Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Féineachas Éireann. II.

Title
Féineachas Éireann. II.
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FÉINEACHAS ÉIREANN,

Seilbh ar Thalmhain fá Sheann-
reacht na nGaedheal.



“SCEOLAING” do scríobh.



I.



[Do bhuaidh an aiste seo an chéad duais i gComór-
tas a Naoi san Oireachtas i mbliadhna]. Sean Ó
Ceallaigh (Sceilg), ó Chraoibh an Chéitinnigh i mBaile
Átha Cliath, do bhuaidh an duais].



Bun an Fhéineachas.



Ní féidir Féineachas Éireann do mhíniughadh
gan taoisigh is flatha na fine
do chur i n-eagar a chéile do
réir a gcomhachta. An fhine ba bhun dlighe
an tsean-saoghail i nÉirinn agus b'iad na
céilidhe taca na fine. B'ionann na céilidhe
agus tuataigh an tsaoghail seo. Feir-
meoiridhe do b'eadh a n-urmhór; acht, bhí
lucht céard i n-a measc cé gur bh'fhuraiste
na céarduighthe d'áireamh i gcomórtas le
lucht saothruighthe na talmhan. Bhí sé gráda
fichead ar fad 'san bhfine idir righte is
flatha is airigh. Bhí na hairigh os cionn na
gcéileadh, bhí na flatha os cionn na n-aireach,
agus bhí na righte os cionn na bhflath is mar
soin de. Má léirightear comhacht is cúraim
gach gráda aca so beidh Féineachas Éireann
nach mór mínighthe againn.



Buadha an Áirdríogh.



Tosnuighmís leis an Áirdrígh mar soin.
Do réir Leabhair na gCeart bhí
seacht mbuadha ag an Áirdrigh.


L. 237


I gCalaind Aguist do'n rígh
Do roichidís do as gach tír
Measradh Manann monar ngle
Agus fraoch-mheas Brí Léithe.



Míolradh Náise iasc Bóinne
Biolair Brosnaighe Báidhe
Uisce thobair Thlachtgha de
Agus fiadh luath luibnighe.



Fearann Búird an Áirdríogh.



Bí an Mhidhe mar fhearann búird ag an
Áirdrígh tráth agus mar aon leis
sin bhí chúig cinn de rightibh cóigidh
fé n-a cheannas agus teacht
isteach aige ó cheachtar aca. B'éigin do
féin beagán tuarastail do thabhairt do sna
rightibh eile leis; acht ní raibh aon bhreith ag
an mbeagán soin ar a bhfaghadh sé uatha.
Seo cuid de n-a raibh ag dul ó Rígh
Teamhrach do Rígh Eamhna Macha:



Tuarastail na Ríogh.



Cóimh leithid a haighthe d'ór
Do'n rígh díreagra dí-mhór
Dhá chéad bó agus dhá chéad eich
Dhá chéad carbad ní claon-bhreith.



Dhá luing déag ar chobhlach coin
a righ Teamhrach go dtreasaibh
A gcur do mhacaibh flatha
Dóigh is congaibh i n-a lacha.



Saor-rath.



Dá nglacadh éinne saor-rath nó tuaras-
tal ó'n Rígh cómhartha é seo go
mbeadh sé fé smacht ag an Rígh
feasta. B'éigin do gach duine, ba chuma
rí nó flaith nó tuatach é, saor-rath do
ghlacadh ó'n Áirdrígh.



Na Righthe.



Bhí trí gráda eile de righthibh ann, seochas
an tÁirdrí. Bhí an rí bunaidh
ann, an rí buidhean agus an rí
beann. B'ionann an rí bunaidh agus an
rí cóigidh; b'ionann an rí bhuidheann agus
an rí mór tuatha; agus b'ionann an rí
beann is an rí tuatha.



An Rí Bunaidh.



Bhí chúig cinn de righthibh buidheann fé
chomhacht an ríogh bunaidh. B'é
an teacht isteach a bhí aige seo,
ná an fearann búird, fearann dá chuid
fhéin, luach stuic, an cíos a thagadh isteach
chuige ó righthibh eile dá raibh fé n-a chomhacht
agus an tuarastal a bhí ag dul do ó'n
Áirdrígh. Seo chuid de Chíos Chaisil do réir
an áirimh atá i Leabhar na gCeart:



Cíos Chaisil.



Trí chéad mart a Muscraidhe
Ar ghort — nocha gó,
Trí chéad torc nach tuscbhuidhe
Céad brat is céad bó.



Seacht gcéad cráin a Ciarraidhe,
Seacht gcéad bó, ní bréag:
Seacht gcéad damh a d'amh-dhoiribh
Do Chaiseal na gcéad.



Agus mar sin de.



Rí Mór Tuatha.



Rí dhá bhuidhean nó trí mbuidhean agus
trí dtuath nó cheithre dtuath a
thugtar i sna scríbhinnibh ar an rígh
mór tuatha nó ar an rígh buidhean mar a
thugtaidhe air go minic. Ní ghéillfidhe do
rígh buidhean dá mbeadh sé gan trí cinn de
ríghtibh tuatha fé n-a chomhacht. Is ionann
san nó a rádh ná admhóchadh an fhine go raibh
sé i n-a rígh mhór tuatha, agus dá bhrígh sin
ná beadh gnáth-bhuadha ná comhacht an ríogh
mhóir tuatha aige, agus ná beadh an cíos le
fagháil aige.



An Rí Tuatha.



An rí tuatha nó an rí beann an rí ba lugha
comhacht is buadha i measc na
ríogh. Acht dá laighead é a chomh-
acht is é bhíodh i gceannas a dhúthaighe féin
pé beag mór é. Agus níor rí daidhbhir é
ná éinnidh dá leithéid. Bhí an méid seo de
theacht isteach aige is breis: bhí an cíos
flatha aige ar an gcéad dul síos; b'é sin
an cíos agus an díoghluidheacht a bhí ag dul
do ó sna flathaibh. I n-a theannta san bhí
tuarastal ag dul do ó'n rígh uachtair.
Bhíodh maoin éigin aige féin de ghnáth. Dá
dtárlóchadh talamh nó ba nó éinnidh dá
leithéid do bheith i n-a thuaith ó am go ham
agus gan aon bhaint fé leith ag oidhre leo
chaithfidhe iad do thabhairt do'n rígh. Pé


L. 238


dire nó sárughadh nó cáin eile do bheadh ar
fagháil bhí a scar féin ag dul do'n rígh. Bhí
tuarastal ag dul do as an Aireacht, agus
pé nidh bheadh buaidhte de bharr cogaidh bheadh
a scar de sin féin ag dul do. Bhuailtidhe
racht nó cáin fé leith ar an ndúthaigh nuair
a bheadh gábhadh leis. Mar aon leis seo
bhíodh toradh a chuid talmhan féin aige, agus
bhíodh fáinne maighdine le fagháil aige ó gach
maighdin dá bpóstaidhe 'san dúthaigh. Má
bhí so de theacht isteach ag an rígh tuatha is
furaiste a cheapadh cad é an teacht isteach
a bheadh ag an rígh mór tuatha, ag an rígh
cóigidh, agus ag an Árdrígh féin.



An Tanaise



Is iad na flatha is na bó-airigh do thoghadh
an rígh tuatha agus i dtigh an
bhrughaidh is eadh dheintidhe an toghadh. Tan-
aise is eadh thugtaidhe ar an ádhbhar ríogh so,
agus toghtaidhe é agus an rí féin i n-a
bheathaidh. Bhíodh an tuaith go léir fé chumh-
acht an tanaise, nídh nár bh'iongnadh, agus
bhíodh cúigear sean-chleithe 'san mbreis aige
ar an Aire forghaill. An fearann búird
do bhíodh ag an rígh ní do chlainn an ríogh
thugtaidhe é tar éis bháis dó, acht do'n
tanaise. Níor bh'fhuláir gan éad do bheith
ar chlainn an ríogh de dheascaibh an ghnáis
seo, agus níor bh'annamh do thárla tuaiplis
dá bharr.



II.



Bhí na flatha líonmhar go leór, leis, agus
ní raibh aon easba saidhbhris ortha
acht chomh beag. Bhí cúig gráda de fhlathaibh
ann, agus is é thugtaidhe ortha ná an t-aire
forghaill, an t-aire túise, an t-aire árd,
an t-aire éachta, agus an t-aire desa.



An tAire Forghaill.



B'é an t-aire forghaill an t-aire ba mhó
comhacht aca so. Bhíodh fiche céile
agus fiche giallna fé n-a chomh-
acht, agus b'é bhíodh mar eadarghabháluidhe
idir an fhine agus an rí. Thugtaidhe mac
Nascaire mar theideal air mar gur fé n-a
chomairce cheaptaidhe gach connradh de
chonnarthaibh na fine. Dá mbeadh de chúram
air dlighthe na fine do chur i bhfeidhm bhí céad
fear ag dul do mar fhuirinn chosanta.
Chuireadh sé a chuid talmhan de ghnáth. Ní
bhíodh an comhacht céadna ag gach aire
forghaill, ní gábhadh a rádh: bhíodh comhacht
aca do réir stáide na dúthaighe agus do
réir an tsaoghail a bhíodh ann le n-a linn.
Luadhtar trí gráda aireach forghaill i sna
scríbhinnibh. Bhí chúig ba dhéag ag dul mar
einneachlainn d'aire aca, ocht mba dhéag
do'n dara aire, agus seacht mba fichead
do'n aire ba shaidhbhre aca.



An tAire Túise.



Deir an Crith Gabhla gur bh'é an t-aire
túise an duine ba ghiorra do'n
aire forghaill. Tá na scríbheanna
ar mhalairt tuairme i n-a thaobh so go
háirithe. Bhí cúig chéile dhéag agus dhá
ghiallna déag fé chomhacht an aire túise. Bhí
saor-rath nó tuarastal ag dul do ó'n rígh
leis, agus bhíodh dhá each déag i n-a sheilbh de
ghnáth. Ar an aire túise seo is eadh thug-
taidhe an taoiseach mar theideal ní ba
dhéidheanaighe.



An tAire Árd.



Áirmhightear an t-aire árd i ndiaidh an
aire túise de ghnáth. Bhíodh
deichneabhar céile agus deich-
neabhar giallna ag an aire seo. Thugadh na
giallna dhá bhó agus trí samhaisc agus dhá
cheartaois dartha dho gach bliadhain mar aon
le lán-chothughadh i n-a gcomhair go léir.



An tAire Éachta.



Flaith comhachtach eile do b'eadh an t-aire
éachta. B'éigin do súd bheith ag
faire coitchianta ag an mbeár-
nain baoghail nó ag an áit ba dho-chosanta
ar theorainn na tuatha. Bhíodh cúigear laoch
ag freastail air i gcomhnaidhe; agus, dá
mbeadh gábhadh aige le n-a thuilleadh, ní raibh
le déanamh aige acht iad d'iarraidh agus


L. 239


bheidís ar faghail aige. Saghas taoisigh a
b'eadh é, agus is minic a mholtaidhe roinnt
talmhan do féin agus dá lucht leanamhna de
bharr a ngnótha. Buanacht an ainm a bhí ar
an dtuarastal so.



An tAire Desa.



An t-aire desa thugtaidhe ar an gcúig-
mheadh aire. Giuistís do b'eadh
é so, nó bhí comhacht giuistís aige,
agus bhí de theideal aige gach ceist dár
bhain le urrudhas do réidhtiughadh. Bhíodh
cúigear céile agus cúigear giallna fé n-a
smacht aige. Thugadh na giallna bó agus
samhaisc agus trí cinn de cheartaosaibh
dartha dho gach bliadhain agus cothughadh i
n-a gcomhair i bhfarradh soin. Bó-airigh do
bhí go maith 'san tsaoghal agus fonn ortha
teacht chum cinn do b'eadh urmhór na
n-aireach desa so.



III.



Bó-airigh.



B'iad na bó-airigh an chéad ghrád eile
de'n fhine. Bhí cúig gráda aca
so féin ann leis. Bhí an t-aire
coisring ann is an fear fothla, an brugh-
aidh leathach an brughaidh céadach is an t-óg-
aire.



An tAire Coisring.



B'é an t-aire coisring an duine ba chomh-
achtaighe aca. B'é fear ionaid
na fine é. Dá mbeadh éinnídh i
gcoinnibh na fine bheithfidhe ag brath ar an
aire coisring chum an fhine do chosaint agus
a leath-scéal do ghabháil leis an rígh. Nas-
caire do b'eadh an t-aire coisring leis. Bhí
sé de theideal aige snaidhmthe nó margaidhe
do dhéanamh idir lucht pléidhe, agus théidheadh
sé i n-urrudhas ortha nuair bhíodh gábhadh leis.
Is é an fáth gur tugadh aire coisring air ná
gur bh'é gheibheadh geallamhaint ó rígh agus ó
sheanaid agus ó'n bhfine go mbeidís uile
dílis dá chéile agus go gcóimhlíonfaidhe gach
geallamhaint dá dtugaidís uatha. Thug-
taidhe aire fine mar theideal, leis, air.



An Fear Fothla.



Bó-aire saidhbhir do b'eadh an fear fothla.
Aire do b'eadh é seo go mbíodh
an iomad bó aige de ghnáth agus
gan an oiread talmha aige is do chothóchadh
iad. Is é dheineadh sé leo mar soin ná iad
do thabhairt ar cáirde do ghiallnaibh agus
biathadh d'fhágháil asta go flúirseach. B'é
seo fear ceannais na mbó-aireach, agus is
é an cúram ba mhó bhíodh air ná a chuid bó
do roinnt go cruinn cóir ar na giallnaibh.
Níor bh'fhuláir dó gan bheith i n-a fhear shaidh-
bhir neimhspleádhach agus é níos fearr san
tsaoghal ná an brughaidh leathach.



(Ní Chríoch)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services