Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féineachas Éireann. II.
Title
Féineachas Éireann. II.
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÉINEACHAS ÉIREANN, nó Seilbh ar Thalmhain fá Sheann- reacht na nGaedheal. “SCEOLAING” do scríobh. I. [Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i gComór- tas a Naoi san Oireachtas i mbliadhna]. Sean Ó Ceallaigh (Sceilg), ó Chraoibh an Chéitinnigh i mBaile Átha Cliath, do bhuaidh an duais]. Bun an Fhéineachas. Ní féidir Féineachas Éireann do mhíniughadh gan taoisigh is flatha na fine do chur i n-eagar a chéile do réir a gcomhachta. An fhine ba bhun dlighe an tsean-saoghail i nÉirinn agus b'iad na céilidhe taca na fine. B'ionann na céilidhe agus tuataigh an tsaoghail seo. Feir- meoiridhe do b'eadh a n-urmhór; acht, bhí lucht céard i n-a measc cé gur bh'fhuraiste na céarduighthe d'áireamh i gcomórtas le lucht saothruighthe na talmhan. Bhí sé gráda fichead ar fad 'san bhfine idir righte is flatha is airigh. Bhí na hairigh os cionn na gcéileadh, bhí na flatha os cionn na n-aireach, agus bhí na righte os cionn na bhflath is mar soin de. Má léirightear comhacht is cúraim gach gráda aca so beidh Féineachas Éireann nach mór mínighthe againn. Buadha an Áirdríogh. Tosnuighmís leis an Áirdrígh mar soin. Do réir Leabhair na gCeart bhí seacht mbuadha ag an Áirdrigh.
I gCalaind Aguist do'n rígh Do roichidís do as gach tír Measradh Manann monar ngle Agus fraoch-mheas Brí Léithe. Míolradh Náise iasc Bóinne Biolair Brosnaighe Báidhe Uisce thobair Thlachtgha de Agus fiadh luath luibnighe. Fearann Búird an Áirdríogh. Bí an Mhidhe mar fhearann búird ag an Áirdrígh tráth agus mar aon leis sin bhí chúig cinn de rightibh cóigidh fé n-a cheannas agus teacht isteach aige ó cheachtar aca. B'éigin do féin beagán tuarastail do thabhairt do sna rightibh eile leis; acht ní raibh aon bhreith ag an mbeagán soin ar a bhfaghadh sé uatha. Seo cuid de n-a raibh ag dul ó Rígh Teamhrach do Rígh Eamhna Macha: Tuarastail na Ríogh. Cóimh leithid a haighthe d'ór Do'n rígh díreagra dí-mhór Dhá chéad bó agus dhá chéad eich Dhá chéad carbad ní claon-bhreith. Dhá luing déag ar chobhlach coin a righ Teamhrach go dtreasaibh A gcur do mhacaibh flatha Dóigh is congaibh i n-a lacha. Saor-rath. Dá nglacadh éinne saor-rath nó tuaras- tal ó'n Rígh cómhartha é seo go mbeadh sé fé smacht ag an Rígh feasta. B'éigin do gach duine, ba chuma rí nó flaith nó tuatach é, saor-rath do ghlacadh ó'n Áirdrígh. Na Righthe. Bhí trí gráda eile de righthibh ann, seochas an tÁirdrí. Bhí an rí bunaidh ann, an rí buidhean agus an rí beann. B'ionann an rí bunaidh agus an rí cóigidh; b'ionann an rí bhuidheann agus an rí mór tuatha; agus b'ionann an rí beann is an rí tuatha. An Rí Bunaidh. Bhí chúig cinn de righthibh buidheann fé chomhacht an ríogh bunaidh. B'é an teacht isteach a bhí aige seo, ná an fearann búird, fearann dá chuid fhéin, luach stuic, an cíos a thagadh isteach chuige ó righthibh eile dá raibh fé n-a chomhacht agus an tuarastal a bhí ag dul do ó'n Áirdrígh. Seo chuid de Chíos Chaisil do réir an áirimh atá i Leabhar na gCeart: Cíos Chaisil. Trí chéad mart a Muscraidhe Ar ghort — nocha gó, Trí chéad torc nach tuscbhuidhe Céad brat is céad bó. Seacht gcéad cráin a Ciarraidhe, Seacht gcéad bó, ní bréag: Seacht gcéad damh a d'amh-dhoiribh Do Chaiseal na gcéad. Agus mar sin de. Rí Mór Tuatha. Rí dhá bhuidhean nó trí mbuidhean agus trí dtuath nó cheithre dtuath a thugtar i sna scríbhinnibh ar an rígh mór tuatha nó ar an rígh buidhean mar a thugtaidhe air go minic. Ní ghéillfidhe do rígh buidhean dá mbeadh sé gan trí cinn de ríghtibh tuatha fé n-a chomhacht. Is ionann san nó a rádh ná admhóchadh an fhine go raibh sé i n-a rígh mhór tuatha, agus dá bhrígh sin ná beadh gnáth-bhuadha ná comhacht an ríogh mhóir tuatha aige, agus ná beadh an cíos le fagháil aige. An Rí Tuatha. An rí tuatha nó an rí beann an rí ba lugha comhacht is buadha i measc na ríogh. Acht dá laighead é a chomh- acht is é bhíodh i gceannas a dhúthaighe féin pé beag mór é. Agus níor rí daidhbhir é ná éinnidh dá leithéid. Bhí an méid seo de theacht isteach aige is breis: bhí an cíos flatha aige ar an gcéad dul síos; b'é sin an cíos agus an díoghluidheacht a bhí ag dul do ó sna flathaibh. I n-a theannta san bhí tuarastal ag dul do ó'n rígh uachtair. Bhíodh maoin éigin aige féin de ghnáth. Dá dtárlóchadh talamh nó ba nó éinnidh dá leithéid do bheith i n-a thuaith ó am go ham agus gan aon bhaint fé leith ag oidhre leo chaithfidhe iad do thabhairt do'n rígh. Pé
dire nó sárughadh nó cáin eile do bheadh ar fagháil bhí a scar féin ag dul do'n rígh. Bhí tuarastal ag dul do as an Aireacht, agus pé nidh bheadh buaidhte de bharr cogaidh bheadh a scar de sin féin ag dul do. Bhuailtidhe racht nó cáin fé leith ar an ndúthaigh nuair a bheadh gábhadh leis. Mar aon leis seo bhíodh toradh a chuid talmhan féin aige, agus bhíodh fáinne maighdine le fagháil aige ó gach maighdin dá bpóstaidhe 'san dúthaigh. Má bhí so de theacht isteach ag an rígh tuatha is furaiste a cheapadh cad é an teacht isteach a bheadh ag an rígh mór tuatha, ag an rígh cóigidh, agus ag an Árdrígh féin. An Tanaise Is iad na flatha is na bó-airigh do thoghadh an rígh tuatha agus i dtigh an bhrughaidh is eadh dheintidhe an toghadh. Tan- aise is eadh thugtaidhe ar an ádhbhar ríogh so, agus toghtaidhe é agus an rí féin i n-a bheathaidh. Bhíodh an tuaith go léir fé chumh- acht an tanaise, nídh nár bh'iongnadh, agus bhíodh cúigear sean-chleithe 'san mbreis aige ar an Aire forghaill. An fearann búird do bhíodh ag an rígh ní do chlainn an ríogh thugtaidhe é tar éis bháis dó, acht do'n tanaise. Níor bh'fhuláir gan éad do bheith ar chlainn an ríogh de dheascaibh an ghnáis seo, agus níor bh'annamh do thárla tuaiplis dá bharr. II. Bhí na flatha líonmhar go leór, leis, agus ní raibh aon easba saidhbhris ortha acht chomh beag. Bhí cúig gráda de fhlathaibh ann, agus is é thugtaidhe ortha ná an t-aire forghaill, an t-aire túise, an t-aire árd, an t-aire éachta, agus an t-aire desa. An tAire Forghaill. B'é an t-aire forghaill an t-aire ba mhó comhacht aca so. Bhíodh fiche céile agus fiche giallna fé n-a chomh- acht, agus b'é bhíodh mar eadarghabháluidhe idir an fhine agus an rí. Thugtaidhe mac Nascaire mar theideal air mar gur fé n-a chomairce cheaptaidhe gach connradh de chonnarthaibh na fine. Dá mbeadh de chúram air dlighthe na fine do chur i bhfeidhm bhí céad fear ag dul do mar fhuirinn chosanta. Chuireadh sé a chuid talmhan de ghnáth. Ní bhíodh an comhacht céadna ag gach aire forghaill, ní gábhadh a rádh: bhíodh comhacht aca do réir stáide na dúthaighe agus do réir an tsaoghail a bhíodh ann le n-a linn. Luadhtar trí gráda aireach forghaill i sna scríbhinnibh. Bhí chúig ba dhéag ag dul mar einneachlainn d'aire aca, ocht mba dhéag do'n dara aire, agus seacht mba fichead do'n aire ba shaidhbhre aca. An tAire Túise. Deir an Crith Gabhla gur bh'é an t-aire túise an duine ba ghiorra do'n aire forghaill. Tá na scríbheanna ar mhalairt tuairme i n-a thaobh so go háirithe. Bhí cúig chéile dhéag agus dhá ghiallna déag fé chomhacht an aire túise. Bhí saor-rath nó tuarastal ag dul do ó'n rígh leis, agus bhíodh dhá each déag i n-a sheilbh de ghnáth. Ar an aire túise seo is eadh thug- taidhe an taoiseach mar theideal ní ba dhéidheanaighe. An tAire Árd. Áirmhightear an t-aire árd i ndiaidh an aire túise de ghnáth. Bhíodh deichneabhar céile agus deich- neabhar giallna ag an aire seo. Thugadh na giallna dhá bhó agus trí samhaisc agus dhá cheartaois dartha dho gach bliadhain mar aon le lán-chothughadh i n-a gcomhair go léir. An tAire Éachta. Flaith comhachtach eile do b'eadh an t-aire éachta. B'éigin do súd bheith ag faire coitchianta ag an mbeár- nain baoghail nó ag an áit ba dho-chosanta ar theorainn na tuatha. Bhíodh cúigear laoch ag freastail air i gcomhnaidhe; agus, dá mbeadh gábhadh aige le n-a thuilleadh, ní raibh le déanamh aige acht iad d'iarraidh agus
bheidís ar faghail aige. Saghas taoisigh a b'eadh é, agus is minic a mholtaidhe roinnt talmhan do féin agus dá lucht leanamhna de bharr a ngnótha. Buanacht an ainm a bhí ar an dtuarastal so. An tAire Desa. An t-aire desa thugtaidhe ar an gcúig- mheadh aire. Giuistís do b'eadh é so, nó bhí comhacht giuistís aige, agus bhí de theideal aige gach ceist dár bhain le urrudhas do réidhtiughadh. Bhíodh cúigear céile agus cúigear giallna fé n-a smacht aige. Thugadh na giallna bó agus samhaisc agus trí cinn de cheartaosaibh dartha dho gach bliadhain agus cothughadh i n-a gcomhair i bhfarradh soin. Bó-airigh do bhí go maith 'san tsaoghal agus fonn ortha teacht chum cinn do b'eadh urmhór na n-aireach desa so. III. Bó-airigh. B'iad na bó-airigh an chéad ghrád eile de'n fhine. Bhí cúig gráda aca so féin ann leis. Bhí an t-aire coisring ann is an fear fothla, an brugh- aidh leathach an brughaidh céadach is an t-óg- aire. An tAire Coisring. B'é an t-aire coisring an duine ba chomh- achtaighe aca. B'é fear ionaid na fine é. Dá mbeadh éinnídh i gcoinnibh na fine bheithfidhe ag brath ar an aire coisring chum an fhine do chosaint agus a leath-scéal do ghabháil leis an rígh. Nas- caire do b'eadh an t-aire coisring leis. Bhí sé de theideal aige snaidhmthe nó margaidhe do dhéanamh idir lucht pléidhe, agus théidheadh sé i n-urrudhas ortha nuair bhíodh gábhadh leis. Is é an fáth gur tugadh aire coisring air ná gur bh'é gheibheadh geallamhaint ó rígh agus ó sheanaid agus ó'n bhfine go mbeidís uile dílis dá chéile agus go gcóimhlíonfaidhe gach geallamhaint dá dtugaidís uatha. Thug- taidhe aire fine mar theideal, leis, air. An Fear Fothla. Bó-aire saidhbhir do b'eadh an fear fothla. Aire do b'eadh é seo go mbíodh an iomad bó aige de ghnáth agus gan an oiread talmha aige is do chothóchadh iad. Is é dheineadh sé leo mar soin ná iad do thabhairt ar cáirde do ghiallnaibh agus biathadh d'fhágháil asta go flúirseach. B'é seo fear ceannais na mbó-aireach, agus is é an cúram ba mhó bhíodh air ná a chuid bó do roinnt go cruinn cóir ar na giallnaibh. Níor bh'fhuláir dó gan bheith i n-a fhear shaidh- bhir neimhspleádhach agus é níos fearr san tsaoghal ná an brughaidh leathach. (Ní Chríoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services