Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Is iomdha rud a thuigeann beirt ná tuigfeadh aoinne amháin, arsa an sean-fhocal. Sáruighthear an sean- fhocal ar uairibh. Thuig Liam Ua Briain aon nídh amháin nár thuig a bhfuil eile i nÉirinn le h-ocht mbliadhnaibh, agus ná tuigfidís is dócha dá mbeidís ag smaoineamh i gcaitheamh na naoi saoghal. Thuig sé cionnus aondacht agus cáirdeachas a sheoladh i measg na ndaoine a bhí sa druim ruaig ag a chéile ó cailleadh Parnell. Thuig sé rud eile san am ceudna, sé sin gur bhféidir na daoine bochta a bhí ag maireachtaint ar na sléibhtibh cruadha do thabhairt anuas ar an dtalamh bog a bhíodh ag déanamh mairt-fheola dho'n mhuinntir a shlad na Gaedhil. Chuir sé Connradh na nGaedheal nAontuighthe ar bun chun an dá nídh seo do chur chum cinn, agus is ro-mhaith ar tá ag éirghe leis. Tá cuid de na tighearnaidhibh ag tairisgint a gcoda talmhan anois le roinnt i bhfeirm- eachaibh. Tá Cúige Chonnacht ar fad ar aon toil leis an mBrianach anois, agus tá an Connradh ag leathnughadh ó thuaidh agus ó dheas. Bhí Easbog nuadh na Midhe ag cur aithne ar a threadaibh i nAbhainn le déidheanaighe, agus dubhairt sé ná beadh rí ná rath ar an gCondae sin no go mbeadh an duine i n-ionad an bheithigh ar an dtalamh méith. Ní misde linn a rádh gurab iad saighdiúirí an Chonnartha a bheidh na bhfeisirí againn fá cheann dhá bhliadhain ó indiu. Meisneach maith orainn a lucht na Gaedhilge. D'osgail an Brianach beárna, agus tá an deoraidhe ag teacht isteach ar a chuid féin. Tá beárna eile ghá briseadh againn-ne, agus sgéidhfidh an Ghaedhilg soir ar an dtalamh íseal atá ag déanamh na nGall-Éireannach. Tá Brianach de'n ainm cheudna na bhreitheamh agus chúig míle púnt sa mbliadhain de thuarasdal do. Fear breágh Gaedhealach dob eadh é tamall, do réir a bhéil féin, nuair a bhí sé ag iarraidh bheith istigh in a Fheisire náisiúntach, acht d'athruigh sé a phort ó fuair sé na cúig míle. Is dóigh leis ó shoin gur cuid dá gnó eas-onóir agus tarcuisne do thabhairt do Ghaedhealaibh i ngach áit dá ngabhann sé. Bhí sé ag na siseonaibh móra i gCluain meala an lá fá dheire, agus dubhairt sé anuas de shuidheachán a bhreithimh gur mhór an sgrios do'n dúthaigh a gceannas a bhaint de lucht an Choisde Mhóir ó is acu amháin a bhí aon tuigsint i ngnóthaibh puiblidhe. Bhuail Comhairle an Condae um a chéile na dhiaidh sin agus chuireadar teachtaireacht go dtí an Riaghaltas ghá iarraidh ortha a rádh leis an sprealairín suarach, a thréig a dhúthaigh agus a cháirde, aire a thabhairt dá ghnó féin agus gan bheith ag cur isteach ar neithibh nár bhain leis. Mhairbh fear oibre a bhean sa Tráigh-Bhaile an tseacht- mhain seo ghabh thart. Níor réidhtigheadar le chéile go maith le fada. Thárla toirmeasg eigin eatortha an tráthnóna sain agus bhuail seisean buille ar an mnaoi a mhairbh í. Tá triúr cloinne na diaidh, mo thruagh iad. Dubhairt muinntir Chondae an Chláir leo féin san bhliadhain 1882, no roimhe sin - agus is leas-mháthair a thógfadh ortha é - go raibh an iomarca cíosa ortha, agus nár mhór an cíos a laghdughadh, no ná feudfadaois an chleith a choimeád os a gcionn. Cuireadh tuilleadh con- stáblaithe chúcha an bhliadhain sin, agus leagadh costas a gcomeádtha ar an gcondae, £88,000 is eadh atá díolta acu ó shoin asta. Bronnadh mitíní bána ar bhreitheamh an Chondae i nInis an lá fé dheire. Bhí Comhairle an Chondae na suidhe lá ar na márach agus do leath a shúile ortha nuair fuaradar litir ag éileamh £650 mar dhíoluigheacht as coimeád na gconstáblaithe ceudna. Cuireadh leath-bhliadhain príosúin ar ghréasuidhe agus ar mhnaoi i mBaile Ath' Cliath i dtaobh gur leigeadar do leanbh mic dóibh bás d'fhagháil le h-ocras. Naoi seachtmhaine d'aois a bhí an leanbh. Bhídís araon ar meisge agus ag gabháil ar a chéile, agus an leanbh caithte sa chúinne agus braon bainne géir i mbuidéal aige. Feargus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services