Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óráid
Title
Óráid
Author(s)
Ua Loinsigh, Domhnall,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Óráid Thug an Dochtúir Domhnall Ua Loingsigh a Bhaile- Mhúirne uaidh os comhair an Oireachtais. A Cháirdinéil árd-réimeamhail agus a cháirde dílse, tá mórán neithe ar a bhféadfainn labhairt libh i sean- theanga Ghaedhealaigh ar dtíre. Acht ní chóir dom trácht ar gach uile sgéal ná stair, mar ní bheadh deireadh cainnte agam go lá na breithe ná go lá Filib a' Chleite. Tá leór de bhrón agus de dhonas le n'innsint insan am do ghaibh tharainn. Fágamaois siúd mar atá sé, agus cuimhnighmís ar an tslighe is fearr chum an ghnó atá idir lámhaibh againn do chur ar aghaidh, agus an t-athrughadh éachtach atá tigthe ar shon na Gaedhilge i n-aigneadh agus i meabhair clanna Gaedheal do bhrosdughadh do stiúradh agus do sheóladh ó bhaoghal go crích bhuadhaigh. Go deimhin budh áil liom comhgar do ghabháil agus lucht an Bhéarla do chur tamall faoi dhraoidheacht agus le dochtúr- acht ghlan do dhéanamh, na giobail ghallda do ghearradh amach asta agus leadhba leathana Gaedhealacha do chur ina n-ionad. Gan mhoill do chloisfimís fuaim agus guth binn blasda bog bríoghmhar ár dteanga féin i sráidibh Átha- Cliath, ar chnoc Teamhrach, i nGleann-na-Smól, agus ar thráigh Chluain-Tairbh. Agus láithreach nuair a casfaidhe ar a chéile na seandaoine, i n-ionad bheith ag trácht ar laochaibh, filidh agus báird na dúithche iasachta, go rachaidís i gcomhrádh ar laocha ranna sgéalta staire flatha agus ríghthe na hÉireann. Agus nuair a casfaidhe ar a chéile na sean-mhná agus mórán cainnte agus beagán meabhrach ina gcomhluadar, gur b'é túis agus deireadh gach sgéil cia hé Domhnall na Gréine, a chóta 's a léine, nó cad as Tadhg Gaedhealach, nó caidé ball ina chorp a bhí Gaedhealach, a ghruadhna, a shúile, a chosa, nó a theanga. Nuair a casfaidhe ar a chéile na buachaillí agus na cailíní, go mbeidís ag ceisdiughadh a chéile ar shaoghal agus beatha an Mhangaire Shúgaigh, caidé an cloth an cruth agus an deilbh a bhí air, an raibh sé ceangailte nó sgoilte nó an raibh sé sultmhar suairc súgach do réir a thuairisge agus a ainme. Anois guidhim oraibh gan staonadh craobhanna de Chonnradh na Gaedhilge do chur ar bun. Leabhair Ghaedhealacha d'fhagháil. Í fhogh- laim, í léigheadh, í sgríobhadh. Agus mar bhíodh insa tsean-ríoghachd ag gach flaith agus rígh a rosg catha nó a gháir chatha le n-a rachaidís gan eagla chum cogaidh, go lúthmhar go laochmhar go hárd-ghlórach, ag luadh go hárd "Lámh láidir a buaidh" "Lámh dhearg a buaidh" bíodh againn mar gháir chatha, "An Ghaedhilg a buaidh!"
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services