Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



I gcaitheamh an mhí seo ghaibh tharainn do chuir
Connradh na Gaedhilge amach trí cinn de leabhríníbh
pingne. Is maith an rud leabhair a dhíolfadh ar
phinginn a thabhairt amach. Tá aon rud amháin ann amh
agus b'fhearr é 'ná leabhair a thabhairt amach. Sé sud
é ná leabhair a scaipeadh ar fuid dúithchí na Gaedhilge.
Is maith an áis chuige seo na leabhríní pingne, agus is
maith linn go bhfuiltar gá gcur amach go tiugh.



Tá an chuid dheireannach de Scéaluidheacht Chúige
Mumhan i gcló againn. Oileán na gCúig mBeann,
ainm an scéil seo, agus tá sé ar na scéaltaibh a
b'fhearr a bhí ann. Bhí an t-ath-chló so fé chúram an
Laoidigh, agus ní féidir a rádh ná go raibh dicheall is
duthracht leis an iarracht. Ní'l de locht againn air
acht a léigheantacht atá an foclóir.



An seismhadh cuid de GHREANN NA GAEDHILGE, an
tarna leabhar ar an áireamh againn. Ag dul i
bhfeabhas sa ghreann atá Énrí Ó Muirgheasa, agus
beidh súil againn le tuilleadh de'n arraidh uaidh.



EACHTRA FHINN MHIC CUMHAILL le Seachrán na Sál
gCam, an tríomhadh leabhairín aca. Seán Ó Cadhla do
chuir síos an scéal Fiannaidheachta so, agus Eoin
Mac Néill do chuir i n-eagar, fad ó san IRISLEABHAR.
Is maith is fiú pingne é acht go háirithe, agus tá súil
againn go mbeidh ceannach air. Is mór an truagh
gan a lán dá shórt ag muinntir na tuaithe, i gcóir
na ngeamh-oidhcheanta.





Is oith linn a chlos ó Dhá Chích Dhanann gur cailleadh,
ar an 21adh de Lughnasadh, a inghean bheag Ghaedhlach.
Bhí sí chúig bliadhna go leith d'aois. Tinneas a tháinig
'n-a ceathramhain, & fuair sí bás d'éis seachtmhaine i
nÓspidéal i mBaile Átha Cliath. Ar dheis an Ríogh go
raibh a hanam geal; agus an Té cheannuigh ar slánadh
uile, go dtuga suaimhneas dá hathair is dá máthair.
Bhíodar á tabhairt suas 'n-a Gaedheal beag, agus soin
i gceanntair Bhéarla. Is é ainm a bhíodh uirthi ar
fuid na háite “The Little Irish girl.” Beannacht Dé
le n-a hanam.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services