Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. Is ar éigin is féidir liom cóir ná cothrom a thabhairt do CHNOC NA nGABHA san ádhbhar beag slighe atá agam. Badh mhaith liom a lán a rádh mar gheall air acht ní fuláir a bheith coiméadthach. Ní mian liom Knocknagow agus Cnoc na nGabha a chur i gcompráid le chéile féachaint ciaca is fearr. Táid siad araon go maith de bhrígh go bhfuil duthchus na Gaedhealtachta ionnta araon. Is déine & is treise dhon duthchus i gCnoc na nGabha amhthach, An teanga fé ndeara soin. Ní déarfainn ná gurab árd-aigeantaighe Knocknagow, acht do b'fhéidir dá mhalairt a bheith fíor, agus níor mhian linn breis a rádh n-a thaobh. Taitneann Cnoc na nGabha liom. Tá leoithne fhionnfhuar aniar ó Chois Fhairrge ag séideadh tríd. Éirgheann sé garbh uaireanta, acht ní lughaide do chion air dá bhárr. Deir Micheál féin: “níor leanas go ró-dhlúth dho'n Bhéarla, mar creidim, má's mian le duine an t-aistriughadh a bheith glan-Ghaedhealach aige, agus “craiceann” a bheith ar a chuid cainnte, nach mór dhó scaradh ó'n mBéarla agus gan an iomarca suime a chur ins an gcaoi a bhfuil an chainnt i ndiaidh a chéile ag an udhdhar.” Dar linn go bhfuil an ceart ag Micheál annso, acht gan dul ar fad tar fóir leis an scéal. Pé scéal é is mó go mór de rian Mhichíl i gCnoc na nGabha 'na mar atá de rian Chicham. Ní deirim gur locht air soin, amh. Sé an t-aon locht amháin gheibhim-se air ná a Chois-fhairrgighe (má's ceadaitheach dham soin) atá Micheál nuair a bhíonn sé cur síos ar dhaoinibh nó ar neithibh. Ní'l deifridheacht a dhóthain idir cur síos is comhrádh san leabhar, agus téidheann soin chun uaignis is mí-shástacht a chur ar léightheóir. Ar aon chuma molaimíd go mór Micheál is a obair agus deineadh a rogha dhuine ní b'fhearr é. TÓRNA. Tá an trímhadh uimhir de “COUNTY LOUTH ARCHAELOGICAL JOURNAL” i gcló is ar fagháil anois. Leath-choróinn a fhiacha. Tá rudaí ann gur cheart do gach Fíor-Gaedheal eolus a bheith aige ortha. Is beag orainn an té ná cuireann suim i n-eólus ar sean agus i n-eolus i n-a dtaobh. Tá eolus den dá shórd go flúirseach san uimhir seo den Journal. Obair Énrí Uí Mhuirgheasa an chuid is tábhachtaighe dhe. Tá aiste ana-thábhachtmhar ó Eóin Mach Néill i NEW IRELAND REVIEW an mhí seo ghaibh tharainn. The Revolt of the Vassals an ainm atá air. Tá sé ag trácht ar eirighe amach na nAitheach Tuath agus ar stair na hÉireann roimh theacht Cloine Míleadh. Tá súil againn go ndéanfaidh gach léightheoir den IRISLEABHAR stuidéar ar na haistíbh seo an Niallaigh. Ba bheag an iongnadh linn dá mbeadh árd-cheannach ar AN DEO-GHRÉINE i measc Gaedheal na hÉireann. Tá uimhir mhí dheiridh an Fhoghmhair lán do sóghluistíbh. Is fearr a thaitneann linn féin “Eadrainn Fhín” 'ná aon nídh eile dá bhfuil ann. Tá fuinneamh agus spreacadh ag teacht ar Ghaedhealaibh na hAlbann i dtaobh a dteangan duthchuis. Go n-eirighidh leo. Beam a súil le rud éigin a rádh i dtaobh Leabhair Eibhlín Nic Choill i nIRISLEABHAR an mhí seo chughainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services