Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Is ar éigin is féidir liom cóir ná cothrom a
thabhairt do CHNOC NA nGABHA san ádhbhar beag slighe
atá agam. Badh mhaith liom a lán a rádh mar gheall
air acht ní fuláir a bheith coiméadthach. Ní mian liom
Knocknagow agus Cnoc na nGabha a chur i gcompráid
le chéile féachaint ciaca is fearr. Táid siad araon
go maith de bhrígh go bhfuil duthchus na Gaedhealtachta
ionnta araon. Is déine & is treise dhon duthchus i
gCnoc na nGabha amhthach, An teanga fé ndeara
soin. Ní déarfainn ná gurab árd-aigeantaighe
Knocknagow, acht do b'fhéidir dá mhalairt a bheith fíor,
agus níor mhian linn breis a rádh n-a thaobh. Taitneann
Cnoc na nGabha liom. Tá leoithne fhionnfhuar aniar
ó Chois Fhairrge ag séideadh tríd. Éirgheann sé garbh
uaireanta, acht ní lughaide do chion air dá bhárr.
Deir Micheál féin: “níor leanas go ró-dhlúth dho'n
Bhéarla, mar creidim, má's mian le duine an
t-aistriughadh a bheith glan-Ghaedhealach aige, agus
“craiceann” a bheith ar a chuid cainnte, nach mór dhó
scaradh ó'n mBéarla agus gan an iomarca suime a
chur ins an gcaoi a bhfuil an chainnt i ndiaidh a chéile
ag an udhdhar.” Dar linn go bhfuil an ceart ag
Micheál annso, acht gan dul ar fad tar fóir leis an
scéal. Pé scéal é is mó go mór de rian Mhichíl i
gCnoc na nGabha 'na mar atá de rian Chicham. Ní
deirim gur locht air soin, amh. Sé an t-aon locht
amháin gheibhim-se air ná a Chois-fhairrgighe (má's
ceadaitheach dham soin) atá Micheál nuair a bhíonn sé
cur síos ar dhaoinibh nó ar neithibh. Ní'l deifridheacht
a dhóthain idir cur síos is comhrádh san leabhar, agus
téidheann soin chun uaignis is mí-shástacht a chur ar
léightheóir. Ar aon chuma molaimíd go mór Micheál
is a obair agus deineadh a rogha dhuine ní b'fhearr é.



TÓRNA.



Tá an trímhadh uimhir de “COUNTY LOUTH
ARCHAELOGICAL JOURNAL” i gcló is ar
fagháil anois. Leath-choróinn a fhiacha. Tá rudaí ann
gur cheart do gach Fíor-Gaedheal eolus a bheith aige
ortha. Is beag orainn an té ná cuireann suim i
n-eólus ar sean agus i n-eolus i n-a dtaobh. Tá
eolus den dá shórd go flúirseach san uimhir seo den
Journal. Obair Énrí Uí Mhuirgheasa an chuid is
tábhachtaighe dhe.



Tá aiste ana-thábhachtmhar ó Eóin Mach Néill i
NEW IRELAND REVIEW an mhí seo ghaibh tharainn.
The Revolt of the Vassals an ainm atá air. Tá sé ag
trácht ar eirighe amach na nAitheach Tuath agus ar stair
na hÉireann roimh theacht Cloine Míleadh. Tá súil
againn go ndéanfaidh gach léightheoir den IRISLEABHAR
stuidéar ar na haistíbh seo an Niallaigh.



Ba bheag an iongnadh linn dá mbeadh árd-cheannach
ar AN DEO-GHRÉINE i measc Gaedheal na hÉireann.
Tá uimhir mhí dheiridh an Fhoghmhair lán do sóghluistíbh.
Is fearr a thaitneann linn féin “Eadrainn Fhín” 'ná
aon nídh eile dá bhfuil ann. Tá fuinneamh agus
spreacadh ag teacht ar Ghaedhealaibh na hAlbann i dtaobh
a dteangan duthchuis. Go n-eirighidh leo.



Beam a súil le rud éigin a rádh i dtaobh Leabhair
Eibhlín Nic Choill i nIRISLEABHAR an mhí seo chughainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services