Óráid
Thug an Dochtúir Domhnall Ua Loingsigh a Bhaile-
Mhúirne uaidh os comhair an Oireachtais.
A Cháirdinéil árd-réimeamhail agus a cháirde dílse, tá
mórán neithe ar a bhféadfainn labhairt libh i sean-
theanga Ghaedhealaigh ar dtíre. Acht ní chóir dom
trácht ar gach uile sgéal ná stair, mar ní bheadh
deireadh cainnte agam go lá na breithe ná go lá
Filib a' Chleite. Tá leór de bhrón agus de dhonas le
n'innsint insan am do ghaibh tharainn. Fágamaois siúd
mar atá sé, agus cuimhnighmís ar an tslighe is fearr chum
an ghnó atá idir lámhaibh againn do chur ar aghaidh, agus an
t-athrughadh éachtach atá tigthe ar shon na Gaedhilge i
n-aigneadh agus i meabhair clanna Gaedheal do bhrosdughadh
do stiúradh agus do sheóladh ó bhaoghal go crích bhuadhaigh.
Go deimhin budh áil liom comhgar do ghabháil agus lucht an
Bhéarla do chur tamall faoi dhraoidheacht agus le dochtúr-
acht ghlan do dhéanamh, na giobail ghallda do ghearradh
amach asta agus leadhba leathana Gaedhealacha do chur ina
n-ionad. Gan mhoill do chloisfimís fuaim agus guth binn
blasda bog bríoghmhar ár dteanga féin i sráidibh Átha-
Cliath, ar chnoc Teamhrach, i nGleann-na-Smól, agus ar
thráigh Chluain-Tairbh. Agus láithreach nuair a casfaidhe
ar a chéile na seandaoine, i n-ionad bheith ag trácht
ar laochaibh, filidh agus báird na dúithche iasachta, go
rachaidís i gcomhrádh ar laocha ranna sgéalta staire
flatha agus ríghthe na hÉireann. Agus nuair a casfaidhe
ar a chéile na sean-mhná agus mórán cainnte agus beagán
meabhrach ina gcomhluadar, gur b'é túis agus deireadh gach
sgéil cia hé Domhnall na Gréine, a chóta 's a léine,
nó cad as Tadhg Gaedhealach, nó caidé ball ina
chorp a bhí Gaedhealach, a ghruadhna, a shúile, a chosa, nó
a theanga. Nuair a casfaidhe ar a chéile na buachaillí
agus na cailíní, go mbeidís ag ceisdiughadh a chéile ar
shaoghal agus beatha an Mhangaire Shúgaigh, caidé an cloth
an cruth agus an deilbh a bhí air, an raibh sé ceangailte nó
sgoilte nó an raibh sé sultmhar suairc súgach do réir
a thuairisge agus a ainme. Anois guidhim oraibh gan
staonadh craobhanna de Chonnradh na Gaedhilge do
chur ar bun. Leabhair Ghaedhealacha d'fhagháil. Í fhogh-
laim, í léigheadh, í sgríobhadh. Agus mar bhíodh insa
tsean-ríoghachd ag gach flaith agus rígh a rosg catha nó a
gháir chatha le n-a rachaidís gan eagla chum cogaidh, go
lúthmhar go laochmhar go hárd-ghlórach, ag luadh go hárd
"Lámh láidir a buaidh" "Lámh dhearg a buaidh" bíodh
againn mar gháir chatha, "An Ghaedhilg a buaidh!"