Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dualgas an Amhráin i bhFilidheacht na Gaedhilge. II.
Title
Dualgas an Amhráin i bhFilidheacht na Gaedhilge. II.
Author(s)
Béaslaoi, Piarus,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DUALGAS AN AMHRÁIN I bhFILIDH- EACHT NA GAEDHILGE. — II. Piaras Béaslaoi do scríobh. VI. — DEASGA NA nIASACHTA. Caithfam trácht ar lucht an Ghalldachais anois. Is mithid dúinn aghaidh do thabhairt ortha gan sgáth, gan eagla, agus a rádh leó gan fiacail a chur ann, ná féadfaidís dá gcuirfidís a ndá shúil ar chipín a thuiscint ná a bhreithniughadh cad is amhrán ceart ann. Táid ar a ndícheall ag maslughadh saothair ár mbárd agus ár n-ollamh ó'n gcéad lá chuireadar aithne ar a gceapadóireacht. Tá an t-iasacht fighte fuaighte ina smaoin- tibh agus ina n-aignibh, agus ní'l dul as aca. Cá gá dhóibh ámhach droch-mheas do chaitheamh le filíbh na nGaedheal. Ní thógfainn ortha é dá mb' áil leó a admháil ná fuil aca acht a dtuairim féin agus gur féidir gan an ceart a bheith aca. Acht ní dhéanfadh san an gnó dhóibh. Ní'l pioc dá mhearthal ortha go bhfuil leithead agus doimhneas tobair Nelicon tomhaiste go cruinn agus go beacht aca agus ná fuil dul thar a mbreitheamhntas — agus gan san mbreitheamhntas san, b'fhéidir, acht suidheamh riaghlacha do geineadh i n-inchinn sgoláire Gallda éigin. Pé sólás nó sásamh aigne do bhaineadar as filidheacht Gallda, ní foláir leó súil a bheith aca le hearraí de'n tsórt chéadna ó n-ár mbárdaibh. Nach mór a muinghín asta féin? Cá b'fhios dóibh nach feárr d'fhágháltas amháin na nGaedheal na dréachta na nGall. “An amhlaidh a mheasfá a rádh,” arsa Byron, “go bhfuil riaghlacha áirithe ag an bhfilidheacht a sheasomhaidh le saoghal na ré, agus nach féidir iad a shárúghadh? An amhlaidh adéarfá go bhfuil socair ag an saoghal cad is fíor-fhilidheacht ann? Ráiméis, a dhuine. Níl san socair againn fós, agus ní bhéidh, ní fios cathoin. Riaghlacha an eadh? Do réir mar imthigheann claonadh nódh agus atharrach meóin ar aon treibh daoine, iseadh thagann atharrach ar dheilbh agus ar mhianach a bhfilidheachta. Leanann an t-atharrughadh ó ghlúin go glúin agus ó shliocht go sliocht. Bíonn a rogha féin agus a gclaonadh féin ag muinntir gach aoise. Bí Hómer fé réim sealad agus Bhergil seal ina ionad. Bhí a aga féin ag Corneille, is mó linn Racine anois; do rug Voltaire an chraobh ó Crebillon.” Bhí an ceart ag Byron. An rud a thaithn- feadh le Tadhg Gabha ní dócha go dtaithnfeadh sé le n-a shean-athair. Ca bhfios do Thadhg nach ag a shean-athair a bheadh an ceart? Vixere fortes ante Agamemnona.
Is baoghal liom gur mheall an t-iasacht a lán againn. Dá mbeadh léigheann im' cheann agus líomthacht im' pheann, ba mhaith liom suim aimsire a thabhairt ag casadh le scaipeadh an cheóidh draoidheachta atá ag baint na súl dínn, agus roinnt bheag de sholas an lae ghléighil do leigint isteach chughainn. Níor mhór d'Aoibhill na Cairrge Léithe turus eile a thabhairt orainn chun daoirse meanman agus geimhleacha gaoise an Ghalldachais do sgaoileadh d'ár mballaibh beatha, d'fhonn ár ngaiscidhigh a shaoradh chun faithche na himeartha. VII. — AMHRÁIN NA nGAEDHEAL AGUS “LYRICS” NA nGALL. “Lyrics” do tugtí ar aistibh i gcóir cheóil agus gutha duine. “Lyrics” cearta ab' eadh ár n-amhráin-na. Acht “lyrics” na nGall — go bhfóiridh Dia orainn! Bíonn dá thaobh ar gach ceist de ghnáth. Ní taise dhúinn an turus so é. Dá gceapfaí sean-bhárd Gaedhealach chun “lyrics” na nGall do bhreithniughadh, ní bhfaghadh sé blas ná bolath taithneamhach ortha. Chuirfeadh sé a mhéireanna n-a chluasaibh. “Sibh-se agus bhur ndánta mbacacha,” adéarfadh sé. Ní thuigfeadh sé a bhfuil de bhreághthacht ionnta. Char mheasa san 'ná dream na Gall- Gaedhilge ag casadh le n-ár n-amhráin do thomhais agus do mheághchaint? Na beireadh éinne leis go bhfuil fonn orm-sa “lyrics” na nGall do mhasladh. B'ait liom san, agus a liacht díobh do leígh- eas le h-árd-dúil agus aoibhneas. Níl uaim acht lucht molta an Galldachais do chimeád amach ó chumhangcas a dhéanamh ar ár mach- airí míne; agus suairc-fhriotal ár bhfile do chosaint ar aithis lucht bhrille-bhreaille. Deirim go bhfuil easba cheólmhaireacht ar na dántaibh is deise le fághail san Bhéarla. Ní heól dos na Béarlóiríbh cad is ceólmhaireacht ná binneas ann. Bíonn fuinneamh agus luas cainte ag á n-amhrán- aibh, acht ní bheadh puínn measa againn ortha dá mbeidís ag taobh le binneas na fuama agus gan brígh na bhfocal do chur leis. Cuireann san i gcuimhne dhom sgéal áirithe d'innis Coleridge. Lá dá raibh sé ag cainnt le Schlegel, dubhairt sé leis nár bhinn le n-a chluais fuaim na hAlmáinise. Níor bheag de sheó an iongnadh tháinig ar Schlegel ar a chlos san do. Chrom sé ar aiste filidheachta d'aithris do san Almáinis, d'fhonn é bhréagnughadh. Acht níor rith sin leis. “Ní beag de chomhartha san,” adubh- airt Coleridge, “ar a dheacracht dúinn fuaim focail do dheighilt ó n-a bhrígh 'n-ár smaointibh. Nuair airighmíd suidheamh focal do chuireann ag machtnamh ar amharcaibh breághtha sinn, ní foláir dúinn a shamhlughadh go bhfuil fuaim ana-dheas ag an gcainnt úd, fá fhaid ó'n bhfírinne san.” Thar a bhfeacaís riamh, a Choleridge! Is ait an saoghal é! Féach air sin anois! Coleridge ag sgigireacht fé Schlegel agus fé'n Almáinis, dar leis féin. Ní fheadar cad do dhall é i slíghe is nár thug sé fé ndeara go n-oireamhnochadh a chaint ar fheabhas dá theanga féin. Na hamhráin is líomhtha san Bhéarla, ní chuirfidís aon aoibhneas ar dhuine mara dtuigfeadh sé iad. Ní teanga chun ceóil an Béarla. Mar sin don bhFrainncis leis. Tá breis consona sna teangachaibh sin agus gan guthanna a ndóthain chun glór a thabhairt dóibh. Dubhairt Gaedheal áirithe nárbh' fhéidir Shelley do shárúghadh ar bhinneas agus ar dheise imeasc filí na nGall, go raibh a inchinn ag brúchtuíol le smaointibh maiseacha, go raibh fuinneamh agus sgóip le na
rannaidheacht, acht ar a shon sain féin, ná féadfadh sé amhrán fóghanta do cheapadh, dá dhéine do chuirfeadh sé chuige. “I n-ionad an bhéil do bhogadh chun urlabhra is amhlaidh a chuireann a bhriathra snaidhm docht daingean air.” Cá gá dhom an oiread sain a rádh i dtaobh amhrán na nGall? Is amhlaidh atá an sgéal, tá greim daingean ag an nGalldachas ar ár n-éirim. Is é tá uaim ná a chur na luighe oraibh gur i dteangain na nGaedheal do gheobhthá na soluídí is feárr ar bhinneas amhrán, agus go bhfuil ar n-amhráin ar na gréithribh is feárr dá bhfuil againn mar oighreacht ó n-ár sinsearaibh. Ba cheart dúinn bheith mórdhálach as an oighreacht úd. VIII. — FILE NA FÉITHE AGUS FILE NA GAEDHILGE. Ní hionann an ceól agus an fhilidheacht, ní hionann rannaidheacht agus amhránuidh- eacht. Tá dhá bhrígh ag an bhfochal úd “amh- rán” .i. aon chainnt a ghabhann le tiúin agus sadhas ceapadóireachta go bhfuil ceólmhair- eacht fé leith ann. Ní féidir le héine cur síos ar an bhfilidheacht i n-ao' chor gan trácht ar an rannaidheacht agus an ghéar-bhaint atá aici le ceol. Ní féidir d'aon aisde filidheachta déanamh i n-éaghmais ceólmhaireachta agus deilbhe éigin riaruighthe. Ní mór rannaidh- eacht d'fhilidheacht. Ní duan go huaim. Admhuighim go bhfuil caint sgurtha ann go mbíonn deallramh filidheachta uirthi uair- eannta, acht ní filidheacht í agus ní fearra dhi a bheith. Nuair a chuireann an file geimhleacha riaghlach air féin, ní foláir do tairbhe éigin d'fhagháil dá mbárr. Má thá éin-nidh le rádh aige, cá gábhadh é rádh tré rannaibh mara bhfuil féith 'san bhfile ghá spriocadh chuige. Ba cheart go mbeadh a dhúchas is a chroidhe istigh ag cur fhiachaint air an siansa binn- ghlórach do thabhairt uaidh. Mara mbeadh sain, b'fhearr dho go mór é chur as go lom díreach tré chaint sgurtha agus gan an ghliogaireacht úd do bhac. Dá mhéid aimsire do chaith ár léir-mheas- adóirí Gaedhealacha le déanaighe dá chur i gcruthamhnas dúinn gurb' ionann caint sgurtha agus filidheacht, gur suarach a bhfuil eatortha, ní deirim ná go bhfuil breall ortha. B'é tuairim gach deigh-fhile ó ré Oisín anuas gur mór le rádh an tslacht, an crot, agus an dealbh a bhíonn ar amhrán nó ar dán seachas aon tsadhas eile ceapadóir- eachta. Tá dhá shadhas dánta ann .i. dánta go bhfuil ciall agus clisdeacht ealadhna ionn- ta agus dánta ná fuil de mhaise ortha acht fuinneamh agus teasaidheacht an ghnáth-fhile. Ionann san agus an dealughadh do ghnídís na seana-Ghaedhilgeóirí idir a bhfilí féin .i. filí le féith agus foghluim, agus filí le féith gan foghluim. Díochrach, dúthrachtach ó n-a chroidhe amach a bhíonn gnáth-fhile na féithe i dtreó is go dtuigtar dá dhíoghrais, dá bhacaighe a rannaigheacht, dá ghairbhe a bhriathra. Dubhairt Eoghan Ruadh féin tráth: “Is feárr file na féithe 'Ná file na Gaedhilge.” Acht ar a shon sain féin agus uile deirim- se gan fonn aighnis — agus béidh sluagh na saoi ar aon intinn liom — dá bhreághthacht na smaointe i n-amhrán, gur locht air gan an rannaidheacht a bheith ar foghnamh. Bíonn an fhilidheacht go líomhtha agus go ceólmhar ag teangachaibh áirithe — an Laidion agus an Ghaedhilg, cuir i gcás. Ealadha iseadh an fhilidheacht aca. Ní mar sin don tSacsbhéarla ná don Almáinis agus teangachaibh nach iad.
Fuinneamh agus féith is mó bhíonn 'na ndántaibh, agus ní misde leó faillighe thabhairt i saothrughadh na filidheachta mar ealadhain. Chuighe sin a bhíos. Deirim-se anois, má leanann an gnáth-Ghaedheal dá dhúthchas agus dá chlaonadh, go mbéidh an fhilidheacht dhá chleachtadh mar ealadhain aguinn feasda, marab' ionann is na Béarlóirí. Fágaimís fútha a sgóip 's a gcead saoirseachta. Tá gréithre nach iadh againne. An bárd Gaedhealach, go bhfuil tréithe a sinnsear táithte 'n-a dhúchas, ní folair do dian- cheangal dealbhthóireachta do chur air féin. Ná leogadh sé do mhéad a chroidhe ná do luas a smaointe é mhealladh chun cruinneas agus deiseacht eagair a rannaidheachta do leigean ar lár. Is é tá uaim ná a thagairt libh nach aon cheap tuisle d'fhile na riaghlacha daingeana do-sgaoilthe agus an laingcis do ghabhann le gnáth-chrot an amhráin Ghaedhealaigh. Ní deirim ná gur mó de shochar 'ná de dhochar do iad. Fágaim nách foláir nó tiocfaidh modha nodha agus fás ar ár bhfilidheacht san aim- sir le teacht, acht ní gábhadh dhúinn aon deithneas a bheith orainn 'n-a thaobh go dtí go mbeidh eólas níos feárr agus níos cruinne againn ar ghné agus ar gnáth- bhéasaibh ár litridheachta caoimhe féin. Sin puinte go bhfuil orainn é dhingeadh isteach i gcluasaibh lucht na Gall-Ghaedhilge .i. gur mó le rádh cruinneas, eagar, riaradh, deise, comh-fhuaim, ceólmhaireacht agus dian-tsaothar gnáth-bárdaidheachta ná mar shamhluigheann fuireann na mí-thuigse. Níl de cheap aca súd chun ár dtobar feasa a thomhais acht tuise Gallda do fuaireadar ar iasacht ó chóip an ghlafarnaigh neamh- mblasda. Ní haon chabhair d'amhrán na smaointe is tábhachtaighe ar domhan a bheith ann i n-éagmuis an bhinnis agus na blastachta. Isé is buadh dho'n amhrán ná a cheólmhaireacht, agus ní misde dho'n fhile Ghaedhealach a sheasamh ar an mbuadh san. Mar adubhairt an Raghallach:— Feallsa níor chuíbhe d'fhile Acht séise siansa is binneas; Beag an chabhair dá bhfuirinn Comhairlí céille is gliocais; Is léor mar ghnó do chruitibh Ceól do sgéith 'n-a thuile. A chríoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services