Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Is iomdha comaoin atá curtha ag Eibhlín Nic Choill
orainn, acht barra ar gach comaoin aca an leabhar
nua so uaithi, “A TEXT BOOK OF IRISH
LITERATURE.” Ní'l san leabhar so acht cuid a
haon, agus deir an t-ughdar linn go bhfuil an tarna
cuid á ullmhughadh aici. Má bhíonn an blas céadna
ar an dtarna cuid, ní baoghal ná go mbeidh fáilte
roimis. Tá cunntus cruinn soiléir annso ar Litridh-
eacht na Gaedhilge anuas go dtí tosach ré a sé déag.
B'éigin don ughdar cuid de'n earraidh d'fhágaint gan
luadh. De réir mar a deir sí féin: There are, how-
ever, some portions of literature which would
fall chronologically under that period that it has been
found imposible to deal with here. For a great part
of the early literature no chronological order can, for
the present, at all events, be followed. I n-a theannta-
san, is deacair cur síos go húghdarásach ar ár
litridheacht, mar tá a lán de nár cuireadh i gcló
fós. Sa leabhar so do tosnuigheadh le seann-déithibh
na nGaedheal. Annsoin tá cunntas ar an dTáin is
ar stair Churaidhe na Craoibhe Ruaidhe. Tugtar
cunntus annsoin ar na Rí-scéaltaibh, ar Fhíreannaibh
(nó aislingí), is ar Iomrámhaibh. N-a dhiaidh-san tá
áireamh déanta ar Scríbhinnibh diadhanta na nGaedh-
ilge is ar shár-oibreachaibh na Naomh. Cunntas ar
Fhilidheacht na Gaedhilge san tSeann-ré atá sa chuid
deiridh den leabhar. Tá áireamh déanta ann ar na
hollmhain is ar na filidhibh ba mhó cáil a bhí againn
riamh. Tá aguisín ann i n-a bhfuil cur síos ar na
sean-leabhraibh, agus is mór an áise an clár atá i
ndeireadh an leabhair. I dtaobh an chuma i n-a bhfuil
an leabhar so scríobhtha, ní gábhadh dhúinn acht a rádh
gur cosmhail le húirscéal é. Ón uair a thosnuigh-
eamair ar é léigheamh, níor bh'éidir dúinn stad de
go dtí gur críochnuigheamair é. Tá seódh Éireann
d'eólus cruinn beacht ann, agus é ar n-a chur os ár
gcomhair i slighe a thaitneann linn. Déanfaidh an
leabhar so árd-thairbhe do litridheacht na Gaedhilge,
mar scaipfidh sé eólus uirthi. I gcóir na scol is eadh
scríobhadh é, acht níor mhiste do dhaoinibh eile seochus
scoláiríbh scoile é fhagháil is é léigheamh. Molaimíd
Eibhlín Nic Choill is go mairidh sí a gradam. Muinn-
tir Ghill i mBaile Átha Cliath a thug an leabhar amach,
agus níor mhiste é fhágaint fútha.



Tá súil againn go mbeidh árd-éileamh ar “SCÉAL-
TA GEARRA SO-LÉIGHTE AN IARTHAIR — An Darna
Saothar.” Micheál Ó Tiománaidhe do chruinnigh agus
do chuir i n-eagar. Deirtear go bhfuil an iomad de
sna seana-scéaltaibh againn, agus nár mhiste stad
dá gcur i gcló. Ní aontuighmíd-na leis sin. Tá
ciall agus tuigsint fé leith i sean-startha na Gaedh-
ilge. Tá eólus agus cruinneas fé leith ionnta. Is
mó de mheón nadúrtha na nGaedheal ar fagháil ionnta
ná i n-aon earraidhe eile dá fheabhus. Admhuighmíd
an claon a bheith againn de sna seana-rudaíbh. Is
ionann cás dúinn agus don leanbh go mbeadh árd-
dhúil aige sa tsubh is go mbeadh a d'iarraidh a leig-
ean air ná taithneann an subh leis ar éan-chor. Is
mór an scéaluidhe é Micheál. Tá an oiread scéalta
is dréachtíní sa leabhar so aige is a choimeádfaidh
sinn ghá léigheamh go bhfagham an trímhadh saothar.
Cuirfidh Muimhnigh spéis sa Chuireadh do hEitigheadh,
mar aithneoghaid siad Clíodhna na Cairrge i n-a
steille-bheathaidh ann. Is iongantach mar thaistil an
dréacht úd síos go Conntae Mhuighe Eó. Ag dul i


L. 256


bhfeabhus i gcomhnuidhe atá Micheál, Dia á bheannachadh.
Tá obair mhaith á dhéanamh agat, a Mhichíl. Lean ort
is go neartuighe Dia leat. Tá an leabhar so cló-
bhuailte go deas slachtmhar, acht cionnus eile a bheadh
agus gur fé Phádraig Ó Briain a bhí a chúram.



Tá leabhar beag pingne ar n-a chur amach ag Conn-
radh na Gaedhilge. Ath-chló ón IRISLEABHAR is eadh é.
SÚIL UÍ DHUBHDA LE hÁRD NA RÍOGH an ainm atá
air. Seaghán Ó Ruaidhrí do scríobh. Seosamh Laoide
do chuir an foclóirín leis. Ní gábhadh saothar Sheagháin
Uí Ruaidhrí a mholadh do léightheóiríbh an IRISLEABH-
AIR. Is maith is eól dóibh go léir é, agus beidh fáilte
aca roimh an iarracht bhig seo uaidh. Togha Gaedhil is
eadh Seághán, agus na theannta-san duine gur maith
leat é bheith ar do thaobh i n-am ghábhaidh. Is mór an
áise do lucht foghluim na Gaedhilge an foclóir beag
a chuir an Laoideach leis an scéilín seo.



Do cuireadh ag triall orainn “UIRSGEULAN NA
FEINNE.” Cuid a hAon, agus do hiarradh orainn ár
meas a thabhairt air. Dhá scéal Fiannaidheachta atá
ann. Sidiad a n-ainmneacha i nGaedhilg na hAlban
Fionn ann an Tigh a' Bhlair-Bhuidhe gun chomas
suidh no eirigh, agus Sealg Bheinn-Eidir. Scéalta
taitneamhacha is eadh iad agus tá an tarna ceann
coitchianta ar an dtaobh so Sruth na Maoile. N-a
theannta-san tá an “Luidreagan” n-a chomhnuidhe ar
Bhinn Éadair go fóill, acht do ghaibh ó shoin le
hatharrach céirde. Má thagann Iain Mac Aoidh go
Baile Átha Cliath spéanfam an Luidreagan dó. Cogar
it chluais, a Iain: is fearr abhfad Éireann do thuig-
eamair do chuid Gaedhilge iná do chuid Béarla, agus
mara mbeadh gur thuigeamair an Ghaedhilg ní thuig-
fimís an Béarla ar chor ar bith. Ní'l fiche focal sa
leabhrín beag so ná féadfadh Gaedheal ó Éirinn a
thuigsint go maith. Pé duine d'innis na scéalta bhí
fios a chéirde aige; do bhlais sé dhen tsean-choirce
gan amhrus. Leabhair dhen tsórd so seadh chuireann i
gcuimhne dhúinn is a dhearbhuigheann dúinn a dhlús atá
ár ngaol-na le Gaedhil na hAlbann. Narab fhada
go mbeadh cuid a dó det “Úirscéalan” againn, a
Iain. Cuirtar leath-réal ag triall ar E. Mac-
Donald and Col, Mill Lane, Herne Bay, England,
á iarraidh.



Fuaireamair ó Aonghus MacAoidh, 43 Murray
Place, Struibhle, (Stirling) i nAlbain, dá leabhar
dheasa thaidhseacha scoile. Ar an gcéad cheann aca so
AN TREORAICHE do dheineamair trácht cheana
nuair do céad-chuireadh amach é; sidé an darna cur
amach. Saghas leabhar tosaigh is eadh é chun na Gaedh-
ilge d'fhoghluim. Tá cló oireamhnach ann, is pictiúirí
deasa, agus slacht ar an leabhar ar fad. “Leabhran
Scoil air son na Cloinne” .i. Leabhrán Scoile i gcóir
an Aosa óig is eadh é. Leath-réal a fhiacha.



An dara leabhrán scoile: “DAIN THAGHTE
a chum feum an Scoilean na Gaidhealtachd” .i.
“Amhráin Toghtha, chun a n-úsáide i Scoileannaibh na
Gáidhealtacht.” Tá cheithre amhrán fichead sa leabhrín
seo agus gach ceann aca ag breith bárra ar a chéile
ar fheabhas, ar áilneacht, is ar oireamhnaighe do
leanbhaíbh scoile. Tá “Am faigh a' Ghaidhlig Bàs”
ó Niall MacLeóid ann, is “Mo Dhachaidh” ó
Chalum Mac Phárlain. Leath-réal fiacha an leabhairín
seo leis, & go deimhin is maith is fiú an méid sin é.



Cuir Muinntear Ghill ag triall orainn A BUNCH
OF WILD FLOWERS: Poems on Religious Sub-
jects by Brian O'Higgins, Brian na Banban. Réal,
a fhiacha.



Fáilte is dafhichid, a bhláith-fhleasc ghreanta,
Chun m'áruis fearaim-se romhat-sa;
Is bláthmhar daithte gach bláth mhar bhraithim
'S gur fhás ar machaire i bhFódla;
Bláth ná meathfidh gach bláth sa leabhar so.
Blátha d'fhanfaidh go deó againn,
Chun crábhadh a leathadh agus táinte a neartachadh
Ar thrácht an anfhaithe an comhgar.



A Bhriain na Banban, grian is gradam
I mbliadhna ó Athair na Glóire
Go dtrialla farat go fialmhar fairsing
Ar rian do leasa dhot sheóladh.
Fé sciaith na Banaltran niamhdha i bhflaitheas
Ó's mian liot tarraint chun córach,
Iarrfaidh cabhair ó Dhia na bhfeart duit —
An Triath nach calcaithe comhachta.


L. 256a


Duaiseanna.



Tabharfaidh an Coiste Gnótha £2 i n-aghaidh an mhí ar
an aiste céirde nó ealadhna is fearr a shroisfidh Eagarthóir
an Irisleabhair roimh an cúigmhadh lá déag dhen mhí roimh ré.



An mhí n-a dhiaidh-san tabharfar 10/- ar leitir nó ar
aiste ghairid ag cur síos ar an aiste a bhuadhann duais.



Sidiad na coingheallacha : -



1. Tá toghadh na ceist fá'n scríbhneóir féin.



2. Aistí ag cur síos ar chéird nó ar ealadhain atá
uainn; agus go sonnrádhach cur síos ar cheardaibh is ar
ealadhnaibh nua, is ar ealadhnaibh atá gá muineadh i scoil-
eannaibh na tíre.



3. Ní fuláir na haistí a scríobhadh ar chuma go méad-
óghthaidhe dá mbárr ar réim is ar úsáid na Gaedhilge.



4. Bíodh timcheall chúig leathanaigh den IRISLEABHAR
d'fhaid i ngach aiste.



5. Beidh ar gach scríbhneóir téarmaí ealadhna a cheapadh
de réir mar bheidh gábhadh aige leó. Tugadh Gluais ortha-
san is ar choraibh neamh-gnáthacha chainnte.



6. D'aontuigh an tAthair Pádraig Ua Duinnín agus
Eoin Mac Néill ar na haistíbh a mholadh dhúinn. Ní bheidh
dul tar a mbreith súd.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services