Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dualgas an Amhráin i bhFilidheacht na Gaedhilge. II.

Title
Dualgas an Amhráin i bhFilidheacht na Gaedhilge. II.
Author(s)
Béaslaoi, Piarus,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DUALGAS AN AMHRÁIN I bhFILIDH-
EACHT NA GAEDHILGE. — II.



Piaras Béaslaoi do scríobh.



VI. — DEASGA NA nIASACHTA.



Caithfam trácht ar lucht an Ghalldachais
anois. Is mithid dúinn aghaidh do thabhairt
ortha gan sgáth, gan eagla, agus a rádh leó
gan fiacail a chur ann, ná féadfaidís dá
gcuirfidís a ndá shúil ar chipín a thuiscint
ná a bhreithniughadh cad is amhrán ceart ann.
Táid ar a ndícheall ag maslughadh saothair
ár mbárd agus ár n-ollamh ó'n gcéad lá
chuireadar aithne ar a gceapadóireacht.
Tá an t-iasacht fighte fuaighte ina smaoin-
tibh agus ina n-aignibh, agus ní'l dul as aca.
Cá gá dhóibh ámhach droch-mheas do chaitheamh
le filíbh na nGaedheal. Ní thógfainn ortha
é dá mb' áil leó a admháil ná fuil aca acht
a dtuairim féin agus gur féidir gan an
ceart a bheith aca.



Acht ní dhéanfadh san an gnó dhóibh. Ní'l
pioc dá mhearthal ortha go bhfuil leithead
agus doimhneas tobair Nelicon tomhaiste
go cruinn agus go beacht aca agus ná fuil
dul thar a mbreitheamhntas — agus gan san
mbreitheamhntas san, b'fhéidir, acht suidheamh
riaghlacha do geineadh i n-inchinn sgoláire
Gallda éigin.



Pé sólás nó sásamh aigne do bhaineadar
as filidheacht Gallda, ní foláir leó súil a
bheith aca le hearraí de'n tsórt chéadna
ó n-ár mbárdaibh. Nach mór a muinghín
asta féin? Cá b'fhios dóibh nach feárr
d'fhágháltas amháin na nGaedheal na
dréachta na nGall.



“An amhlaidh a mheasfá a rádh,” arsa
Byron, “go bhfuil riaghlacha áirithe ag an
bhfilidheacht a sheasomhaidh le saoghal na ré,
agus nach féidir iad a shárúghadh? An
amhlaidh adéarfá go bhfuil socair ag an
saoghal cad is fíor-fhilidheacht ann? Ráiméis,
a dhuine. Níl san socair againn fós, agus
ní bhéidh, ní fios cathoin. Riaghlacha an eadh?
Do réir mar imthigheann claonadh nódh agus
atharrach meóin ar aon treibh daoine, iseadh
thagann atharrach ar dheilbh agus ar mhianach
a bhfilidheachta. Leanann an t-atharrughadh
ó ghlúin go glúin agus ó shliocht go sliocht.
Bíonn a rogha féin agus a gclaonadh féin
ag muinntir gach aoise. Bí Hómer fé réim
sealad agus Bhergil seal ina ionad. Bhí a
aga féin ag Corneille, is mó linn Racine
anois; do rug Voltaire an chraobh ó
Crebillon.”



Bhí an ceart ag Byron. An rud a thaithn-
feadh le Tadhg Gabha ní dócha go dtaithnfeadh
sé le n-a shean-athair. Ca bhfios do Thadhg
nach ag a shean-athair a bheadh an ceart?



Vixere fortes ante Agamemnona.


L. 228


Is baoghal liom gur mheall an t-iasacht a
lán againn. Dá mbeadh léigheann im' cheann
agus líomthacht im' pheann, ba mhaith liom
suim aimsire a thabhairt ag casadh le
scaipeadh an cheóidh draoidheachta atá ag
baint na súl dínn, agus roinnt bheag de
sholas an lae ghléighil do leigint isteach
chughainn. Níor mhór d'Aoibhill na Cairrge
Léithe turus eile a thabhairt orainn chun
daoirse meanman agus geimhleacha gaoise
an Ghalldachais do sgaoileadh d'ár mballaibh
beatha, d'fhonn ár ngaiscidhigh a shaoradh chun
faithche na himeartha.



VII. — AMHRÁIN NA nGAEDHEAL AGUS
“LYRICS” NA nGALL.



“Lyrics” do tugtí ar aistibh i gcóir
cheóil agus gutha duine. “Lyrics” cearta
ab' eadh ár n-amhráin-na. Acht “lyrics”
na nGall — go bhfóiridh Dia orainn!



Bíonn dá thaobh ar gach ceist de ghnáth.
Ní taise dhúinn an turus so é. Dá gceapfaí
sean-bhárd Gaedhealach chun “lyrics” na
nGall do bhreithniughadh, ní bhfaghadh sé blas
ná bolath taithneamhach ortha. Chuirfeadh sé
a mhéireanna n-a chluasaibh. “Sibh-se agus
bhur ndánta mbacacha,” adéarfadh sé. Ní
thuigfeadh sé a bhfuil de bhreághthacht ionnta.



Char mheasa san 'ná dream na Gall-
Gaedhilge ag casadh le n-ár n-amhráin do
thomhais agus do mheághchaint?



Na beireadh éinne leis go bhfuil fonn
orm-sa “lyrics” na nGall do mhasladh.
B'ait liom san, agus a liacht díobh do leígh-
eas le h-árd-dúil agus aoibhneas. Níl uaim
acht lucht molta an Galldachais do chimeád
amach ó chumhangcas a dhéanamh ar ár mach-
airí míne; agus suairc-fhriotal ár bhfile do
chosaint ar aithis lucht bhrille-bhreaille.



Deirim go bhfuil easba cheólmhaireacht
ar na dántaibh is deise le fághail san
Bhéarla. Ní heól dos na Béarlóiríbh cad
is ceólmhaireacht ná binneas ann. Bíonn
fuinneamh agus luas cainte ag á n-amhrán-
aibh, acht ní bheadh puínn measa againn ortha
dá mbeidís ag taobh le binneas na fuama
agus gan brígh na bhfocal do chur leis.



Cuireann san i gcuimhne dhom sgéal
áirithe d'innis Coleridge. Lá dá raibh sé ag
cainnt le Schlegel, dubhairt sé leis nár
bhinn le n-a chluais fuaim na hAlmáinise.
Níor bheag de sheó an iongnadh tháinig ar
Schlegel ar a chlos san do. Chrom sé ar
aiste filidheachta d'aithris do san Almáinis,
d'fhonn é bhréagnughadh. Acht níor rith sin
leis. “Ní beag de chomhartha san,” adubh-
airt Coleridge, “ar a dheacracht dúinn
fuaim focail do dheighilt ó n-a bhrígh 'n-ár
smaointibh. Nuair airighmíd suidheamh focal
do chuireann ag machtnamh ar amharcaibh
breághtha sinn, ní foláir dúinn a shamhlughadh
go bhfuil fuaim ana-dheas ag an gcainnt
úd, fá fhaid ó'n bhfírinne san.”



Thar a bhfeacaís riamh, a Choleridge! Is
ait an saoghal é! Féach air sin anois!
Coleridge ag sgigireacht fé Schlegel agus
fé'n Almáinis, dar leis féin. Ní fheadar
cad do dhall é i slíghe is nár thug sé fé
ndeara go n-oireamhnochadh a chaint ar
fheabhas dá theanga féin.



Na hamhráin is líomhtha san Bhéarla, ní
chuirfidís aon aoibhneas ar dhuine mara
dtuigfeadh sé iad. Ní teanga chun ceóil
an Béarla. Mar sin don bhFrainncis leis.
Tá breis consona sna teangachaibh sin agus
gan guthanna a ndóthain chun glór a thabhairt
dóibh.



Dubhairt Gaedheal áirithe nárbh' fhéidir
Shelley do shárúghadh ar bhinneas agus ar
dheise imeasc filí na nGall, go raibh a
inchinn ag brúchtuíol le smaointibh maiseacha,
go raibh fuinneamh agus sgóip le na


L. 229


rannaidheacht, acht ar a shon sain féin, ná
féadfadh sé amhrán fóghanta do cheapadh,
dá dhéine do chuirfeadh sé chuige. “I n-ionad
an bhéil do bhogadh chun urlabhra is amhlaidh a
chuireann a bhriathra snaidhm docht daingean
air.”



Cá gá dhom an oiread sain a rádh i dtaobh
amhrán na nGall? Is amhlaidh atá an sgéal,
tá greim daingean ag an nGalldachas ar
ár n-éirim. Is é tá uaim ná a chur na luighe
oraibh gur i dteangain na nGaedheal do
gheobhthá na soluídí is feárr ar bhinneas
amhrán, agus go bhfuil ar n-amhráin ar na
gréithribh is feárr dá bhfuil againn mar
oighreacht ó n-ár sinsearaibh. Ba cheart
dúinn bheith mórdhálach as an oighreacht úd.



VIII. — FILE NA FÉITHE AGUS FILE
NA GAEDHILGE.



Ní hionann an ceól agus an fhilidheacht,
ní hionann rannaidheacht agus amhránuidh-
eacht. Tá dhá bhrígh ag an bhfochal úd “amh-
rán” .i. aon chainnt a ghabhann le tiúin agus
sadhas ceapadóireachta go bhfuil ceólmhair-
eacht fé leith ann.



Ní féidir le héine cur síos ar an
bhfilidheacht i n-ao' chor gan trácht ar an
rannaidheacht agus an ghéar-bhaint atá aici
le ceol. Ní féidir d'aon aisde filidheachta
déanamh i n-éaghmais ceólmhaireachta agus
deilbhe éigin riaruighthe. Ní mór rannaidh-
eacht d'fhilidheacht. Ní duan go huaim.



Admhuighim go bhfuil caint sgurtha ann
go mbíonn deallramh filidheachta uirthi uair-
eannta, acht ní filidheacht í agus ní fearra
dhi a bheith.



Nuair a chuireann an file geimhleacha
riaghlach air féin, ní foláir do tairbhe éigin
d'fhagháil dá mbárr. Má thá éin-nidh le rádh
aige, cá gábhadh é rádh tré rannaibh mara
bhfuil féith 'san bhfile ghá spriocadh chuige.
Ba cheart go mbeadh a dhúchas is a chroidhe
istigh ag cur fhiachaint air an siansa binn-
ghlórach do thabhairt uaidh. Mara mbeadh
sain, b'fhearr dho go mór é chur as go lom
díreach tré chaint sgurtha agus gan an
ghliogaireacht úd do bhac.



Dá mhéid aimsire do chaith ár léir-mheas-
adóirí Gaedhealacha le déanaighe dá chur i
gcruthamhnas dúinn gurb' ionann caint
sgurtha agus filidheacht, gur suarach a bhfuil
eatortha, ní deirim ná go bhfuil breall
ortha. B'é tuairim gach deigh-fhile ó ré
Oisín anuas gur mór le rádh an tslacht, an
crot, agus an dealbh a bhíonn ar amhrán nó
ar dán seachas aon tsadhas eile ceapadóir-
eachta.



Tá dhá shadhas dánta ann .i. dánta go
bhfuil ciall agus clisdeacht ealadhna ionn-
ta agus dánta ná fuil de mhaise ortha acht
fuinneamh agus teasaidheacht an ghnáth-fhile.
Ionann san agus an dealughadh do ghnídís
na seana-Ghaedhilgeóirí idir a bhfilí féin .i.
filí le féith agus foghluim, agus filí le
féith gan foghluim. Díochrach, dúthrachtach ó
n-a chroidhe amach a bhíonn gnáth-fhile na
féithe i dtreó is go dtuigtar dá dhíoghrais,
dá bhacaighe a rannaigheacht, dá ghairbhe a
bhriathra. Dubhairt Eoghan Ruadh féin tráth:



“Is feárr file na féithe
'Ná file na Gaedhilge.”



Acht ar a shon sain féin agus uile deirim-
se gan fonn aighnis — agus béidh sluagh na
saoi ar aon intinn liom — dá bhreághthacht na
smaointe i n-amhrán, gur locht air gan an
rannaidheacht a bheith ar foghnamh. Bíonn an
fhilidheacht go líomhtha agus go ceólmhar ag
teangachaibh áirithe — an Laidion agus an
Ghaedhilg, cuir i gcás. Ealadha iseadh an
fhilidheacht aca. Ní mar sin don tSacsbhéarla
ná don Almáinis agus teangachaibh nach iad.


L. 230


Fuinneamh agus féith is mó bhíonn 'na
ndántaibh, agus ní misde leó faillighe
thabhairt i saothrughadh na filidheachta mar
ealadhain.



Chuighe sin a bhíos. Deirim-se anois, má
leanann an gnáth-Ghaedheal dá dhúthchas agus
dá chlaonadh, go mbéidh an fhilidheacht dhá
chleachtadh mar ealadhain aguinn feasda,
marab' ionann is na Béarlóirí. Fágaimís
fútha a sgóip 's a gcead saoirseachta. Tá
gréithre nach iadh againne. An bárd
Gaedhealach, go bhfuil tréithe a sinnsear
táithte 'n-a dhúchas, ní folair do dian-
cheangal dealbhthóireachta do chur air féin.
Ná leogadh sé do mhéad a chroidhe ná do
luas a smaointe é mhealladh chun cruinneas
agus deiseacht eagair a rannaidheachta do
leigean ar lár.



Is é tá uaim ná a thagairt libh nach aon
cheap tuisle d'fhile na riaghlacha daingeana
do-sgaoilthe agus an laingcis do ghabhann
le gnáth-chrot an amhráin Ghaedhealaigh. Ní
deirim ná gur mó de shochar 'ná de dhochar
do iad.



Fágaim nách foláir nó tiocfaidh modha
nodha agus fás ar ár bhfilidheacht san aim-
sir le teacht, acht ní gábhadh dhúinn aon
deithneas a bheith orainn 'n-a thaobh go dtí
go mbeidh eólas níos feárr agus níos
cruinne againn ar ghné agus ar gnáth-
bhéasaibh ár litridheachta caoimhe féin.



Sin puinte go bhfuil orainn é dhingeadh
isteach i gcluasaibh lucht na Gall-Ghaedhilge
.i. gur mó le rádh cruinneas, eagar, riaradh,
deise, comh-fhuaim, ceólmhaireacht agus
dian-tsaothar gnáth-bárdaidheachta ná mar
shamhluigheann fuireann na mí-thuigse. Níl
de cheap aca súd chun ár dtobar feasa a
thomhais acht tuise Gallda do fuaireadar
ar iasacht ó chóip an ghlafarnaigh neamh-
mblasda.



Ní haon chabhair d'amhrán na smaointe is
tábhachtaighe ar domhan a bheith ann i
n-éagmuis an bhinnis agus na blastachta.
Isé is buadh dho'n amhrán ná a cheólmhaireacht,
agus ní misde dho'n fhile Ghaedhealach a
sheasamh ar an mbuadh san. Mar adubhairt
an Raghallach:—



Feallsa níor chuíbhe d'fhile
Acht séise siansa is binneas;
Beag an chabhair dá bhfuirinn
Comhairlí céille is gliocais;
Is léor mar ghnó do chruitibh
Ceól do sgéith 'n-a thuile.



A chríoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services