Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Atharrughadh.

Title
Atharrughadh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ATHARRUGHADH.



Is beag duine i measc scríbhneóirí na Gaedhilge ná
goilleann air uaireanta easbha focal téarmaidh-
eachta. Go dtí so níor bhraitheamair an t-easnamh
soin, mar do b'fhearr le n-ár scríbhneóiríbh cur síos
ar rudaíbh go raibh togha eóluis aca ortha, agus fios
cruinn aca ar an dtéarmaidheacht a bhí riachtanach.
Acht bíonn an saoghal ag síor-chorruidhe. Tá ceárda
is ealadhnta nua dá gceapadh agus a lán de sna seana-
chearda is de sna sean-ealadhntaibh ag dul a
taithighe. Gach ceard is gach ealadha go bhfuil taithighe
dá dhéanamh ortha, sa saoghal atá ánn fé láthair, tá
téarmaidheacht fé leith n-a gcomhair age lucht a
dtaithighthe. Ag dul i gclisteacht is eadh bhítar ionnta,
go háirithe ós fánach duine anois ná faghann a bheag
nó a mhór de scoluidheacht. Ar scaipeadh an léighinn
is na clisteacht céirde seo, gheobhfar amach puintí ná
raibh ar eólas cheana. Ní fuláir ainm a cheapadh do
gach puinte dhíobh súd, agus sa teangain a bheidh á
usáid i measc lucht na céirde is eadh cheapfar na
téarmaí nua.



Ar aisioc an léighinn i nÉirinn, go dtí a bhfuil le
déidheannaighe do deineadh dearmhad ar an nGaedhilg,
Do fágadh thiar í i ndálaibh téarmaidheachta, agus ó
chomh-stróc le gluaiseacht an léighinn. Ní mór dúinn-
na, ar an adhbhar-san, ár gcion féin a dhéanamh chun í
chur go maith chun tosaigh i dtaobh téarmaidheachta
agus an lot so uirthi a chneasughadh gan moill.
Déanfaidh an tIRISLEABHAR a chion féin go háirithe.
Seo mion-tuairisc ar fo-choiste a bhí n-a shuidhe ar an
gceist aimsir an Oireachtuis (ar an ochtmhadh lá de
Lughnasa), agus is fearr a chuirfidh i n-umhail d'ár
léightheóiríbh cad atá ceapaithe a dhéanamh 'ná dá
fheabhas cunntaisí uainn-na.



Táimíd ag braith ar go mbeidh scéal níos cruinne
againn an mhí seo chughainn.



Eóin Mac Néill sa chathaoir. Ar thoil an chruinn-
ighthe bhí an tÁrd-Rúnaire i láthair. Do léigheadh
litir ó “Dhul Amudha.”



Dubhairt Eóin Mac Néill go gcaithfeadh an Ghaedhilg
dul ar aghaidh leis an saoghal, go bhfuil easba focal,
a bhaineas le húirlisíbh nuadha ar an nGaedhilg, go
gcaithfimís focail ughdarásacha — bunudhasacha do
chuir i n-úsáid go coitchionnta tríd an IRISLEABHAR
agus aistí beaga do scríobhadh i dtaobh na n-ealadhan
mar atá curadóireacht, tighbheas, reacht agus riaghal-
tas tíre, litridheacht, &rl. Do dhein na sean-
Ghréagaigh agus na Seapánaigh focail nuadha dhóibh
féin mar a bhí gábhadh leó. Go bhfuil sé d'fhiachaibh ar
lucht scríobhtha na Gaedhilge agus ar gach éan scríbh-
neóir ar leith dicheall do dhéanamh ar an nGaedhilg a
tharraing isteach san uile chúis a bhaineas le saoghal
na hÉireann faoi láthair, idir shlighthibh beathadh agus


L. 208


ard-léigheann. Do chuir an Cathaoirleach mar rún é.
D'aontuigh Tomás Ó Máille leis agus Pádraig Ó
Máille freisin. Dubhairt Eoghan Ó Neachtain nach
mór do dhuine eolas na céirde a bheith aige sul
a ndéanaidh sé na focail a bhaineas leis an gcéird
sin a chumadh, go bhfuil a lán focal maith ealadhanta
le fagháil ins na sean-scéaltaibh agus nach ceart
droch-mheas a bheith ar na sean-scéaltaibh.



“Conall Cearnach” d'admhuigh gur mhaith aistí do
scríobhadh san IRISLEABHAR, nach raibh gábhadh leis an
rún acht na daoine do chur ag smaoineamh.



Dubhairt an Cathaoirleach gur cheart duaiseanna
móra do thabhairt mar geall ar na haistí léigheanta
do scríobhadh. Dubhairt an Laoideach agus Piaras Ó
Béaslaoi nach ceart focail do ceapadh. An tAthair
Ó Duinnín: Gan focail do cheapadh mar foclóir acht
le linn scríobhtha.



“Fiachra Éilgeach”: D'aontuigh leis an Athair
Pádraig gur cheart reachta talmhan san tsean-aimsir
i nÉirinn do chur i gcló gan mhoill agus na sean-
leabhra do scrúdughadh.



“Go molaimíd don Choiste Gnótha tuairim a leath
den IRISLEABHAR a leagan amach d'aistí ealadhanta
gach mí.” Do bhuaidh an rún d'aon ghuth amháin.



S. P. Mac Énrí: Go bhfuil gábhadh le foclaibh nuadh.
Duaiseanna móra san Oireachtas do bhronnadh ar
aistíbh ealadhnta agus iad do chur san IRISLEABHAR
agus annsin cruinniughadh na suadh mar gheall ortha.
Cuireadh an rún so i bhféidhm d'aon ghuth amháin:—



“Go molaimíd don Choisde Gnótha leath de'n
IRISLEABHAR d'fhágháil i gcóir aistí ealadhnta is
céirde agus duaiseanna do tabhairt ar na haistí sin
gach mí.” An tUachtarán do thairig agus “Fiachra
Éilgeach d'aontuigh.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services