FÉINEACHAS ÉIREANN,
nó
“Seilbh ar Thalmhain fá Sheann-
reacht na nGaedheal.”
II.
[Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i gComór-
tas a Naoi san Oireachtas i mbliadhna. Seán Ó
Ceallaigh (Sceilg), ó Chraoibh an Chéitinnigh i mBaile
Átha Cliath, do bhuaidh an duais.]
“SCEOLAING” do scríobh.
III. (ar leanamhaint.)
Brughaidh Leathach.
Níor mhór do'n bhrughaidh leathach dhá chéad
ceann de gach cineál beithidheach
do bheith aige. Fear mór os-
tuidheachta do b'eadh an brughaidh so. Bhí de
riachtanas air a bhrugh do bheith i gcóir mhaith
aige moch déidheanach, troscáin go flúir-
seach ann agus céad leabthach ullamh i
gcomhnaidhe i gcómhair lucht taistil. Bhí sé
d'fhiachaibh air a dhóirse do bheith ar síor-
oscailt acht amháin an doras ar thaoibh
na gaoithe. Bhí bóithre ag teacht fé
dhéin a thighe ó gach áird, agus, ar
eagla nár leor so, bhíodh solas ar lasadh
'san bhfaithche i gcaitheamh na hoidhche d'fhonn
is lucht taistil do threoradh ar bhealach a
leasa. Ní hiongnadh a bheith ráidhte i sna
scríbhnibh go dtugtaidhe ostuidheacht i
n-aiscidh d'easbogaibh do rightibh, d'ollamh-
naibh, do fhlathaibh is do dhaoinibh eile agus
iad ag taistil na tíre. I dtigh an bhrugh-
aidh seo is eadh dheintidhe toghadh ar lucht
treortha na dúthaighe. Fear riartha dlighe
do b'eadh an brughaidh féin, agus aireacht
ársaidh do b'eadh a chúirt. Deir Annála
Ríoghachta Éireann go raibh bruigh-fhir ag
Ollamh Fódhla.
Brughaidh Céadach.
Ní raibh an brughaidh céadach chomh saidhbhir
ná chomh comhachtach leis an
mbrughaidh leathach. Ba leor
do'n bhrughaidh leathach céad
ceann de gach saghas beithidheach do bheith
aige. Do réir Seathrúin Céitinn bhí
cheithre céad bruigh-fhear i nÉirinn tráth.
Deimhnigheann so ná raibh easba saidhbhris
ná easba flaitheamhlachta ar ár sínsear:
níor dhíoladar adhbhar bídh riamh nó gur
leathadh droch-nósa sprionnluighthe go fada
fairsing fé riaghaltas Gall i nÉirinn.
D'éirigh bailte móra agus cathracha mór-
dtimcheall na mbruigh leis an aimsir.
Óg-Aire.
An t-óg-aire an duine ba lugha comhacht
de sna hairíbh so. Céilidhe do
b'eadh urmhór na n-ógaireach i
dtosach, agus bhí an oiread stóir
is rachmuis cruinnighthe aca is do chuireadh
i gcumas dóibh dul céim chum cinn 'san
tsaoghal. Léireochar i dtráth cionnus mar
théidheadh céilidhe agus daoine eile chum cinn
ó chéim céim nó ó ghrád grád do réir
a saidhbhris agus a ndílse amhail is mar
dheintidhe airigh desa de'n aire coisring is
de'n fhear fothla, is mar soin de. Is é an
fáth go dtugtaidhe a theideal áirithe féin ar
an óg-aire ná toisc a aireachas do bheith i n-a
óige agus gan cúram tighe de bheith ró-fhada
roimh ré air.
IV.
Céilidhe.
Na céilidhe an dream ba líonmhaire san
bhfine. B'iad na céilidhe lucht
cosanta agus lucht cothuighthe na
dúthaighe. Bhí meas ortha dá réir
agus bhíodh an chuid do b'fearr de'n talamh
i n-a seilbh mar ba chóir. B'ionann na
céilidhe so agus feirmeoiridhe an lae indiu
no geall leis dó. Bhíodh gléas treabhtha
idir cheathrar aca amhail is mar bhíonn i
ndúithchíbh áirithe fós, agus bhíodh deallramh
aca le teineotaidhthibh an tsaoghail seo ar
shlightibh eile leis. Éireannaigh ó dhúthchas
do b'eadh a n-urmhor mór, ámhthach, rud nach
féidir a rádh i dtaoibh feirmeoiridhe na
haimsire seo.
Saer-chéile.
Bhí dhá ghrád chéile ann .i. an saer-chéile
agus an daer-chéile. Uaireanta
ní ghairmtidhe de'n tsaer-chéile
acht céile, agus thugtaidhe giallna
mar ainm ar na daer-chéilíbh. Fear neimh-
spleádhach go maith do b'eadh an saer-chéile,
rud nár bh'iongnadh. Bhíodh a orba nó a
scar féin de thalamh na fine aige do réir
dhúthchais, agus ba ghnáthach roinnt eile
talmhan ar chíos aige ó sna flathaibh. Dá
mbeadh beithidhigh no stoc aige ar cáirde
ó'n bhfear fothla níor chall dó éinne do
bheith i n-urrudhas air acht a gheallamhaint
fhéin ar leithligh. Ba leor a fhocal mar
urrudhas. Bes tighe thugtaidhe ar an gcíos
a bhíodh ag dul ó'n saer-chéile do'n fhlaith.
B'é bhíodh 'san mbes tighe seo ná ba is muca
is muicfheoil, arbhar is biotáille agus a
leithéididhe do réir a shlighe 'san tsaoghal.
Bhíodh d'fhiachaibh air dul fé dhéin chogaidh dá
mbeadh cogadh ar siubhal agus níor mhór dó
saothar áirithe do dhéanamh ar mhaithe leis an
bhfine. Chuir an féineachas iachall air is ar
a leithéid sionnaigh do mharbhadh agus bóithre
do dheisiughadh agus gnóthaidhe eile do
dhéanamh. Pé beithidhigh a bhíodh aige ar
iasacht b'é ba riachtanach air a dhéanamh i n-a
dtaoibh ná trian a luacha do thabhairt do'n
fhlaith gach bliadhain go ceann seacht
mbliadhan. I gceann na haimsire sin ba
leis féin ar fad na beithidhigh. Mar
adubradh fear neimhspleádhach go maith do
b'eadh é mar le teineotaidhe. Bhí sé de
theideal aige gan saor-rath do ghlacadh ó
éinne i n-aghaidh a thola, acht amháin ó'n rígh
ar leithligh. Aon tsaer-chéile thógfadh saor-
rath go toilteanach ó fhlaith bheadh sé ag
admháil go raibh sé fé chomaoin agus fé
smacht ag an bhflaith. Tuarastal i n-aiscidh
no cómhartha comaoine do b'eadh an saor-
rath so, agus níor mhian leis an gcéile é
ghlacadh acht nuair ná beadh leaghas aige
air.
Saer-chéile.
Saer-chéilidhe do b'eadh mór-chuid de'n
aos ceárd i sean-Éirinn; acht,
má b'eadh, ní'l an oiread i n-a
dtaoibh 'san tsean-reacht is mar
tá i dtaoibh lucht saothruighthe na talmhan.
Toradh a gceárd an bes tighe thugaidís uatha.
Aitheach ar áitreabh a thugtaidhe ar aire fine
na saor so no ar aire do bheadh i gceannas
a gcomharbais. Dá dteipeadh ar chéile aca
a chladhthacha do choimeád i dtreo agus gach
nídh eile dár dhual do chéile do dhéanamh
bhainfidhe dhe a chuid talmhan mara dtabhar-
fadh sé féin is a cine lán-díoghaltas uatha.
Daer-chéile.
Ní call a rádh ná raibh an daer-chéile chomh
neimhspleádhach leis an saer-
chéile. Síol na gcoigcríoch agus
daor-dhaoine eile ar bhealach a
leasa do b'eadh cuid de sna daer-chéilíbh.
B'éigin do'n daer-chéile dul fé dhéin chogaidh
chomh maith leo, agus b'éigin dó obair áirithe
do dhéanamh do'n fhlaith ó am go ham.
Biathadh no cíos bídh a thugtaidhe ar an gcíos
a bhí ag dul do'n fhlaith ó'n daer-chéile.
B'é bhíodh'san mbiathadh ná ba is muca,
muicfheoil is im, arbhar is mil agus nidhthe
mar soin, agus ba ghnáthach leis an biathadh
do thabhairt uaidh fé dhó gach bliadhain. Ar
an gcuma so b'fhuraiste do sna flathaibh
adhbhar bidh do bheith go raidhseamhail aca ó
cheann ceann na bliadhna acht bes tighe agus
biathadh do bhailiughadh isteach ó sna céilibh i
n-eagar áiseamhail. Na ba do bhíodh ar
iasacht ag an ndaer-chéile b'éigin do bheith
ag díoghal asta go ceann seacht mbliadhan
amhail is mar dheineadh an saer-chéile, acht
i gceann na haimsire ní bhíodh na ba
ceannuighthe aige. I n-a ionad san bhíodh sé
d'fhiachaibh air iad do thabhairt thar n-ais do'n
fhlaith. Acht dá mba rud é go bhfaghadh an
flaith bás i ndeireadh na treimhse sin
d'fhéadfadh an daer-chéile na ba do choimeád
aige féin. Bheadh de riachtanas air cumhal
Dé d'íoc asta ámhthach, agus is dócha go
mbíodh luach na mbeithidheach nach mór 'san
gcumhal Dé. Acht, má bhíodh, chuirtidhe i
dtaisce é ar mhaithe leis an bhfine. B'éigin
céilsine do thabhairt do'n fhlaith i gcionn mí
tar éis bháis gach céile. Ní ag clainn an
chéile dh'fhágtaidhe a chuid talmhan annsoin.
Is é dheintidhe ná talamh a chine d'athroinnt
agus a scar nó a orba do thabhairt do gach
fear fásta dá mbíodh 'san gcine. B'é seo
an ghabháil cine go n-airightear cur síos air
go minic; agus ba dhleaghthach an
roinnt sin do dhéanamh gach cúpla
bliadhan i dtreo is ná beadh
easba talmhan air éinne.
V.
An Fhine.
B'é feabhas an Fhéineachais ná an tuaith go
léir do bheith fé riaradh na Fine
agus é bheith de riachtanas ar gach
dalta de'n Fhine cabhrughadh le
chéile go dúthrachtach. B'ionann an Fhine nó
líon mór tighe agus bhí a gCómhairle féin ós
cionn gach fine.
Cúigear na Fine.
Cúigear na Fine a thugtaidhe ar an gcómh-
airle seo, agus is fútha bhíodh
réidhteacht gach nidhe. B'fhuraiste cúrsaidhe
na Fine do réidhteacht go deimhin, óir bhí an
dlighe an-oireamhnach aca, agus ní raibh aon
iongnadh acht an meas do bhí ag an sluagh
ar a reachtaibh dúthchais is ar a ngnásaibh nó
gur chuir dlighthe pianamhla na nGall ar
mhalairt aigne iad i dtaoibh dlighe i gcoit-
chinne.
Chuireadh na sean-Ghaedhil áird-spéis i
margadh nó i gconnradh. Admhuightear i
sna scríbhinnibh nár lugha ortha an té
d'fhágfadh a gheallamhaint gan a choimhlíonadh
ná an droch-aicíd nó cogadh buile. Agus
níor bh'iongnadh so. Dá dteipeadh ar dhuine
a fhiacha d'íoc chaithfeadh a ghaolta é dhéanamh
ar a shon. Dá ndéanfadh duine éinnidh as
an tslighe chaithfeadh a chine díre no eineach-
lann no éiric no sásamh éigin eile do
thabhairt uatha do réir mar mholadh an
Féineachas. B'é cúram na fine gan cúis
ghearáin do bheith ag éinne acht toradh na
tuatha do roinnt mar ba dhual agus mar
ba riachtanach. Bhí de chead ag an bhfine an
tuaith do roinnt agus d'athroinnt
do réir mar bhíodh gábhadh leis.
Roinnt na Talmhan.
Bhí na daoine chomh líonmhar san
i nÉirinn le linn ré Aodha Sláinge ná raibh
de thalamh i gcómhair gach duine acht trí naoi
n-iomaire. .i. naoi n-iomaire bogaidh is naoi
n-iomaire móinfhéir is naoi n-iomaire coille.
'San ré úd is eadh do roinneadh Éire le
cladhthachaibh teorann do'n chéad uair do
réir Leabhair na hUidhre. As soin amach
níor cheaduigheadh d'éinne cíos d'fhágaint
ar a orba ná ar a fhine acht amhail is mar bhí
ortha roimis. Chuir so d'fhiachaibh ar gach
éinne bheith dúthrachtach dicheallach.
(Ní chríoch.)