Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féineachas Éireann. II.
Title
Féineachas Éireann. II.
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÉINEACHAS ÉIREANN, nó “Seilbh ar Thalmhain fá Sheann- reacht na nGaedheal.” II. [Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i gComór- tas a Naoi san Oireachtas i mbliadhna. Seán Ó Ceallaigh (Sceilg), ó Chraoibh an Chéitinnigh i mBaile Átha Cliath, do bhuaidh an duais.] “SCEOLAING” do scríobh. III. (ar leanamhaint.) Brughaidh Leathach. Níor mhór do'n bhrughaidh leathach dhá chéad ceann de gach cineál beithidheach do bheith aige. Fear mór os- tuidheachta do b'eadh an brughaidh so. Bhí de riachtanas air a bhrugh do bheith i gcóir mhaith aige moch déidheanach, troscáin go flúir- seach ann agus céad leabthach ullamh i gcomhnaidhe i gcómhair lucht taistil. Bhí sé d'fhiachaibh air a dhóirse do bheith ar síor- oscailt acht amháin an doras ar thaoibh na gaoithe. Bhí bóithre ag teacht fé dhéin a thighe ó gach áird, agus, ar eagla nár leor so, bhíodh solas ar lasadh 'san bhfaithche i gcaitheamh na hoidhche d'fhonn is lucht taistil do threoradh ar bhealach a leasa. Ní hiongnadh a bheith ráidhte i sna scríbhnibh go dtugtaidhe ostuidheacht i n-aiscidh d'easbogaibh do rightibh, d'ollamh- naibh, do fhlathaibh is do dhaoinibh eile agus iad ag taistil na tíre. I dtigh an bhrugh- aidh seo is eadh dheintidhe toghadh ar lucht treortha na dúthaighe. Fear riartha dlighe do b'eadh an brughaidh féin, agus aireacht ársaidh do b'eadh a chúirt. Deir Annála Ríoghachta Éireann go raibh bruigh-fhir ag Ollamh Fódhla.
Brughaidh Céadach. Ní raibh an brughaidh céadach chomh saidhbhir ná chomh comhachtach leis an mbrughaidh leathach. Ba leor do'n bhrughaidh leathach céad ceann de gach saghas beithidheach do bheith aige. Do réir Seathrúin Céitinn bhí cheithre céad bruigh-fhear i nÉirinn tráth. Deimhnigheann so ná raibh easba saidhbhris ná easba flaitheamhlachta ar ár sínsear: níor dhíoladar adhbhar bídh riamh nó gur leathadh droch-nósa sprionnluighthe go fada fairsing fé riaghaltas Gall i nÉirinn. D'éirigh bailte móra agus cathracha mór- dtimcheall na mbruigh leis an aimsir. Óg-Aire. An t-óg-aire an duine ba lugha comhacht de sna hairíbh so. Céilidhe do b'eadh urmhór na n-ógaireach i dtosach, agus bhí an oiread stóir is rachmuis cruinnighthe aca is do chuireadh i gcumas dóibh dul céim chum cinn 'san tsaoghal. Léireochar i dtráth cionnus mar théidheadh céilidhe agus daoine eile chum cinn ó chéim céim nó ó ghrád grád do réir a saidhbhris agus a ndílse amhail is mar dheintidhe airigh desa de'n aire coisring is de'n fhear fothla, is mar soin de. Is é an fáth go dtugtaidhe a theideal áirithe féin ar an óg-aire ná toisc a aireachas do bheith i n-a óige agus gan cúram tighe de bheith ró-fhada roimh ré air. IV. Céilidhe. Na céilidhe an dream ba líonmhaire san bhfine. B'iad na céilidhe lucht cosanta agus lucht cothuighthe na dúthaighe. Bhí meas ortha dá réir agus bhíodh an chuid do b'fearr de'n talamh i n-a seilbh mar ba chóir. B'ionann na céilidhe so agus feirmeoiridhe an lae indiu no geall leis dó. Bhíodh gléas treabhtha idir cheathrar aca amhail is mar bhíonn i ndúithchíbh áirithe fós, agus bhíodh deallramh aca le teineotaidhthibh an tsaoghail seo ar shlightibh eile leis. Éireannaigh ó dhúthchas do b'eadh a n-urmhor mór, ámhthach, rud nach féidir a rádh i dtaoibh feirmeoiridhe na haimsire seo. Saer-chéile. Bhí dhá ghrád chéile ann .i. an saer-chéile agus an daer-chéile. Uaireanta ní ghairmtidhe de'n tsaer-chéile acht céile, agus thugtaidhe giallna mar ainm ar na daer-chéilíbh. Fear neimh- spleádhach go maith do b'eadh an saer-chéile, rud nár bh'iongnadh. Bhíodh a orba nó a scar féin de thalamh na fine aige do réir dhúthchais, agus ba ghnáthach roinnt eile talmhan ar chíos aige ó sna flathaibh. Dá mbeadh beithidhigh no stoc aige ar cáirde ó'n bhfear fothla níor chall dó éinne do bheith i n-urrudhas air acht a gheallamhaint fhéin ar leithligh. Ba leor a fhocal mar urrudhas. Bes tighe thugtaidhe ar an gcíos a bhíodh ag dul ó'n saer-chéile do'n fhlaith. B'é bhíodh 'san mbes tighe seo ná ba is muca is muicfheoil, arbhar is biotáille agus a leithéididhe do réir a shlighe 'san tsaoghal. Bhíodh d'fhiachaibh air dul fé dhéin chogaidh dá mbeadh cogadh ar siubhal agus níor mhór dó saothar áirithe do dhéanamh ar mhaithe leis an bhfine. Chuir an féineachas iachall air is ar a leithéid sionnaigh do mharbhadh agus bóithre do dheisiughadh agus gnóthaidhe eile do dhéanamh. Pé beithidhigh a bhíodh aige ar iasacht b'é ba riachtanach air a dhéanamh i n-a dtaoibh ná trian a luacha do thabhairt do'n fhlaith gach bliadhain go ceann seacht mbliadhan. I gceann na haimsire sin ba leis féin ar fad na beithidhigh. Mar adubradh fear neimhspleádhach go maith do
b'eadh é mar le teineotaidhe. Bhí sé de theideal aige gan saor-rath do ghlacadh ó éinne i n-aghaidh a thola, acht amháin ó'n rígh ar leithligh. Aon tsaer-chéile thógfadh saor- rath go toilteanach ó fhlaith bheadh sé ag admháil go raibh sé fé chomaoin agus fé smacht ag an bhflaith. Tuarastal i n-aiscidh no cómhartha comaoine do b'eadh an saor- rath so, agus níor mhian leis an gcéile é ghlacadh acht nuair ná beadh leaghas aige air. Saer-chéile. Saer-chéilidhe do b'eadh mór-chuid de'n aos ceárd i sean-Éirinn; acht, má b'eadh, ní'l an oiread i n-a dtaoibh 'san tsean-reacht is mar tá i dtaoibh lucht saothruighthe na talmhan. Toradh a gceárd an bes tighe thugaidís uatha. Aitheach ar áitreabh a thugtaidhe ar aire fine na saor so no ar aire do bheadh i gceannas a gcomharbais. Dá dteipeadh ar chéile aca a chladhthacha do choimeád i dtreo agus gach nídh eile dár dhual do chéile do dhéanamh bhainfidhe dhe a chuid talmhan mara dtabhar- fadh sé féin is a cine lán-díoghaltas uatha. Daer-chéile. Ní call a rádh ná raibh an daer-chéile chomh neimhspleádhach leis an saer- chéile. Síol na gcoigcríoch agus daor-dhaoine eile ar bhealach a leasa do b'eadh cuid de sna daer-chéilíbh. B'éigin do'n daer-chéile dul fé dhéin chogaidh chomh maith leo, agus b'éigin dó obair áirithe do dhéanamh do'n fhlaith ó am go ham. Biathadh no cíos bídh a thugtaidhe ar an gcíos a bhí ag dul do'n fhlaith ó'n daer-chéile. B'é bhíodh'san mbiathadh ná ba is muca, muicfheoil is im, arbhar is mil agus nidhthe mar soin, agus ba ghnáthach leis an biathadh do thabhairt uaidh fé dhó gach bliadhain. Ar an gcuma so b'fhuraiste do sna flathaibh adhbhar bidh do bheith go raidhseamhail aca ó cheann ceann na bliadhna acht bes tighe agus biathadh do bhailiughadh isteach ó sna céilibh i n-eagar áiseamhail. Na ba do bhíodh ar iasacht ag an ndaer-chéile b'éigin do bheith ag díoghal asta go ceann seacht mbliadhan amhail is mar dheineadh an saer-chéile, acht i gceann na haimsire ní bhíodh na ba ceannuighthe aige. I n-a ionad san bhíodh sé d'fhiachaibh air iad do thabhairt thar n-ais do'n fhlaith. Acht dá mba rud é go bhfaghadh an flaith bás i ndeireadh na treimhse sin d'fhéadfadh an daer-chéile na ba do choimeád aige féin. Bheadh de riachtanas air cumhal Dé d'íoc asta ámhthach, agus is dócha go mbíodh luach na mbeithidheach nach mór 'san gcumhal Dé. Acht, má bhíodh, chuirtidhe i dtaisce é ar mhaithe leis an bhfine. B'éigin céilsine do thabhairt do'n fhlaith i gcionn mí tar éis bháis gach céile. Ní ag clainn an chéile dh'fhágtaidhe a chuid talmhan annsoin. Is é dheintidhe ná talamh a chine d'athroinnt agus a scar nó a orba do thabhairt do gach fear fásta dá mbíodh 'san gcine. B'é seo an ghabháil cine go n-airightear cur síos air go minic; agus ba dhleaghthach an roinnt sin do dhéanamh gach cúpla bliadhan i dtreo is ná beadh easba talmhan air éinne. V. An Fhine. B'é feabhas an Fhéineachais ná an tuaith go léir do bheith fé riaradh na Fine agus é bheith de riachtanas ar gach dalta de'n Fhine cabhrughadh le chéile go dúthrachtach. B'ionann an Fhine nó líon mór tighe agus bhí a gCómhairle féin ós cionn gach fine. Cúigear na Fine. Cúigear na Fine a thugtaidhe ar an gcómh- airle seo, agus is fútha bhíodh réidhteacht gach nidhe. B'fhuraiste cúrsaidhe na Fine do réidhteacht go deimhin, óir bhí an dlighe an-oireamhnach aca, agus ní raibh aon
iongnadh acht an meas do bhí ag an sluagh ar a reachtaibh dúthchais is ar a ngnásaibh nó gur chuir dlighthe pianamhla na nGall ar mhalairt aigne iad i dtaoibh dlighe i gcoit- chinne. Chuireadh na sean-Ghaedhil áird-spéis i margadh nó i gconnradh. Admhuightear i sna scríbhinnibh nár lugha ortha an té d'fhágfadh a gheallamhaint gan a choimhlíonadh ná an droch-aicíd nó cogadh buile. Agus níor bh'iongnadh so. Dá dteipeadh ar dhuine a fhiacha d'íoc chaithfeadh a ghaolta é dhéanamh ar a shon. Dá ndéanfadh duine éinnidh as an tslighe chaithfeadh a chine díre no eineach- lann no éiric no sásamh éigin eile do thabhairt uatha do réir mar mholadh an Féineachas. B'é cúram na fine gan cúis ghearáin do bheith ag éinne acht toradh na tuatha do roinnt mar ba dhual agus mar ba riachtanach. Bhí de chead ag an bhfine an tuaith do roinnt agus d'athroinnt do réir mar bhíodh gábhadh leis. Roinnt na Talmhan. Bhí na daoine chomh líonmhar san i nÉirinn le linn ré Aodha Sláinge ná raibh de thalamh i gcómhair gach duine acht trí naoi n-iomaire. .i. naoi n-iomaire bogaidh is naoi n-iomaire móinfhéir is naoi n-iomaire coille. 'San ré úd is eadh do roinneadh Éire le cladhthachaibh teorann do'n chéad uair do réir Leabhair na hUidhre. As soin amach níor cheaduigheadh d'éinne cíos d'fhágaint ar a orba ná ar a fhine acht amhail is mar bhí ortha roimis. Chuir so d'fhiachaibh ar gach éinne bheith dúthrachtach dicheallach. (Ní chríoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services