Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duaiseanna.

Title
Duaiseanna.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DUAISEANNA.



Ar an gcruinniughadh deireannach dhen gCoiste
Gnótha do bhítheas ag cur 's ag cúiteamh ar obair Fo-
choiste na Scríbhneóiri do tháinig i bhfochair a chéile
aimsir an Oireachtais. Ar an bhfo-choiste úd do
cuireadh i bhfeidhm an rún so thíos d'aon-ghuth:



“Go molaimíd don Choiste Gnótha tuairim a leath
den IRISLEABHAR d'fhágháil i gcóir aistí ealadhnta is
céirde, agus duaiseanna a thabhairt ar na haistíbh
sin gach mí.” An tUachtarán .i. Eóin Mac Néill], do
thairg, agus “Fiachra Éilgeach” d'aontuigh.



Do bhí an cheist seo á pléidhe ag an gCoiste Gnótha
le déidheannaighe, agus dubhrathas ann gur cheart
suim airgid i gcóir na nduaiseann úd do bhronnadh
gach mí ar an IRISLEABHAR. Do deineadh amhlaidh,
agus, gach mí feasta beidh dhá phúnt deich againn le
tabhairt ar aistíbh ag cur síos ar chéird nó ar
ealadhain ar bith, & go mór mhór ar cheist ná fuil
trácht déanta cheana uirthi i nGaedhilg.



Sé rud atá ceapaithe againn fé láthair ná dhá
phúnt a thabhairt gach mí ar an aiste is fearr a shrois-
fidh sinn go dtí an gcúigmhadh lá déag den mhí roimh
ré; agus deich scillinge ar aiste ghairid ag cur síos
ar an aiste a cuirfar i gcló gach mí.



Cuirfar an chéad aiste i gcló i n-uimhir na Nodlag.
Bíodh an soláthar chuige sin againn ar an gcúigmhadh
lá déag de mhí na Samhna, agus mar sin dóibh gach mí
as soin amach.



Is é rud do theastuigheann uainn ná aistí ag cur
síos ar chéird no ar ealadhain, agus go sonnrádhach ar
cheardaibh is ar ealadhntaibh nua. Agus i gcás go
dtuigfadh ar scríbhneóirí cad tá riachtanach, ní
fuláir na haistí a scríobhadh ar chuma go méadóghthaidhe
ar réim is ar úsáid na Gaedhilge, agus é chur i
dtuigsint don tsaoghal ná fuil ceist ná ceard ná
ealadha ar domhan ná féadfaidhe í phléidhe agus í
mhúineadh tríd an nGaedhilg.



Ná bíodh na haistí ró-fhada. Níor bheag linn gach
mí oiread is do líonfadh sé leathanaigh dhen IRIS-
LEABHAR.



Beidh sé ar gach scríbhneoir téarmaí ealadhna a
cheapadh do réir mar bheidh gábhadh aige leo. Tugadh
dhúinn tagra ar na foclaibh nua so, agus ar choraibh
cainnte a raghadh i dtairbhe do lucht foghluma na
Gaedhilge.



D'aontuigh an tAthair Pádraig Ó Duinnín agus
Eoin Mac Néill ar na haistí a mholadh dhúinn gach mí.
Ní bheidh dhul thar a mbreith súd.



Táimíd anois á athchuingidhe ar gach scríbhneóir
Gaedhilge, is cuma cia hé, tabhairt fé aiste dhíobh so.
Tá toghadh na ceiste faoi fhéin. Tá na mílte ceist
ealadhnta ann go n-oirfadh dhúinn trácht ortha san
nGaedhilg; mar atá, déanamh galamhnaighe, lasáin, &rl.,
dathadóireacht, drámaidheacht ríomhaireacht, ailgibra
&rl.



Tá aistí Phiaruis Béaslaoi agus Sheáin Uí
Cheallaigh (Sceilg) againn ó Choiste an Oireachtais.
Tá tosnuighthe againn an mhí seo ar aiste Phiaruis
a chur i gcló, agus beam ag tosnughadh an mhí seo
chughainn ar aiste Sceilg. Deineadh ar scríbhneóirí
aithris ortha. Maran féidir dúinn gnáth-theanga i
gcóir ealadhnta is gnóthaí an tsaoghail atá ann
anois a dhéanamh dhen nGaedhilg, nó iarracht láidir
air pé scéal é, is baoghlach gur díomhaoin ár ngnó go
léir. Acht cuireann na haistí seo Phiaruis is
Sceilg i n-umhail dúinn gur féidir an Ghaedhilg
a chur dá húsáid i slightibh ná feacathas ionnta í go
dtí so. Deineadh gach duine a dhícheall.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services