úr; agus má
gheibhtear amach nár cómhlíonadh an coin-
gheall so go cneasta le duine ar bith,
béarfar i láthair na cúirte é, agus íocfaidh
sé go daor as. Ní mór do mhnáibh na
tuaithe breathnughadh air seo nuair a bhíd ag
lorg uibhe cearc amuigh ar fuaid na
gcladhthach.
13. Ní féidir cur síos i n-aon aiste
amháin an méid do thiocfadh le daoine
dhéanamh ar a son féin is ar son na tíre
dá mbeadh comhpháirteachas ar bun aca. I
n-aon fhocal, tá cómh-oibriughadh oireamhnach
do gach uile shaghas saothair, & dá mbeadh sé
mar sciath-chosanta ag muinntir na hÉir-
eann do bheadh a mhalairt de scéal le
hinnsint 'n-a dtaobh. Anois gan trácht i
n-aon chor ar olann-tiúscail, ar milbheach,
ar líon, ná a leithéidí eile, tá céad rud i
nÉirinn gur féidir saidhbhreas do bhaint
asta agus ná cuirtear aon tsuim ionnta.
Dá mb'iad fiú na sméara dúbha iad, déin-
tear úsáid díobh i dtíorthaibh eile. Acht tá
an feirmeóir Gaedhlach chomh neamh-mion sin
gur lag leis trácht ar neithibh beaga suar-
acha mar seo; agus b'fhéidir a mhac féin ag
tuilleamh a phádh lae ag saothrughadh na
rudaí seo thar lear.
14. Tá na cnoic is na sléibhte ar fuaid
na hÉireann go lom beárrtha. Is maith
d'fhásfadh adhmad ortha, agus is maith is is
tairbheach an barra é. Bhí adhmad coille go
flúirseach i nÉirinn i n-allód, acht tá níos
lugha crann ag fás innti anois 'ná tá ins na
tíorthaibh mór dtimcheall. Gan trácht i n-aon
chor ar a luach, is mór an maitheas do dhéan-
fadh adhmad don tír le foithin is foscadh do
dhéanamh di ón ngarbh-shíon, &rl. Dá seas-
óghadh feirmeóirí na hÉireann ar a mbonn-
aibh, do b'fhéidir leó an obair seo do chur
chum cinn, agus adhmad do chur ag fás
ins an talamh atá ag bánughadh fé láthair.
15. Tá an scéal céadna le hinnsint i
dtaobh na móna. Do b'fhéidir í ghléasadh i
dtreó go mbainfidhe a lán eile saidhbhris
aisti, acht ní feárr bheith ag cainnt. I
ndiaidh a chéile 'seadh tógtar na caisleáin,
agus ní féidir gach aon rud a dhéanamh de
gheit.
16. Is mór a raghadh sé chum tairbhe dhóibh
seo go mbeadh cóirigheacht ar bun aca
tespeánadh bheith aca anois is arís, agus
na daoine bheith ag iomaidheacht le chéile.
Mar bhárr air seo bheadh na daoine ag
foghluim ó n-a chéile, agus ag dul i
gclisteacht is i n-acillidheacht i gcomhnuidhe.
Ní'l aon rud do tharraingeann amach
intleacht, deagh-intinn is fíor-spioraid na
ndaoine chomh mór le comórtas do chur ar
bun eatortha.
17. Ó am go ham beidh rudaí ag teacht
crosta ortha, agus beidh námhaid ag éirighe
'n-a gcoinnibh annso is annsúd, acht i
n-ionad díoghbháil a dhéanam is amhlaidh a
ghríosfaidh na nidhthe seo suas iad chum
tuilleadh maitheasa. Ní'l námhaid is measa
aca anois go háirithe 'ná lucht na mbóthar
iarainn, acht is furas smacht do chur ortha-
san dá mbeadh misneach ar na daoinibh chun
tabhairt fútha. Tá an Ruisíneach ag cur
luach milliún phúnt d'im isteach go Sasana
gach bliadhain, agus tá an Lochlannach ag
seóladh luach ocht milliún púnt d'im isteach,
gan trácht ar aon earraidh eile. Nach mór
an éagcóir go gcaithfidh an tÉireannach an
dá oiread leo san d'íoc ar a chuid
earraidhe do chur anonn go Lúndainn.
An fhaid is bheidh an scéal mar sin ní'l aon
bhreith ag an bhfeirmeóir Gaedhlach ar an
luach ceart d'fhagháil ar thoradh na talmhan;
óir beireann costas an bhóthair cuid mhór
den tairbhe leis. Dá bhrígh sin caithfidh
feirmeóirí na hÉireann a n-arm bheith
gléasta chum seasamh a gcirt.
18. Deireadh gach soiscéil an t-airgead,
agus ní féidir an obair do chur chum cinn
gan beag mhór éigin de. Tá a fhios ag an
saoghal go bhfuil Éire gann i n-airgead,
acht ar a shon soin ní hé an ganntanas an
chuid is measa den scéal, acht ná fuil
muinntir na hÉireann féin ag déanamh
úsáid cheart den mhéid atá aca dhe, acht ag
seóladh na mílte punnt tar sáile gach
bliadhain ag tabhairt luach neamh-meadhonach
ar thogha droch-earraidhe agus ag leigint
dá n-earraidhibh féin imtheacht ar neamh-nídh;
nó mar adeir an sean-fhocal, “ag díol
meala is ag ceannach milseán.” Tá aon
rud amháin cinnte go háirithe agus is cóir
gan dearmhad a dhéanamh de, .i. is í cloch-
bhuinn na hoibre ar fad airgead na tíre
bheith ag dul chum tairbhe na tíre; agus
munab amhlaidh dó, ní'l acht “chomhrádh
dighe” nó cainnt san aér bheith ag trácht
ar chomh-oibriughadh.
19. Is féidir le gach fuirinn feirmeóirí
bannc do chur ar bun, agus an oiread san
d'éileamh ó gach nduine aca mar bhunadhas
chun tosnughadh a dhéanamh. Badh cheart
dóibh socrughadh ar shuim éigin áirithe do
ghlacadh ó gach n-aon agus gan níos mó ná
níos lugha do bheith sa bhannc ag éinne
amháin. Óir dá mbeadh feirmeóir láidir
'n-a measc d'fhéadfadh b'fhéidir céad
púnt do chur isteach, agus b'fhéidir go
raghadh fiche gabháltuidhe beaga chum an
méid sin a dhéanamh suas. Acht nuair a
bheadh an suim céadna istigh aca go léir
tríd is tríd, do bheadh an feirmeóir lag
chomh cúramach ar an gnó, agus an oiread
spéis aige ann, leis an bhfeirmeóir láidir,
óir is é an tairbhe chéadna do bheadh aca go
léir le baint as. Tig leó comhaltas, &rl.,
do thoghadh eatortha féin, is níor ghábhadh aon
oifigeach do bheith aca dá íoc acht Rúnuidhe.
Beadh sé ortha riaghlacha feidhmeamhla do
chur ar bun chun an ghnó do stiúrughadh.
D'fheádfadh siad airgead do thabhairt amach
ar iasacht do lucht céirde nó d'éinne eile
go mbeadh cáil fhoghanta air, agus do
thabharfadh bannaí uaidh go n-íocfadh sé an
t-airgead tar n-ais go macánta. Ní
gábhadh dhóibh dul taobh amuigh dá gceanntar
féin; mar seo do coimeádfaidhe an
t-airgead ag gluaiseacht mór-dtimcheall
eatortha, agus do b'fheárrde muinntir na
háite soin. Badh mhaith an rud dóibh fear
acmhuinneach go mbeadh gustal aige do
bheith n-a chisteóir aca, agus níor mhiste dhó
eólas a bheith aige ar cionnus airgead do
riarughadh is do chur chun tairbhe. Beadh sé
d'fhiachaibh ortha teacht i gcionn a chéile uair
sa mhí ar a laighead, chun gach nídh do
scrúdughadh, chun éisteacht le daoine go
dteastóghadh airgead uatha, &rl. Níor
ghábhadh theacht mar seo acht na treóruighthe
nó an comhaltas. Tá mórán bancanna
dhen tsórt so i dtíorthaibh eile, agus cé go
bhfuil cuid aca ar siubhal le caogad
bliadhain anois, tá sé le rádh aca i n-ar
chuaidh d'airgid tríotha ó shoin ná fuil siad
ruadh-phinginn caillte leó ó thúis deireadh;
agus ní hiongnadh go mbeadh siad go
maoidhteach n-a thaobh. Rud eile dhe, is
iomdha duine bhí ar tí imtheacht le fán an
tsaoghail de cheal maoine gur chuireadar
ar a bhonnaibh arís é, agus spioraid nua
'n-a chroidhe.
20. Do réir mar bheidís ag dul ar aghaidh
do b'fhéidir leó tigh earraidhe nó stór do
thógaint agus airgead do thógaint ón
mbannc ar iasacht chun síol, leasughadh,
gléas oibre, &rl., do cheannach; agus chun
fios do chur ortha i dteannta a chéile i dtreó
go mbeidís aca ar an gcéad chostas. Is
féidir leó iad so do dhíol tar n-ais i bhfad
níos saoire ná gheobhthaidhe ins na siopaíbh
iad. Rud eile, bheidís ag ceannach uatha féin,
agus “bheadh an croiceann 's a luach” aca.
Nuair a bheadh earraidhe le díol aca d'fhéad-
faidhe iad do chur i gcoimeád sa stór
céadna chun go dtiocfadh ceannaightheóir
do bhéarfadh leis iad. Is éachtach an
bhuntáiste atá le baint as obair mar seo.
Ní bheidh aon cháirde sa scéal, agus is é an
cáirde atá cionntach le mórán do mhí-
fhortúin an fheirmeóra óir 'pé olc maith leis
é nuair a bheidh sé ag ceannach ar cáirde
caithfidh sé an phinginn is aoirde thabhairt ar
an drabhfuigheall is measa, agus n-a
theannta soin bheith buidheach beannachtach i
dtaobh é fhagháil i n-aon chor.
21. Seadh, is dóigh le feirmeóirí na
hÉireann dá mbeadh an tighearna talmhan
díscithe go mbeadh gach aon rud ar a dtoil
féin aca, agus ná beadh bac ortha maireach-
taint ar a suaimhneas i n-aimhdheóin gach
tubaiste. Ní gearánta ortha bheith cortha
cráidhte ón dtighearna talmhan, mar b'olc
an earra é. Acht ar a shon-san, dá mbeadh
talamh na hÉireann saor ó chíos i mbárach
aca, ní thiocfadh leó dul céim ar aghaidh dá
bhárr an fhaid is bheidís scaipighthe scaoilte
gan chuing gan cheangal féibh mar atáid.
Dá mbeadh milliún timthire ar an mbóthar
ag Bórd na hOibre Talmhan, agus gach
duine aca bheith 'n-a chainnteóir chomh cliste
le Demostén, ní bheadh dada de bhárr a
gcuid teagasc gan comh-oibriughadh. Tá dhá
rogha ag feirmeóiríbh na hÉireann anois,
leigint don talamh rith amach bán is leigint
dá sliocht imtheacht le fán an tsaoghail, nó
aontughadh le chéile go dlúth dáríribh agus
saothar na talmhan d'aithbheochaint. Ní dócha
go mbeidh an tighearna talmhan aca feasta
chun an milleán do chur air; agus má theip-
eann ortha slighe bheathadh do sholáthar tré
n-a bhfaillighe is a neamh-shuim féin, agus
bheith ag gearán is ag cásamh mar ba
ghnáthach, ní thabharfar aon toradh ortha acht
leigint dóibh bheith 'ghá mbrúghadh fútha “fear
na bó féin fé n-a hearball” feasta.
22. Má aontuigheann feirmeóirí na hÉir-
eann mar seo ní baoghal ná go raghaidh
siad chun cinn go tapaidh, agus nach gábhadh
dhóibh a gceann do chromadh os comhair aon
náisiún ar dhruim an domhain. Éireóghaidh
cáirdeas agus dlúth-mhuinnteardhas eat-
ortha de bhárr an chomhpháirteachais, agus
cuirfear aighneas is acharann ar leath-
taoibh. Acht tá aon nídh amháin nár chóir
dhóibh a dhearmhad, .i. gurab í Éire a dtír
dhúthchais, agus ar aon choinghioll ná ar aon
bhuntáiste nár cheart dóibh í thréigint do
dhúthchas choigcrigheach. Dá bhrígh sin, ná
bídís chomh neamh-maitheach soin is a chuimh-
niughadh ná luigheann sé ortha cabhrughadh
agus cuidiughadh le gach nídh do bhaineas
le tairbhe na tíre, idir cheárd agus ceann-
aigheacht, agus le gach dream atá ag iarraidh
Éire do thógáilt as an log. Dá mbeadh
muinntir na hÉireann go huile ar aon
toil aigne i dtaobh na nidhthe seo, agus ag
obair as láimh a chéile, is geárr go dtioc-
fadh atharrughadh ar éadan na tíre; go
mbeadh gleannta féarmhara is machairí
míne na hÉireann le feicsint arís faoi
thoradh is faoi bhláth; na daoine ag mair-
eachtaint ar scáith a chéile, gan éad gan
formad eatortha; agus féile, flúirse, is
fairsinge le fagháil i measc Clanna Gaedh-
eal i bhfearann a sinsear.
Tagra.
1. Cainnt is cur síos, article and essay.
An t-oighre ceart, the real owner.
Tá gach aon deallramh, in all probability.
Seilbh sheascanta, undisturbed possession.
2. Ag treabhadh an donais, in difficulties.
Éirighe cinn, preferment, looking upwards.
Céim ar aghaidh, advancement.
Dul i gomórtas go into competition with the for-
eigner.
Lán-oilte, very expert.
Comh-pháirteachas, co-operation, partnership.
Amuigh is i mbaile, “at home and abroad.”
3. I leitheadaibh beaga, in small divisions, “widths.”
Gabháltuidhe, a farmer, land-holder.
4. Imshníomhthach, diligent.
I n-am 'is i n-anntráth, in season and out of season.
Beag mhór éigin, some little or much.
Ag brácáil is ag útamail, working laboriously.
Oileamhaint cheart, proper teaching, up-bringing.
Ní thagann luas, &rl., “Quickness and precision do
not march together.”
Gur dhóigh le duine air, one would imagine from
hearing him.
An bhó, &rl., “the cow that is least good lows
most.”
5. Bord na hOibre Talmhan, the Department of
Agriculture.
Dá gcuirtí chuige, if people set about it.
I dtíorthaibh lasmuigh, in other countries.
Buntáisceach, advantageous.
6. Aondacht, unity.
Cóirigheacht (comhairidheacht), co-operation.
An oiread taitighe, &rl., such an acquaintance with
“associations.”
Cur amach, showing energy.
7. Eólus agus oideachas, learning and education.
Dílis dá chéile, loyal to each other.
Gan bladhmann ná buirbeacht, without loud or
empty talk.
8. Cuir i gcás, suppose.
An oiread san cuireadóireacht, to have a certain
amount of tillage in proportion to the amount of land
in his possession.
Geall le súil le huaigh, like expecting death.
I dtabhairt taoibh le, depending on.
Le neart miorbhúille, by a miracle.
De réir mar bheidh an síol, according as the seed
and manure fit the soil, so will be the crop.
An príomh-cheannuightheóir d'aimsiughadh, go to the
head-merchant.
Droch-earra do shleamhnughadh ortha, to pass off a bad
article on them.
9. Is eólgaisighe, most knowing.
Ag dul chun deiridh, getting bad.
Iarmhairí gan toirt, wretched creatures without
size or substance.
Na Comhairlí Conntaethe, the County Councils.
10. Ní ar fheabhas é, not for its good.
Gur shaoráidighe dhó, that it would be cheaper for
him.
Deagh-chrut, a good appearance.
Sciodar, sour an broken milk.
Sáithte i bhfiachaibh leó, fixed in debt to them.
11. Bheith fútha fein, to be at their own disposal.
“Na Bráithreacha Dubha,” “the Dark Brothers,” a
modern term, applied to manufacturers who do not
advertise their wares sufficiently.
Ar a méaraibh, “on their fingers,” in plenty.
12. An Roinn Eórpa, the Continent.
An t-uathbhás airgid, a surprising amount of money.
graftha, written, marked.
Ar fuaid na gcladhthach, by the ditches.
13. Sciath-chosanta, a shield of defence.
Olann tiúscail, woollen industry.
Dá mb'iad, &rl., the very blackberries even.
Neamh-mion, heedless of small things.
14. I n-allód, long ago.
Ón ngarbhshíon, from stormy weather.
Ag bánughadh, lying derelict, fallow.
15. De gheit, suddenly.
16. Ag iomaidheacht, competing.
Intleacht, &rl., intellect, mental powers and cour-
age.
17. Ag teacht crosta ortha, militating against
them.
Lucht na mbóthar iarainn, the railway companies.
Tabhairt fútha, stand up to them, challenge them.
An Ruisíneach, the Russian.
An Lochlannach, the Dane.
Chun seasamh a gcirt, to stand out for their rights.
deireadh gach soiscéil, &rl., the pith of every dis-
course is 'money'.
Neamh-meadhonach, unreasonable, dear.
Cloch-bhuinn, foundation stone.
19. Mar bhunadhas, for capital.
Ar shuim éigin áirithe, on a certain fixed sum.
Tríd is tríd, throughout.
Níor gábhadh aon oifigeach, the only officer that it
would be necessary to pay would be the Secretary.
Bannaí, bonds sureties.
Cisteóir, treasurer.
Na treóruidhthe, the directors.
'Nar chuaidh d'airgead tríotha, considering all the
money that passed through them, they did not lose a
penny by them from first to last.
20. Tigh earraidhe, a warehouse.
Cáirde, respite.
Mí-fhortún, misfortune.
Drabhfuigheall, dregs, remnant.
21. Maireachtaint ar a suaimhneas, live at ease.
Ní gearánta ortha, they must not be blamed.
B'olc an earra é, he was a bad article.
Timthire, an organiser.
Rith amach bán, to turn into grass.
Saothar na talmhan, to revive tillage.
Ag cásamh, complaining.
Ní tabharfar toradh ortha, they will not be listened
to.
Gá mbrúghadh fútha, keep their complaints to them-
selves.
22. A gceann do cromadh, to be ashamed.
Aighneas agus acharann, disputing and fighting.
Í tréigint do dhúthchas, to forsake it for a foreign
land.
Neamh-maitheach, indifferent, unkind.
Idir cheárd is ceannuigheacht, both in trade and
commerce.
Ar scáith a chéile, in each other's protection, weal.