Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. I gcaitheamh an mhí seo ghaibh tharainn do chuir Connradh na Gaedhilge amach trí cinn de leabhríníbh pingne. Is maith an rud leabhair a dhíolfadh ar phinginn a thabhairt amach. Tá aon rud amháin ann amh agus b'fhearr é 'ná leabhair a thabhairt amach. Sé sud é ná leabhair a scaipeadh ar fuid dúithchí na Gaedhilge. Is maith an áis chuige seo na leabhríní pingne, agus is maith linn go bhfuiltar gá gcur amach go tiugh. Tá an chuid dheireannach de Scéaluidheacht Chúige Mumhan i gcló againn. Oileán na gCúig mBeann, ainm an scéil seo, agus tá sé ar na scéaltaibh a b'fhearr a bhí ann. Bhí an t-ath-chló so fé chúram an Laoidigh, agus ní féidir a rádh ná go raibh dicheall is duthracht leis an iarracht. Ní'l de locht againn air acht a léigheantacht atá an foclóir. An seismhadh cuid de GHREANN NA GAEDHILGE, an tarna leabhar ar an áireamh againn. Ag dul i bhfeabhas sa ghreann atá Énrí Ó Muirgheasa, agus beidh súil againn le tuilleadh de'n arraidh uaidh. EACHTRA FHINN MHIC CUMHAILL le Seachrán na Sál gCam, an tríomhadh leabhairín aca. Seán Ó Cadhla do chuir síos an scéal Fiannaidheachta so, agus Eoin Mac Néill do chuir i n-eagar, fad ó san IRISLEABHAR. Is maith is fiú pingne é acht go háirithe, agus tá súil againn go mbeidh ceannach air. Is mór an truagh gan a lán dá shórt ag muinntir na tuaithe, i gcóir na ngeamh-oidhcheanta. — Is oith linn a chlos ó Dhá Chích Dhanann gur cailleadh, ar an 21adh de Lughnasadh, a inghean bheag Ghaedhlach. Bhí sí chúig bliadhna go leith d'aois. Tinneas a tháinig 'n-a ceathramhain, & fuair sí bás d'éis seachtmhaine i nÓspidéal i mBaile Átha Cliath. Ar dheis an Ríogh go raibh a hanam geal; agus an Té cheannuigh ar slánadh uile, go dtuga suaimhneas dá hathair is dá máthair. Bhíodar á tabhairt suas 'n-a Gaedheal beag, agus soin i gceanntair Bhéarla. Is é ainm a bhíodh uirthi ar fuid na háite “The Little Irish girl.” Beannacht Dé le n-a hanam.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services