Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Is iomdha comaoin atá curtha ag Eibhlín Nic Choill orainn, acht barra ar gach comaoin aca an leabhar nua so uaithi, “A TEXT BOOK OF IRISH LITERATURE.” Ní'l san leabhar so acht cuid a haon, agus deir an t-ughdar linn go bhfuil an tarna cuid á ullmhughadh aici. Má bhíonn an blas céadna ar an dtarna cuid, ní baoghal ná go mbeidh fáilte roimis. Tá cunntus cruinn soiléir annso ar Litridh- eacht na Gaedhilge anuas go dtí tosach ré a sé déag. B'éigin don ughdar cuid de'n earraidh d'fhágaint gan luadh. De réir mar a deir sí féin: There are, how- ever, some portions of literature which would fall chronologically under that period that it has been found imposible to deal with here. For a great part of the early literature no chronological order can, for the present, at all events, be followed. I n-a theannta- san, is deacair cur síos go húghdarásach ar ár litridheacht, mar tá a lán de nár cuireadh i gcló fós. Sa leabhar so do tosnuigheadh le seann-déithibh na nGaedheal. Annsoin tá cunntas ar an dTáin is ar stair Churaidhe na Craoibhe Ruaidhe. Tugtar cunntus annsoin ar na Rí-scéaltaibh, ar Fhíreannaibh (nó aislingí), is ar Iomrámhaibh. N-a dhiaidh-san tá áireamh déanta ar Scríbhinnibh diadhanta na nGaedh- ilge is ar shár-oibreachaibh na Naomh. Cunntas ar Fhilidheacht na Gaedhilge san tSeann-ré atá sa chuid deiridh den leabhar. Tá áireamh déanta ann ar na hollmhain is ar na filidhibh ba mhó cáil a bhí againn riamh. Tá aguisín ann i n-a bhfuil cur síos ar na sean-leabhraibh, agus is mór an áise an clár atá i ndeireadh an leabhair. I dtaobh an chuma i n-a bhfuil an leabhar so scríobhtha, ní gábhadh dhúinn acht a rádh gur cosmhail le húirscéal é. Ón uair a thosnuigh- eamair ar é léigheamh, níor bh'éidir dúinn stad de go dtí gur críochnuigheamair é. Tá seódh Éireann d'eólus cruinn beacht ann, agus é ar n-a chur os ár gcomhair i slighe a thaitneann linn. Déanfaidh an leabhar so árd-thairbhe do litridheacht na Gaedhilge, mar scaipfidh sé eólus uirthi. I gcóir na scol is eadh scríobhadh é, acht níor mhiste do dhaoinibh eile seochus scoláiríbh scoile é fhagháil is é léigheamh. Molaimíd Eibhlín Nic Choill is go mairidh sí a gradam. Muinn- tir Ghill i mBaile Átha Cliath a thug an leabhar amach, agus níor mhiste é fhágaint fútha. Tá súil againn go mbeidh árd-éileamh ar “SCÉAL- TA GEARRA SO-LÉIGHTE AN IARTHAIR — An Darna Saothar.” Micheál Ó Tiománaidhe do chruinnigh agus do chuir i n-eagar. Deirtear go bhfuil an iomad de sna seana-scéaltaibh againn, agus nár mhiste stad dá gcur i gcló. Ní aontuighmíd-na leis sin. Tá ciall agus tuigsint fé leith i sean-startha na Gaedh- ilge. Tá eólus agus cruinneas fé leith ionnta. Is mó de mheón nadúrtha na nGaedheal ar fagháil ionnta ná i n-aon earraidhe eile dá fheabhus. Admhuighmíd an claon a bheith againn de sna seana-rudaíbh. Is ionann cás dúinn agus don leanbh go mbeadh árd- dhúil aige sa tsubh is go mbeadh a d'iarraidh a leig- ean air ná taithneann an subh leis ar éan-chor. Is mór an scéaluidhe é Micheál. Tá an oiread scéalta is dréachtíní sa leabhar so aige is a choimeádfaidh sinn ghá léigheamh go bhfagham an trímhadh saothar. Cuirfidh Muimhnigh spéis sa Chuireadh do hEitigheadh, mar aithneoghaid siad Clíodhna na Cairrge i n-a steille-bheathaidh ann. Is iongantach mar thaistil an dréacht úd síos go Conntae Mhuighe Eó. Ag dul i
bhfeabhus i gcomhnuidhe atá Micheál, Dia á bheannachadh. Tá obair mhaith á dhéanamh agat, a Mhichíl. Lean ort is go neartuighe Dia leat. Tá an leabhar so cló- bhuailte go deas slachtmhar, acht cionnus eile a bheadh agus gur fé Phádraig Ó Briain a bhí a chúram. Tá leabhar beag pingne ar n-a chur amach ag Conn- radh na Gaedhilge. Ath-chló ón IRISLEABHAR is eadh é. SÚIL UÍ DHUBHDA LE hÁRD NA RÍOGH an ainm atá air. Seaghán Ó Ruaidhrí do scríobh. Seosamh Laoide do chuir an foclóirín leis. Ní gábhadh saothar Sheagháin Uí Ruaidhrí a mholadh do léightheóiríbh an IRISLEABH- AIR. Is maith is eól dóibh go léir é, agus beidh fáilte aca roimh an iarracht bhig seo uaidh. Togha Gaedhil is eadh Seághán, agus na theannta-san duine gur maith leat é bheith ar do thaobh i n-am ghábhaidh. Is mór an áise do lucht foghluim na Gaedhilge an foclóir beag a chuir an Laoideach leis an scéilín seo. Do cuireadh ag triall orainn “UIRSGEULAN NA FEINNE.” Cuid a hAon, agus do hiarradh orainn ár meas a thabhairt air. Dhá scéal Fiannaidheachta atá ann. Sidiad a n-ainmneacha i nGaedhilg na hAlban Fionn ann an Tigh a' Bhlair-Bhuidhe gun chomas suidh no eirigh, agus Sealg Bheinn-Eidir. Scéalta taitneamhacha is eadh iad agus tá an tarna ceann coitchianta ar an dtaobh so Sruth na Maoile. N-a theannta-san tá an “Luidreagan” n-a chomhnuidhe ar Bhinn Éadair go fóill, acht do ghaibh ó shoin le hatharrach céirde. Má thagann Iain Mac Aoidh go Baile Átha Cliath spéanfam an Luidreagan dó. Cogar it chluais, a Iain: is fearr abhfad Éireann do thuig- eamair do chuid Gaedhilge iná do chuid Béarla, agus mara mbeadh gur thuigeamair an Ghaedhilg ní thuig- fimís an Béarla ar chor ar bith. Ní'l fiche focal sa leabhrín beag so ná féadfadh Gaedheal ó Éirinn a thuigsint go maith. Pé duine d'innis na scéalta bhí fios a chéirde aige; do bhlais sé dhen tsean-choirce gan amhrus. Leabhair dhen tsórd so seadh chuireann i gcuimhne dhúinn is a dhearbhuigheann dúinn a dhlús atá ár ngaol-na le Gaedhil na hAlbann. Narab fhada go mbeadh cuid a dó det “Úirscéalan” againn, a Iain. Cuirtar leath-réal ag triall ar E. Mac- Donald and Col, Mill Lane, Herne Bay, England, á iarraidh. Fuaireamair ó Aonghus MacAoidh, 43 Murray Place, Struibhle, (Stirling) i nAlbain, dá leabhar dheasa thaidhseacha scoile. Ar an gcéad cheann aca so AN TREORAICHE do dheineamair trácht cheana nuair do céad-chuireadh amach é; sidé an darna cur amach. Saghas leabhar tosaigh is eadh é chun na Gaedh- ilge d'fhoghluim. Tá cló oireamhnach ann, is pictiúirí deasa, agus slacht ar an leabhar ar fad. “Leabhran Scoil air son na Cloinne” .i. Leabhrán Scoile i gcóir an Aosa óig is eadh é. Leath-réal a fhiacha. An dara leabhrán scoile: “DAIN THAGHTE a chum feum an Scoilean na Gaidhealtachd” .i. “Amhráin Toghtha, chun a n-úsáide i Scoileannaibh na Gáidhealtacht.” Tá cheithre amhrán fichead sa leabhrín seo agus gach ceann aca ag breith bárra ar a chéile ar fheabhas, ar áilneacht, is ar oireamhnaighe do leanbhaíbh scoile. Tá “Am faigh a' Ghaidhlig Bàs” ó Niall MacLeóid ann, is “Mo Dhachaidh” ó Chalum Mac Phárlain. Leath-réal fiacha an leabhairín seo leis, & go deimhin is maith is fiú an méid sin é. Cuir Muinntear Ghill ag triall orainn A BUNCH OF WILD FLOWERS: Poems on Religious Sub- jects by Brian O'Higgins, Brian na Banban. Réal, a fhiacha. Fáilte is dafhichid, a bhláith-fhleasc ghreanta, Chun m'áruis fearaim-se romhat-sa; Is bláthmhar daithte gach bláth mhar bhraithim 'S gur fhás ar machaire i bhFódla; Bláth ná meathfidh gach bláth sa leabhar so. Blátha d'fhanfaidh go deó againn, Chun crábhadh a leathadh agus táinte a neartachadh Ar thrácht an anfhaithe an comhgar. A Bhriain na Banban, grian is gradam I mbliadhna ó Athair na Glóire Go dtrialla farat go fialmhar fairsing Ar rian do leasa dhot sheóladh. Fé sciaith na Banaltran niamhdha i bhflaitheas Ó's mian liot tarraint chun córach, Iarrfaidh cabhair ó Dhia na bhfeart duit — An Triath nach calcaithe comhachta.
Duaiseanna. Tabharfaidh an Coiste Gnótha £2 i n-aghaidh an mhí ar an aiste céirde nó ealadhna is fearr a shroisfidh Eagarthóir an Irisleabhair roimh an cúigmhadh lá déag dhen mhí roimh ré. An mhí n-a dhiaidh-san tabharfar 10/- ar leitir nó ar aiste ghairid ag cur síos ar an aiste a bhuadhann duais. Sidiad na coingheallacha : - 1. Tá toghadh na ceist fá'n scríbhneóir féin. 2. Aistí ag cur síos ar chéird nó ar ealadhain atá uainn; agus go sonnrádhach cur síos ar cheardaibh is ar ealadhnaibh nua, is ar ealadhnaibh atá gá muineadh i scoil- eannaibh na tíre. 3. Ní fuláir na haistí a scríobhadh ar chuma go méad- óghthaidhe dá mbárr ar réim is ar úsáid na Gaedhilge. 4. Bíodh timcheall chúig leathanaigh den IRISLEABHAR d'fhaid i ngach aiste. 5. Beidh ar gach scríbhneóir téarmaí ealadhna a cheapadh de réir mar bheidh gábhadh aige leó. Tugadh Gluais ortha- san is ar choraibh neamh-gnáthacha chainnte. 6. D'aontuigh an tAthair Pádraig Ua Duinnín agus Eoin Mac Néill ar na haistíbh a mholadh dhúinn. Ní bheidh dul tar a mbreith súd.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services