Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duaiseanna.
Title
Duaiseanna.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DUAISEANNA. Ar an gcruinniughadh deireannach dhen gCoiste Gnótha do bhítheas ag cur 's ag cúiteamh ar obair Fo- choiste na Scríbhneóiri do tháinig i bhfochair a chéile aimsir an Oireachtais. Ar an bhfo-choiste úd do cuireadh i bhfeidhm an rún so thíos d'aon-ghuth: “Go molaimíd don Choiste Gnótha tuairim a leath den IRISLEABHAR d'fhágháil i gcóir aistí ealadhnta is céirde, agus duaiseanna a thabhairt ar na haistíbh sin gach mí.” An tUachtarán .i. Eóin Mac Néill], do thairg, agus “Fiachra Éilgeach” d'aontuigh. Do bhí an cheist seo á pléidhe ag an gCoiste Gnótha le déidheannaighe, agus dubhrathas ann gur cheart suim airgid i gcóir na nduaiseann úd do bhronnadh gach mí ar an IRISLEABHAR. Do deineadh amhlaidh, agus, gach mí feasta beidh dhá phúnt deich againn le tabhairt ar aistíbh ag cur síos ar chéird nó ar ealadhain ar bith, & go mór mhór ar cheist ná fuil trácht déanta cheana uirthi i nGaedhilg. Sé rud atá ceapaithe againn fé láthair ná dhá phúnt a thabhairt gach mí ar an aiste is fearr a shrois- fidh sinn go dtí an gcúigmhadh lá déag den mhí roimh ré; agus deich scillinge ar aiste ghairid ag cur síos ar an aiste a cuirfar i gcló gach mí. Cuirfar an chéad aiste i gcló i n-uimhir na Nodlag. Bíodh an soláthar chuige sin againn ar an gcúigmhadh lá déag de mhí na Samhna, agus mar sin dóibh gach mí as soin amach. Is é rud do theastuigheann uainn ná aistí ag cur síos ar chéird no ar ealadhain, agus go sonnrádhach ar cheardaibh is ar ealadhntaibh nua. Agus i gcás go dtuigfadh ar scríbhneóirí cad tá riachtanach, ní fuláir na haistí a scríobhadh ar chuma go méadóghthaidhe ar réim is ar úsáid na Gaedhilge, agus é chur i dtuigsint don tsaoghal ná fuil ceist ná ceard ná ealadha ar domhan ná féadfaidhe í phléidhe agus í mhúineadh tríd an nGaedhilg. Ná bíodh na haistí ró-fhada. Níor bheag linn gach mí oiread is do líonfadh sé leathanaigh dhen IRIS- LEABHAR. Beidh sé ar gach scríbhneoir téarmaí ealadhna a cheapadh do réir mar bheidh gábhadh aige leo. Tugadh dhúinn tagra ar na foclaibh nua so, agus ar choraibh cainnte a raghadh i dtairbhe do lucht foghluma na Gaedhilge. D'aontuigh an tAthair Pádraig Ó Duinnín agus Eoin Mac Néill ar na haistí a mholadh dhúinn gach mí. Ní bheidh dhul thar a mbreith súd. Táimíd anois á athchuingidhe ar gach scríbhneóir Gaedhilge, is cuma cia hé, tabhairt fé aiste dhíobh so. Tá toghadh na ceiste faoi fhéin. Tá na mílte ceist ealadhnta ann go n-oirfadh dhúinn trácht ortha san nGaedhilg; mar atá, déanamh galamhnaighe, lasáin, &rl., dathadóireacht, drámaidheacht ríomhaireacht, ailgibra &rl. Tá aistí Phiaruis Béaslaoi agus Sheáin Uí Cheallaigh (Sceilg) againn ó Choiste an Oireachtais. Tá tosnuighthe againn an mhí seo ar aiste Phiaruis a chur i gcló, agus beam ag tosnughadh an mhí seo chughainn ar aiste Sceilg. Deineadh ar scríbhneóirí aithris ortha. Maran féidir dúinn gnáth-theanga i gcóir ealadhnta is gnóthaí an tsaoghail atá ann anois a dhéanamh dhen nGaedhilg, nó iarracht láidir air pé scéal é, is baoghlach gur díomhaoin ár ngnó go léir. Acht cuireann na haistí seo Phiaruis is Sceilg i n-umhail dúinn gur féidir an Ghaedhilg a chur dá húsáid i slightibh ná feacathas ionnta í go dtí so. Deineadh gach duine a dhícheall.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services