Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Is iomdha rud a thuigeann beirt ná tuigfeadh aoinne
amháin, arsa an sean-fhocal. Sáruighthear an sean-
fhocal ar uairibh. Thuig Liam Ua Briain aon nídh amháin
nár thuig a bhfuil eile i nÉirinn le h-ocht mbliadhnaibh,
agus ná tuigfidís is dócha dá mbeidís ag smaoineamh
i gcaitheamh na naoi saoghal. Thuig sé cionnus aondacht
agus cáirdeachas a sheoladh i measg na ndaoine a bhí sa
druim ruaig ag a chéile ó cailleadh Parnell. Thuig sé
rud eile san am ceudna, sé sin gur bhféidir na daoine
bochta a bhí ag maireachtaint ar na sléibhtibh cruadha do
thabhairt anuas ar an dtalamh bog a bhíodh ag déanamh
mairt-fheola dho'n mhuinntir a shlad na Gaedhil.



Chuir sé Connradh na nGaedheal nAontuighthe ar bun
chun an dá nídh seo do chur chum cinn, agus is ro-mhaith
ar tá ag éirghe leis. Tá cuid de na tighearnaidhibh ag
tairisgint a gcoda talmhan anois le roinnt i bhfeirm-
eachaibh. Tá Cúige Chonnacht ar fad ar aon toil leis an
mBrianach anois, agus tá an Connradh ag leathnughadh ó
thuaidh agus ó dheas. Bhí Easbog nuadh na Midhe ag cur
aithne ar a threadaibh i nAbhainn le déidheanaighe, agus
dubhairt sé ná beadh rí ná rath ar an gCondae sin no
go mbeadh an duine i n-ionad an bheithigh ar an dtalamh
méith. Ní misde linn a rádh gurab iad saighdiúirí an
Chonnartha a bheidh na bhfeisirí againn fá cheann dhá
bhliadhain ó indiu.



Meisneach maith orainn a lucht na Gaedhilge.
D'osgail an Brianach beárna, agus tá an deoraidhe ag
teacht isteach ar a chuid féin. Tá beárna eile ghá
briseadh againn-ne, agus sgéidhfidh an Ghaedhilg soir ar
an dtalamh íseal atá ag déanamh na nGall-Éireannach.



Tá Brianach de'n ainm cheudna na bhreitheamh agus
chúig míle púnt sa mbliadhain de thuarasdal do. Fear
breágh Gaedhealach dob eadh é tamall, do réir a bhéil
féin, nuair a bhí sé ag iarraidh bheith istigh in a Fheisire
náisiúntach, acht d'athruigh sé a phort ó fuair sé na cúig
míle. Is dóigh leis ó shoin gur cuid dá gnó eas-onóir
agus tarcuisne do thabhairt do Ghaedhealaibh i ngach áit
dá ngabhann sé. Bhí sé ag na siseonaibh móra i gCluain
meala an lá fá dheire, agus dubhairt sé anuas de
shuidheachán a bhreithimh gur mhór an sgrios do'n dúthaigh
a gceannas a bhaint de lucht an Choisde Mhóir ó is acu
amháin a bhí aon tuigsint i ngnóthaibh puiblidhe.



Bhuail Comhairle an Condae um a chéile na dhiaidh sin
agus chuireadar teachtaireacht go dtí an Riaghaltas
ghá iarraidh ortha a rádh leis an sprealairín suarach, a
thréig a dhúthaigh agus a cháirde, aire a thabhairt dá ghnó
féin agus gan bheith ag cur isteach ar neithibh nár bhain
leis.



Mhairbh fear oibre a bhean sa Tráigh-Bhaile an tseacht-
mhain seo ghabh thart. Níor réidhtigheadar le chéile go
maith le fada. Thárla toirmeasg eigin eatortha an
tráthnóna sain agus bhuail seisean buille ar an mnaoi
a mhairbh í. Tá triúr cloinne na diaidh, mo thruagh iad.



Dubhairt muinntir Chondae an Chláir leo féin san
bhliadhain 1882, no roimhe sin - agus is leas-mháthair a
thógfadh ortha é - go raibh an iomarca cíosa ortha, agus
nár mhór an cíos a laghdughadh, no ná feudfadaois an
chleith a choimeád os a gcionn. Cuireadh tuilleadh con-
stáblaithe chúcha an bhliadhain sin, agus leagadh costas
a gcomeádtha ar an gcondae, £88,000 is eadh atá
díolta acu ó shoin asta. Bronnadh mitíní bána ar
bhreitheamh an Chondae i nInis an lá fé dheire. Bhí
Comhairle an Chondae na suidhe lá ar na márach agus
do leath a shúile ortha nuair fuaradar litir ag éileamh
£650 mar dhíoluigheacht as coimeád na gconstáblaithe
ceudna.



Cuireadh leath-bhliadhain príosúin ar ghréasuidhe agus
ar mhnaoi i mBaile Ath' Cliath i dtaobh gur leigeadar
do leanbh mic dóibh bás d'fhagháil le h-ocras. Naoi
seachtmhaine d'aois a bhí an leanbh. Bhídís araon ar
meisge agus ag gabháil ar a chéile, agus an leanbh
caithte sa chúinne agus braon bainne géir i mbuidéal
aige.



Feargus Finn-bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services