Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Atharrughadh.
Title
Atharrughadh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ATHARRUGHADH. Is beag duine i measc scríbhneóirí na Gaedhilge ná goilleann air uaireanta easbha focal téarmaidh- eachta. Go dtí so níor bhraitheamair an t-easnamh soin, mar do b'fhearr le n-ár scríbhneóiríbh cur síos ar rudaíbh go raibh togha eóluis aca ortha, agus fios cruinn aca ar an dtéarmaidheacht a bhí riachtanach. Acht bíonn an saoghal ag síor-chorruidhe. Tá ceárda is ealadhnta nua dá gceapadh agus a lán de sna seana- chearda is de sna sean-ealadhntaibh ag dul a taithighe. Gach ceard is gach ealadha go bhfuil taithighe dá dhéanamh ortha, sa saoghal atá ánn fé láthair, tá téarmaidheacht fé leith n-a gcomhair age lucht a dtaithighthe. Ag dul i gclisteacht is eadh bhítar ionnta, go háirithe ós fánach duine anois ná faghann a bheag nó a mhór de scoluidheacht. Ar scaipeadh an léighinn is na clisteacht céirde seo, gheobhfar amach puintí ná raibh ar eólas cheana. Ní fuláir ainm a cheapadh do gach puinte dhíobh súd, agus sa teangain a bheidh á usáid i measc lucht na céirde is eadh cheapfar na téarmaí nua. Ar aisioc an léighinn i nÉirinn, go dtí a bhfuil le déidheannaighe do deineadh dearmhad ar an nGaedhilg, Do fágadh thiar í i ndálaibh téarmaidheachta, agus ó chomh-stróc le gluaiseacht an léighinn. Ní mór dúinn- na, ar an adhbhar-san, ár gcion féin a dhéanamh chun í chur go maith chun tosaigh i dtaobh téarmaidheachta agus an lot so uirthi a chneasughadh gan moill. Déanfaidh an tIRISLEABHAR a chion féin go háirithe. Seo mion-tuairisc ar fo-choiste a bhí n-a shuidhe ar an gceist aimsir an Oireachtuis (ar an ochtmhadh lá de Lughnasa), agus is fearr a chuirfidh i n-umhail d'ár léightheóiríbh cad atá ceapaithe a dhéanamh 'ná dá fheabhas cunntaisí uainn-na. Táimíd ag braith ar go mbeidh scéal níos cruinne againn an mhí seo chughainn. Eóin Mac Néill sa chathaoir. Ar thoil an chruinn- ighthe bhí an tÁrd-Rúnaire i láthair. Do léigheadh litir ó “Dhul Amudha.” Dubhairt Eóin Mac Néill go gcaithfeadh an Ghaedhilg dul ar aghaidh leis an saoghal, go bhfuil easba focal, a bhaineas le húirlisíbh nuadha ar an nGaedhilg, go gcaithfimís focail ughdarásacha — bunudhasacha do chuir i n-úsáid go coitchionnta tríd an IRISLEABHAR agus aistí beaga do scríobhadh i dtaobh na n-ealadhan mar atá curadóireacht, tighbheas, reacht agus riaghal- tas tíre, litridheacht, &rl. Do dhein na sean- Ghréagaigh agus na Seapánaigh focail nuadha dhóibh féin mar a bhí gábhadh leó. Go bhfuil sé d'fhiachaibh ar lucht scríobhtha na Gaedhilge agus ar gach éan scríbh- neóir ar leith dicheall do dhéanamh ar an nGaedhilg a tharraing isteach san uile chúis a bhaineas le saoghal na hÉireann faoi láthair, idir shlighthibh beathadh agus
ard-léigheann. Do chuir an Cathaoirleach mar rún é. D'aontuigh Tomás Ó Máille leis agus Pádraig Ó Máille freisin. Dubhairt Eoghan Ó Neachtain nach mór do dhuine eolas na céirde a bheith aige sul a ndéanaidh sé na focail a bhaineas leis an gcéird sin a chumadh, go bhfuil a lán focal maith ealadhanta le fagháil ins na sean-scéaltaibh agus nach ceart droch-mheas a bheith ar na sean-scéaltaibh. “Conall Cearnach” d'admhuigh gur mhaith aistí do scríobhadh san IRISLEABHAR, nach raibh gábhadh leis an rún acht na daoine do chur ag smaoineamh. Dubhairt an Cathaoirleach gur cheart duaiseanna móra do thabhairt mar geall ar na haistí léigheanta do scríobhadh. Dubhairt an Laoideach agus Piaras Ó Béaslaoi nach ceart focail do ceapadh. An tAthair Ó Duinnín: Gan focail do cheapadh mar foclóir acht le linn scríobhtha. “Fiachra Éilgeach”: D'aontuigh leis an Athair Pádraig gur cheart reachta talmhan san tsean-aimsir i nÉirinn do chur i gcló gan mhoill agus na sean- leabhra do scrúdughadh. “Go molaimíd don Choiste Gnótha tuairim a leath den IRISLEABHAR a leagan amach d'aistí ealadhanta gach mí.” Do bhuaidh an rún d'aon ghuth amháin. S. P. Mac Énrí: Go bhfuil gábhadh le foclaibh nuadh. Duaiseanna móra san Oireachtas do bhronnadh ar aistíbh ealadhnta agus iad do chur san IRISLEABHAR agus annsin cruinniughadh na suadh mar gheall ortha. Cuireadh an rún so i bhféidhm d'aon ghuth amháin:— “Go molaimíd don Choisde Gnótha leath de'n IRISLEABHAR d'fhágháil i gcóir aistí ealadhnta is céirde agus duaiseanna do tabhairt ar na haistí sin gach mí.” An tUachtarán do thairig agus “Fiachra Éilgeach d'aontuigh.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services